|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/686 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 255/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/686]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1386 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Trichoderma reesei CBS 114044 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú, béaróg agus mionspeicis éanlaithe clóis (sealbhóir an údaraithe: AB Enzymes Finland Oy) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1390 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide de na baictéarafagaigh PCM F/00069, PCM F/00070, PCM F/00071 agus PCM F/00097 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith clóis (sealbhóir an údaraithe: Proteon Pharmaceuticals S.A.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1391 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1186 a mhéid a bhaineann leis an tiúchan mheitileoganóil i mbláthola coirte cainéil (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1392 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 3-fíotáis arna táirgeadh le Komagataella phaffii CECT 13171 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh speicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh pórúcháin, béaróg agus muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Fertinagro Biotech S.L.) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1395 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2025 lena gceartaítear agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/997 a mhéid a bhaineann leis na téarmaí údaraithe le haghaidh bonn L-lísín, leachtach, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1400 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 maidir le húdarú bláthola lus an phiobair ó Mentha × piperita L., bláthola sáiste tormáin ó Salvia sclarea L. agus bláthola sáiste ó Salvia officinalis L. mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1402 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 maidir le bláthola an chrainn tae ó Melaleuca alternifolia (Maiden & Betche) Cheel a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1403 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2025 maidir le bláthola sáiste Spáinní ó Salvia officinalis ssp. lavandulifolia (Vahl) Gams agus bláthola labhandair ó Lavandula angustifolia Mill. a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(9) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1417 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir le bláthola oragáin tíopa Spáinnigh ó Thymbra capitata (L.) Cav. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(10) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1418 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir leis an údarú ullmhóide d’ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis agus ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI CC 378536 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis éanlaithe clóis, bainbh scoite, muca lena ramhrú agus cránacha (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 agus (AE) Uimh. 1138/2014 (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(11) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1419 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148, (AE) 2021/2094 agus (AE) 2023/1172 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le breiseáin bheathaithe (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(12) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1423 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 684/2014 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide arb é atá inti cantaxaintin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cearca goir (sealbhóir an údaraithe: DSM Nutritional Products Ltd.) (12), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(13) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1424 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir le húdarú bitine agus údarú dhá ullmhóid bhitine a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/723 (13), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(14) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1426 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantach (seachas uain) agus ainmhithe de chineál camaill a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó a thógtar le haghaidh atáirgthe, athchogantaigh óga lena ramhrú seachas laonna agus uain, laonna de chineál camaill lena ramhrú, agus eachainmhithe seachas capaill (sealbhóir an údaraithe: Lallemand SAS) agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/149 a mhéid a bhaineann le téarmaí údaraithe ullmhóide arb é atá inti Saccharomyces cerevisiae CNCM I-1077 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh uan (14), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(15) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1418 aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 (15) agus (AE) 1138/2014 ón gCoimisiún (16), rialacháin atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(16) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1424 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/723 ón gCoimisiún (17), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(17) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 113 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 684/2014 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 327 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/997 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointí 332 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/148 ón gCoimisiún), 435 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2094 ón gCoimisiún) agus 503 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1172 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 585 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1186 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
5. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 659 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/757 ón gCoimisiún):
|
|
6. |
Scriostar téacs phointí 2zzza (Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 290/2014 ón gCoimisiún), 119 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1138/2014 ón gCoimisiún) agus 134 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/723 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1386, (AE) 2025/1390, (AE) 2025/1391, (AE) 2025/1392, (AE) 2025/1395, (AE) 2025/1400, (AE) 2025/1402, (AE) 2025/1403, (AE) 2025/1417, (AE) 2025/1418, (AE) 2025/1419, (AE) 2025/1423, (AE) 2025/1424 agus (AE) 2025/1426 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/1386, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1386/oj.
(2) IO L, 2025/1390, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1390/oj.
(3) IO L, 2025/1391, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1391/oj.
(4) IO L, 2025/1392, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1392/oj.
(5) IO L, 2025/1395, 16.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1395/oj.
(6) IO L 2025/1400, 17.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1400/oj.
(7) IO L 2025/1402, 17.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1402/oj.
(8) IO L 2025/1403, 17.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1403/oj.
(9) IO L 2025/1417, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1417/oj.
(10) IO L 2025/1418, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1418/oj.
(11) IO L 2025/1419, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1419/oj.
(12) IO L 2025/1423, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1423/oj.
(13) IO L 2025/1424, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1424/oj.
(14) IO L 2025/1426, 18.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1426/oj.
(15) IO L 87, 22.3.2014, lch. 84.
(16) IO L 307, 28.10.2014, lch. 30.
(17) IO L 115, 6.5.2015, lch. 22.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/686/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)