European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/512

23.4.2026

CINNEADH (CBES) 2026/512 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2026

lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Deireadh Fómhair 2012, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2012/642/CBES (1).

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’fhógair Uachtarán Chónaidhm na Rúise go raibh oibríocht mhíleata á seoladh san Úcráin agus chuir fórsaí armtha na Rúise tús le hionsaí ar an Úcráin, lena n-áirítear ó chríoch na Bealarúise. Ba shárú follasach é an t-ionsaí sin ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine.

(3)

Sna conclúidí uaithi an 19 Feabhra 2024, cháin an Chomhairle go láidir an tacaíocht leanúnach a thugann réimeas na Bealarúise do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus d’iarr sí ar an mBealarúis staonadh ón ngníomhaíocht sin agus cloí lena hoibleagáidí idirnáisiúnta.

(4)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar rannpháirtíocht leanúnach na Bealarúise i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, is iomchuí bearta sriantacha breise a thabhairt isteach.

(5)

Go háirithe, is iomchuí leathnú a dhéanamh ar liosta na n-earraí a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Bealarúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála trí earraí a liostú a d’úsáid an Rúis ina cogadh foghach ar an Úcráin chomh maith le hearraí a rannchuidíonn le forbairt nó táirgeadh chóras míleata na Bealarúise, lena n-áirítear earraí gloine saotharlainne, agus bealaí ardfheidhmíochta áirithe agus a mbreiseáin.

(6)

Is iomchuí freisin leathnú a dhéanamh ar liosta na n-earraí atá faoi réir srianta ar onnmhairiú a d’fhéadfadh rannchuidiú le feabhas a chur ar acmhainneachtaí tionsclaíocha na Bealarúise, mar shampla ceimiceáin, rubar agus earraí rubair bholcánaithe, earraí cruach, uirlisí le haghaidh táirgeadh miotail agus tarracóirí tionsclaíocha.

(7)

Chun an baol go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha a laghdú, meastar gur iomchuí liosta na n-earraí agus na teicneolaíochta atá faoi réir an toirmisc ar idirthuras trí chríoch na Bealarúise a leathnú.

(8)

Thairis sin, is iomchuí srianta breise a fhorchur ar sholáthar seirbhísí do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’aon eintiteas nó d’aon chomhlacht atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina stiúir, ar seirbhísí iad a rannchuidíonn le feabhas a chur ar chumais theicneolaíocha na Bealarúise, go háirithe soláthar seirbhísí slándála bainistithe.

(9)

Is iomchuí freisin srian a chur le soláthar seirbhísí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí turasóireachta sa Bhealarúis, go háirithe na seirbhísí sin a aicmítear in aicmí 7471 agus 7472 den Aicmiú Lárnach Táirgí iad, mar a leagtar amach in Oifig Staidrimh na Náisiún Aontaithe, Páipéir Staidrimh, Sraith M, Uimh. 77, ALT sealadach, 1991, é. Déantar an méid sin chun an t-ioncam a fhaigheann an Bhealarúis ó na seirbhísí sin a laghdú agus chun cur chun cinn taistil neamhriachtanaigh agus gníomhaíochtaí fóillíochta chuig an mBealarúis a dhíspreagadh, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil baol méadaithe ann go ndéanfar náisiúnaigh den Aontas a ghabháil go treallach agus a choinneáil go treallach, agus i gcomhthéacs ina bhfuil teorainn leis an gcosaint chonsalach le haghaidh daoine a bhfuil dénáisiúntacht acu.

(10)

Is iomchuí freisin díolúine a thabhairt isteach ón gceanglas maidir le réamhúdarú le haghaidh seirbhísí a sholáthraítear do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí nach bhfuil faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i gCinneadh 2012/642/CBES cheana féin i gcás ina bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin maidir le feidhmiú ionadaíochta consalaí nó taidhleoireachta de chuid na Bealarúise atá lonnaithe i mBallstát.

(11)

Thairis sin, is iomchuí toirmisc bhreise a thabhairt isteach ar allmhairiú earraí lena gceadaítear don Bhealarúis a foinsí ioncaim a éagsúlú, rud a fhágann gur féidir léi a bheith rannpháirteach i bhfogha na Rúise faoin Úcráin, lena n-áirítear maidir le hamhábhair áirithe, miotail, mianraí áirithe, dramhchruach agus miotail eile, ceimiceáin, earraí rubair bholcánaithe agus fionnadhsheithí súdaraithe.

