European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/540

12.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/540 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Marta 2026

maidir le guma acáise a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Údaraíodh guma acáise gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch sa chatagóir ‘oibreáin eiblitheacha agus chobhsaitheacha, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin’. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas ar athmheastóireacht ar ghuma acáise mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus sna feidhmghrúpaí ‘eiblitheoirí’ agus ‘cobhsaitheoirí’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. Tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas le haghaidh na bhfeidhmghrúpaí ‘tiúsóirí’ agus ‘oibreáin ghlóthúcháin’.

(4)

Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 24 Meitheamh 2025 (3), ina ndearnadh athbhreithniú ar an tuairim uaidh an 17 Meán Fómhair 2022 (4), go bhfuil guma acáise sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh guma acáise a bheith ina íogróir deirmeach agus riospráide, agus go meastar gur riosca é aon nochtadh trí bhealaí deirmeacha nó ionanálaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin go bhfuil guma acáise éifeachtúil mar eiblitheoir agus in eibleachtaí cobhsaitheacha le himeacht ama, rud a thacódh lena éifeachtúlacht mar chobhsaitheoir. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann guma acáise na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(6)

Ós rud é nach bhfuil gá leis na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘eiblitheoirí’ agus ‘cobhsaitheoirí’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe guma acáise, mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus na réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA], 23(7), e9542, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9542.

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2022; 20(4):7252, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7252.


IARSCRÍBHINN

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: eiblitheoirí

1c414

Guma acáise

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Guma acáise

Foirm sholadach

Íonacht:

Caillteanas mar gheall ar thriomú: ≤ 10 %

Iomlán na luatha: ≤ 4 %

Ábhar dothuaslagtha in aigéad: ≤ 1 %

Luaith dhothuaslagtha in aigéad: ≤ 0,5 %

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Úscadh triomaithe atá i nguma acáise a fhaightear ó ghais agus ó bhrainsí tréithchineálacha Acacia senegal (L) Willdenow nó speicis acáise (fine Leguminosae) a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.

Is éard atá ann polaisiúicrídí ardmheáchain mhóilínigh, a bhfuil a slabhra siúcra déanta as siúcraí neodracha (galachtós, araibionós agus ramnós) agus siúcraí aigéadacha (aigéad glúcúrónach) agus/nó a salainn.

Uimh. CAS: 9000-01-5

Modh anailíse  (1)

Maidir le guma acáise (breiseán beathaithe) a shaintréithriú:

Monagraf in Pharmacopoeia Eorpach 0307 nó 0308, agus

Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (2) agus na tástálacha comhfhreagracha i gCoimre JECFA FAO

Turcaithe lena ramhrú

-

-

375

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, sonrófar na dálaí stórála agus cobhsaíochta i leith cóireáil teasa.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú.

an 1 Aibreán 2036

Sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

Mionéanlaith chlóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

Éin ornáideacha

-

-

278

Éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

-

-

415

Speicis mhucúla lena ramhrú

-

-

600

Bainbh de speicis mhucúla

 

 

500

Cránacha de speicis mhucúla

-

-

729

Laonna feola (bainne púdrach)

-

-

1 164

Ainmhithe de chineál caorach

Ainmhithe de chineál gabhair

-

-

1 100

Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe

Eachainmhithe

Cait

-

-

1 100

Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe

-

-

715

Leipridigh

-

-

440

Bia-iasc eite

 

 

1 257

Madraí

-

-

1 320

Éisc ornáideacha

 

 

4 889

Speicis ainmhíocha eile

-

-

278


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí

1c414

Guma acáise

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Guma acáise

Foirm sholadach

Íonacht:

Caillteanas mar gheall ar thriomú: ≤ 10 %

Iomlán na luatha: ≤ 4 %

Ábhar dothuaslagtha in aigéad: ≤ 1 %

Luaith dhothuaslagtha in aigéad: ≤ 0,5 %

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Úscadh triomaithe atá i nguma acáise a fhaightear ó ghais agus ó bhrainsí tréithchineálacha Acacia senegal (L) Willdenow nó speicis acáise (fine Leguminosae) a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile.

Is éard atá ann polaisiúicrídí ardmheáchain mhóilínigh, a bhfuil a slabhra siúcra déanta as siúcraí neodracha (galachtós, araibionós agus ramnós) agus siúcraí aigéadacha (aigéad glúcúrónach) agus/nó a salainn.

Uimh. CAS: 9000-01-5

Modh anailíse  (3)

Maidir le guma acáise (breiseán beathaithe) a shaintréithriú:

Monagraf in Pharmacopoeia Eorpach 0307 nó 0308, agus

Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 agus na tástálacha comhfhreagracha i gCoimre JECFA FAO

Turcaithe lena ramhrú

-

-

375

1.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, sonrófar na dálaí stórála agus cobhsaíochta i leith cóireáil teasa.

2.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin le trealamh cosanta pearsanta don chraiceann, do na súile agus don análú.

an 1 Aibreán 2036

Sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

Mionéanlaith chlóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

Éin ornáideacha

-

-

278

Éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe

-

-

415

Speicis mhucúla lena ramhrú

-

-

600

Bainbh de speicis mhucúla

 

 

500

Cránacha de speicis mhucúla

-

-

729

Laonna feola (bainne púdrach)

-

-

1 164

Ainmhithe de chineál caorach agus gabhair

-

-

1 100

Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe

Eachainmhithe

Cait

-

-

1 100

Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe

-

-

715

Leipridigh

-

-

440

Bia-iasc eite

 

 

1 257

Madraí

-

-

1 320

Éisc ornáideacha

 

 

4 889

Speicis ainmhíocha eile

-

-

278


(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/540/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)