European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/590

18.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/590 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Márta 2026

maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Liptovská bryndza’ (ATFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, rinneadh iarratas na Slóvaice ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Liptovská bryndza’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Liptovská bryndza’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Liptovská bryndza’ (ATFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Christophe HANSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)   IO C, C/2025/6349, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6349/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/590/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)