European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/656

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 276/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/656]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2024/2929 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2024 lena gceartaítear an leagan Fraincise d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le leibhéil tiúchana substaintí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2950 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le N,N-dé-eitil-meitea-tolúaimíd lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):

‘—

32024 R 2929: Rialachán (AE) 2024/2929 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2024 (IO L, 2024/2929, 28.11.2024).’

2.

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12zzzzzzzzzzzz (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/461 ón gCoimisiún):

‘12zzzzzzzzzzzza.

32024 D 2950: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2950 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le N,N-dé-eitil-meitea-tolúaimíd lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 19 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2950, 3.12.2024).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2024/2929 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2950 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L 2024/2929, 28.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2929/oj.

(2)   IO L 2024/2950, 3.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2950/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/656/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)