(12)

Faoi láthair, is féidir le daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí seachas daoine dlítheanacha, eintits nó comhlachtaí Bealarúiseacha, le daoine seachas iad siúd a liostaítear i gCinneadh 2012/642/CBES, agus le daoine seachas iad siúd atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, éilimh a thabhairt in aghaidh cuideachtaí de chuid an Aontais a chomhlíonann bearta sriantacha, mar shampla nuair a scoireann oibreoirí de chuid an Aontais de tháirgí a bhfuil toirmeasc ar a n-onnmhairiú chuig an mBealarúis a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis. Dá bhrí sin, is iomchuí creat an Aontais maidir le bearta sriantacha a neartú trí raon feidhme an toirmisc ar shásamh na n-éileamh sin a leathnú i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearna bearta sriantacha an Aontais difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach. Dá bhrí sin, ba cheart raon feidhme an toirmisc i gCinneadh 2012/642/CBES maidir le sásamh na n-éileamh sin a leathnú freisin chun éilimh arna dtabhairt ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha seachas an Bhealarúis agus tíortha comhpháirtíochta a liostaítear san iarscríbhinn ábhartha a ghabhann leis an gCinneadh sin a chumhdach, i gcás ina bhfuil na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin ag díol, ag soláthar, ag aistriú nó ag onnmhairiú earraí, teicneolaíocht nó seirbhísí a bhfuil toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n-onnmhairiú faoi Chinneadh 2012/642/CBES, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh.

(13)

Tá Banc Náisiúnta na Bealarúise faoi réir le rúbal digiteach na Bealarúise a sheoladh, agus meastar go gcuirfear i gcúrsaíocht é sa dara leath de 2026 agus go n-úsáidfidh eintitis ghnó, eintitis stáit agus daoine aonair é de réir a chéile, agus go n-úsáidfear eatarthu féin é agus le hoibreoirí tríú tír. Níl an tionscadal ach ag an gcéim ullmhúcháin go fóill, ach is éard atá i gceist leis an rúbal digiteach , inter alia, córas íocaíochta a sholáthar lena gcosnófaí daoine Bealarúiseacha ar éifeacht na mbeart sriantach a leagtar síos i gCinneadh 2012/642/CBES. Dá bhrí sin, is iomchuí toirmeasc a fhorchur ar pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in aon idirbheart lena mbaineann airgeadra digiteach de chuid Bhanc Ceannais na Bealarúise nó ar aon tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt an tionscadail sin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le tréimhse theoranta chun gur féidir na conarthaí atá i bhfeidhm cheana a fhoirceannadh de réir a chéile.

(14)

Is éard atá i gceist leis na bearta a rinne réimeas na Bealarúise le déanaí cosc a chur ar oibríochtaí le haghaidh soláthraithe áirithe seirbhísí cripteashócmhainní eachtracha, rud a léiríonn go bhfuil sé ar intinn ag an réimeas sin oibríochtaí na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá ag feidhmiú sa tír sin a rialú go dlúth. Ag an am céanna, tá córas rialála á fhorbairt ag an mBealarúis ina ndéantar dlúthmhaoirseacht stáit ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus tá rioscaí gaolmhara ann go n-úsáidfí cripteashócmhainní chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais. Sna himthosca sin, dá sainaithneofaí gurb ionann a bhfuil á dhéanamh ag soláthraithe sonracha seirbhísí cripteashócmhainní agus bearta chun gur féidir dul timpeall ar bhearta sriantacha, ní mhaolófaí go leordhóthanach an baol go rachfaí timpeall ar bhearta sriantacha, ós rud é go bhféadfadh réimeas na Bealarúise soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eile atá faoina rialú a úsáid chun na gcríoch aindleathach céanna. D’fhonn a áirithiú nach soláthraítear le cripteashócmhainní bealach chun dul timpeall ar bhearta sriantacha an Aontais, is iomchuí toirmeasc a chur, dá bhrí sin, ar idirbhearta le haon soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní atá bunaithe sa Bhealarúis, nó le haon ardáin dhíláraithe atá bunaithe sa Bhealarúis lena gcumasaítear malartú nó aistriú cripteashócmhainní.

