European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/511

23.4.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/511 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Aibreán 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)

An 23 Aibreán 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/504 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin freisin.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2026/504, leasaítear an critéar maidir le liostú le haghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí ar leo soithí, nó a bhainistíonn nó a oibríonn soithí, a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí áirithe nó a chuireann tacaíocht ábhartha, theicniúil nó airgeadais ar fáil ar bhealach eile d’oibríochtaí na soithí sin.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2026/504, leathnaítear chuig cuideachta árachais nualiostaithe an maolú atá ann cheana a bhaineann le híocaíochtaí ar slánaíocht nó sochar iad a sholáthraítear tar éis riosca a theacht chun cinn.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2026/504, tugtar isteach maoluithe breise ar reo sócmhainní agus ar an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus d’eintitis ainmnithe le haghaidh obair idirghabhálaithe státchistithe le haghaidh bheartas cultúrtha eachtrach na mBallstát sa Rúis, amhail institiúidí cultúrtha, scoileanna nó eagraíochtaí a thacaíonn le mionlaigh eitneacha na mBallstát.

(6)

Maidir le héilimh a dhéanann daoine, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, nó a dhéanann eintitis atá faoi úinéireacht na ndaoine, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin, ní féidir iad a shásamh má bhaineann siad le conarthaí agus idirbhearta a ndéanann bearta sriantacha difear dóibh. Leis an toirmeasc sin, comhdaítear éilimh freisin a thugtar os comhair boird eadrána de bhua clásail eadrána i gconarthaí, rud atá contrártha le cuspóir Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nó Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (4). Chun tionscnamh imeachtaí eadrána ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a dhíspreagadh tar éis bearta sriantacha a ghlacadh, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le himchéimniú nó cur ó rath beart sriantach, go háirithe i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí eadrána i dtríú tír, le Cinneadh (CBES) 2026/504 déantar foráil maidir le maolú lena gceadaítear, faoi choinníollacha áirithe, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha reoite a scaoileadh chun costais imeachtaí eadrána arna ndámhachtain i gcoinne na ndaoine liostaithe sin a íoc, agus chun na críche sin amháin, agus chun tairbhe páirtithe nach daoine iad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Uimh. (AE) 269/2014 ná nach bhfuil faoi úinéireacht ná faoi rialú daoine liostaithe atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach sa Rialachán sin, nó nach náisiúnaigh Rúiseacha iad ná nach bhfuil bunaithe sa Rúis agus nach bhfuil faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

(7)

Le Cinneadh (CBES) 2026/504 tugtar isteach maolú nua chun go bhféadfar cistí reoite eintitis liostaithe a scaoileadh nó acmhainní eacnamaíocha a sholáthar dó, i gcás ina bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun éascaíocht a dhéanamh ar an eintiteas sin do laghdú iontógáil allmhairí amhola na Rúise, nó chun éascaíocht a dhéanamh ar spleáchas an eintitis sin ar allmhairí amhola na Rúise a laghdú. Le Cinneadh (CBES) 2026/504, leathnaítear maolú atá ann cheana maidir le soláthar earraí agus seirbhísí sonracha is gá do chóras meitreo Shóifia.

(8)

Faoi láthair, is féidir le daoine, eintitis nó comhlachtaí, seachas na daoine, na heintits nó na comhlachtaí sin a liostaítear i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, nó daoine seachas iad siúd atá ag gníomhú thar a gceann nó faoina dtreoir, éilimh a dhéanamh i gcoinne daoine, eintitis nó comhlachtaí de chuid an Aontais a chomhlíonann bearta srianta, mar shampla nuair a scoireann daoine de chuid an Aontais de sholáthar na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha a d’fhéadfaí a chur ar fáil do dhaoine a liostaítear faoi Rialachán (AE) 269/2014. Le Cinneadh (CBES) 2026/504 neartaítear creat an Aontais maidir le bearta sriantacha trí raon feidhme an toirmisc ar shásamh na n-éileamh sin a leathnú i ndáil le haon chonradh nó idirbheart a ndearna bearta sriantacha an Aontais difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, chun cosaint níos fearr a thabhairt d’oibreoirí an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach le raon feidhme an toirmisc i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le héilimh den sórt sin a shásamh éilimh a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha seachas tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle.

