|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/507 |
9.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/507 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Márta 2026
lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 64(6) agus Airteagal 66, pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is tír é Cabo Verde a thairbhíonn den socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a sholáthraítear faoi Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), dá ngairtear an Córas Ginearálaithe um Fhabhair (GSP+). I Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún leagtar síos na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach chun críocha an Chórais Ghinearálaithe um Fhabhair (GSP), seachas rialacha nós imeachta (3). |
|
(2) |
I litir dar dáta an 4 Meitheamh 2025, chuir Cabo Verde iarraidh isteach maidir le síneadh a chur leis na maoluithe sealadacha ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maoluithe a deonaíodh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 (4), (AE) 2019/620 (5), (AE) 2021/966 (6) agus (AE) 2024/1288 ón gCoimisiún (7). Baineann an iarraidh le méid bliantúil 5 000 tona d’fhilléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus de luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), 3 000 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus 1 000 tona d’fhilléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Faoin maolú a iarradh, mheasfaí gur de thionscnamh Cabo Verde iad na táirgí sin fiú dá mba ó éisc neamhthionscnaimh a táirgeadh iad. |
|
(3) |
Maidir lena iarraidh ar shíneadh a chur leis na maoluithe sin, thacaigh Cabo Verde léi trí bheith ag brath ar na hargóintí a rinneadh in iarrataí a cuireadh isteach roimhe seo, ar argóintí ábhartha iad fós, mar atá, méideanna ísle tuinnín agus ronnach arna ngabháil ina uiscí teorann, deiseanna iascaireachta atá gann lasmuigh dá uiscí teorann agus fad teoranta an tséasúir iascaireachta, rud lena laghdaítear na deiseanna chun iasc tionscnaimh a ghabháil. Gné thábhachtach eile is ea an fhorbairt a rinne Cabo Verde ar a bhonneagar calafoirt le déanaí. Mar thoradh air sin, is féidir méideanna níos mó éisc a láimhseáil agus, dá bhrí sin, tá deis ag tionscal na hiascaireachta dul i mbun fáis anois. Ar an drochuair, níl cabhlach tionsclaíoch ag Cabo Verde a bheadh in ann freastal ar a thionscal iascaireachta, ná níl infheistíochtaí leordhóthanacha á ndéanamh aige sa chabhlach. Mar thoradh ar an acmhainn theoranta gabhála éisc tionscnaimh atá ann faoi láthair ní fhéadfadh tionscal na hiascaireachta méid a tháirgeadh suas go dtí a uas-acmhainn. Ar deireadh, leis an iarraidh cuireadh i dtábhacht na deacrachtaí a bhfuil Cabo Verde ag dul i ngleic leo mar thoradh ar na moilleanna maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Thiar. Cuireann Cabo Verde i dtábhacht an gá atá aige le maolú ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach is infheidhme faoin gCóras Ginearálaithe um Fhabhair chun cúiteamh a thabhairt dó sa mhéid is nach féidir brath go fóill ar na cuótaí tionscnaimh ná na rialacha maidir le carnadh faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche, ar comhaontú é nach bhfuil feidhm shealadach aige go fóill. |
|
(4) |
Na dúshláin a chuirtear i dtábhacht thuas, is dúshláin iad a bhí roimh Cabo Verde agus a chuir isteach ar iarrachtaí na tíre geilleagar iascaireachta a fhorbairt a d’fhéadfadh slándáil eacnamaíoch a sholáthar don daonra a bhíonn ag brath ar an ngníomhaíocht sin. Ba cheart an iarraidh ar mhaolú a thuiscint freisin i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí atá an tAontas a dhéanamh mar thacaíocht do Cabo Verde, agus tá tionscadail nuachóirithe bonneagair calafoirt ar cheann de na príomhréimsí fócais le haghaidh infheistíochtaí Global Gateway in Cabo Verde, ar infheistíochtaí iad a bhfuil ról ríthábhachtach acu i bhforbairt an tslabhra luacha iascaigh. |
|
(5) |
Ídíodh go gasta na méideanna bliantúla a leagadh síos sa mhaolú sealadach a deonaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1288, rud a chuir na gníomhaíochtaí cannadóireachta i mbaol agus a chruthaigh riosca go spreagfaí caillteanais i dtéarmaí fhostaíocht an daonra áitiúil. |
