European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/544

17.6.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/544 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Márta 2026

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá córais, acmhainní agus nósanna imeachta na n-athbhreithneoirí seachtracha, a bhfeidhm chomhlíonta, beartais agus nósanna imeachta inmheánacha, modheolaíochtaí measúnaithe agus faisnéis a úsáidtear le haghaidh athbhreithnithe, chomh maith le faisnéis, foirm agus ábhar na n-iarratas ar aitheantas athbhreithneoirí seachtracha tríú tír

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht (1), agus go háirithe Airteagal 26(3), an tríú fomhír, Airteagal 29(4), an tríú fomhír, Airteagal 30(3), an tríú fomhír, Airteagal 31(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 42(9), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá a gcuid córas, acmhainní agus nósanna imeachta a áirithiú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha breithniú cuimsitheach a dhéanamh ar a socruithe inmheánacha, ó stóinseacht na gcóras faisnéise go leordhóthanacht na n-acmhainní daonna, teicniúla agus ábhartha. Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha creat measúnaithe stóinsithe a fhorbairt mar chuid dá nósanna imeachta, inar cheart na critéir íosta a chuimsiú atá le cur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise agus ar iontaofacht na bhfoinsí a úsáidtear i ngníomhaíochtaí measúnaithe.

(2)

Ar an gcúis chéanna, ba cheart aon easnamh i gcórais, in acmhainní agus i nósanna imeachta a shainaithnítear agus faireachán agus meastóireacht á ndéanamh ar a leordhóthanacht agus a n-éifeachtacht a thaifeadadh, a leigheas agus a thuairisciú go leormhaith, agus ba cheart do chomhaltaí de chomhlacht bainistíochta an athbhreithneora sheachtraigh formhaoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ceartaitheacha.

(3)

Chun go mbeidh an t-údarás ag an bhfeidhm chomhlíonta a cuid freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách, ba cheart beartas nó beartais maidir le feidhm chomhlíonta arna bhformheas ag bord a bheith ag athbhreithneoirí seachtracha agus ba cheart an fheidhm chomhlíonta a bheith i struchtúir eagraíochtúla ábhartha an athbhreithneora sheachtraigh, lena n-áirítear coistí.

(4)

Chun acmhainní is gá na feidhme comhlíonta a ráthú agus chun a chur ar a cumas don fheidhm chomhlíonta a cuid cúraimí faireacháin a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha acmhainní teicniúla agus daonna leordhóthanacha a thiomnú don fheidhm sin.

(5)

Chun an saineolas is gá maidir leis an bhfeidhm chomhlíonta a bhunú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha scileanna agus taithí chomhchoiteann agus cothrom le dáta na ndaoine a dhéanann an fheidhm chomhlíonta a áirithiú, lena n-áirítear trína fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an stair fostaíochta agus na cáilíochtaí gairmiúla is gá ag na daoine sin, agus trí ardleibhéil leordhóthanacha oiliúna inmheánaí a chur ar fáil.

(6)

Chun go mbeidh rochtain ag an bhfeidhm chomhlíonta ar an bhfaisnéis ábhartha uile, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú gur féidir leis an bhfeidhm chomhlíonta faisnéis a fháil ó na foinsí uile a theastaíonn uaithi chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh go leormhaith, lena n-áirítear taifid ar fheidhm chorparáideach agus rialaithe, tuarascálacha iniúchóireachta, tuarascálacha sceithireachta agus gearáin custaiméirí. I bhfianaise an ghá atá ann a áirithiú go gcloíonn soláthraithe seirbhíse tríú páirtí agus aonaid ghnó eile leis na caighdeáin chéanna leis an athbhreithneoir seachtrach féin, ba cheart rochtain a bheith ag an bhfeidhm chomhlíonta freisin ar fhaisnéis maidir le haon fheidhm sheachfhoinsithe nó línte gnó eile de chuid an athbhreithneora sheachtraigh.

(7)

Chun fóntacht a nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta a áirithiú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha taifid leormhaithe a choinneáil ar bun ar theagmhais chuntasaíochta ábhartha agus caighdeáin agus rialacha cuntasaíochta is infheidhme a chomhlíonadh.

(8)

Chun sásraí rialaithe inmheánaigh fónta a choinneáil ar bun, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha córas cuimsitheach rialaithe inmheánaigh a chur chun feidhme atá dírithe ar thimpeallacht rialaithe láidir chomhréireach a chruthú, rioscaí a bhainistiú go héifeachtach, gníomhaíochtaí rialaithe is gá a chur chun feidhme, sreafaí soiléire faisnéise agus cumarsáid a áirithiú agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí.

