|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/622 |
16.4.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 309/2025
an 5 Nollaig 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/622]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/913 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 a mhéid a bhaineann le coinníollacha teicniúla a thabhairt cothrom le dáta maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 945 — 6 425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 5czt (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘- |
32025 D 0913: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/913 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2025 (IO L, 2025/913, 22.5.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/913 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Stefán Haukur JÓHANNESSON
(1) IO L 2025/913, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/913/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/622/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)