|
(6) |
Is maolú de chineál sealadach é an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (‘Cód Custaim an Aontais’) agus freagraíonn sé freisin don ghá atá leis an am a bheith ag Cabo Verde é féin a ullmhú chun na rialacha maidir le tionscnamh na dtáirgí ábhartha, agus na ceanglais maidir leis an gcomhar riaracháin a chomhlíonadh. Chun go bhféadfaí maolú den sórt sin a bhainistiú, ba cheart don tír iarrthach na ceanglais a chomhlíonadh maidir leis an bhfaisnéis faoi úsáid an mhaolaithe agus faoi bhainistiú na gcainníochtaí ar ina leith a dheonaítear an maolú agus gach beart a dhéanamh chun bheith ábalta na rialacha a chomhlíonadh go hiomlán go luath amach anseo. |
|
(7) |
Cé gurbh ar bhonn neamhrialta é, chomhlíon Cabo Verde na ceanglais a bhaineann leis an bhfaisnéis maidir le húsáid an mhaolaithe agus ar bhainistiú na gcainníochtaí arna soláthar, chomh maith leis na bearta lena n-áirítear comhlíonadh na rialacha tionscnaimh is infheidhme maidir leis an gCóras Ginearálaithe um Fhabhair agus an comhar riaracháin, dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1288. |
|
(8) |
Mar thoradh ar na deacrachtaí eacnamaíocha athfhillteacha a bhíonn aige agus in éagmais réitigh mhalartacha, ach roinnt easnamh ar an gcomhlíontacht sonraí á gcur san áireamh freisin, ba cheart maolú sealadach a dheonú do Cabo Verde, faoi réir coinníollacha diana, ar an gceanglas faoi na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach, is é sin an ceanglas go measfaí nach de thionscnamh na tíre is tairbhí iad na táirgí ach amháin i gcás ina bhfuil ábhair a fhaightear go hiomlán sa tír sin le fáil iontu. Go háirithe, mar a shonraítear thuas, rinne Cabo Verde iarrachtaí na rialacha a chomhlíonadh agus fuair sé tacaíocht – agus leanfaidh sé de thacaíocht a fháil – ón Aontas, rud a chuideoidh leis sa phróiseas sin ba cheart a bheith curtha i gcrích faoi 2027-2029. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart níos mó ama a thabhairt do Cabo Verde chun na rialacha de bhun Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chomhlíonadh. Ba cheart an maolú a dheonú i leith méid bliantúil 5 000 tona d’fhilléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus de luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), 3 000 tona d’fhilléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus 1 000 tona d’fhilléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó d’fhilléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe. Ba cheart teorainn 2 bhliain a chur le fad an mhaolaithe, rud a thabharfadh deis do Cabo Verde iarracht a dhéanamh na coigeartuithe struchtúracha is gá a dhéanamh in earnáil an iascaigh chun na rialacha tionscnaimh maidir leis na táirgí lena mbaineann a chomhlíonadh. Mar sin féin, féadfar deireadh a chur le fad an mhaolaithe sin níos luaithe má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027. Is amhlaidh atá toisc go bhféadfaí Rialachán Uimh. 978/2012, lena soláthraítear an bunús dlí don mhaolú atá ann faoi láthair, a aisghairm roimh dheireadh 2027 i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gCóras Ginearálaithe um Fhabhair. Ba cheart an maolú a dheonú, áfach, ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde na bearta is gá chun seiceálacha cainníochtúla a dhéanamh ar onnmhairí na dtáirgí atá faoi réir an mhaolaithe agus go ndéanfaidh siad tuarascáil maidir leis na méideanna ar ina leith a eisíodh ráitis maidir le tionscnamh de bhun an Rialacháin seo, agus sraithuimhreacha na ráiteas sin, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(9) |
