European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/649

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 291/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IV (Fuinneamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/649]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3176 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/602 a mhéid a bhaineann le haitheantas na scéime deonaí ‘International Sustainability & Carbon Certification – ISCC EU’ [Deimhniúchán Idirnáisiúnta Inbhuanaitheachta agus Carbóin] maidir le bithmhais foraoise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3180 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim deonach ‘CertifHy’ as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3181 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Programme for the Endorsement of Forest Certification -PEFC’ [An Clár um Dheimhniú Foraoise a Fhormhuiniú] as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí bithmhaise a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3191 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Sustainable Biomass Program’ (an Clár Bithmhaise Inbhuanaithe) as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí bithmhaise a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1657 (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3194 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim deonach ‘REDcert-EU’ as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/462 ón gCoimisiún an 11 Márta 2025 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘US Soybean Sustainability Assurance Protocol’ (SSAP) [Prótacal Dearbhaithe na Stát Aontaithe maidir le hInbhuanaitheacht na bPónairí Soighe] chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithmhais talmhaíochta á gcomhlíonadh (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3191 aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1657 ón gCoimisiún (7), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(8)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3194 aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún (8), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 41g (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/602 ón gCoimisiún):

‘, arna leasú le:

32024 D 3176: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3176 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 (IO L, 2024/3176, 20.12.2024).’

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 41i (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún):

32024 D 3194: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3194 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim deonach ‘REDcert-EU’ as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/605 ón gCoimisiún (IO L, 2024/3194, 20.12.2024).’

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 41q (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1657 ón gCoimisiún):

32024 D 3191: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3191 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Sustainable Biomass Program’ (an Clár Bithmhaise Inbhuanaithe) as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí bithmhaise a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1657 (IO L, 2024/3191, 20.12.2024).’

4.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 41s (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1640 ón gCoimisiún):

‘41t.

32024 D 3180: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3180 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim deonach ‘CertifHy’ as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/3180, 20.12.2024).

41u.

32024 D 3181: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3181 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2024 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘Programme for the Endorsement of Forest Certification -PEFC’ [An Clár um Dheimhniú Foraoise a Fhormhuiniú] as comhlíontacht a léiriú leis na ceanglais le haghaidh breoslaí bithmhaise a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/3181, 20.12.2024).

41v.

32025 D 0462: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/462 ón gCoimisiún an 11 Márta 2025 maidir le haitheantas a thabhairt don scéim dheonach ‘US Soybean Sustainability Assurance Protocol’ (SSAP) [Prótacal Dearbhaithe na Stát Aontaithe maidir le hInbhuanaitheacht na bPónairí Soighe] chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bithmhais talmhaíochta á gcomhlíonadh (IO L, 2025/462, 12.3.2025).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3176, (AE) 2024/3180, (AE) 2024/3181, (AE) 2024/3191, (AE) 2024/3194 agus (AE) 2025/462 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d ’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 177/2025 ó Chomhchoiste LEE an 11 Iúil 2025 (9), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2024/3176, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3176/oj.

(2)   IO L, 2024/3180, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3180/oj.

(3)   IO L, 2024/3181, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3181/oj.

(4)   IO L, 2024/3191, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3191/oj.

(5)   IO L, 2024/3194, 20.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3194/oj.

(6)   IO L 2025/462, 12.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/462/oj.

(7)   IO L 249, 27.9.2022, lch. 53.

(8)   IO L 114, 12.4.2022, lch. 191.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(9)   IO L 2025/2095, 6.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2095/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/649/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)