European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/667

18.3.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/667 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1119 a mhéid a bhaineann le sprioc aeráide idirmheánach de chuid an Aontais do 2040 a shocrú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Fuarthas amach sa toradh a bhí ar an gcéad athbhreithniú domhanda faoi Chomhaontú Pháras (3), a tugadh i gcrích ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ag deireadh 2023, go bhfuil beartais aeráide atá ag éirí níos éifeachtaí á gcur i bhfeidhm ag na Páirtithe, ach go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise phráinneach chun an domhan a chur ar an mbóthar ceart chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

(2)

Trí Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a ghlacadh, chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht cuspóir ceangailteach maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050, lena laghdaítear, ar an gcaoi sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa go glan-nialas faoin dáta sin, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Bunaíodh leis an Rialachán sin freisin sprioc aeráide idirmheánach cheangailteach de chuid an Aontais do 2030 agus ceanglaíodh leis sprioc aeráide idirmheánach ar fud an Aontais a leagan síos do 2040.

(3)

Agus an chomhairle eolaíoch ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide (an ‘Bord Comhairleach’) á cur san áireamh agus bunaithe ar mheasúnú tionchair mionsonraithe, thíolaic an Coimisiún, sa Teachtaireacht uaidh an 6 Feabhra 2024 dar teideal ‘Ár dtodhchaí a dhaingniú. Sprioc aeráide 2040 na hEorpa agus an chonair chun na haeráidneodrachta faoi 2050 lena dtógfar sochaí inbhuanaithe, chóir agus rathúil’, sprioc mholta maidir le laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 do 2040.

(4)

Chun sprioc aeráide 2040 an Aontais a mholadh, rinne an Coimisiún na heilimintí seo a leanas a bhreithniú: an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí atá ar fáil a bhreithniú, lena n-áirítear: na tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIAA) agus ón mBord Comhairleach; na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, lena n-áirítear costais na neamhghníomhaíochta; an gá atá le haistriú atá cóir agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú do chách; costéifeachtacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch; iomaíochas gheilleagar an Aontais, go háirithe iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus na n-earnálacha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin; na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fáil; éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear ‘céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’; inacmhainneacht fuinnimh agus slándáil an tsoláthair do na Ballstáit uile; cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh; an gá atá le héifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama; an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú san fhadtéarma agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, lena n-áirítear sa mhuirthimpeallacht; riachtanais agus deiseanna infheistíochta; forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a bhaint amach; agus faisnéis atá ann cheana maidir le buiséad táscach réamh-mheasta an Aontais maidir le gás ceaptha teasa le haghaidh na tréimhse 2030-2050.

(5)

Chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach, is den riachtanas é, inter alia, creat beartais comhaontaithe 2030 a chur chun feidhme go hiomlán; tacaíocht a áirithiú agus a chur ar fáil chun iomaíochas agus athléimneacht thionscal na hEorpa a fheabhsú agus a threisiú; córais bhia inbhuanaithe chomh maith le hathléimneacht na bpobal tuaithe agus slándáil bia a áirithiú trí earnáil talmhaíochta Eorpach atá inbhuanaithe agus láidir; conairí aistrithe atá bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fáil a áirithiú; agus tuilleadh béime a leagan ar aistriú cóir do na réigiúin agus na hearnálacha atá buailte agus do theaghlaigh leochaileacha nach bhfágann aon duine ar lár, mar shampla, trí thacaíocht ón gCiste Aeráide Sóisialta (5), san aistriú chuig an aeráidneodracht. Thairis sin, is den riachtanas é iomaíocht chóir le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú agus leas éifeachtach a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha uile an Aontais chun cleachtais éagóracha trádála a dhíspreagadh agus a chomhrac, an córas fuinnimh a dhícharbónú le cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a áiríonn gach réiteach fuinnimh saor ó charbón agus ísealcharbóin, (lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh, fuinneamh núicléach, éifeachtúlacht fuinnimh, stóráil, gabháil agus stóráil carbóin (GSC), gabháil agus úsáid carbóin (GÚC), aistrithe carbóin, fuinneamh geoiteirmeach agus hidreafhuinneamh, bithfhuinneamh inbhuanaithe agus gach teicneolaíocht fuinnimh ghlan-nialasach eile atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo), spleáchais ar allmhairí a laghdú agus foinsí amhábhar criticiúil an Aontais a éagsúlú, agus idirphlé straitéiseach maidir le creat iar-2030 a eagrú leis na hearnálacha ábhartha uile, lena n-áirítear tionsclaíocht agus iompar.

