|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/671 |
27.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/671 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Márta 2026
maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1745)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 13(4) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin a chláraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2146 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca, ón Túinéis, ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 maidir le húdarú na díolúine d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón dleacht frithdhumpála a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, dleacht a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 4 go 7 de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá feidhm ag dleacht frithdhumpála ar allmhairí páirteanna riachtanacha rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) (‘an dleacht leathnaithe’) mar thoradh ar leathnú ar an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97. |
|
(2) |
Faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 71/97, maidir leis an díolúine allmhairí páirteanna riachtanacha rothair nach dtéann timpeall ar an dleacht frithdhumpála, tugtar de chumhacht don Choimisiún na bearta is gá a ghlacadh chun an díolúine sin a údarú. |
|
(3) |
Leagtar na bearta cur chun feidhme sin amach i Rialachán (CE) Uimh. 88/97 (‘an Rialachán díolúine’), mar a leasaíodh, lena mbunaítear an córas díolúine sonrach. |
|
(4) |
Ar an mbonn sin, thug an Coimisiún díolúine do roinnt cóimeálaithe rothar ón díolúine leathnaithe (‘na páirtithe díolmhaithe’). |
|
(5) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/611 (5) an 17 Márta 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an liosta de na páirtithe atá faoi scrúdú agus an liosta de na páirtithe díolmhaithe. |
|
(6) |
Mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2) den Rialachán díolúine, d’fhoilsigh an Coimisiún liostaí na bpáirtithe ar tugadh díolúine dóibh ina dhiaidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Glacadh an Cinneadh Cur Chun Feidhme is déanaí (AE) 2025/110 ón gCoimisiún (6) a bhaineann le díolúintí faoin Rialachán díolúine an 23 Eanáir 2025. |
|
(7) |
Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán díolúine. |
1. IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ
|
(8) |
Idir an 23 Lúnasa 2024 agus an 23 Eanáir 2026, fuair an Coimisiún iarrataí ar dhíolúintí ó na páirtithe a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 lena raibh an fhaisnéis is gá ag gabháil chun cinneadh a dhéanamh an féidir na hiarrataí sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán díolúine. |
|
(9) |
Tugadh deis do na páirtithe a d’iarr díolúintí a mbarúlacha a chur in iúl faoi chonclúidí an Choimisiúin maidir le hinghlacthacht a n-iarrataí. |
|
(10) |
I gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Rialachán díolúine, go dtí go ndearnadh cinneadh maidir le tuillteanais iarrataí ó na páirtithe a iarrann díolúine, cuireadh íocaíocht na dleachta leathnaithe i leith aon allmhaire páirteanna riachtanacha rothair a dhearbhaigh na páirtithe sin a liostaítear i dTáblaí 1 agus 2 thíos gur ceadaíodh na páirteanna sin a chur i saorchúrsaíocht ar fionraí amhail ón lá a fuair an Coimisiún a n-iarrataí cuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán díolúine. |
2. ÚDARÚ DÍOLÚINE
|
(11) |
Tá an scrúdú ar thuillteanais na hiarrata ó na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 tugtha i gcrích. Tábla 1
|
|
(12) |
Le linn an scrúdaithe a rinne an Coimisiún, maidir le luach na bpáirteanna de thionscnamh na Síne, shuigh sé gur lú ná 60 % de luach iomlán páirteanna na rothar uile a chóimeálann na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 é an luach sin. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach dtagann oibríochtaí cóimeála na bpáirtithe a liostaítear i dTábla 1 faoi raon feidhme Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
|
(14) |
Ar an gcúis sin, agus i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán díolúine, chomhlíon na páirtithe a liostaítear i dTábla 1 na coinníollacha maidir le díolúine ón dleacht leathnaithe. |