(9)

Chun éifeachtacht na socruithe rialaithe agus coimirce le haghaidh córais próiseála faisnéise a ráthú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha creat rialaithe a chur chun feidhme le haghaidh bainistíocht riosca TFC lena n-áirítear measúnuithe TF agus measúnuithe slándála faisnéise agus tástáil ar chórais chúltaca TFC chun leanúnachas gnó a áirithiú.

(10)

Chun a áirithiú go mbeidh a dtuairim bunaithe ar anailís chríochnúil ar fhaisnéis atá de cháilíocht leordhóthanach agus ó fhoinsí iontaofa, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha critéir shonracha a chur i bhfeidhm ina modheolaíochtaí measúnaithe chun measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

(11)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise a úsáidtear, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis sin iomlán, ábhartha, tráthúil agus bunaithe ar thoimhdí réasúnacha, lena n-áirítear trína áirithiú go soláthraítear leis an bhfaisnéis sin léiriú cuimsitheach ar an tionscadal arna chistiú ag banna agus cineál agus earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha á gcur san áireamh. Ar an gcúis sin, ba cheart nasc díreach a bheith ag an bhfaisnéis le saintréithe an bhanna, ba cheart léiriú cruinn a thabhairt ar an tionscadal cistithe léi, ba cheart í a bheith cothrom le dáta agus ba cheart teorainneacha réamhaisnéise agus éiginnteachtaí bunúsacha a mheas léi.

(12)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht foinsí, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú go soláthraíonn na foinsí sin faisnéis oibiachtúil a bhfuil bunús léi. Ba cheart foinsí a bheith inchreidte agus ba cheart doiciméadacht a bheith ag gabháil leo ina leagtar amach na céimeanna chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil, an cur chuige maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar shonraí stairiúla i gcás inarb infheidhme, agus aon teorainn a dhéanann difear don fhoinse. Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha tosaíocht chuí a thabhairt d’fhaisnéis a eascraíonn as ceanglais rialála nó d’fhaisnéis atá faoi réir dearbhú nó deimhniú neamhspleách, agus do chaighdeáin ábhartha a aithnítear go hidirnáisiúnta, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

(13)

Chun inchomparáideacht na faisnéise a bhailítear a chur chun cinn, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht leordhóthanach na faisnéise agus ar iontaofacht na bhfoinsí faisnéise a chur i bhfeidhm ar bhealach intomhaiste maidir le gach athbhreithniú seachtrach agus maidir le gach foinse faisnéise.

(14)

Ba cheart don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a bheith in ann a mheas cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratasóirí ar aitheantas mar athbhreithneoirí seachtracha tríú tír na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23(2) agus 42(3) de Rialachán (AE) 2023/2631, lena n-áirítear na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2180 ón gCoimisiún (2). Ar an gcúis sin, ba cheart d’iarratasóirí faisnéis atá cothrom le dáta lena n-áirítear na mionsonraí ábhartha uile a sholáthar i bhformáid atá soiléir agus gan débhrí.

(15)

Chun an tslándáil a choimirciú agus feabhas a chur ar bhainistíocht agus inúsáidteacht sonraí, ghlac ESMA modhanna clárúcháin dhigitigh lena sonraítear faisnéis, foirm agus ábhar an iarratais ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír ar Bhannaí Glasa Eorpacha. Dá bhrí sin, aon fhaisnéis a chuirtear faoi bhráid ESMA in iarratas, ba cheart í a bheith meaisín-inléite agus ar mheán marthanach.

(16)

Chun cúnamh a thabhairt do ESMA na doiciméid atá curtha isteach ag iarratasóir mar chuid den iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír a shainaithint, ba cheart d’iarratasóirí uimhir thagartha uathúil a chomhfhreagraíonn do gach doiciméad a sholáthar.

(17)

Ar mhaithe le dearbhú agus cuntasacht, ba cheart d’iarratasóirí a dhéanann iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír an t-iarratas sin a chomhlánú le litir arna síniú ag comhalta dá mbainistíocht shinsearach, lena bhfianaítear go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach cruinn agus iomlán chomh fada agus is eol don chomhalta sin.