(6)

I gconclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur cuspóirí a threisíonn a chéile agus nach mór a shaothrú le chéile iad iomaíochas an Aontais a fheabhsú, a athléimneacht a neartú agus an t-aistriú glas a chur chun cinn, agus d’iarr sí go gcuirfí dlús, mar ábhar práinne, leis na hiarrachtaí ar sholáthar fuinnimh ghlain inacmhainne a áirithiú agus ar fhíor-Aontas Fuinnimh a thógáil roimh 2030, lena n-áirítear tríd an leas is fearr agus is féidir a bhaint as Tascfhórsa nua um an Aontas Fuinnimh, chomh maith le dlús a chur leis an obair atá dírithe ar phraghsanna fuinnimh a ísliú agus ar thacú le táirgeadh fuinnimh inbhuanaithe ar bhonn intíre san Aontas. D’fhonn aistriú i dtreo na haeráidneodrachta atá costéifeachtach, cóir agus cothrom, pragmatach agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, beidh infheistíocht ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon, lena n-áirítear trí chistiú ón Aontas, ina príomhchumasóir don aistriú glan, mar shampla trí dhlús a chur le cur chun úsáide agus tráchtálú teicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát, trí thacú leis sin, trí thacú le rochtain ar athnuachan thionsclaíoch agus ar dhícharbónú tionsclaíoch, trí mhonaraíocht teicneolaíochtaí glana agus nuachóiriú na gcóras fuinnimh, agus trí réitigh inacmhainne a sholáthar ar fud an gheilleagair agus do shaoránaigh ar fud an Aontais. Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, a seoladh sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2025 dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan: Treochlár comhpháirteach don iomaíochas agus don dícharbónú’, cuirtear i bhfeidhm na dálaí le haghaidh aistriú rathúil, lena ndírítear ar dhícharbónú agus ar athnuachan thionsclaíoch araon, lena rannchuideofar le borradh a chur faoin éileamh ar ‘déanta san Eoraip’, agus ar shásraí tacaíochta do thionsclaíocht na hEorpa, lena n-áirítear an banc um dhícharbónú tionsclaíoch agus an creat nua Státchabhrach simplithe.

(7)

Mheabhraigh an Chomhairle Eorpach i gconclúidí uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2025 a phráinní atá sé dlús a chur leis na hiarrachtaí comhchoiteanna chun athnuachan, nuachóiriú agus dícharbónú thionsclaíoch na hEorpa a áirithiú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Chuir sí i bhfios go láidir sa chomhthéacs sin gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na tionscail thraidisiúnta, go háirithe tionscail na ngluaisteán, na loingseoireachta agus na heitlíochta chomh maith le tionscail dianfhuinnimh, amhail cruach agus miotail, ceimiceáin, stroighin, gloine agus ceirmigh, laíon agus páipéar, ionas go mbeidh siad athléimneach agus iomaíoch i gcónaí i margadh domhanda agus i dtimpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach. Ina leith sin, ba gheal léi an togra ón gCoimisiún chun earnáil cruach na hEorpa a chosaint ar thionchair éagóracha na ró-acmhainneachta domhanda. Ba gheal léi freisin go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún an t-athbhreithniú dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a thabhairt ar aghaidh, agus d’iarr sí go ndéanfaí an togra sin a thíolacadh go mear, agus neodracht theicneolaíoch agus ábhar Eorpach á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba gheal leis an gComhairle Eorpach an litir ó Uachtarán an Choimisiúin an 20 Deireadh Fómhair 2025 maidir leis an aeráid agus an iomaíochas.