(9)

Daoine nádúrtha nó dlítheanacha Rúiseacha, eintitis Rúiseacha nó comhlachtaí Rúiseacha, nó daoine, eintitis nó comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu sin, d’fhéadfadh sé go bhféachfaidh siad le cinntí cúirte agus riaracháin a fhorfheidhmiú, i dtríú tíortha seachas an Rúis. Is féidir iarrachtaí den sórt sin a bhunú ar éilimh a bhaineann le conarthaí a ndéanann bearta sriantacha difear dóibh. Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an bhféidearthacht go n-éileoidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha de chuid an Aontais damáistí daoine, eintitis agus comhlachtaí, i dtríú tíortha, a lorgaíonn forfheidhmiú na gcinntí sin, nó a chomhoibríonn lena bhforfheidhmiú, chomh maith le daoine, eintitis agus comhlachtaí atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu.

(10)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):

‘(k)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ar leo soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam, nó a rialaíonn, a bhainistíonn nó a oibríonn soithí a iompraíonn amhola nó táirgí peitriliam nó táirgí mianracha ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis iad agus a dhéanann cleachtais loingseoireachta neamhrialta ardriosca mar a leagtar amach i rún A.1192(33) ó Chomhthionól Ginearálta na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta, nó a sholáthraíonn tacaíocht ábharach, theicniúil nó airgeadais ar shlí eile d’oibríochtaí soithí dá leithéid; nó’

;

(2)

cuirtear na pointí seo a leanas le hAirteagal 4(1):

‘(f)

go bhfuil siad riachtanach le haghaidh riachtanais eagraíochtaí idirmheánacha atá cistithe ag an stát le haghaidh bheartas cultúrtha eachtrach na mBallstát sa Rúise;

(g)

go bhfuil gá leo le haghaidh chláir freagrachta stairiúla na mBallstát nó chun tacú le mionlaigh eitneacha na mBallstát sa Rúis.’

;

(3)

cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

‘Airteagal 5c

1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh i gcás ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin faoi réir cinneadh eadrána a tugadh tar éis an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I, ar choinníoll gur thionscain an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin na himeachtaí eadrána as ar eascair an cinneadh sin. Féadfar an t-údarú sin a dheonú a mhéid a bhaineann an cinneadh eadrána le dámhachtain costas imeachtaí eadrána, agus a mhéid a dhámhann an cinneadh eadrána na costais sin do pháirtí ar duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht é nach bhfuil liostaithe, ná faoi úinéireacht ná faoi rialú duine, eintitis nó comhlachta liostaithe atá faoi réir na mbeart sriantach sa Rialachán seo, nó nach náisiúnach Rúiseach é ná nach bhfuil sé bunaithe sa Rúis agus nach bhfuil sé faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014.

2.   Beidh an t-údarú sin teoranta do chostais na n-imeachtaí eadrána a íoc, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, táillí agus caiteachais an bhinse eadrána, táillí riaracháin na hinstitiúide eadrána, agus costais réasúnacha dlí agus nós imeachta eile arna dtabhú ag an bpáirtí freasúrach, arna ndámhachtain ag an mbinse eadrána i dtaca le seoladh na n-imeachtaí eadrána. Ní bheidh feidhm aige maidir le híocaíocht aon phríomhshuime, damáistí, úis nó éileamh substainteach eile arna ndámhachtain fad a bheidh smachtbhannaí i bhfeidhm.’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6a(1a):

‘1a.   De mhaolú ar Airteagal 2(2), féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, íocaíochtaí a údarú leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhir iontrála 265 faoin gceannteideal “B. Eintitis” in Iarscríbhinn I, le haghaidh earraí agus seirbhísí nach féidir ach leis an eintiteas sin a sholáthar agus atá riachtanach chun carráistí líne 3 de mheitreo Bhúdaipeist arna seachadadh ag Metrowagonmash in 2018 agus carráistí línte 1, 2 agus 4 de mheitreo Shóifia arna seachadadh ag Metrowagonmash roimh 2017 a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú.’