(18)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. I ndáil leis sin, aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ESMA agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eintitis a dhéanann iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach laistigh de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le ceanglais náisiúnta maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

(19)

Is gá é a chur ar a chumas do ESMA measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann iarratasóir a dhéanann iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír na coinníollacha maidir le haitheantas den sórt sin, agus coimircí cuí á n-áirithiú an tráth céanna. Ar an gcúis sin, ba cheart do na hathbhreithneoirí seachtracha sin agus do ESMA sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratasóirí ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis don iarratasóir sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh. Ar na cúiseanna céanna, i gcás inar dhiúltaigh ESMA aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír nó i gcás inar tharraing an t-iarratasóir siar a iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír, ba cheart do ESMA sonraí pearsanta a bhaineann leis an iarratasóir sin a choimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis aitheantas an iarratasóra a dhiúltú nó tar éis an t-iarratas a tharraingt siar.

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé barúlacha foirmiúla an 19 Samhain 2025.

(21)

Tá dlúthnasc idir na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ar bhonn na gcumhachtuithe a leagtar síos in Airteagal 26(3), an tríú fomhír, Airteagal 29(4), an tríú fomhír, Airteagal 30(3), an tríú fomhír, Airteagal 31(4), an tríú fomhír, agus Airteagal 42(9), an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2023/2631, ós rud é go bhfuil feidhm acu uile maidir le hathbhreithneoirí seachtracha. Chun comhleanúnachas idir na forálacha sin a áirithiú agus léargas cuimsitheach a éascú d’athbhreithneoirí seachtracha ionchasacha ar a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/2631, ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála sin a chuachadh in aon Rialachán Tarmligthe amháin.

(22)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(23)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a bhfuil an Rialachán seo bunaithe orthu, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a úsáideann nó nach n-úsáideann athbhreithneoirí seachtracha na córais, na hacmhainní agus na nósanna imeachta iomchuí, leordhóthanacha agus éifeachtacha chun a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/2631 a chomhlíonadh

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá na córais, acmhainní agus nósanna imeachta a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha chun a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/2631 a chomhlíonadh, dá dtagraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán sin:

(a)

go gcoimircítear leis na córais atá i bhfeidhm slándáil, sláine agus rúndacht na faisnéise agus go n-áirithítear leo leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmíocht na n-athbhreithnithe seachtracha;

(b)

go bhfuil na hacmhainní daonna, teicniúla agus ábhartha a úsáidtear leordhóthanach chun na rioscaí a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, is é sin le rá, na rioscaí seo a leanas:

(i)

na rioscaí a bhfuil athbhreithneoir seachtrach neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh athbhreithneoir seachtrach a bheith neamhchosanta orthu;

(ii)

na rioscaí a bhaineann le hathbhreithneoir seachtrach. nó a d’fhéadfadh a bheith ag baint le hathbhreithneoir seachtrach. do pháirtithe eile;

(c)

tá na gnéithe seo a leanas sna nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun modheolaíochtaí measúnaithe a chur i bhfeidhm go hoibiachtúil agus go comhsheasmhach:

(i)

próisis chun faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a bhailiú le haghaidh na ngníomhaíochtaí measúnaithe, lena n-áirítear ón eisitheoir nó ón tionscnóir, ó fhoinsí poiblí nó ó thríú páirtithe;

(ii)

bearta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bailiú agus measúnú faisnéise;

(iii)

próisis lena rialaítear athbhreithniú agus tuairisciú earráidí i modheolaíochtaí measúnaithe nó ina gcur i bhfeidhm;

(iv)

teicnící, modhanna agus prótacail chun gníomhaíochtaí measúnaithe, príomhthoimhdí agus sonraí tomhais a dhearadh, a thástáil go tréimhsiúil agus a athbhreithniú.

Airteagal 2

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann athbhreithneoirí seachtracha faireachán agus meastóireacht ar a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá a gcuid córas, acmhainní agus nósanna imeachta

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann athbhreithneoirí seachtracha faireachán agus meastóireacht ar a iomchuí, a leordhóthanaí agus a éifeachtaí atá a gcuid córas, acmhainní agus nósanna imeachta, dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

déantar an faireachán agus an mheastóireacht le feidhm atá neamhspleách ar na línte gnó;

(b)

áirítear an méid seo a leanas ar na bearta chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a sainaithníodh sna measúnuithe faireacháin:

