|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/663 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 268/2025
An 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/663]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2024/234 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí blaistithe áirithe a bhaint de liosta an Aontais (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán (AE) 2024/238 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach sriantaí le húsáid substaintí blaistithe áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hearraí bia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(4) |
Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzzzs (Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32024 R 0234: Rialachán (AE) 2024/234 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 (IO L 2024/234, 16.1.2024), |
|
— |
32024 R 0238: Rialachán (AE) 2024/238 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 (IO L 2024/238, 16.1.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2024/234 agus (AE) 2024/238 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2024/234, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/234/oj.
(2) IO L 2024/238, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/238/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/663/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)