|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/689 |
23.3.2026 |
TREOIRLÍNE (AE) 2026/689 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH
an 22 Eanáir 2026
lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (BCE/2014/60) (BCE/2026/1)
TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 127(2) de,
Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhleasc d’Airteagal 3.1, Airteagail 9.2, 12.1, 14.3, 18.2, agus an chéad mhír d’Airteagal 20 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun beartas airgeadaíochta aonair a bhaint amach, ní mór sainiú a dhéanamh ar na huirlisí, na hionstraimí agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag an Eurochóras, arb éard atá ann an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu (dá ngairtear na ‘BCNanna’ anseo feasta), d’fhonn beartas den sórt sin a chur chun feidhme ar bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
|
(2) |
An 29 Samhain 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe bearta áirithe arb éard is aidhm dóibh comhchuibhiú níos fearr ar chreat comhthaobhachta an Eurochórais a chothú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart cineálacha áirithe sócmhainní a nglactar leo faoin gcreat sealadach a chomhtháthú sa chreat comhthaobhachta ginearálta, eadhon (a) sócmhainní indíolta arna n-ainmniú i ndollair SAM, i bpuint steirling agus i yen na Seapáine; agus (b) urrúis de bhun sócmhainní a bhfuil an dara rátáil is fearr acu ar chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais agus a chomhlíonann na critéir incháilitheachta a shonraítear sa chreat sealadach comhthaobhachta. Ar an dara dul síos, ba cheart glacadh leis na córais staidrimh measúnaithe creidmheasa intí (S-ICASanna) atá ag na BCNanna mar fhoinse measúnaithe creidmheasa sa bhreis ar na córais measúnaithe creidmheasa intí atá ag na BCNanna (ICASanna) agus a nglactar leo faoi láthair, agus dá bhrí sin ba cheart ‘córais measúnaithe creidmheasa intí iomlána’ (F-ICASanna) a ghairm de na córais sin, chun iad a idirdhealú ó S-ICASanna. Ar an tríú dul síos, i ndáil leis an nós imeachta chun glacadh le S-ICASanna mar an tríú foinse measúnaithe creidmheasa de chuid contrapháirtí, is iomchuí go dtarscaoilfí an ceanglas go dtíolacfaí ráiteas réasúnaithe a bhfuil cás gnó leordhóthanach mar thacaíocht aige chun an úsáid a bhaintear as S-ICASanna a éascú. Ar deireadh, chinn an Chomhairle Rialaithe freisin gur cheart deireadh a chur le hincháilitheacht na n-ionstraimí fiachais miondíola le taca morgáistí (RMBDanna) agus na n-ionstraimí fiachais neamh-indíolta arna dtacú ag éilimh chreidmheasa incháilithe (DECCanna) mar chomhthaobhacht le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais mar gheall ar úsáid theoranta a baineadh astu go stairiúil agus ar an éileamh íseal atá orthu, chun creat comhthaobhachta an Eurochórais a shimpliú. |
|
(3) |
Tar éis dhul in éag na hidirthréimhse i ndáil le húsáid a bhaint as teimpléid tuairiscithe sonraí BCE um leibhéil iasachtaí agus tar éis deireadh a chur de réir a chéile le próiseas ainmniúcháin an Eurochórais i gcomhair stórtha sonraí um leibhéil iasachtaí, mar a chinn an Chomhairle Rialaithe an 22 Márta 2019, tá gá le leasuithe iarmhartacha ar fhorálacha ábhartha chreat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. |
|
(4) |
I ndáil leis na critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm chun go mbeadh urrúis de bhun sócmhainní ina gcomhthaobhacht incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, tá gá le tuilleadh mionchoigeartaithe chun urrúis de bhun sócmhainní a eisiamh go sainráite i gcás ina bhfuil eisitheoir na sócmhainní sin faoi réir riosca luacha iarmharaigh. |
