European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/520

5.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/520 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Airgintín agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a údaraítear maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, nó ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní XIV, agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 23 Feabhra 2026, thug an Airgintín fógra don Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis atá ann i gcúige Buenos Aires, ráig a deimhníodh an lá céanna le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Sna liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de criosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV agus i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sonraítear faoi láthair go n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ón Airgintín. Ina theannta sin, faoi láthair, i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ní cheanglaítear aon chóireáil mhaolaithe riosca chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas.

(7)

I ngeall ar an riosca a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach a thabhairt isteach san Aontas, riosca atá nasctha le coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas ón Airgintín, agus in éagmais ráthaíochtaí lena bhféadfaí an tríú tír sin a réigiúnú, níor cheart tabhairt isteach san Aontas coinsíneachtaí den sórt sin ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin a údarú a thuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart cóireáil laghdaithe riosca D a cheangal, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas.

(8)

Ina theannta sin, an 26 Feabhra 2026, thug an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin fógra don Choimisiún faoi ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíocht éanlaithe clóis atá lonnaithe i mbardas Petrovo in Republika Srpska, ráig a deimhníodh an 25 Feabhra 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(9)

Sna liostaí de thríú tíortha nó de chríocha, nó de criosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV agus i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, sonraítear faoi láthair go n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin. Ina theannta sin, faoi láthair, i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ní cheanglaítear aon chóireáil mhaolaithe riosca chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas.

(10)

I ngeall ar an riosca a bhaineann leis an bhfliú éanúil ardphataigineach a thabhairt isteach san Aontas, riosca atá nasctha le coinsíneachtaí d’fheoil úr agus táirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, agus in éagmais ráthaíochtaí lena bhféadfaí an tríú tír sin a réigiúnú, níor cheart tabhairt isteach san Aontas coinsíneachtaí den sórt sin ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin a údarú a thuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart cóireáil laghdaithe riosca D a cheangal, i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, chun coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis ón tríú tír sin a theacht isteach san Aontas.

(11)

Dá bhrí sin, na hiontrálacha a bhaineann leis an Airgintín agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin i liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a leagtar amach sna táblaí i Roinn B de Chuid 1, Roinn B d’Iarscríbhinn XIV agus sa tábla i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ba cheart iad a leasú chun an staid eipidéimeolaíoch reatha sna tríú tíortha sin a chur san áireamh.

(12)

Agus na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí san Airgintín agus sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin a chur san áireamh, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán seo ar Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an iontráil a bhaineann leis an Airgintín:

AR

an Airgintín

AR-0

POU, RAT, GBM

P1

 

23.2.2026’

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an iontráil a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin:

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

BA-0

POU

P1

 

25.2.2026’

 

(2)

in Iarscríbhinn XV, i gCuid 1, leasaítear Roinn A mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an iontráil a bhaineann leis an Airgintín:

AR

an Airgintín

AR-0

C

C

C

C

C

C

C

D

D

D

MPST

 

AR-1

C

C

C

C

C

C

C

D

D

D

MPST

 

AR-2

A

A

C

A

A

C

C

D

D

D

MPNT (**)

MPST

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an iontráil a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin:

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

BA-0

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

D

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPST

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/520/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)