(i)

sáruithe, earráidí, gearáin, teagmhais agus neasteagmhais a thaifeadadh i meán a stóráiltear go leictreonach;

(ii)

gníomhaíochtaí feabhais a chinneadh maidir le sáruithe, earráidí, gearáin, teagmhais agus neasteagmhais;

(iii)

eintiteas nó duine atá freagrach as aghaidh a thabhairt ar gach easnamh a shannadh;

(iv)

an dul chun cinn maidir le haghaidh a thabhairt ar easnaimh shainaitheanta a thuairisciú don bhainistíocht shinsearach, don chomhlacht maoirseachta, nó don chomhlacht bainistíochta;

(v)

a áirithiú go ndéanfaidh an comhlacht bainistíochta formhaoirseacht ar chur chun feidhme tráthúil na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha.

Airteagal 3

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-údarás ag an bhfeidhm chomhlíonta chun a cuid freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-údarás ag an bhfeidhm chomhlíonta de chuid athbhreithneora sheachtraigh a cuid freagrachtaí a chur i gcrích i gceart agus go neamhspleách, dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

tá beartais glactha ag comhlacht bainistíochta an athbhreithneora sheachtraigh lena gcuirtear ar a cumas don fheidhm chomhlíonta an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlíthe, rialachán agus beartas agus nósanna imeachta inmheánacha;

(ii)

gníomhaíochtaí comhlíonta a dhéanamh go hoibiachtúil agus go héifeachtach gan tionchar míchuí;

(b)

is fíor an méid seo a leanas maidir le comhalta amháin ar a laghad den fheidhm chomhlíonta:

(i)

tá leibhéal sinsearachta aige a chuireann ar a chumas dó rochtain dhíreach a bheith aige ar chinnteoirí agus agóid a dhéanamh in aghaidh cinntí gnó;

(ii)

tá sé rannpháirteach i struchtúir an athbhreithneora sheachtraigh a bhfuil sé de chúram air formhaoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht riosca agus ar chomhlíonadh rialála chun a áirithiú go n-ionchorpraítear breithnithe comhlíonta i straitéis agus nósanna imeachta cinnteoireachta an athbhreithneora sheachtraigh.

Airteagal 4

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfeidhm chomhlíonta

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na hacmhainní agus an saineolas is gá ag an bhfeidhm chomhlíonta de chuid athbhreithneora sheachtraigh, dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

tá an líon daoine a dhéanann an fheidhm chomhlíonta oiriúnach do chineál, scála agus castacht ghnó an athbhreithneora sheachtraigh;

(b)

na daoine a dhéanann an fheidhm chomhlíonta i dteannta a chéile, tá na scileanna agus an taithí is gá acu maidir le bainistíocht riosca, iniúchóireacht, dlí nó comhlíonadh;

(c)

tá córais ag an bhfeidhm chomhlíonta a chuireann ar a cumas di an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

faireachán agus imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh an athbhreithneora sheachtraigh;

(ii)

torthaí maidir le comhlíonadh a thaifeadadh, a thuairisciú agus a leigheas.

Airteagal 5

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag an bhfeidhm chomhlíonta ar an bhfaisnéis ábhartha uile

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil rochtain ag an bhfeidhm chomhlíonta ar an bhfaisnéis ábhartha uile, dá dtagraítear in Airteagal 29(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

tá cearta rochtana fisiciúla agus digiteacha ag an bhfeidhm chomhlíonta ar an bhfaisnéis uile is gá chun a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcónaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

córais faisnéise, bunachair sonraí, agus leabhair agus taifid ó fheidhmeanna corparáideacha agus rialaithe, lena n-áirítear acmhainní dlíthiúla, airgeadais, daonna agus TF;

(ii)

miontuairiscí cruinnithe na gcomhlachtaí rialachais;

(iii)

tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí agus tuarascálacha eile chuig an mbainistíocht shinsearach, chuig an gcomhlacht bainistíochta nó chuig an gcomhlacht maoirseachta;

(iv)

tuarascálacha ó sceithirí;

(v)

gearáin ó chustaiméirí;

(vi)

faisnéis faoi fheidhmeanna arna seachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse tríú páirtí;

(vii)

faisnéis maidir leis na haonaid ghnó uile de chuid athbhreithneora sheachtraigh a sholáthraíonn seirbhísí seachas gníomhaíochtaí measúnaithe;

(b)

tá rochtain fhisiceach ag an bhfeidhm chomhlíonta ar áitreabh gnó agus saoráidí gnó an athbhreithneora sheachtraigh.