|
(5) |
Chun déileáil le heintitis a bhfuil scéim réitigh atá bunaithe ar straitéis réitigh banc oscailte glactha ina leith, tá gá le soiléiriú i dtaobh chreat contrapháirtithe an Eurochórais chun léiriú a thabhairt ar na próisis agus na spriocdhátaí is infheidhme nuair a dhéantar measúnú ar an bhfóntacht airgeadais. |
|
(6) |
Cuirtear soiléiriú breise ar fáil maidir leis an measúnú a dhéantar ar fhóntacht airgeadais contrapháirtí i gcás bearta lánroghnacha arna ndéanamh ag an Eurochóras ar fhorais stuamachta. |
|
(7) |
Na critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir le cúpóin chomhlúthacha atá nasctha le ráta tagartha innéacs boilscithe, ba cheart iad a shainiú trí bhíthin forálacha sonracha lena scartar iad ó na forálacha sin a bhfuil feidhm acu maidir le hionstraimí lena ngabhann cúpóin chomhlúthacha eile agus ba cheart tuilleadh soiléireachta a thabhairt sna critéir sin. |
|
(8) |
Ba cheart a shoiléiriú nár cheart feidhm a bheith ag na critéir incháilitheachta maidir le foirm eisiúna ionstraimí fiachais idirnáisiúnta ach amháin maidir le hionstraimí fiachais idirnáisiúnta a eisítear trí thaisclanna lárnacha urrús idirnáisiúnta (ICSDanna) i bhfoirm nótaí domhanda agus a léirítear le deimhniú fisiceach (páipéir) nó le cóip leictreonach (dhigiteach) de nóta domhanda páipéir. Mar sin féin, i gcás ionstraimí fiachais idirnáisiúnta arna n-eisiúint trí ICSDanna i bhfoirm atá dí-ábharaithe go hiomlán, ba cheart don Eurochóras an ceart a fhorchoimeád chun a fhíorú, maidir leis na hionstraimí sin (a) nach n-eascraíonn rioscaí ábhartha astu lena bhféadfaí difear a dhéanamh do chearta an Eurochórais mar shealbhóir comhthaobhachta agus (b) go bhfuil siad comhdhéanta go bailí faoina ndlí rialaithe, gan beann ar an teicneolaíocht a thacaíonn lena n-eisiúint. |
|
(9) |
Na critéir incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm ar éilimh chreidmheasa mar chomhthaobhacht incháilithe i gcomhair oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, ba cheart iad a shoiléiriú trí éilimh chreidmheasa neamhthuillmheacha a eisiamh go sainráite, chun a áirithiú go gcosnófar an tEurochóras ar na rioscaí a bhaineann leo agus nach nglacfar ach le comhthaobhacht leordhóthanach i gcomhair oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais. |
|
(10) |
I bhfianaise na n-éagsúlachtaí leathana i líon, i luach agus i gcineálacha na sócmhainní, agus sna himthosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist nuair a tharlaíonn neamhchomhlíonadh, ba cheart coigeartuithe a dhéanamh ionas go bhféadfar pionóis airgeadais agus neamhairgeadais a fhorchuirtear ar chontrapháirtithe nach gcomhlíonann rialacha áirithe maidir le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtúla agus níos solúbtha. |
|
(11) |
An 23 Iúil 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe ‘fachtóir aeráide’ a thabhairt isteach i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais. Téann an tEurochóras i mbun oibríochtaí creidmheasa le contrapháirtithe incháilithe chun a phríomhchuspóir — is é sin cobhsaíocht praghsanna — a bhaint amach; is é an sainmhíniú atá ag an gComhairle Rialaithe ar an gcuspóir sin sprioc shiméadrach boilscithe 2 % sa mheántéarma. De bhun Airteagal 18.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá na hoibríochtaí sin le hurrú le comhthaobhacht leordhóthanach. Eochair-riosca sna hoibríochtaí sin is ea an laghdú a d’fhéadfadh teacht ar luach na comhthaobhachta i gcás ina mainneodh contrapháirtí agus ina dtiocfadh an tEurochóras chun bheith ina úinéir dlíthiúil ar an gcomhthaobhacht ar feadh tréimhse éiginnte ama. |
|
(12) |
