|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/522 |
12.3.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/522 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2026
lena n-athnuaitear an t-údarú chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe T304-40, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1497)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) agus Airteagal 23(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Údaraíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/699 ón gCoimisiún (2) bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe T304-40, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as. Cumhdaítear le raon feidhme an údaraithe sin freisin táirgí seachas bia agus beatha a chur ar an margadh ach ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe T304-40, le haghaidh na húsáide céanna le cadás ar bith eile, cé is moite de shaothrú. |
|
(2) |
An 22 Márta 2024, thar ceann BASF Agricultural Solutions US LLC atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, chuir BASF SE, cuideachta atá lonnaithe sa Ghearmáin, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, maidir leis an údarú sin a athnuachan. |
|
(3) |
An 22 Iúil 2025 d’eisigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch fhabhrach maidir le cadás géinmhodhnaithe T304-40 (3) i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Tháinig sé ar an gconclúid nach raibh fianaise san iarratas ar athnuachan ar aon ghuais nua, nochtadh modhnaithe nó éiginnteachtaí eolaíocha a d’athródh conclúidí an mheasúnaithe riosca bunaidh ar chadás géinmhodhnaithe T304-40, rud a ghlac an tÚdarás in 2013 (4). |
|
(4) |
Rinne an tÚdarás breithniú, sa tuairim eolaíoch uaidh, ar gach ceist agus ábhar imní a tharraing na Ballstáit anuas i gcomhthéacs an chomhairliúcháin leis na húdaráis inniúla náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 6(4) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(5) |
An plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil a chuir an t-iarratasóir isteach, arb é atá ann plean faireachais ginearálta, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil an plean sin i gcomhréir le húsáidí beartaithe na dtáirgí. |
|
(6) |
Agus na conclúidí sin á gcur san áireamh, maidir leis an údarú chun bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe T304-40, agus chun táirgí a chur ar an margadh, ar táirgí iad ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe GHB614 le haghaidh úsáidí seachas bia agus beatha, cé is moite de shaothrú, ba cheart an t-údarú sin a athnuachan. |
|
(7) |
Ina litir dar dáta an 24 Aibreán 2025, chuir BASF Belgian Coordination Center Comm V, atá lonnaithe sa Bheilg, an Coimisiún ar an eolas gur athraigh BASF Agricultural Solutions Seed US LLC a ainm go BASF Agricultural Solutions US LLC ón 30 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh. |
|
(8) |
Sannadh aitheantóir uathúil do chadás géinmhodhnaithe T304-40, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún (5), i gcomhthéacs a húdaraithe tosaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/699. Ba cheart leanúint den aitheantóir uathúil sin a úsáid. |
|
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na táirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, is cosúil nach bhfuil gá le haon cheanglas sonrach lipéadaithe, seachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Mar sin féin, chun a áirithiú go bhfanfaidh úsáid na dtáirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe T304-40 laistigh de theorainneacha an údaraithe a dheonaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart a léiriú go soiléir ar lipéadú na dtáirgí sin, cé is moite de bhia agus comhábhair bia, nach bhfuil siad ceaptha le haghaidh saothrú. |
|
(10) |
Ba cheart do shealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla a chur isteach i ndáil le cur chun feidhme agus torthaí na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil. Ba cheart na torthaí sin a chur i láthair i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún (7). |
|
(11) |
Ní thugann tuairim an Údaráis údar le coinníollacha nó srianta sonracha a fhorchur maidir le cur ar an margadh le haghaidh úsáide agus láimhseála, lena n-áirítear ceanglais faireacháin iar-mhargaidh i ndáil le bia agus beatha a thomhailt, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe T304-40, nó maidir le héiceachórais/comhshaol nó limistéir gheografacha áirithe a chosaint, dá bhforáiltear in Airteagal 6(5), pointe (e) agus Airteagal 18(5), pointe (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(12) |
An fhaisnéis ábhartha uile maidir le húdarú na dtáirgí a chumhdaítear leis an gCinneadh seo, ba cheart í a iontráil sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. |
|
(13) |
Tá fógra le tabhairt faoin gCinneadh seo trí Theach Imréitigh na Bithshábháilteachta do Pháirtithe Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, de bhun Airteagal 9(1) agus Airteagal 15(2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(14) |
Níor thug an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha tuairim uaidh laistigh den teorainn ama a leag Cathaoirleach an Choiste síos. Measadh go raibh gá leis an ngníomh cur chun feidhme seo agus chuir an cathaoirleach faoi bhráid an choiste achomhairc é chun go ndéanfaí tuilleadh plé ina leith. Níor thug an coiste achomhairc tuairim uaidh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóir uathúil
Maidir le cadás géinmhodhnaithe (Gossypium hirsutum) T304-40, a shonraítear i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, sanntar an t-aitheantóir uathúil BCS-GHØØ4-7 dó, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004.