Airteagal 6

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta fónta

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta fónta, dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

áirithítear leis na taifid a choimeádann an t-athbhreithneoir seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2023/2631 go bhfuil rian soiléir iniúchta ann maidir leis na teagmhais ábhartha uile;

(b)

leis an gcóras cuntasaíochta, is féidir léiriú cothrom beacht a thabhairt ar staid airgeadais an athbhreithneora sheachtraigh agus tá sé i gcomhréir leis na caighdeáin agus na rialacha cuntasaíochta is infheidhme.

Airteagal 7

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na sásraí rialaithe inmheánaigh fónta

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na sásraí rialaithe inmheánaigh fónta, dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

is mar a leanas atá an sásra rialaithe:

(i)

tá sé éifeachtach chun neamhspleáchas na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar na línte gnó a choimirciú;

(ii)

tá sé leordhóthanach do chineál, scála agus castacht ghnó na n-athbhreithnithe seachtracha;

(b)

tá creat bainistíochta riosca ann lena mbunaítear sásraí an athbhreithneora sheachtraigh chun na rioscaí uile a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a imirt ar chumas athbhreithneora sheachtraigh a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2023/2631 a shainaithint, a mheasúnú, a mhaolú agus a thuairisciú go héifeachtach, agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh orthu;

(c)

tá bearta rialaithe coisctheacha agus braiteacha ann chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí oibriúcháin sonracha;

(d)

tá nósanna imeachta inmheánacha agus seachtracha ann maidir le faisnéis agus cumarsáid lena n-áirithítear sreabhadh faisnéise ábhartha, tráthúla agus iontaofa;

(e)

tá nósanna imeachta faireacháin ann lenar féidir meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar leordhóthanacht agus éifeachtacht na sásraí rialaithe inmheánaigh.

Airteagal 8

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na socruithe rialaithe agus coimirce le haghaidh córais próiseála faisnéise éifeachtach

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na socruithe rialaithe agus coimirce le haghaidh córais próiseála faisnéise éifeachtach, dá dtagraítear in Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

cuirtear struchtúr rialaithe agus coimirce chun feidhme ar ina leith a bhfuil an méid seo a leanas fíor:

(i)

tá sé iomchuí do chineál, scála agus castacht an athbhreithneora sheachtraigh

(ii)

áirithítear bainistíocht éifeachtach stuama ar rioscaí TFC leis;

(b)

tá bainistíocht éifeachtach stuama ar rioscaí TFC ann lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(i)

measúnuithe slándála ar chórais TFC agus ar chórais faisnéise uair amháin gach 24 mhí ar a laghad;

(ii)

acmhainneachtaí iomarcacha TFC a chothabháil agus a thástáil chun leanúnachas an ghnó a áirithiú;

(iii)

measúnuithe riosca ar chomhtháthú TFC tríú páirtí, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 9

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh a n-athbhreithnithe de cháilíocht leordhóthanach

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an fhaisnéis a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh a n-athbhreithnithe de cháilíocht leordhóthanach, dá dtagraítear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

tá an fhaisnéis iomlán agus soláthraítear léi léiriú cuimsitheach ar an tionscadal arna chistiú ag an mbanna, lena n-áirítear sonraí leordhóthanacha i ndáil le cineál agus earnáil na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha lena mbaineann;

(b)

tá baint dhíreach agus shoiléir ag an bhfaisnéis le saintréithe an bhanna agus soláthraítear léi léiriú cruinn ar an tionscadal arna chistiú;

(c)

tá an fhaisnéis i gcomhréir leis na sonraí is cothroime le dáta atá ar fáil do na hathbhreithneoirí seachtracha agus a n-athbhreithniú á dhéanamh acu agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil agus ina dteastaíonn siad i leith a modheolaíochtaí, tá sonraí stairiúla inti;

(d)

tá aon fhaisnéis ghaolmhar, lena n-áirítear ríomhanna, cóimheasa agus meastacháin, bunaithe ar dhearbhuithe réasúnta.