(8)

Leis an gComhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan, dírítear freisin ar rochtain níos fearr ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach, ar mhargadh fuinnimh comhtháite idirnasctha de chuid an Aontais lena n-áirithítear slándáil fuinnimh, cur chun cinn an gheilleagair chiorclaigh, cothrom iomaíochta domhanda lena n-áirítear tríd an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur chun feidhme go héifeachtach (7) agus é a leathnú chuig earraí iartheachtacha, lena dtugtar isteach bearta frith-imchéimniúcháin agus gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin onnmhairiúcháin agus coinníollacha soiléire cumasúcháin amhail ceadú cuíchóirithe agus glacadh agus uas-scálú teicneolaíochtaí glana, chun buntáiste iomaíoch agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais chomh maith le nuálaíocht san Aontas a neartú, agus an timpeallacht gheopholaitiúil dhúshlánach á cur san áireamh.

(9)

I bhfianaise an chuspóra aeráidneodrachta faoi 2050, ba cheart, faoi 2040, astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith laghdaithe agus aistrithe gás ceaptha teasa a bheith feabhsaithe, chun a áirithiú go ndéanfar na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, is é sin an líon astaíochtaí i ndiaidh aistrithe a asbhaint, a laghdú 90 % ar a laghad faoi 2040, ar fud an gheilleagair, i gcomparáid le leibhéil 1990.

(10)

Ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe intíre ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus na laghduithe sin á gcomhlánú le haistrithe méadaithe, lena n-áirítear trí réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha araon. Agus an pacáiste beartais iar-2030 á fhorbairt, ba cheart aird chuí a thabhairt ar rannchuidiú na n-oll-laghduithe astaíochtaí i gcomparáid le haistrithe nádúrtha agus teicneolaíocha. Tá saintréithe ag baint le haistrithe nádúrtha ba cheart a chur san áireamh, amhail struchtúr aoise foraoise, cion na n-ithreacha orgánacha, inathraitheacht nádúrtha, agus éiginnteachtaí a bhaineann le tionchair an athraithe aeráide, le suaití nádúrtha agus le hathruithe ar mhodheolaíochtaí. Beidh ról méadaitheach ag aistrithe nádúrtha agus ag aistrithe tionsclaíocha i ngeilleagar an Aontais sna blianta amach romhainn, i bhfianaise an ghá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa faoi 2050 ar a dhéanaí agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Forbrófar dreasachtaí i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) in 2026, i gcás ina mbeartaíonn an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le buanaistrithe carbóin intíre a chuimsiú sa chóras maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (‘CTA AE’) chun cúiteamh a dhéanamh as astaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú. Tá ról lárnach ag earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta i mbithgheilleagar inbhuanaithe ciorclach agus d’fhéadfadh sé tairbhí fadtéarmacha aeráide agus comhshaoil a sholáthar, lena rannchuideofar le haistriú glan gheilleagar an Aontais agus lena laghdófar spleáchais trí ábhair iontaise-bhunaithe a ionadú.

(11)

Cé go bhfuil roinnt beartais chumasúcháin curtha chun feidhme cheana féin agus go bhfuil a dtionchar le feiceáil cheana féin, ní hamhlaidh atá i gcás gach beartais den sórt sin go fóill. Ba cheart don Choimisiún leanúint de na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin a neartú agus é a bheith d’aidhm aige dlús a chur lena nglacadh chun a áirithiú go mbeidh dálaí i bhfeidhm chun tacú le tionscal agus saoránaigh na hEorpa le linn an aistrithe, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais.

(12)