Ba cheart an maolú ar na rialacha tionscnaimh maidir le tuinnín agus ronnach a bheith coinníollach ar Cabo Verde a bheith ag tuairisciú go tráthrialta do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin maidir leis na bearta atá glactha aige chun a áirithiú go gcomhlíontar na rialacha tionscnaimh le haghaidh na dtáirgí lena mbaineann agus go gcomhlíontar na nósanna imeachta a bhaineann leo agus go soláthróidh sé comhar riaracháin de réir mar a cheanglaítear chun na socruithe fabhracha faoin gCóras Ginearálaithe um Fhabhair dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 (Rialachán GSP) a chur chun feidhme. Ba cheart na tuarascálacha sin a chur isteach de réir sceideal ama beacht. Mar thoradh ar aon mhoill maidir leis an sprioc-am a socraíodh a bhaint amach, ba cheart fionraí an mhaolaithe a chur in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde tar éis meabhrúcháin agus ba cheart cuireadh a thabhairt na tuarascálacha a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Na heilimintí atá le háireamh sna tuarascálacha sin, ba cheart iad a liostú in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá cur chun feidhme an mhaolaithe faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446. |
|
(10) |
Na méideanna a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (8) ón gCoimisiún lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife. |
|
(11) |
Ba cheart na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith acu ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, chun staid dhúshlánach Cabo Verde a chur san áireamh. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
De mhaolú ar Airteagal 41, pointe (b), agus Airteagal 45 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, maidir leis na táirgí dá dtagraítear in Iarscríbhinní I agus II a tháirgtear in Cabo Verde ó éisc neamhthionscnaimh, measfar gur de thionscnamh Cabo Verde iad i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4 den Rialachán seo.
Airteagal 2
1. Beidh feidhm ag an maolú maidir le táirgí a onnmhairíodh ó Cabo Verde agus a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, nó, má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027, go dtí dáta éaga an Rialacháin sin.
2. Beidh feidhm ag an maolú maidir le méideanna táirgí suas go dtí na méideanna bliantúla a liostaítear in Iarscríbhinn I (tuinnín) agus Iarscríbhinn II (ronnach agus ronnach frigéid) a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Tá cur chun feidhme an mhaolaithe faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 43 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.
Airteagal 3
Na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar iad a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, lena rialaítear bainistiú cuótaí taraife.
Airteagal 4
Deonaítear an maolú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
|
(1) |
Déanfaidh údaráis chustaim Cabo Verde na bearta is gá chun seiceálacha cainníochtúla a dhéanamh ar onnmhairí na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1. |
|
(2) |
Cuirfear an lua seo a leanas isteach sna ráitis maidir le tionscnamh a dhéanfaidh na honnmhaireoirí cláraithe: ‘Maolú – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/507 ón gCoimisiún’. |
|
(3) |
Cuirfidh údaráis inniúla Cabo Verde ar aghaidh chuig an gCoimisiún tuarascálacha maidir leis na méideanna ar eisíodh ráiteas maidir le tionscnamh ina leith de bhun an Rialacháin seo agus na cóipeanna de na cruthúnais sin. Is i ndáil le trí thréimhse a bheidh na tuarascálacha a chuirfear in iúl, mar atá, 6 mhí, 12 mhí agus 20 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus beidh tréimhse 2 mhí ann chun na tuarascálacha sin a sheoladh, tar éis an dáta a chinnfear sa mhír seo a leanas. Dá bhrí sin, soláthrófar an chéad tuarascáil idir an 1 Iúil agus an 1 Meán Fómhair 2026. Soláthrófar an dara tuarascáil idir an 1 Eanáir agus an 1 Márta 2027. Soláthrófar an tríú tuarascáil idir an 1 Lúnasa agus an 1 Deireadh Fómhair 2027. Maidir leis an tréimhse eile ón 1 Lúnasa go dtí an 31 Nollaig 2027, beidh sí faoi réir tuarascáil bhreise a bheidh le seoladh laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sin. |
|
(4) |
Déanfaidh údaráis inniúla Cabo Verde, an tráth céanna leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil faisnéis mhionsonraithe maidir leis na bearta a ghlac siad chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
In Iarscríbhinn III liostaítear an fhaisnéis is gá d’údaráis inniúla Cabo Verde a thuairisciú. |
Airteagal 5