Airteagal 10

Critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann an fhaisnéis a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh a n-athbhreithnithe ó fhoinsí iontaofa

Is iad seo a leanas na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a thagann nó nach dtagann an fhaisnéis a úsáideann athbhreithneoirí seachtracha le haghaidh a n-athbhreithnithe ó fhoinsí iontaofa, dá dtagraítear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2023/2631:

(a)

soláthraíonn an fhoinse faisnéise, nuair is gá, faisnéis a bhfuil fianaise oibiachtúil ag gabháil léi;

(b)

tá an fhoinse faisnéise in ann a inchreidteacht a léiriú;

(c)

tá na doiciméid seo a leanas ag gabháil leis an bhfoinse faisnéise:

(i)

doiciméid tacaíochta lena gcumhdaítear na bearta a rinneadh chun an fhaisnéis a bhailiú agus a phróiseáil;

(ii)

sraith chuimsitheach doiciméad chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí stairiúla, i gcás inarb infheidhme;

(iii)

doiciméad ina dtugtar tuairisc ar aon teorainn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáid na foinse faisnéise, lena n-áirítear bearnaí sonraí agus saincheisteanna inrianaitheachta a d’fhéadfadh a bheith ann;

(d)

tugann an fhoinse faisnéise tús áite d’fhaisnéis atá faoi réir ceanglas maidir le nochtadh de réir an dlí, iniúchtaí, measúnuithe comhréireachta, dearbhú neamhspleách nó deimhnithe aitheanta nó, i gcás nach bhfuil sí ar fáil, faisnéis atá faoi réir caighdeáin is infheidhme a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear prionsabail agus dea-chleachtais arna bhforbairt ag comhlachtaí idirnáisiúnta inchreidte lena dtugtar treoraíocht maidir leis an gcaoi ar cheart faisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht a ullmhú, a chur i láthair nó meastóireacht a dhéanamh uirthi, fiú mura gceanglaítear sin go dlíthiúil nó mura bhfuil sí faoi réir iniúchadh reachtúil.

Airteagal 11

An fhormáid atá le leanúint don iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír

1.   Iarratasóirí ó thríú tíortha a bhfuil aitheantas á lorg acu mar athbhreithneoirí seachtracha ar Bhannaí Glasa Eorpacha, cuirfidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo isteach san fhormáid a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.

2.   Soláthróidh iarratasóirí ó thríú tíortha an t-iarratas do ESMA i bhformáid mheaisín-inléite lena gcumasaítear an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh an fhaisnéis inrochtana go ceann tréimhse leordhóthanach chun an t-iarratas a dhéanamh;

(b)

go mbeifear in ann an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.

3.   Soláthróidh iarratasóirí uimhir thagartha uathúil do gach doiciméad a chuireann siad faoi bhráid ESMA. Áiritheoidh iarratasóirí go sainaithneofar go soiléir san fhaisnéis a chuirfidh siad isteach cén ceanglas sonrach a leagtar síos in Airteagal 23(2) agus 42(3) de Rialachán (AE) 2023/2631 dá dtagraíonn sí agus cén doiciméad ina soláthraítear an fhaisnéis sin. Cuirfidh iarratasóirí an tábla a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo isteach mar chuid dá n-iarratas agus sainaithneoidh siad go soiléir an doiciméad inar sholáthair siad an fhaisnéis is gá.

4.   I gcás ina measann iarratasóir nach bhfuil feidhm ag ceanglas de chuid Rialachán (AE) 2023/2631 maidir lena iarratas ar aitheantas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

ráiteas a dhéanamh chuige sin sa tábla lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

an fáth a measann sé nach bhfuil feidhm ag ceanglas den sórt sin a mhíniú.

5.   Cuirfidh iarratasóirí lena n-iarratas ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach tríú tír litir arna síniú ag comhalta de bhainistíocht shinsearach an iarratasóra, lena bhfianaítear go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach cruinn agus iomlán chomh fada agus is eol don chomhalta sin, an dáta a chuirtear isteach é.

6.   Coimeádfaidh athbhreithneoirí seachtracha nó ESMA na sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratasóirí ar aitheantas mar athbhreithneoir seachtrach chomh fada agus is gá chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas tosaigh agus ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis don iarratasóir sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh.

7.   I gcás inar dhiúltaigh ESMA aitheantas an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir nó i gcás ina dtarraingíonn an t-iarratasóir a iarratas siar, coimeádfaidh ESMA na sonraí pearsanta a bhaineann leis an iarratasóir sin laistigh de thréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis aitheantas an iarratasóra a dhiúltú nó tar éis an t-iarratas a tharraingt siar.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2180 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun athbhreithneoirí seachtracha a chlárú, na critéir chun measúnú a dhéanamh ar bhainistiú maith stuama ar athbhreithneoirí seachtracha, oiriúnacht eolas, thaithí agus oiliúint fhostaithe na n-athbhreithneoirí seachtracha, agus na coinníollacha ar féidir le hathbhreithneoirí seachtracha a ngníomhaíochtaí measúnaithe a sheachfhoinsiú fúthu (IO L, 2025/2180, 30.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2180/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).