;

(5)

Leasaítear Airteagal 6b mar a leanas:

(1)

leasaítear mír 5e mar a leanas:

(a)

san fhoclaíocht tosaigh, cuirtear na focail ‘eintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 56, 270, 579 agus 726’ in ionad na bhfocal ‘eintitis a liostaítear faoi uimhir iontrála 56, 270 agus 579’;

(b)

i bpointe (a), cuirtear na focail ‘eintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 56, 270, 579 agus 726’ in ionad na bhfocal ‘eintitis a liostaítear faoi uimhir iontrála 56, 270 agus 579’;

(2)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

‘5k.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe a scaoileadh ar leis an eintiteas a liostaítear faoin uimhir iontrála 639 faoin gceannteideal “Eintitis” in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo iad, nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil fíorghá leis na cistí agus leis na hacmhainní eacnamaíocha sin chun laghdú mór ar iontógáil amhola na Rúise nó ar an spleáchas ar allmhairiú amhola na Rúise a éascú agus ar choinníoll go gcuirfear scaoileadh na gcistí nó cur ar fáil acmhainní eacnamaíocha i gcrích roimh an 24 Deireadh Fómhair 2026.’

;

(6)

Cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 11(1):

‘(c)

aon duine nádúrtha ó thríú tír nó aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe i dtríú tír, cé is moite de thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle, a chuireann ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha, a bhfuil toirmeasc faoin Rialachán seo ar iad a chur ar fáil, do na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) den mhír seo.’

;

(7)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11a:

‘Airteagal 11a

1.   Aon duine dá dtagraítear i míreanna in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), beidh sé i dteideal, in imeachtaí breithiúnacha os comhair chúirteanna inniúla an Bhallstáit, aon damáiste díreach nó indíreach a aisghabháil, lena n-áirítear costais dlí, a thabhaigh an duine sin nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoin úinéireacht nó faoin rialú duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (d), mar thoradh ar éilimh arna dtaisceadh i gcúirteanna i dtríú tíortha ag daoine, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointí (a) nó (b), i dtaca le haon chonradh nó idirbheart a bhfuil difear á dhéanamh dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ag na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar na damáistí sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (a) nó (b), a thaisc na héilimh leis na cúirteanna sa tríú tír, nó ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoina n-úinéireacht nó faoina rialú.

2.   Gan dochar do mhír 1, beidh aon duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), i dteideal aon damáistí díreacha nó indíreacha a aisghabháil, in imeachtaí breithiúnacha os comhair cúirteanna inniúla Ballstáit, lena n-áirítear costais dlí, arna dtabhú ag an duine sin nó ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá faoi úinéireacht nó faoi rialú an duine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (d), mar thoradh ar urghairí, orduithe, faoisimh, breithiúnais nó cinntí breithiúnacha nó riaracháin eile, arna dtabhairt i dtríú tíortha seachas an Rúis, lena bhféachtar le breithiúnais a fhorfheidhmiú lena seastar le héilimh dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach bhfuil rochtain éifeachtach ag an duine lena mbaineann ar na leigheasanna faoin dlínse ábhartha. Féadfar damáistí den sórt sin a aisghabháil ó na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí a lorgaíonn, nó a chomhoibríonn le, breithiúnais a fhorfheidhmiú lena seastar le héilimh dá dtagraítear i mír 1 i dtríú tír seachas an Rúis, nó ó dhaoine, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil na heintitis nó na comhlachtaí sin faoina n-úinéireacht nó faoina rialú, cé is moite dá ndlíodóirí agus de na breithiúnacha, agus cé is moite de dhaoine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí ar leo na daoine dá dtagraítear in Airteagal 17, pointe (c) nó (d), nó a rialaíonn na daoine sin, ar eisíodh breithiúnas ina gcoinne lenar seasadh le héilimh dá dtagraítear i mír 1.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO L 78, 17.3.2014, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/145(1)/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/269/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2026/504 ón gComhairle an 23 Aibreán 2026 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’ iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (IO L, 2026/504, 23.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/504/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/833/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/511/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)