I gcás nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí tuairiscithe, a leagtar síos in Airteagal 4(3) agus (4), laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach ann, seolfaidh an Coimisiún meabhrúchán chuig údaráis inniúla Cabo Verde, ina n-iarrfar orthu an fhaisnéis is gá a chur isteach laistigh de 10 lá oibre. Más rud é nach bhfreagraíonn údaráis inniúla Cabo Verde an iarraidh sin faoin sprioc-am socraithe, féadfaidh an Coimisiún an maolú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur ar fionraí. Le fionraí den sórt sin, ní chuirfear síneadh leis an tréimhse dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Cuirfear an fhionraí sin in iúl d’údaráis inniúla Cabo Verde agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027, nó, má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027, go dtí dáta éaga an Rialacháin sin.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim na bhfabhar ginearálaithe taraife agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/561 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (IO L 98, 9.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/561/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/620 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún, i leith filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus tuinnín frigéid nó ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L 108, 23.4.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/620/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/966 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2021 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe, filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L 214, 17.6.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/966/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1288 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2024 lena ndeonaítear maolú sealadach do Cabo Verde ar na rialacha maidir le tionscnamh fabhrach a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446, i leith filléid tuinnín ullmhaithe nó leasaithe agus luanta tuinnín ullmhaithe nó leasaithe (amh, cócaráilte agus reoite), filléid ronnach ullmhaithe nó leasaithe agus filléid tuinnín frigéid ullmhaithe nó leasaithe nó filléid ronnach frigéid ullmhaithe nó leasaithe (IO L, 2024/1288, 7.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1288/oj).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe le haghaidh forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais a chur chun feidhme (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Uimh. Ordaithe |
Cód AC |
Cód TARIC |
Tuairisc ar earraí |
Tréimhsí |
Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain) |
|
09.1602 |
1604142100 1604142690 1604142800 1604207050 1604207055 1604143190 1604143690 1604143800 1604207099 0304870090 1604144120 1604144629 1604144820 1604207045 0304870020 1604144130 1604144830 |
10 |
Filléid agus luanta boiníotó Atlantaigh, iad ullmhaithe nó leasaithe (Katsuwonus pelamis) |
an 1.1.2026 go dtí an 31.12.2026 |
5 000 tona |
|
an 1.1.2027 go dtí an 31.12.2027, nó, má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027, go dtí dáta éaga an Rialacháin sin |
5 000 tona |
||||
|
Filléid agus luanta tuinnín bhuí, iad ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus albacares) |
|||||
|
Filléid agus luanta tuinnín mhórshúiligh, iad ullmhaithe nó leasaithe (Thunnus obesus) |
|||||
|
Tuinnín colgach ullmhaithe (Thunnus alalunga) |
IARSCRÍBHINN II
|
Uimh. Ordaithe |
Cód AC |
Cód Taric |
Tuairisc ar earraí |
Tréimhsí |
Méid bliantúil (i dtonaí glanmheáchain) |
|
09.1647 |
1604151100 ex 1604 19 97 |
10 |
Filléid ronnaigh, iad ullmhaithe nó leasaithe (Scomber scombrus, Scomber japonicus, Scomber colias) |
an 1.1.2026 go dtí an 31.12.2026 |
3 000 tona |
|
an 1.1.2027 go dtí an 31.12.2027, nó, má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027, go dtí dáta éaga an Rialacháin sin |
3 000 tona |
||||
|
09.1648 |
ex 1604 19 97 1604209000 |
10 |
Filléid tuinnín frigéid, iad ullmhaithe nó leasaithe, nó filléid ronnaigh frigéid, iad ullmhaithe nó leasaithe (Auxis thazard, Auxis rochei) |
an 1.1.2026 go dtí an 31.12.2026 |