IARSCRÍBHINN I

TAGAIRTÍ DOICIMÉID

Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo lena mbaineann an fhaisnéis

(II-VIII)

Uimhir thagartha uathúil an doiciméid

Teideal an doiciméid

Ceanglas sonrach de Rialachán (AE) 2023/2631 lena mbaineann an fhaisnéis

Caibidil nó roinn nó leathanach den doiciméad ina soláthraítear an fhaisnéis nó an chúis nach soláthraítear an fhaisnéis

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

FAISNÉIS GHINEARÁLTA AN IARRATASÓRA

Ainm iomlán an iarratasóra tríú tír

 

Seoladh na hoifige cláraithe

[Tír, cathair, seoladh sráide, cód poist]

Suíomh gréasáin

 

Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI)

[I gcás ina bhfuil sé ar fáil]

 

Teagmhálaí/Teagmhálaithe

Ainm

 

Teideal

 

Seoladh

[Tír, cathair, seoladh sráide, cód poist]

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir ghutháin

 

Foirm dhlíthiúil an iarratasóra tríú tír

 

An t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an athbhreithneoir seachtrach tríú tír a bhfuil aitheantas á lorg aige sa tríú tír

[I gcás inarb infheidhme].

 


IARSCRÍBHINN III

STRUCHTÚR ÚINÉIREACHTA AN IARRATASÓRA

Úinéir

Céatadán an chaipitil

Cineál an ghabháltais

Céatadán na gceart vótála

[Sonraigh an duine dlítheanach nó nádúrtha atá i gceist]

 

[Díreach nó indíreach]

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN IV

COMHALTAÍ DEN BHAINISTÍOCHT SHINSEARACH AGUS DE BHORD AN IARRATASÓRA

Ainm

Comhalta den bhord

Comhalta den bhainistíocht shinsearach

Dáta breithe

Áit bhreithe

Ról

Doiciméid a cuireadh isteach

Curriculum vitae

Cruthúnas nach ann do thaifid choiriúla a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, soláthar seirbhísí airgeadais nó seirbhísí sonraí, gníomhartha calaoise nó claonchasaidh, go háirithe trí dheimhniú oifigiúil, nó, i gcás nach bhfuil deimhniú den sórt sin ar fáil sa dlínse tríú tír ábhartha, féindearbhú ar dhea-cháil agus an t-údarú do ESMA faisnéis den sórt sin a iarraidh ó na húdaráis ábhartha i dtaobh ar ciontaíodh an comhalta sin i gcion coiriúil i ndáil le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, soláthar seirbhísí airgeadais nó seirbhísí sonraí nó i ndáil le gníomhartha calaoise nó claonchasaidh

Dearbhú oiriúnachta agus cuibhis agus coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2180

[Céadainm] [Sloinne]

[Is ea/Ní hea]

[Is ea/Ní hea]

[LL/MM/BBBB]

[Cathair, Tír]

 

[Uimhir thagartha uathúil]

[Uimhir thagartha uathúil]

[Uimhir thagartha uathúil]

 

 

 

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN V

ACMHAINNÍ ANAILÍSEACHA AN IARRATASÓRA

1.   Faisnéis maidir le hanailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe

Ainm

Ról

[Roghnaigh an colún cuí]

Blianta sa ról

Blianta sa tionscal

Curriculum vitae

Sealadach

Buan

 

 

 

 

 

[Mar shampla, an líon blianta ag obair i ngníomhaíochtaí measúnaithe atá cosúil leis na cúraimí sin a cheanglaítear ar athbhreithneoir seachtrach de bhun Rialachán (AE) 2023/2631]

[Uimhir thagartha uathúil an doiciméid]

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Soláthrófar aon fhaisnéis maidir leis an líon fostaithe ar bhonn coibhéis lánaimseartha arna ríomh mar iomlán na n-uaireanta oibre roinnte ar an líon uasta uaireanta atá faoi réir cúitimh laistigh de bhliain oibre mar a shainítear sa dlí náisiúnta ábhartha.

