|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/638 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 292/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn VI (Slándáil Shóisialta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/638]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An Coimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta – CINNEADH Uimh. H 15 an 27 Meitheamh 2024 maidir le modhanna oibríochta agus le comhdhéanamh an Choimisiúin Theicniúil um Próiseáil Sonraí de chuid an Choimisiúin Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Tagann Cinneadh Uimh. H 15 in ionad Chinneadh Uimh. H10 (2), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le hionadú, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn VI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3.H14 (Cinneadh Uimh. H14):
|
|
2. |
Scriostar téacs phointe 3.H10 (Cinneadh Uimh. H10). |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs CHINNEADH UIMH. H 15 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO C, C/2024/6845, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6845/oj.
(2) IO C 89, 16.3.2021, lch. 6.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/638/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)