European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/593

16.4.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 324/2025

an 5 Nollaig 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn XXII (Dlí na gCuideachtaí) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/593]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2025/1331 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 1, 7, 9 agus 10, agus Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 7 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 10bb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 1331: Rialachán (AE) 2025/1331 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2025 (IO L, 2025/1331, 10.7.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2025/1331 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 6 Nollaig 2025, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2025.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Stefán Haukur JÓHANNESSON


(1)   IO L, 2025/1331, 10.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1331/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/593/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)