European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/635

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 296/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/635]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le gnéithe áirithe den íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 19b (Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32024 L 1174: Treoir (AE) 2024/1174 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 (IO L, 2024/1174, 22.4.2024).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir (AE) 2024/1174 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2024/1174, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1174/oj.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/635/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)