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2012/642/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 1b mar a leanas:

(a)

scriostar míreanna 3a, 3b agus 3c;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘3e.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 3 maidir le díol, soláthar, aistriú ná onnmhairiú earraí a thagann faoi chóid AC 2931, 2932, 4001, 4015, 4016, 6805, 7318, 7325, 8209 agus 8311, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, a bhfuil gá leo chun na conarthaí a thugtar i gcrích roimh an 24 Aibreán 2026 a fhorghníomhú go dtí an 25 Iúil 2026, nó i gcás conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(c)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘14b.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla idirthuras earraí agus teicneolaíochta a thagann faoi chód AC 3403 19 80 mar a liostaítear in Iarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a onnmhairítear ón Ungáir trí chríoch na Bealarúise a údarú, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin ceaptha don Asarbaiseáin.’

;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15:

‘15.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hiarrataí ar údaruithe chun na gcríoch a áirítear i míreanna 8, 10, 12, 13, 14 agus 14a, ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla údarú a dheonú le haghaidh onnmhairí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, má tá forais réasúnacha acu chun a chreidiúint go bhféadfadh úsáid deiridh mhíleata a bheith ag na hearraí.’

;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 16:

‘16.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear faoi mhír 8, 10, 12, 13, 14, 14a nó 14b laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(2)

in Airteagal 2c(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;’

;

(3)

in Airteagal 2d(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

‘(h)

an chibearshlándáil agus slándáil faisnéise a áirithiú do dhaoine dlítheanacha, d’eintitis agus do chomhlachtaí sa Bhealarúis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;’

;

(4)

leasaítear Airteagal 2hc mar a leanas:

(a)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘4b.   Ón 25 Bealtaine 2026, beidh toirmeasc ar sheirbhísí slándála bainistithe a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do na páirtithe seo a leanas:

(a)

Poblacht na Bealarúise, a Rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí poiblí; nó

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú dó thar ceann nó faoi threoir Phoblacht na Bealarúise, a Rialtas, a comhlachtaí poiblí, a corparáidí nó a gníomhaireachtaí.

4c.   Beidh toirmeasc ar sheirbhísí a sholáthar a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí turasóireachta sa Bhealarúis.’

;

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a bhaineann leis na seirbhísí agus na bogearraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4b a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí, nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta sin;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na seirbhísí agus bogearraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4b a sholáthar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí, nó d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta sin; nó’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 a:

‘5a.   Beidh gá le réamhúdarú chun aon seirbhís nach gcumhdaítear le míreanna 1, 2, 3, 4a, 4b ná 4c a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, do Phoblacht na Bealarúise, dá Rialtas, dá comhlachtaí poiblí, dá corparáidí nó dá gníomhaireachtaí. Féadfaidh na húdaráis inniúla soláthar na seirbhísí sin a údarú, bunaithe ar mheasúnú sonrach cás ar chás, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil sé sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo.’

;

(d)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5b.   Ní bheidh feidhm ag mír 5a maidir le soláthar seirbhísí , go díreach nó go hindíreach, ar seirbhísí iad nach gcumhdaítear le míreanna 1, 2, 3, 4a, 4b ná 4c d’ionadaíocht chonsalach nó taidhleoireachta de chuid na Bealarúise atá lonnaithe i mBallstát, i gcás ina bhfuil géarghá leis na seirbhísí sin le haghaidh fheidhmiú na hionadaíochta sin.’

;

(e)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘10c.   Ní bheidh feidhm ag mír 4c maidir leis an bhforghníomhú maidir le conarthaí a thugtar i gcrích roimh an 24 Aibreán 2026 go dtí an 25 Meitheamh 2026, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.’

;

(5)

in Airteagal 2n(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(e)

duine nádúrtha ó thríú tír nach náisiúnach de chuid na Bealarúise é, agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe i dtríú tír seachas an Bhealarúis, cé is moite de thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn IVa a ghabhann leis an gCinneadh seo, a dhíolann, a sholáthraíonn, a aistríonn nó a onnmhairíonn earraí, teicneolaíocht agus seirbhísí a bhfuil toirmeasc ar a ndíol, a soláthar, a n-aistriú nó a n onnmhairiú faoin gCinneadh seo, bíodh siad de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, leis na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) den mhír seo nó lena n-úsáid sa Bhealarúis.’

