European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/664

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 271/2025

An 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/664]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1908 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte fluralainéir i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 13 (Rialachán (AE) 37/2010 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 1908: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1908 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2025 (IO L, 2025/1908, 25.9.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1908 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 2025/1908, 25.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1908/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/664/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)