Úsáideann an tEurochóras roinnt beart laistigh dá chreat comhthaobhachta reatha chun rioscaí airgeadais a bhaineann lena oibríochtaí iasachtaithe a mhaolú, ach ní thugtar aghaidh fós ar an tionchar airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag éiginnteachtaí a bhaineann leis an aistriú aeráide. Eascraíonn na rioscaí airgeadais gaolmhara don Eurochóras as an bhféidearthacht go ndéanfaí athphraghsáil sócmhainní mar gheall ar shuaití aistrithe aeráide gan choinne de réir mar a bhogann an geilleagar i dtreo todhchaí ísealcharbóin, arna spreagadh ag athruithe ar bheartas, teicneolaíocht, dinimic an mhargaidh, agus roghanna tomhaltóirí. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe ‘fachtóir aeráide’ a thabhairt isteach, ar beart rialaithe riosca breise é atá dírithe ar an tionchar airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ag éiginnteachtaí a bhaineann leis an aistriú aeráide a mhaolú tríd an luach a shanntar do shócmhainní indíolta incháilithe arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais áirithe agus ag a gcleamhnaithe a choigeartú, agus a shlógtar mar chomhthaobhacht ag brath ar a mhéid is féidir le héiginnteachtaí réamhbhreathnaitheacha a bhaineann leis an aistriú aeráide tionchar a imirt orthu. |
|
(13) |
Ba cheart coigeartú an luacha a shanntar do shócmhainní incháilithe arna slógadh mar chomhthaobhacht a bheith bunaithe ar shraith critéar oibiachtúil d’fhonn a áirithiú go bhfuil an beart oiriúnach chun a chuspóir sonraithe — is é sin maolú ar an riosca airgeadais — a bhaint amach agus nach dtéann sé lasmuigh dá bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ba cheart an fachtóir aeráide a dhíorthú ó scór éiginnteachta ina bhfuil trí ghné: (a) strusaire earnáilsonrach: ‘fachtóir margaidh’ aonfhoirmeach arna dhíorthú ón easnamh ionchasach i gcás díobhálach thástáil struis aeráide an Eurochórais, a bhfuil feidhm aige maidir leis na sócmhainní uile arna n-eisiúint ag gnólachtaí laistigh d’earnáil shonrach; (b) neamhchosaint eisitheoirshonrach: tomhas ar neamhchosaint eisitheora ar neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an aistriú, bunaithe ar an modheolaíocht a forbraíodh chun na ceannacháin a chlaonadh faoi Chlár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP); agus (c) leochaileacht shócmhainnsonrach: measúnú ar a íogaire atá margadhphraghas sócmhainne i leith suaití aeráide gan choinne amach anseo, agus a haibíocht iarmharach á cur san áireamh. Bunaithe ar an scór éiginnteachta, ba cheart don Eurochóras fachtóir aeráide a shannadh do gach sócmhainn indíolta incháilithe laistigh de raon feidhme an bhirt bainistithe riosca, a fhéadfaidh a luach comhthaobhachta a choigeartú tuilleadh tar éis bearta eile um rialú riosca eile a chur i bhfeidhm. Sócmhainní a thagann chun bheith incháilithe idir dhá chleachtadh nuashonrúcháin bhliantúla i ndáil leis an bhfachtóir aeráide, ba cheart fachtóir airmheánach aeráide den chineál sócmhainne lena mbaineann siad a shannadh dóibh ar dtús, go sonrach páipéar banna, páipéar nóta mheántéarmaigh nó páipéar tráchtála. Le cur i bhfeidhm fachtóra airmheánaigh aeráide atá bunaithe ar an gcineál sócmhainne, léirítear na difríochtaí bunúsacha íogaireachta praghsanna i leith suaití comhchosúla i measc na gcineálacha sócmhainní, agus déantar bainistiú riosca a chothromú le breithnithe éifeachtúlachta go dtí go dtabharfar faoin gcéad chleachtadh bliantúil nuashonrúcháin eile. |
|
(14) |
Ba cheart an fachtóir aeráide a chalabrú sa chaoi go gcoinneofar slán cumas an Eurochórais beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme trí bhíthin infhaighteacht leathan comhthaobhachta. |
