|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/634 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 297/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/634]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 a mhéid a bhaineann leis an modheolaíocht chun dliteanais a eascraíonn as díorthaigh a ríomh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 19ba (Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32023 R 0662: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2023 (IO L 83, 22.3.2023, lch. 58).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/662 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 83, 22.3.2023, lch. 58.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/634/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)