;

(6)

in Airteagal 2ra, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘9e.   I dtaca leis na hearraí a thagann faoi chóid AC 2501, 2517, 2522, 2530, 2620, 2815, 2833, 2916, 2926, 4016, 7403, 7404, 7406 agus 7610, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir le forghníomhú conarthaí a thugtar i gcrích roimh an 24 Aibreán 2026 go dtí an 25 Iúil 2026, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun na conarthaí sin a fhorghníomhú.’

;

(7)

in Airteagal 2y(1a), cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(f)

idirbhearta a bhfuil gá leo chun glacadh le híocaíochtaí atá dlite ó na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn V de bhun conarthaí agus oibleagáidí a comhlíonadh roimh an 24 Aibreán 2026;

(g)

idirbhearta a bhfuil géarghá leo chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó chun speansais arna dtabhú a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí a aisíoc;

(h)

idirbhearta a bhfuil gá leo le haghaidh riachtanais eagraíochtaí idirmheánacha státchistithe le haghaidh bheartas cultúrtha eachtrach na mBallstát sa Bhealarúis.’

;

(8)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2za

1.   Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a fhéachann le breithiúnais a fhorfheidhmiú lasmuigh den Aontais lena sásaítear éilimh dá dtagraítear in Airteagal 8h(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, nó a chomhoibríonn san fhorfheidhmiú sin, nó le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin faoi úinéireacht nó faoi rialú acu, cé is moite de dhlíodóirí agus de chomhaltaí den bhreithiúnacht, mar a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

2.   Mura dtoirmisctear ar bhealach eile iad, ní bheidh feidhm ag na toirmisc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

idirbhearta a bhfuil gá leo chun táirgí cógaisíochta, leighis nó talmhaíochta agus bia a cheannach, a allmhairiú nó a iompar, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin a gceadaítear a gceannach, a n-allmhairiú, agus a n-iompar faoin gCinneadh seo;

(b)

idirbhearta a bhfuil gá leo chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát a áirithiú, agus chun aitheantas nó forfheidhmiú a dhéanamh maidir le breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna soláthar i mBallstát, ar choinníoll go bhfuil na hidirbhearta sin comhsheasmhach le cuspóirí an Chinnidh seo;

(c)

idirbhearta atá gan dochar do phointe (b) den mhír seo, idirbhearta a bhfuil géarghá leo chun cúiteamh a fháil i leith damáistí de bhun Airteagal 8h de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

Airteagal 2zb

Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart a bhaineann leis na cripteashócmhainní nó le hairgeadraí digiteacha bainc ceannais a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, nó aon tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na gcripteashócmhainní sin nó na n-airgeadraí digiteacha sin de chuid bainc ceannais.

Airteagal 2zc

1.   Beidh toirmeasc ar ghabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ar eintiteas é a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní nó ar ardán é lena gcumasaítear cripteashócmhainní a mhalartú nó a aistriú agus atá bunaithe sa Bhealarúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

idirbhearta a bhfuil gá leo maidir le feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha an Aontais agus na mBallstát nó tíortha comhpháirtíochta sa Bhealarúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Bhealarúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(b)

idirbhearta arna ndéanamh ag náisiúnaigh de Bhallstáit a bhfuil cónaí orthu sa Bhealarúis agus a bhí amhlaidh roimh an 24 Feabhra 2022.

3.   Beidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 ón 25 Bealtaine 2026.’

;

(9)

leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/642/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES mar a leanas:

(a)

in Iarscríbhinn IVa, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

‘IARSCRÍBHINN IVa

Liosta na dtíortha dá dtagraítear in Airteagail 2n, 2u agus 5d’;

(b)

cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas leo:

IARSCRÍBHINN VII

Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2za’

 

IARSCRÍBHINN VIII

Liosta na gcripteashócmhainní agus na n-airgeadraí digiteacha bainc ceannais dá dtagraítear in Airteagal 2zb

Cripteashócmhainní nó airgeadraí digiteacha bainc ceannais

Teacht i bhfeidhm

rúbal Digiteach na Bealarúise

25 Bealtaine 2026.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/512/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)