Tá creat rialála i bhfeidhm ag an Aontas chun sprioc aeráide 2030 a bhaint amach. Is é atá sa reachtaíocht lena gcuirtear an sprioc sin chun feidhme, inter alia, Treoir 2003/87/CE, lena mbunaítear CTA AE, Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena dtugtar isteach spriocanna náisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), lena leagtar síos spriocanna maidir le glansaistrithe carbóin le haghaidh earnáil na húsáide talún. Chun aistriú rianúil chuig an gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh, earnáil an iompair de bhóthar agus earnálacha breise a leagtar amach i gCaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE (CTA2) a áirithiú, ba cheart oibriú na trádála astaíochtaí le haghaidh na n-earnálacha sin a chur siar ar feadh bliain amháin agus ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 30k(2), pointí (a) go (e), de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar ghá reachtaíocht ábhartha an Aontais a leasú chun sprioc aeráide 2040 a bhaint amach, agus acmhainneacht linnte nádúrtha atá ag dul i laghad á cur san áireamh freisin. Agus creat iar-2030 á cheapadh aige, ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair mionsonraithe a ullmhú, agus a anailís ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar an timpeallacht gheopholaitiúil á cur san áireamh aige, lena n-áirítear an gá atá le hinniúlacht an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú chun a n-acmhainneacht chosanta a mhéadú agus a neartú go mear trí aghaidh a thabhairt ar ualaí ionchasacha agus dreasachtaí don dícharbónú tionsclaíoch á gcoinneáil ar bun ag an am céanna, na tionchair ar iomaíochas, ar FBManna agus ar thionscail dianfhuinnimh, agus na tionchair ar chostais fuinnimh agus ar riachtanais infheistíochta ar fud na mBallstát, agus ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar bhearta riachtanacha a dhéanamh, lena n-áirítear tograí reachtacha de réir mar is iomchuí.

(13)

Ba cheart roinnt gnéithe chun éascú a dhéanamh ar ghnóthú sprioc aeráide 2040 a léiriú go hiomchuí sna tograí reachtacha sin, lena n-áirítear: rannchuidiú leormhaith i dtreo sprioc aeráide 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras, ó 2036 go 2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus cost-éifeachtúil araon agus i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear tréimhse phíolótach chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ard-sláine a thionscnamh ó 2031 go 2035; ról na mbuanaistrithe intíre (amhail gabháil agus stóráil carbóin ó astaíochtaí bithghineacha (BithGSC) agus dírghabháil agus stóráil carbóin ón aer (DGSCA)), in CTA AE, agus sláine comhshaoil CTA AE á háirithiú ag an am céanna, lena n-áirítear an fhéidearthacht CO2 a stóráil lasmuigh den Aontas, de réir mar is iomchuí, faoi réir comhaontuithe idirnáisiúnta a bheith ann agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha atá coibhéiseach leis na coinníollacha a leagtar síos i ndlí an Aontais; agus solúbthacht fheabhsaithe agus inrochtana ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí agus laistigh díobh chun tacú le cur chuige costéifeachtach trínar féidir, mar shampla, an méid atá bainte amach ag na Ballstáit in earnáil amháin na bearnaí atá in earnálacha eile a chothromú ar bhealach cost-éifeachtúil, agus á áirithiú go rannchuideoidh gach earnáil leis na hiarrachtaí agus nach mbeadh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith in earnáil amháin, gan dochar don fhéidearthacht atá ag gach Ballstát leas a bhaint as na solúbthachtaí. Agus úsáid creidmheasanna idirnáisiúnta á hoibríochtú aige, ba cheart don Choimisiún an gá atá le cothrom iomaíochta ar fud na mBallstát a chur san áireamh mar aon leis an deis chun tacú le comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais a áirithiú i gcomhréir le leasanna an Aontais. Ba cheart conair CTA AE atá ann faoi láthair a athbhreithniú san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar Threoir 2003/87/CE chun sprioc chomhaontaithe 2040 a chur san áireamh ar bhealach a cheadódh méid teoranta astaíochtaí tar éis 2039. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh go tráthúil ar chonair atá céimnithe amach ar bhonn níos moille chun lamháltais a leithdháileadh saor in aisce ó 2028 ar aghaidh chun tacú leis an dícharbónú, leis an infheistíocht agus leis an bhfostaíocht san Aontas, lena n-áirítear trí bhanc um dhícharbónú tionsclaíoch agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (11), agus an riosca sceite carbóin á íoslaghdú ag an am céanna. Chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, ba cheart creat iar-2030 a bheith bunaithe ar mheasúnuithe tionchair láidre. Ba cheart do chreat iar-2030 cóineasú a chothú freisin agus cothroime agus imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta na mBallstát á gcur san áireamh, lena n-áirítear imthosca agus sainiúlachtaí na n-oileán, na mBallstát oileánach agus na réigiún is forimeallaí.