2.   Faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí measúnaithe

Fad measta athbhreithnithe sheachtraigh

[An líon laethanta]

An líon measúnuithe a bhfuil coinne leis sna 24 mhí amach romhainn

[Líon]

3.   Faisnéis maidir leis an meastóireacht ar an iarratasóir

Na cúiseanna a measann an t-iarratasóir go bhfuil an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe, agus a gcuid ról, iomchuí

 

Na cúiseanna a measann an t-iarratasóir go bhfuil líon agus fad na n-athbhreithnithe seachtracha iomchuí

 


IARSCRÍBHINN VI

BEARTAIS AGUS NÓSANNA IMEACHTA AN IARRATASÓRA

Pointe

Topaic

Uimhir thagartha

1

Plean oiliúna agus forbartha le haghaidh anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe

 

2

Beartais agus nósanna imeachta a cuireadh i bhfeidhm chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí measúnaithe;

(b)

rúndacht agus slándáil taifead agus doiciméad maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear a choimirciú;

(c)

nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta;

(d)

agus leordhóthanacht na gcóras próiseála faisnéise a chuirtear chun feidhme chun oibleagáidí athbhreithneora sheachtraigh a chomhlíonadh.

 

3

Beartais agus nósanna imeachta ina leagtar amach an creat um rialú inmheánach

[I gcás líon mór doiciméad, ba cheart iad a ghrúpáil de réir réimsí ábhartha den chreat um rialú inmheánach]

 

4

Beartais agus nósanna imeachta chun a áirithiú go gcomhlíonann an creat um rialú inmheánach na critéir dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/2180 ón gCoimisiún

 

5

Beartas sceithirí lena n-áirithítear go ndéantar anaithnideacht sceithirí a choimirciú agus go dtoirmisctear bearta díoltais

 

6

Beartas luacha saothair lena n-áirithítear neamhspleáchas na bhfostaithe faoi réir socruithe cúitimh inathraithe

 

7

Nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a cuireadh chun feidhme chun athbhreithnithe a eisiúint

 

8

Téarmaí tagartha na gcomhlachtaí rialachais, lena n-áirítear an bord agus, i gcás ina mbunaítear iad, a choistí

 

9

Miontuairiscí an chruinnithe is déanaí den bhord

 

10

Cairt eagraíochta, lena n-áirítear línte tuairiscithe agus feidhmeanna poist a shainaithint

 

11

Beartas coinbhleachta leasa

 

12

Fardal coinbhleachtaí leasa atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann agus na bearta maolaithe atá beartaithe

 

13

Maidir le cásanna coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear idirbhearta le páirtithe gaolmhara, déileáil cuntais phearsanta fostaithe, gníomhaíochtaí taobh amuigh de ghníomhaíochtaí gnó agus glacadh le bronntanais agus fáilteachas, faisnéis maidir leis an gcaoi a ndéantar na cásanna sin a athbhreithniú agus a fhormheas go comhsheasmhach

 

14

Doiciméid agus faisnéis a bhaineann le haon socrú seachfhoinsithe atá ann cheana nó atá beartaithe le haghaidh ghníomhaíochtaí an athbhreithneora sheachtraigh a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/2631, lena n-áirítear faisnéis faoi eintitis a ghlacann leis na feidhmeanna seachfhoinsithe, agus an mheastóireacht ar an gcaoi a n-áirithíonn an t-athbhreithneoir seachtrach go gcomhlíonfar Airteagal 33(1) den Rialachán sin

 


IARSCRÍBHINN VII

GNÍOMHAÍOCHTAÍ EILE AN IARRATASÓRA

Gníomhaíocht

Tuairisc

Á cur ar fáil trí fhochuideachtaí

[Cód NACE na gníomhaíochta, i gcás ina bhfuil fáil air]

 

[Tá/Níl: má tá, tabhair ainm an eintitis]

 

 

 

 

 

 


IARSCRÍBHINN VIII

IONADAÍ DLÍTHIÚIL ATÁ BUNAITHE SAN AONTAS

Ainm iomlán

 

Seoladh na hoifige cláraithe laistigh den Aontas

[Ballstát den Aontas Eorpach, cathair, seoladh sráide, cód poist]

Seoladh ríomhphoist

 

Stádas dlíthiúil

 

Gníomhas corpraithe, airteagail chomhlachais nó doiciméid bhunreachtúla eile

 

Suíomh gréasáin

 

Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI)

[I gcás ina bhfuil sé ar fáil]

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/544/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)