1 000 tona |
|
an 1.1.2027 go dtí an 31.12.2027, nó, má théann Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 in éag roimh an 31 Nollaig 2027, go dtí dáta éaga an Rialacháin sin |
1 000 tona |
IARSCRÍBHINN III
Bearta atá le tuairisciú ag údaráis Cabo Verde maidir le cur chun feidhme na rialacha agus na nósanna imeachta tionscnaimh laistigh de Scéim GSP an Aontais (Airteagal 4(4))
Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 4(4), déanfar tuairisc mhionsonraithe inter alia ar na bearta arna nglacadh ag údaráis Cabo Verde chun an méid seo a leanas a áirithiú:
|
a) |
go ndéantar fíoruithe ar stádas tionscnaimh na dtáirgí arna iarraidh sin ag údaráis chustaim Bhallstáit an Aontais i gcás gach ceann de na hiarrataí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagail 108 agus 109 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447; |
|
b) |
maidir leis na fíoruithe ar stádas tionscnaimh táirgí iascaireachta mara agus táirgí eile a thógtar ón bhfarraige, go ndéantar seiceáil ar áit na gabhála mar chuid díobh agus, i gcás ina dtógtar na táirgí in áit lasmuigh den fharraige theorann, go ndéantar seiceáil ar choinníollacha úinéireachta an tsoithigh, mar a leagtar síos in Airteagal 44 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446; |
|
c) |
go ndéantar na rialuithe de réir bhrí Airteagal 108(1)(b) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ar onnmhaireoirí ag eatraimh a chinntear ar bhonn critéir iomchuí anailíse riosca; |
|
d) |
go gcuirtear onnmhaireoirí agus oifigigh Rialtais in Cabo Verde ar an eolas mar is ceart faoi rialacha tionscnaimh Scéim GSP an Aontais agus nósanna imeachta a bhaineann leo trí bhíthin treoracha leormhaithe, cúrsaí oiliúna, seimineár agus/nó faisnéis ghréasánbhunaithe. |
Maidir leis na bearta faoi a) thuas, léireofar sa tuarascáil an méid seo a leanas le haghaidh gach iarrata ar fhíorú tionscnaimh a fhaightear ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh:
|
|
Tagairt agus dáta na hiarrata ar fhíorú tionscnaimh, |
|
|
An Ballstát a sheol an iarraidh, |
|
|
An dáta a fuair údaráis Cabo Verde an iarraidh, |
|
|
An táirge lena mbaineann (cód CC agus tuairisc ar na táirgí), |
|
|
An dáta a seoladh an freagra chuig an mBallstát iarrthach; |
|
|
Na cúiseanna atá le haon mhoill ar an iarraidh a fhreagairt, más amhlaidh an cás; |
|
|
An measúnú ar an iarraidh a rinne údaráis Cabo Verde (i.e. cé acu a deimhníodh an tionscnamh a dearbhaíodh sa ráiteas maidir le tionscnamh nó nár deimhníodh). |
Maidir leis na bearta faoi c) thuas, léireofar na nithe seo sa tuarascáil:
|
|
cé mhéad rialú a rinneadh; |
|
|
conas a dhéanann na húdaráis inniúla anailís ar riosca agus cén cineál critéar a úsáidtear agus eatraimh idir seiceálacha rialacha ar onnmhaireoirí á gcinneadh; |
|
|
cén mhodheolaíocht a úsáidtear le linn na rialuithe; |
|
|
cé acu a cheangail na húdaráis inniúla ar roinnt onnmhaireoirí cóipeanna nó liosta de na ráitis maidir le tionscnamh a bhí déanta acu a sholáthar nó nár cheangail d’fhonn na rialuithe a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 108(1)(b) agus (2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447; |
|
|
cé acu a léiríodh nó nár léiríodh leis na rialuithe go bhfuil ag na honnmhaireoirí in Cabo Verde tuiscint mhaith ar na rialacha tionscnaimh agus na nósanna imeachta is infheidhme; |
|
|
faisnéis maidir le cé acu a rinneadh bearta ceartaitheacha nó nach ndearnadh agus/nó maidir le cé acu a forchuireadh pionóis nó nár forchuireadh i gcásanna ina ndearna an t-onnmhaireoir ráiteas mícheart maidir le tionscnamh. |
Áireofar sa tuarascáil, a mhéid a bhaineann leis na bearta faoi d) thuas, na treoracha, na doiciméid agus na hábhair oiliúna maidir le rialacha tionscnaimh Scéim GSP an Aontais a úsáidtear chun onnmhaireoirí agus oifigigh rialtais in Cabo Verde a chur ar an eolas.
Le gach tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 4(4), tabharfar cothrom le dáta an fhaisnéis a cuireadh ar fáil sna tuarascálacha roimhe sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/507/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)