(14)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon sprioc idirmheánach aeráide de chuid an Aontais do 2040 a shocrú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a scála agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/1119 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/1119

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1119 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, an dara mír, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

‘Leagtar amach sa Rialachán seo freisin sprioc cheangailteach de chuid an Aontais le haghaidh 2040.’

;

(2)

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3, 4 agus 5:

‘3.   Chun an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach, is é a bheidh i sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2040 laghdú 90 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (an líon astaíochtaí i ndiaidh aistrithe a asbhaint) i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040.

4.   Ag féachaint ar an tréimhse tar éis 2030, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ábhartha an Aontais chun gur féidir an sprioc a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo agus an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) a bhaint amach agus déanfaidh sé breithniú ar na bearta is gá a dhéanamh de réir mar is iomchuí agus bunaithe ar mheasúnuithe tionchair mionsonraithe, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Leanfaidh an Coimisiún de na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin a neartú agus beidh sé d’aidhm aige dlús a chur lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh dálaí i bhfeidhm chun tacú le daoine dlítheanacha agus nádúrtha a ndéantar difear dóibh, amhail tionscal agus saoránaigh na hEorpa, le linn an aistrithe, i dtreo na spriocanna a leagtar amach i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, an chuspóra a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus geilleagar aeráidneodrach.

5.   Faoi chuimsiú an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4, chun éascú a dhéanamh ar an sprioc a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo a bhaint amach, áiritheoidh an Coimisiún go léireofar na gnéithe seo a leanas go hiomchuí sna tograí reachtacha:

(a)

ó 2036, rannchuidiú leormhaith i dtreo sprioc aeráide 2040 maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta faoi Airteagal 6 de Chomhaontú Pháras suas le 5 % de ghlanastaíochtaí 1990 an Aontais, a chomhfhreagraíonn do laghdú intíre 85 % ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2040, ar bhealach atá uaillmhianach agus cost-éifeachtúil araon, a thacaíonn leis an Aontas agus le tríú tíortha conairí laghdaithe gás ceaptha teasa a bhaint amach atá comhoiriúnach le cuspóir Chomhaontú Pháras i leith méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2 oC agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú go 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirithítear sláine comhshaoil na gcreidmheasanna sin, agus ceannasaíocht theicneolaíoch an Aontais á cur chun cinn; féadfar breithniú a dhéanamh ar thréimhse phíolótach ó 2031 go 2035 chun margadh creidmheasa idirnáisiúnta ardcháilíochta agus ard-sláine a thionscnamh; déanfar tionscnamh, critéir cháilíochta agus coinníollacha eile a bhaineann le fáil agus úsáid aon chreidmheasa den sórt sin a rialáil i ndlí an Aontais chun a áirithiú go mbeidh siad bunaithe ar ghníomhaíochtaí inchreidte claochlaitheacha i dtíortha comhpháirtíochta a bhfuil sé d’aidhm acu spriocanna aeráide agus beartais aeráide a bhaint amach atá comhoiriúnach leis an sprioc fhadtéarmach teochta a leagtar síos i gComhaontú Pháras, go mbeidh siad faoi réir coimircí láidre, lena n-áirítear sláine, seachaint áirimh dhúbailte, breisíocht, buaine, rialachas trédhearcach, modheolaíochtaí láidre faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, go n-áiritheoidh siad comhthairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus coimircí maidir le cearta an duine, agus go mbeidh ard-uaillmhian acu maidir leis na fáltais don oiriúnú a chomhroinnt agus le tairbhí maolaithe a chomhroinnt le tíortha lena mbaineann; agus na critéir cháilíochta á mbunú aige, breithneoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na critéir a leagtar síos faoi Airteagal 6(4) de Chomhaontú Pháras a chomhlánú chun a áirithiú go ndéanfar na coimircí sin agus an cháilíocht is airde creidmheasanna idirnáisiúnta a urramú, go háirithe maidir le buaine agus cearta an duine;

