European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/677

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 263/2025

An 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/677]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1209 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur agus na modhanna chun iad a ríomh agus a bhailiú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 51f (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1061 ón gCoimisiún) de Chaibidil I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘51g.

32022 R 1209: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1209 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an nós imeachta maidir le fíneálacha a fhorchur agus na modhanna chun iad a ríomh agus a bhailiú (IO L 187, 14.7.2022, lch. 19).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1209 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 187, 14.7.2022, lch. 19.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/677/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)