|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/628 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 283/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/628]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2025/877 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le substaintí áirithe a aicmítear mar shubstaintí atá carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh a úsáid i dtáirgí cosmaideacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1175 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2025 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an ngluais d’ainmneacha coitianta na gcomhábhar atá le húsáid i lipéadú táirgí cosmaideacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 ón gCoimisiún (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1175 aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 ón gCoimisiún (3), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XVI d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1a (Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle):
|
|
2. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1aa (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/674/AE ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Scriostar téacs phointe 13a (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/677 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2025/877 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1175 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L, 2025/877, 13.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/877/oj.
(2) IO L, 2025/1175, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1175/oj.
(3) IO L 127, 29.4.2022, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/628/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)