|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/682 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 258/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/682]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1915 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú L-tripteafain arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 674 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1527 ón gCoimisiún) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘675. |
32025 R 1915: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1915 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú L-tripteafain arna tháirgeadh le Corynebacterium glutamicum KCCM 80346 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L, 2025/1915, 26.9.2025). |
|
676. |
32025 R 1928: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1928 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti eastóscán ar mhórán lúitéine de Tagetes erecta L. mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú (IO L, 2025/1928, 26.9.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1915 agus (AE) 2025/1928 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (3).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/1915, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1915/oj.
(2) IO L 2025/1928, 26.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1928/oj.
(3) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/682/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)