|
(15) |
Ba cheart a léiriú san fhachtóir aeráide éiginnteachtaí a bhaineann leis an aistriú aeráide a bhféadfadh sócmhainní indíolta arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais áirithe chomh maith lena n-eintitis chleamhnaithe a bheith neamhchosanta orthu. Tá an fócas ar na sócmhainní indíolta sin bunaithe ar infhaighteacht níos fearr sonraí sa deighleog seo agus ar an taithí atá faighte ag an Eurochóras ar rioscaí aistrithe aeráide a chomhtháthú in CSPP. Ba cheart don Chomhairle Rialaithe athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfachtóir aeráide, lena n-áirítear a raon feidhme, a mhodheolaíocht agus a chalabrú, agus ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is gá chun (a) infhaighteacht mhéadaitheach sonraí ábhartha agus samhlacha ábhartha a léiriú agus (b) forbairtí ábhartha rialála agus dul chun cinn ábhartha i gcumais measúnaithe riosca a thabhairt san áireamh. |
|
(16) |
De thoradh an fachtóir aeráide a thabhairt isteach mar bheart breise um rialú riosca, áirithíonn an tEurochóras freisin go gcomhlíonann sé Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceanglaítear go ndéanfar ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta an Aontais. Ar an gcaoi chéanna, áirithítear le tabhairt isteach an bhirt go gcomhlíontar oibleagáidí an Eurochórais faoi Airteagal 7 den Chonradh, lena gceanglaítear ar an Aontas comhsheasmhacht a áirithiú idir a bheartais agus a ghníomhaíochtaí. |
|
(17) |
I bhfianaise chur chun feidhme teicniúil an fhachtóra aeráide laistigh de Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (ECMS), is gá dáta chur i bhfeidhm an fhachtóra aeráide a ailíniú leis an dáta eisiúna de chuid ECMS a tharlaíonn sa dara ráithe de 2026, agus dá bhrí sin ba cheart an fachtóir aeráide a chur i bhfeidhm ón 15 Meitheamh 2026. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2014/60) (1) a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIRLÍNE SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe
Leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. Beidh idirbhearta droim ar ais chun leachtacht a ionsú bunaithe ar shócmhainní arna soláthar ag an Eurochóras. Beidh critéir incháilitheachta na sócmhainní sin comhionann leo siúd a chuirtear i bhfeidhm ar shócmhainní incháilithe a úsáidtear in idirbhearta droim ar ais chun leachtacht a sholáthar, de bhun Chuid a Ceathair. Ní chuirfear aon chaolchorrlach luachála ná aon fhachtóir aeráide i bhfeidhm in idirbhearta droim ar ais ionsúcháin leachtachta.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 63, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Chun go mbeidh siad incháilithe, beidh ceann de na struchtúir chúpóin seo a leanas ar ionstraimí fiachais go dtí go ndéanfar an fhuascailt deiridh:
(*5) Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1011/oj).’;" |
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65: ‘Airteagal 65 Airgeadra ainmníochta sócmhainní indíolta Chun go mbeidh siad incháilithe, ainmneofar ionstraimí fiachais i gceann amháin de na hairgeadraí seo a leanas: euro, ceann d’iarairgeadraí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, puint steirling, yen nó dollair SAM.’ |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:
|
|
(7) |
cuirtear isteach an tAirteagal 66a seo a leanas: ‘Airteagal 66a Foirm eisiúna sócmhainní indíolta áirithe 1. Ní bheidh feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas ach amháin maidir le hionstraimí fiachais idirnáisiúnta a eisítear trí ICSDanna i bhfoirm nótaí domhanda agus a léirítear le deimhniú fisiceach (páipéir) nó le cóip leictreonach (dhigiteach) de nóta domhanda páipéir.