|
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán díolúine, ba cheart éifeacht a bheith ag an díolúine ón dáta a gheofar an iarraidh chuí-réasúnaithe de bhun Airteagal 4(1) agus (2) den Rialachán díolúine. Mar sin, maidir leis na fiachais chustaim i leith na dleachta leathnaithe atá ar an bpáirtí a iarrann díolúine, ba cheart a mheas go bhfuil na fiachais sin ar neamhní ón dáta céanna. |
|
(16) |
Cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas faoi chonclúidí an Choimisiúin maidir le tuillteanais a n-iarrataí féin agus tugadh deis dóibh a mbarúlacha a thabhairt ina leith. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(17) |
Ós rud é nach bhfuil feidhm ag na díolúintí ach amháin maidir leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach i dTábla 1, ba cheart do na páirtithe sin fógra a thabhairt don Choimisiún (7) gan mhoill faoi aon athrú, amhail athruithe ar ainm, ar fhoirm dhlíthiúil nó ar sheoladh nó athruithe ar a n-oibríochtaí cóimeála (mar shampla eintitis chóimeála nua a bhunú) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don díolúine. |
|
(18) |
Má thagann athrú ar thagairt, ba cheart don pháirtí díolmhaithe faisnéis ábhartha a chur ar fáil, lena n-áirítear aon mhodhnú ar a ghníomhaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún na tagairtí cothrom le dáta dá réir sin. |
3. ÍOCAÍOCHTAÍ NA nDLEACHTANNA A CHUR AR FIONRAÍ DO PHÁIRTITHE FAOI SCRÚDÚ
|
(19) |
Tá an scrúdú ar thuillteanais na n-iarrataí ó na páirtithe atá liostaithe i dTábla 2 fós ar siúl. Go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le tuillteanais a n-iarrataí, tá íocaíocht na dleachta leathnaithe ó na páirtithe sin curtha ar fionraí. |
|
(20) |
Ós rud é nach bhfuil feidhm ag an bhfionraí ach amháin maidir leis na páirtithe dá dtagraítear go sonrach i dTábla 2, ba cheart do na páirtithe sin fógra a thabhairt don Choimisiún (8) gan mhoill faoi aon athrú, amhail athruithe ar ainm, ar fhoirm dhlíthiúil nó ar sheoladh nó athruithe ar a n-oibríochtaí cóimeála (mar shampla eintitis chóimeála nua a bhunú), a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh an Choimisiúin maidir leis an díolúine a iarradh. I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún ainm, foirm dhlíthiúil nó seoladh na bpáirtithe sin cothrom le dáta dá réir sin. Tábla 2
|
4. TAGAIRTÍ DO PHÁIRTITHE DÍOLMHAITHE A THABHAIRT COTHROM LE DÁTA
|
(21) |
Idir an 18 Nollaig 2024 agus an 8 Aibreán 2025, thug na páirtithe díolmhaithe a liostaítear i dTábla 3 fógra don Choimisiún faoi athruithe ar a n-ainmneacha agus/nó a seoltaí. Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach, tháinig sé ar an gconclúid nach ndéanann na hathruithe sin difear do na hoibríochtaí cóimeála maidir leis na coinníollacha díolúine nó fionraí a leagtar amach sa Rialachán díolúine. |
|
(22) |
Cé nach bhfuil difear déanta fós do dhíolúine na bpáirtithe sin i dtaca leis an dleacht leathnaithe a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Rialachán díolúine, ba cheart na tagairtí do na páirtithe sin a thabhairt cothrom le dáta. Tábla 3
|
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo tugtar díolúine do na páirtithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo ó leathnú na dleachta frithdhumpála cinntithí ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 agus a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (9) ar allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne.
I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán (CE) Uimh. 88/97, beidh éifeacht ag an díolúine ón dáta a gheofar na hiarrataí ar dhíolúine ó na páirtithe. Déantar foráil maidir leis na dátaí sin sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Ní bhainfidh an díolúine ach leis na páirtithe sin amháin dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.
Tabharfaidh na páirtithe díolmhaithe fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ar a n-ainmneacha agus ar a seoltaí, agus soláthróidh siad an fhaisnéis ábhartha uile, go háirithe maidir le haon mhodhnú ar ghníomhaíochtaí na bpáirtithe a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála i ndáil leis na coinníollacha díolúine.