(b)

ról na n-aistrithe buana intíre faoin gcóras a bhunaítear le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas (“CTA AE”), chun cúiteamh a dhéanamh as astaíochtaí iarmharacha ar deacair iad a laghdú;

(c)

solúbthacht fheabhsaithe laistigh d’earnálacha agus d’ionstraimí agus ar fud na n-earnálacha agus na n-ionstraimí sin, chun tacú le spriocanna a bhaint amach ar bhealach simplí agus costéifeachtach;

(d)

rannchuidiú réalaíoch na n-aistrithe carbóin leis an iarracht fhoriomlán chun astaíochtaí a laghdú, agus éiginnteachtaí na n-aistrithe nádúrtha á gcur san áireamh agus lena n-áirithítear nach mbeadh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit barrachas aistrithe nádúrtha a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh as a n-astaíochtaí in earnálacha eile;

(e)

an gá atá le linnte nádúrtha a chothabháil, a bhainistiú agus a fheabhsú, de réir mar is iomchuí, san fhadtéarma agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú, bithgheilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a chur chun cinn, agus chun éifeachtaí na ndifríochtaí i struchtúr aoise foraoise, inathraitheacht nádúrtha agus éiginnteachtaí a chur san áireamh, go háirithe iad siúd atá nasctha le tionchair an athraithe aeráide agus suaití nádúrtha in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta;

(f)

ba cheart costéifeachtúlacht agus dlúthpháirtíocht a léiriú i spriocanna agus iarrachtaí iar-2030 na mBallstát, agus imthosca agus sainiúlachtaí náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear na cinn sin a bhaineann leis na hoileáin agus na réigiún is forimeallaí;

(g)

an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó PIAA agus ón mBord Comhairleach;

(h)

na tionchair shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil ar fud na mBallstát, lena n-áirítear i ndáil le cuspóirí an dícharbónaithe agus an iomaíochais do thionsclaíocht na hEorpa;

(i)

costais na neamhghníomhaíochta agus tairbhí na gníomhaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(j)

an gá atá le haistriú atá cóir cothrom, pragmatach, costéifeachtach agus cothrom ar bhonn sóisialta a áirithiú do chách agus tacú leis an aistriú sin, agus imthosca náisiúnta éagsúla á gcur san áireamh agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair ar phraghsanna do thomhaltóirí, ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair agus aird ar leith á tabhairt ar réigiúin agus earnálacha, lena n-áirítear a n-acmhainneacht infheistíochta, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar fheirmeoirí agus ar theaghlaigh leochaileacha a ndéanann an t-aistriú chuig an aeráidneodracht difear dóibh;

(k)

an t-ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú, neodracht na teicneolaíochta, costéifeachtacht, éifeachtúlacht eacnamaíoch agus slándáil eacnamaíoch;

(l)

gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh don infheistíocht, don nuálaíocht agus don iomaíochas méadaithe;

(m)

an gá atá le hathléimneacht agus iomaíochas domhanda gheilleagar an Aontais a neartú agus an riosca sceite carbóin a laghdú, go háirithe i gcás FBManna agus na n-earnálacha tionsclaíocha is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí, chun iomaíocht chóir a áirithiú;

(n)

na teicneolaíochtaí is fearr atá costéifeachtach, sábháilte agus inscálaithe dá bhfuil ar fáil;

(o)

infhaighteacht agus inacmhainneacht fuinnimh, slándáil an tsoláthair, slándáil fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear “céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh”, chomh maith le heangacha agus idirnaisc leictreachais a neartú d’fhonn Aontas Fuinnimh iarbhír a thógáil agus fuinneamh a tháirgtear ar bhonn intíre a chur chun cinn;

(p)

ról na mbreoslaí saor ó charbón, ísealcharbóin agus in-athnuaite i ndícharbónú an iompair, lena n-áirítear iompar de bhóthar tar éis 2030 agus bearta nithiúla chun cabhrú le monaróirí feithiclí tromshaothair a spriocanna a bhaint amach, agus ábhar Eorpach á chur san áireamh;

(q)

cothroime agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus laistigh díobh;

(r)

an gá atá le héifeachtacht agus dul chun cinn comhshaoil a áirithiú le himeacht ama, agus comhtháthú sóisialta á choimirciú agus slándáil bia agus aistriú cóir a áirithiú ag an am céanna;

(s)

riachtanais agus deiseanna infheistíochta, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach chomh maith le tacaíocht don nuálaíocht agus rochtain ar theicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát, agus cothromaíocht gheografach á cur san áireamh;

(t)

forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus cuspóir deiridh Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a bhaint amach, chomh maith le tacaíocht an Aontais dá chomhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar na tionchair a bhíonn aige.

