|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/643 |
17.3.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/643 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Feabhra 2026
maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 4 Márta 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Cónaidhm na hEilvéise le haghaidh comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (‘an Comhaontú’). Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 7 Deireadh Fómhair 2025. |
|
(2) |
Leis an gComhaontú, cuirtear ar a gcumas d’aeriompróirí sonraí PNR a aistriú ón Aontas chuig Cónaidhm na hEilvéise agus lánurraim á tabhairt do na cearta dá bhforáiltear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh a aithnítear in Airteagail 7 den Chairt agus an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta a aithnítear in Airteagail 8 den Chairt. Go háirithe, cuimsítear sa Chomhaontú coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta arna n-aistriú faoin gComhaontú a chosaint. |
|
(3) |
Cothaítear leis an gComhaontú comhar póilíneachta agus breithiúnach idir údaráis inniúla Chónaidhm na hEilvéise agus údaráis inniúla na mBallstát chomh maith le Europol agus Eurojust, agus é mar aidhm leis an tslándáil inmheánach a áirithiú go héifeachtach in éagmais rialuithe ag teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir dar dáta an 9 Feabhra 2026, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm, |
|
(6) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 19 Nollaig 2025 (2). |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haistriú sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh a shíniú, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. PANAYIOTOU
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(2) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3) Foilsítear téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/643/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)