Páirtithe díolmhaithe
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
|
89AZ |
New Cycle GmbH |
An der Schmiede 4, 26135 Oldenburg - an Ghearmáin |
5.4.2024 |
|
8031 |
PROWEN BIKES S.L. |
Poligono Industrial La Viñuela, 55 (14900-Lucena) Córdoba - an Spáinn |
23.8.2024 |
Airteagal 2
Tá na páirtithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo faoi scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97.
Maidir le híocaíocht na dleachta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 88/97, beidh éifeacht aige sin ó na dátaí a gheofar na hiarrataí sin ó na páirtithe. Déantar foráil maidir leis na dátaí sin sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Ní bhainfidh an fhionraí íocaíochtaí sin ach amháin leis na páirtithe faoi scrúdú dá dtagraítear go sonrach sa Tábla san Airteagal seo.
Maidir le haon athrú ar oibríochtaí cóimeála a bhaineann le coinníollacha na fionraí, tabharfaidh na páirtithe faoi scrúdú fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athrú den sórt sin agus cuirfidh sé ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis ábhartha uile mar fhianaise. Áirítear leis na hathruithe sin, ach gan bheith teoranta dóibh, aon athrú ar ainmneacha, ar ghníomhaíochtaí, ar fhoirmeacha dlíthiúla agus ar sheoltaí na bpáirtithe.
Páirtithe faoi scrúdú
|
Cód breise TARIC |
Ainm |
Seoladh |
Dáta do ghabháil éifeachta |
|
89MG |
PON Bike Lithuania UAB |
Pramonės pr. 13A, Kėdainiai, LT-57242, an Liotuáin |
6.2.2025 |
|
88AX |
CORRATEC S.R.L. |
Ovidiu Cotrus str., Nr. 28, Cladirea C2, Județ Timiș, 300514 Timisoara, an Rómáin |
22.12.2025 |
|
88AY |
SPORT LIFESTYLE S.L. |
Calle Travesía de la Industria No. 20, 33401 Avilés (Asturias), an Spáinn |
23.1.2026 |
Airteagal 3
Déantar foráil maidir le tagairtí nuashonraithe do na páirtithe díolmhaithe a liostaítear sa Tábla san Airteagal seo sa cholún dar ceannteideal ‘Tagairt nua’. Beidh éifeacht ag na nuashonruithe sin ó na dátaí dá bhforáiltear sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Dáta do ghabháil éifeachta’.
Na cóid bhreise TARIC chomhfhreagracha a sannadh do na páirtithe díolmhaithe sin mar a fhoráiltear sa cholún Tábla dar ceannteideal ‘Cód breise TARIC’, ní dhéanfar athrú orthu sin.
Páirtithe ar fionraí ar ina leith a thabharfar an tagairt cothrom le dáta
|
Cód breise TARIC |
Iarthagairt |
Tagairt nua |
Dáta do ghabháil éifeachta |
||||||
|
A664 |
|
|
14.9.2016 |
||||||
|
8065 |
|
|
4.1.2024 |
||||||
|
C007 |
|
|
25.11.2024 |
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo agus chuig na páirtithe a liostaítear in Airteagail 1 go 4 agus foilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO L 16, 18.1.1997, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/71/oj.
(3) IO L 2025/2146, 23.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2146/oj.
(4) IO L 17, 21.1.1997, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/88/oj.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/611 ón gCoimisiún an 17 Márta 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/97 maidir le húdarú a thabhairt d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón leathnú le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle ar an dleacht frithdhumpála a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle (IO L 80, 20.3.2023, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/611/oj), Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/110 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2025 maidir le díolúintí ón dleacht frithdhumpála leathnaithe ar pháirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún (IO L, 2025/110, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/110/oj).
(7) Moltar do na páirtithe úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.
(8) Moltar do na páirtithe úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: TRADE-BICYCLE-PARTS@ec.europa.eu.
(9) Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 1993 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothar isteach sa Chomhphobal ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach frithdhumpála (IO L 228, 9.9.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/2474/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/671/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)