European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/630

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 302/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/630]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1142 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais maidir le beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na mionsonraí agus an mhodheolaíocht i ndáil le hinneachar nochtaí maidir le coinbhleachtaí leasa (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1264 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosmhéid inneachair an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta le haghaidh eisitheoirí áirithe comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31rzd (Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1125 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘31rze.

32025 R 1142: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1142 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais maidir le beartais agus nósanna imeachta um choinbhleachtaí leasa do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní agus na mionsonraí agus an mhodheolaíocht i ndáil le hinneachar nochtaí maidir le coinbhleachtaí leasa (IO L, 2025/1142, 10.6.2025).

31rzf.

32025 R 1264: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1264 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear íosmhéid inneachair an bheartais bainistithe leachtachta agus na nósanna imeachta le haghaidh eisitheoirí áirithe comharthaí sócmhainn-tagartha agus comharthaí ríomh-airgid (IO L, 2025/1264, 3.10.2025).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2025/1142 agus (AE) 2025/1264 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2025/1142, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1142/oj.

(2)   IO L, 2025/1264, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1264/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/630/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)