|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/550 |
13.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/550 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Márta 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le tomhais agus dearbhuithe cumhachta le haghaidh tiomáint leictreach muirárthaí agus cosaint ar thitim thar bord agus modhanna athbhordála
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, ar caighdeáin iad ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur táirgí iad atá i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, áit a gcumhdaítear iad leis na caighdeáin sin nó le codanna díobh. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2013/53/AE (an ‘iarraidh’). Na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh, bhí siad le haghaidh a thabhairt ar na ceanglais fhíor-riachtanacha níos déine a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i gcomparáid le Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a aisghaireadh (4). |
|
(3) |
Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN athbhreithniú ar an gcaighdeán comhchuibhithe seo a leanas, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 ón gCoimisiún (5): EN ISO 15085:2003 arna leasú le EN ISO 15085:2003/A1:2009 agus le EN ISO 15085:2003/A2:2018 — cosc agus tarrtháil duine san fharraige. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN ISO 15085:2024 maidir le cosaint ar thitim thar bord agus modhanna athbhordála. |
|
(4) |
Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015)8736, dhréachtaigh CEN caighdeán comhchuibhithe nua EN ISO 8665-2:2024 maidir le tomhais agus dearbhuithe cumhachta le haghaidh tiomáint leictreach muirárthaí freisin. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann caighdeáin EN ISO 8665-2:2024 agus EN ISO 15085:2024 an iarraidh. |
|
(6) |
Comhlíonann caighdeáin EN ISO 8665-2:2024 agus EN ISO 15085:2024 na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE, agus i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(7) |
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 tugtar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar le fios go nglactar leis go bhfuil comhréir ann le Treoir 2013/53/AE. Chun a áirithiú go liostófar in aon ghníomh amháin na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, ba cheart na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 8665-2:2024 agus EN ISO 15085:2024 a chuimsiú san Iarscríbhinn sin. |
|
(8) |
An tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15085:2003, arna leasú le EN ISO 15085:2003/A1:2009 agus le EN ISO 15085:2003/A2:2018, is gá an tagairt sin a tharraingt siar as sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú air. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tagairt sin a scriosadh as Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954. |
|
(9) |
Tarraingt siar na tagartha do chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15085:2003, arna leasú le EN ISO 15085:2003/A1:2009 agus le EN ISO 15085:2003/A2:2018, is gá í a chur siar ionas go mbeidh a ndóthain ama ag monaróirí ullmhú do chur i bhfeidhm chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 15085:2024. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag pointe (1) den Iarscríbhinn ón 13 Lúnasa 2027.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.
(2) Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus scairdscútair agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/53/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le hárthaí áineasa agus scairdscútair chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus scairdscútair agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE.
(4) Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meitheamh 1994 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le hárthaí áineasa (IO L 164, 30.6.1994, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1994/25/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2022 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus scairdscútair, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 269, 17.10.2022, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1954/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1954:
|
(1) |
scriostar ró 50; |
|
(2) |
cuirtear na rónna seo a leanas isteach in ord seicheamhach:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/550/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)