2. Ní bheidh ionstraimí fiachais idirnáisiúnta i bhfoirm nótaí aonair a léirítear le deimhnithe fisiceacha (páipéir) aonair incháilithe mura rud é gur eisíodh iad i bhfoirm nóta aonair roimh an 1 Deireadh Fómhair 2010. 3. Maidir le hionstraimí fiachais idirnáisiúnta a eisítear trí ICSDanna i bhfoirm atá go hiomlán dí-ábharaithe, forchoimeádann an tEurochóras an ceart chun a fhíorú nach n-eascraíonn rioscaí ábhartha as na ionstraimí sin lena bhféadfaí difear a dhéanamh do chearta an Eurochórais mar shealbhóir comhthaobhachta agus go bhfuil siad comhdhéanta go bailí faoin dlí lena rialaítear na hionstraimí sin, gan beann ar an teicneolaíocht a thacaíonn lena n-eisiúint.’ |
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
|
|
(9) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 72: ‘Airteagal 72 Critéir incháilitheachta le haghaidh urrúis de bhun sócmhainní 1. Chun go mbeidh siad incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, comhlíonfaidh ABSanna lena ngabhann measúnú creidmheasa a chomhfhreagraíonn, ar a laghad, do chéim 2 den cháilíocht chreidmheasa ar scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais (a) na critéir incháilitheachta ghinearálta a bhaineann le gach cineál sócmhainne indíolta a leagtar síos i Roinn 1, ach amháin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 62 agus a bhaineann leis an bpríomhshuim, agus (b) na critéir incháilitheachta shonracha a leagtar amach in Airteagail 73 go 79a. 2. Chun go mbeidh siad incháilithe le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an Eurochórais, comhlíonfaidh ABSanna lena ngabhann measúnú creidmheasa a chomhfhreagraíonn do chéim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais na ceanglais a leagtar amach i mír 1 agus na critéir incháilitheachta shonracha bhreise a leagtar amach in Airteagal 79b.’ |
|
(10) |
Leasaítear Airteagal 73 mar a leanas:
|
|
(11) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 78: ‘Airteagal 78 Infhaighteacht sonraí um leibhéil iasachtaí i dtaobh urrúis de bhun sócmhainní 1. Chun go dtiocfaidh ABSanna chun bheith incháilithe nó go leanfaidh siad de bheith incháilithe, déanfaidh na páirtithe ábhartha sonraí cuimsitheacha caighdeánaithe um leibhéil iasachtaí maidir leis an gcomhthiomsú sócmhainní ginte sreabhaidh airgid atá mar thaca leis na ABSanna a chur ar fáil do stóras urrúsúchán i gcomhréir leis an Airteagal seo. 1a. Déanfar sonraí um leibhéil iasachtaí a thíolacadh i ndáil le gach idirbheart aonair trí úsáid a bhaint as na teimpléid ábhartha a shonraítear sna caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) 2017/2402. Braitheann an teimpléad ábhartha atá le tíolacadh ar an gcineál sócmhainne a thacaíonn leis an ABS, mar a shonraítear in Airteagal 73(1), pointí (a) go (f). 1b. Déanfar sonraí um leibhéil iasachtaí a thuairisciú ar bhonn ráithiúil ar a laghad, ach tráth nach déanaí ná mí tar éis dáta dlite chun ús a íoc ar na ABSanna ábhartha. Chun críche na dteimpléad dá dtagraítear i mír 1a, is é “scoithdháta an chomhthiomsaithe” an dáta ar gabhadh léargas achomair ar fheidhmíocht na sócmhainní foluiteacha le haghaidh na tuarascála faoi seach a cheanglaítear a thíolacadh agus ní ceadmhach “dáta tíolactha na tuarascála” faoi seach a bheith níos déanaí ná dhá mhí tar éis scoithdháta sin an chomhthiomsaithe. 1c. Chun comhlíonadh na gceanglas i míreanna 1, 1a agus 1b a áirithiú, déanfar seiceálacha uathoibrithe comhsheasmhachta agus cruinnis ar thuarascálacha i dtaobh na sonraí nua agus nuashonraithe uile um leibhéil iasachtaí i ndáil le gach idirbheart a dhéanann an stóras sonraí um leibhéil iasachtaí.’ |
|
(12) |