(*1)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).’;"

(3)

in Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘8.   Ón 6 Márta 2027 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú agus tuairisciú ar chur chun feidhme na spriocanna idirmheánacha agus na gconairí dícharbónaithe a leagtar amach sa Rialachán seo, agus an fhianaise eolaíoch is déanaí, an dul chun cinn teicneolaíoch is déanaí agus na dúshláin agus na deiseanna atá ag teacht chun cinn d’iomaíochas domhanda an Aontais á gcur san áireamh aige. Féadfaidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil leis an measúnú sin.’

;

(4)

in Airteagal 11, an chéad mhír, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(c)

na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le hiomaíochas domhanda thionscail na hEorpa ar fud na mBallstát agus na deiseanna atá ann ina leith sin, go háirithe iomaíochas tionscal dianfhuinnimh agus iomaíochas FBManna;

(d)

forbairt na bpraghsanna fuinnimh agus a tionchar ar thionscail agus ar theaghlaigh na hEorpa;

(e)

na tionchair shocheacnamaíocha, lena n-áirítear na héifeachtaí ar fhostaíocht;

(f)

dul chun cinn teicneolaíoch agus cur chun úsáide na dteicneolaíochtaí nuálacha ar fud na mBallstát agus na n-earnálacha;

(g)

leibhéal measta na nglanaistrithe ar leibhéal an Aontais i ndáil le spriocanna a leagtar amach sa Rialachán seo; má fhionnann an Coimisiún go bhfuil difríocht shuntasach idir leibhéal measta na nglanaistrithe nádúrtha do 2040 agus an leibhéal a bheadh ag teastáil chun sprioc idirmheánach 2040 a bhaint amach, lena n-áirítear i gcás inarb ann don difríocht sin mar gheall ar shuaití nádúrtha, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, bearta ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear, más gá, coigeartú ar sprioc idirmheánach 2040 a chomhfhreagraíonn do na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann agus laistigh de theorainneacha na n-easnamh sin, agus áiritheoidh sé nach mbeidh earnálacha eacnamaíocha eile thíos leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann;

(h)

an dul chun cinn i dtreo na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach sa Rialachán seo;

(i)

an tsolúbthacht do na Ballstáit creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta a úsáid chun suas le 5 % dá spriocanna agus dá n-iarrachtaí tar éis 2030 a chomhlíonadh.’

;

(5)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

‘Beidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún chun an Rialachán seo a leasú, lena n-áirítear sprioc idirmheánach 2040, agus beidh bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin chun neartú a dhéanamh ar na tionscnaimh a bhaineann leis an gcreat cumasúcháin lena dtacaítear le cur chun feidhme éifeachtach leanúnach an Rialacháin seo, i gcomhréir le hAirteagal 4(5), agus lena ndaingnítear iomaíochas, rathúnas agus comhtháthú sóisialta an Aontais.’.

Airteagal 2

Cur siar oibriú na trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise

Déantar oibriú na trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthar agus earnálacha breise a leagtar amach i gCaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE a chur siar go dtí 2028. Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar amach in Airteagal 30k(2), pointí (a) go (e), de Threoir 2003/87/CE. Beidh feidhm freisin ag forálacha Airteagal 10a(8b) de Threoir 2003/87/CE in 2026.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO C, C/2026/37, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/37/oj.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2026.

(3)   IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(4)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060 (IO L 130, 16.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/955/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2023/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (IO L 130, 16.5.2023, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/956/oj).

(8)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/842/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/841/oj).

(11)  Cinneadh (AE) 2015/1814 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú le haghaidh scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE (IO L 264, 9.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/1814/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/667/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)