Airteagal 2
Athnuachan an údaraithe
An t-údarú maidir leis na táirgí seo a leanas a chur ar an margadh, déantar é a athnuachan a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as; |
|
(b) |
beatha ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as; |
|
(c) |
táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointe (a) agus pointe (b), cé is moite de shaothrú. |
Airteagal 3
Lipéadú
1. Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘cadás’‘ainm an orgánaigh’.
2. Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2.
Airteagal 4
Modh braite
Beidh feidhm ag an modh a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7 a bhrath.
Airteagal 5
Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil
1. Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2. Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.
Airteagal 6
Sealbhóir an údaraithe
Is é BASF Agricultural Solutions US LLC, na Stáit Aontaithe, atá á ionadú san Aontas ag BASF SE, an Ghearmáin, sealbhóir an údaraithe.
Airteagal 7
Bailíocht
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 8
Seolaí
Is chuig BASF Agricultural Solutions US LLC, 100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, na Stáit Aontaithe, cuideachta atá á hionadú san Aontas ag BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063 Ludwigshafen, an Ghearmáin, a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/699 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as cadás géinmhodhnaithe T304-40 (BCS-GHØØ4-7) a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 112, 30.4.2015, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2015/699/oj), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1195 ón gCoimisiún (IO L 187, 12.7.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1195/oj).
(3) Painéal GMO EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), 2025. Scientific Opinion on the assessment of genetically modified cotton T304-40 for renewal authorisation under Regulation (EC) No 1829/2003 (application GMFF-2024-23010) [Tuairim Eolaíoch ar an measúnú ar chadás géinmhodhnaithe T304-40 maidir le húdarú a athnuachan faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (iarratas GMFF-2024-23010)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23(7):9580; https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9580.
(4) Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), (2013). Scientific opinion on application EFSA-GMO-NL-2011-97 for the placing on the market of insect-resistant and herbicide-tolerant genetically modified cotton T304-40 for food and feed uses, import and processing under regulation (EC) No 1829/2003 from Bayer CropScience AG [Tuairim Eolaíoch ar iarratas (EFSA-GMO-NL-2011-97) ó Bayer CropScience AG chun cadás géinmhodhnaithe T304-40 atá frithsheasmhach in aghaidh luibhicíde a chur ar an margadh, lena úsáid i mbia agus beatha, lena allmhairiú agus lena phróiseáil faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003]. EFSA Journal [Iris EFSA], 11(6), 3251. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2013.3251.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/65/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1830/oj).
(7) Cinneadh 2009/770/CE ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear formáidí caighdeánacha tuairiscithe chun na torthaí faireacháin ar scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol, i bhfoirm táirgí nó i dtáirgí, chun iad a chur ar an margadh, a chur i láthair, de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 21.10.2009, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/770/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1946/oj).
IARSCRÍBHINN
(a) An tIarratasóir agus Sealbhóir an Údaraithe:
|
Ainm |
: |
BASF Agricultural Solutions US LLC |
|
Seoladh |
: |
100 Park Avenue, Florham Park, New Jersey 07932, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
arna ionadú san Aontas ag: BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, D-67063, Ludwigshafen, An Ghearmáin.
(b) Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:
|
(1) |
bianna agus comhábhair bhia ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as; |
|
(2) |
beatha ina bhfuil cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, nó atá comhdhéanta de, nó a tháirgtear as; |
|
(3) |
táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú. An cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, léiríonn sé na géinte cry1Ab, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicídí bunaithe ar amóiniam glúfosanáite. |
(c) Lipéadú:
|
(1) |
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2), pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, is é ‘cadás’ ainm an ‘orgánaigh’; |
|
(2) |
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de chadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7, cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1). |
(d) Modh braite:
|
(1) |
Modh teagmhas-shonrach maidir le cadás géinmhodhnaithe BCS-GHØØ4-7 a chainníochtú trí úsáid a bhaint as PCR fíor-ama; |
|
(2) |
Arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag https://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/method-validations; |
|
(3) |
Ábhar Tagartha: Tá ERM-BF429 inrochtana tríd Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/. |
(e) Aitheantóir uathúil:
BCS-GHØØ4-7
(f) An fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch:
[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a thugtar fógra faoi].
(g) Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:
Ní gá.
(h) Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil:
Plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
[Nasc: plean arna fhoilsiú sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]
(i) Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:
Ní gá.
|
Tabhair faoi deara: |
d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig doiciméid ábhartha a mhodhnú le himeacht ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal tríd an gclár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta. |
(1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/522/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)