cuirtear isteach an tAirteagal 79b seo a leanas: ‘Airteagal 79b Critéir incháilitheachta bhreise le haghaidh urrúis de bhun sócmhainní lena ngabhann measúnú creidmheasa atá cothrom le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa 1. Chun go mbeidh siad incháilithe, comhlíonfaidh ABSanna lena ngabhann measúnú creidmheasa atá comhionann le céim 3 den cháilíocht chreidmheasa ar scála rátála comhchuibhithe an Eurochórais na critéir incháilitheachta shonracha bhreise seo a leanas:
2. Maidir le ABS a chomhlíonann na sainchritéir incháilitheachta bhreise a leagtar amach i mír 1, ní fhéadfaidh contrapháirtí an ABS sin a thíolacadh mar chomhthaobhacht má ghníomhaíonn an contrapháirtí, nó aon tríú páirtí a bhfuil dlúthnaisc aige leis, mar sholáthraí fálúcháin ráta úis i ndáil leis an ABS. 3. Chun críocha an Airteagail seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 82(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
|
(14) |
cuirtear an tábla seo a leanas le hAirteagal 87: ‘Tábla 9 Measúnuithe intuigthe cáilíochta creidmheasa le haghaidh eisitheoirí nó ráthóirí nach bhfuil measúnú cáilíochta creidmheasa ISMC acu
|
|
(15) |
cuirtear an mhír 6 seo a leanas le hAirteagal 89: ‘6. Ní bheidh éilimh chreidmheasa a aicmítear mar neamhchosaintí neamhthuillmheacha in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ina gcineálacha incháilithe éileamh creidmheasa fiú má chumhdaítear iad le ráthaíocht atá inghlactha faoi Theideal IV.’ |
|
(16) |
i gCuid a Ceathair, Teideal III, Caibidil 1, scriostar Roinn 3 ‘Critéir incháilitheachta le haghaidh RMBDanna’, ina bhfuil Airteagal 107; |
|
(17) |
i gCuid a Ceathair, Teideal III, Caibidil 1, scriostar Roinn 4 ‘Critéir incháilitheachta le haghaidh DECCanna’, ina bhfuil Airteagail 107a go 107f; |
|
(18) |
in Airteagal 108, scriostar pointe (b); |
|
(19) |
in Airteagal 109, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Gan dochar d’Airteagal 89(6) ná d’Airteagal 92, déanfaidh contrapháirtithe, le linn an chéad lae gnó eile, an BCN ábhartha a chur ar an eolas faoi aon teagmhas creidmheasa, lena n-áirítear moill ar na féichiúnaithe ag íoc na n-éileamh creidmheasa arna slógadh mar chomhthaobhacht, atá ar eolas ag an gcontrapháirtí agus, má iarrann an BCN ábhartha é, déanfaidh siad na sócmhainní a aistarraingt nó a athsholáthar.’ |
|
(20) |
leasaítear Airteagal 110 mar a leanas:
|
|
(21) |
scriostar Roinn 2 ‘Ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais do RMBDanna’ de Chuid a Ceathair, Teideal III, Caibidil 2, ina bhfuil Airteagal 112; |
|
(22) |
scriostar Roinn 3 ‘Ceanglais cáilíochta creidmheasa an Eurochórais do DECCanna’ de Chuid a Ceathair, Teideal III, Caibidil 2, ina bhfuil Airteagal 112a; |
|
(23) |
leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
|
(24) |
leasaítear Airteagal 121 mar a leanas:
|
|
(25) |
leasaítear Airteagal 128(1) mar a leanas:
|
|
(26) |
in Airteagal 136, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Más rud é, tar éis luachála, tar éis caolchorrlach agus, de réir mar is infheidhme, tar éis fachtóirí aeráide, nach bhfuil na sócmhainní slógtha ag teacht leis na ceanglais arna ríomh an lá sin, déanfar glaonna ar éarlais i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 11 de Threoirlíne (AE) 2024/3129 (BCE/2024/22). Más mó luach na sócmhainní incháilithe arna slógadh mar chomhthaobhacht ag contrapháirtí, tar éis a n-athluachála, ná an méid atá dlite ag an gcontrapháirtí móide, i gcás inarb ábhartha, an corrlach athrúcháin, tabharfaidh BCN ar ais aon airgead tirim breise a chuir an contrapháirtí ar fáil le haghaidh glao ar éarlais.’ |
|
(27) |
in Airteagal 138(3), scriostar pointe (c); |
|
(28) |
in Airteagal 141, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ní thíolacfaidh contrapháirtí ná ní úsáidfidh sé mar chomhthaobhacht ionstraimí fiachais neamhurraithe arna n-eisiúint ag institiúid creidmheasa nó ag aon eintiteas eile a bhfuil dlúthnaisc ag an institiúid creidmheasa sin leis, a oiread agus gur mó luach na comhthaobhachta sin arna heisiúint ag an institiúid creidmheasa sin nó ag an eintiteas eile sin a bhfuil dlúthnaisc aici leis, i gceann a chéile, ná 2,5 % de luach iomlán na sócmhainní arna n-úsáid mar chomhthaobhacht ag an gcontrapháirtí sin tar éis an caolchorrlach is infheidhme agus, de réir mar is infheidhme, an fachtóir aeráide a thabhairt san áireamh. Ní bheidh feidhm ag an tairseach sin sna cásanna seo a leanas:
|
|
(29) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Chuid a Cúig: ‘SMACHTBHANNAÍ AS NEAMHCHOMHLÍONADH OIBLEAGÁIDÍ CONTRAPHÁIRTÍ’; |
|
(30) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 155: ‘Airteagal 155 Pionóis airgeadais as neamhchomhlíontacht le rialacha oibríochtúla áirithe 1. Má mhainníonn contrapháirtí oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 154(1) a chomhlíonadh, forchuirfidh an tEurochóras pionós airgeadais i leith gach ócáide neamhchomhlíontachta. Chun críocha Chuid a Cúig, is cás neamhchomhlíontachta é gach cás ina slógtar sócmhainn aonair mar chomhthaobhacht agus a ndéanann ócáid neamhchomhlíontachta difear di. Is éard a bheidh sa phionós airgeadais is infheidhme:
2. Déanfar laghdú 50 % ar an bpionós airgeadais iomlán is infheidhme arna ríomh i gcomhréir le mír 1 agus le hIarscríbhinn VII in aon cheann de na cásanna neamhchomhlíontachta féintuairiscithe seo a leanas:
|
|
(31) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 156: ‘Airteagal 156 Pionóis neamhairgeadais as neamhchomhlíontacht le rialacha oibríochta áirithe 1. I gcás nach gcomhlíonann contrapháirtí oibleagáid den chineál céanna dá dtagraítear in Airteagal 154(1), pointe (a) nó pointe (b), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
2. Aon fhionraí a fhorchuirfidh an tEurochóras faoi mhír 1, beidh feidhm aige maidir le haon oibríocht margaidh oscailte ina dhiaidh sin ar den chineál céanna í agus an oibríocht margaidh oscailte a raibh forchur pionóis airgeadais dá dtagraítear i mír 1 mar thoradh uirthi. 3. Cinnfear i gcomhréir le hIarscríbhinn VII an tréimhse fionraíochta a fhorchuirfear i gcomhréir le mír 1. 4. I gcás nach gcomhlíonann contrapháirtí oibleagáid den chineál céanna dá dtagraítear in Airteagal 154(1), pointe (c), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
5. I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh an tEurochóras contrapháirtí a chur ar fionraí ar feadh tréimhse trí mhí i ndáil le gach oibríocht beartais airgeadaíochta de chuid an Eurochórais amach anseo i gcás aon ócáid neamhchomhlíontachta le hAirteagal 154(1). I gcás den sórt sin, tabharfaidh an Eurochóras aird ar thromchúis an cháis agus, go háirithe, ar na méideanna atá i gceist agus ar mhinicíocht agus fad ama na neamhchomhlíontachta.’ |
|
(32) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 157: ‘Airteagal 157 Pionóis neamhairgeadais a chur i bhfeidhm ar bhrainsí as neamhchomhlíontacht le rialacha oibríochtúla áirithe I gcás ina gcuireann an tEurochóras contrapháirtí ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 156(5), féadfar an fhionraí sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le brainsí den chontrapháirtí sin atá bunaithe i mBallstáit eile a bhfuil an euro mar airgeadra acu.’ |
|
(33) |
Leasaítear Airteagal 158 mar a leanas:
|
|
(34) |
leasaítear Iarscríbhinní II, VII agus VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoirlíne seo; |
|
(35) |
déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoirlíne seo a chur isteach mar Iarscríbhinn XIIb nua. |
Airteagal 2
Teacht in éifeacht agus cur chun feidhme
1. Tiocfaidh an Treoirlíne seo in éifeacht seo an lá a dtabharfar fógra faoi do na BCNanna.
2. Glacfaidh BCNanna na bearta is gá chun an Treoirlíne seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón 30 Márta 2026. Tabharfaidh siad fógra faoi na téacsanna agus faoi na meáin a bhaineann leis na bearta sin do BCE faoin 4 Márta 2026 ar a dhéanaí.
Airteagal 3
Seolaithe
Dírítear an Treoirlíne seo chuig bainc cheannais uile an Eurochórais.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 22 Eanáir 2026.
Thar ceann Chomhairle Rialaithe BCE
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) Treoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Nollaig 2014 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) (BCE/2014/60) (IO L 91, 2.4.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2015/510/oj).
(*6) Foilsítear faisnéis faoi na céimeanna cáilíochta creidmheasa ar shuíomh gréasáin an BCE.’;
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinní II, VII agus VIII a ghabhann le Treoirlíne (AE) 2015/510 (BCE/2014/60) mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear isteach an pointe (v) seo a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn VII: ‘ IARSCRÍBHINN VII RÍOMH NA SMACHTBHANNAÍ ATÁ LE FORCHUR I gCOMHRÉIR LE CUID A CÚIG AGUS RÍOMH NA bPIONÓS AIRGEADAIS ATÁ LE FORCHUR I gCOMHRÉIR LE CUID A SEACHT I. RÍOMH NA bPIONÓS AIRGEADAIS ATÁ LE FORCHUR I gCOMHRÉIR LE CUID A CÚIG
II. RÍOMH NA bPIONÓS NEAMHAIRGEADAIS ATÁ LE FORCHUR I gCOMHRÉIR LE CUID A CÚIG Fionraí as neamhchomhlíontacht leis na hoibleagáidí dá dtagraítear in Airteagal 154(1)(a), nó pointe (b)
III. RÍOMH NA bPIONÓS AIRGEADAIS ATÁ LE FORCHUR I gCOMHRÉIR LE CUID A SEACHT
|
|
3. |
Scriostar Iarscríbhinn VIII. |
IARSCRÍBHINN II
Cuirtear isteach an Iarscríbhinn XIIb nua seo a leanas:
‘IARSCRÍBHINN XIIB
CINNEADH NA BHFACHTÓIRÍ AERÁIDE IS INFHEIDHME MAIDIR LE SÓCMHAINNÍ INDÍOLTA CHUN ÉIGINNTEACHTAÍ A BHAINEANN LEIS AN AISTRIÚ AERÁIDE A MHAOLÚ
|
1. |
Tá feidhm ag an bhfachtóir aeráide dá dtagraítear in Airteagal 128(1), pointe (e), den Treoirlíne seo maidir le hionstraimí fiachais indíolta arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais agus ag a ngrúpaí eisitheoirí corparáideacha faoi seach, cé is moite díobh seo a leanas:
|
|
2. |
I gcás gach sócmhainne i, de chorparáid j in earnáil s, déantar scór lena ndéantar measúnú ar a híogaireacht i leith neamhchinnteachtaí a bhaineann leis an aistriú aeráide (an “scór neamhchinnteachta”) a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
maille leis na hathróga seo a leanas:
|
|
3. |
Déantar an scór éiginnteachta in aghaidh na sócmhainne a thiontú ina “fhachtóir aeráide” (CF) in aghaidh na sócmhainne, trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
maille leis an dá pharaiméadar seo a leanas:
|
|
4. |
Déantar luach comhthaobhachta gach sócmhainne, nó méid an chreidmheasa is féidir a dheonú i leith na sócmhainne arna soláthar ag contrapháirtí, a ríomh trína luach, arna choigeartú chun caolchorrlaigh a thabhairt san áireamh, agus de réir mar is infheidhme, a iolrú faoin bhfachtóir aeráide comhfhreagrach. |
|
5. |
Déanfar an scór éiginnteachta agus an fachtóir aeráide is infheidhme maidir le gach sócmhainn a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil. Sócmhainní a thagann chun bheith incháilithe idir dhá nuashonrú bhliantúla, sannfar fachtóir airmheánach aeráide dóibh ar dtús a ríomhfar trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas:
i gcás inarb é |
(*1) Cinneadh (AE) 2016/948 ón mBanc Ceannais Eorpach an 1 Meitheamh 2016 maidir le cur chun feidhme chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (BCE/2016/16) (IO L 157,15.6.2016, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/948/oj).”
ELI: http://data.europa.eu/eli/guideline/2026/689/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)