European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/501

6.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/501 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Márta 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a mhéid a bhaineann le fógra a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, réigiúin sna Ballstáit chun fógra agus tuairisc a thabhairt agus iarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagail 23 agus 40 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le galair ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear rialacha maidir le fógra a thabhairt i leith galar agus tuairisciú ina leith, agus rialacha maidir le stádas saor ó ghalar. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (2) forlíontar Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar, agus maidir le stádas saor ó ghalar. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún (3), leagtar síos rialacha maidir leis na coinníollacha a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas a chur chun feidhme, agus maidir leis an bhfaisnéis i ndáil le hiarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar a chur isteach agus leis na formáidí i leith na n-iarratas sin.

(2)

Is galair veicteoir-iompartha iad ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh, agus tá eipidéimeolaíocht chomhchosúil acu. Is galair liostaithe iad araon freisin, mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (18), de Rialachán (AE) 2016/429, agus tá siad faoi réir na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán sin. Ina theannta sin, liostaítear iad araon mar ghalair Chatagóirí D agus E san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (4) tar éis leasú a rinneadh le déanaí le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 ón gCoimisiún (5), lena ndearnadh ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga a athchatagóiriú mar ghalar Chatagóir D+E. Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 ón 15 Iúil 2026 ar aghaidh.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, tá an dá ghalar faoi réir fógra láithreach a thabhairt don Aontas freisin. Mar sin féin, tá gá leis an bhfógra sin a thabhairt don Aontas i gcásanna éagsúla toisc go bhfuil ráigeanna d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga faoi réir fógra láithreach a thabhairt don Aontas nuair a dheimhnítear iad i gcriosanna atá saor ón víreas gormtheanga agus sna cásanna sin amháin ach go mbíonn ráigeanna d’ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh faoi réir fógra láithreach a thabhairt don Aontas i gcónaí. Ar mhaithe le simpliú, agus i bhfianaise eipidéimeolaíocht chomhchosúil an dá ghalar agus rialacha an Aontais maidir leis an dá ghalar, rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882, na cásanna ina bhfuil ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga agus ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh araon faoi réir fógra a thabhairt don Aontas, ba cheart iad a ailíniú. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002, agus na rialacha comhfhreagracha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir.

(4)

I bhfianaise an lín ollmhóir ráigeanna d’ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga agus d’ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh in aghaidh na bliana, agus fógra á thabhairt don Aontas faoin dá ghalar ní mór faisnéis eipidéimeolaíoch ábhartha a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi ghníomhaíochtaí na n-údarás inniúil agus san am céanna a bheith inbhuanaithe agus inbhainistithe ag na húdaráis inniúla. Dá bhrí sin, ní bheidh ach na ráigeanna sin atá ábhartha ó thaobh na heipidéimeolaíochta de faoi réir fógra a thabhairt don Aontas.

(5)

I bhfianaise an sprioc-ama ghearr atá ann i gcás fógra a thabhairt don Aontas faoi ráigeanna de ghalair liostaithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an fhaisnéis uile is gá a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ar fáil agus fógra á thabhairt don Aontas. A luaithe a bheidh sí ar fáil, ba cheart í a bheith faoi réir faoi réir fógra a thabhairt don Aontas gan moill mhíchuí. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir sin.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/429 go mbunóidh na Ballstáit réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú chun fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe áirithe. Liostaítear na réigiúin sin in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002. Tá sé iarrtha ag an tSeicia, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír agus an Ostair ar an gCoimisiún na hiontrálacha maidir lena réigiúin a leasú. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir.

(7)

Le hAirteagal 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 leagtar síos na critéir chun stádas saor ó ghalar Ballstáit nó creasa a aithint bunaithe ar shonraí stairiúla agus faireachais. Leasaíodh Airteagal 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1798 ón gCoimisiún (6) chun foráil a dhéanamh go bhféadfadh Ballstát stádas saor ó ghalar a fháil le haghaidh gach galair Chatagóir B agus C bunaithe ar shonraí stairiúla agus faireachais. Tar éis an leasaithe sin, maidir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 i ndáil leis an bhfaisnéis agus na formáidí le haghaidh iarratais atá le cur isteach ag na Ballstáit chun stádas saor ó ghalar a fháil, bunaithe ar na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689, ba cheart na rialacha sin an leasú sin a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart Roinn 5 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 a leasú dá réir sin.

(8)

Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil feidhm ón 15 Iúil 2026 ar aghaidh ag na leasuithe arna ndéanamh ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 a mhéid a bhaineann le catagóiriú nua an ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga mar ghalar de chatagóir D+E, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin ar aghaidh freisin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

‘(d)

pointe 6 d’Iarscríbhinn I, má tá an ráig phríomhúil deimhnithe i réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus i gcás inarb é ceann díobh seo a leanas is cúis leis an ráig:

(i)

séiritíopa nua atá braite den chéad uair sa réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú; nó

(ii)

séiritíopa a bhí i gcúrsaíocht sna blianta roimhe sin, ach atá braite den chéad uair sa réigiún sin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú i dtréimhse tharchuir bhliantúil nua na bliana tuairiscithe.’;

(b)

i mír 2, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

‘(d)

pointe 6 d’Iarscríbhinn I, má tá na ráigeanna tánaisteacha den chineál sin deimhnithe i réigiún sin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú a liostaítear in Iarscríbhinn IV, agus i gcás inar séiritíopa a bhí i gcúrsaíocht roimhe sin is cúis leis an ráig, ach gur ráig í atá braite den chéad uair sa réigiún sin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú i dtréimhse tharchuir bhliantúil nua na bliana tuairiscithe.’;

(c)

cuirtear mír 4 seo a leanas leis:

‘4.   Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi aon nuashonrú ar an bhfaisnéis ábhartha a bhaineann le gach ráig, dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II, a luaithe a bheidh faisnéis nua ar fáil don údarás inniúil.’

;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinní I, IV agus VI, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Iúil 2026 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalar le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/689/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair liostaithe, le formáidí agus nósanna imeachta chun cláir faireachais an Aontais agus cláir dhíothaithe a chur isteach agus a thuairisciú agus le hiarratas ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar, agus leis an gcóras faisnéise ríomhairithe (IO L 412, 8.12.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/2002/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/169 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2026 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 a mhéid a bhaineann le haicmiú ionfhabhtaithe leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) mar ghalar liostaithe (IO L, 2026/169, 27.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/169/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1798 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothúcháin, agus stádas saor ó ghalair le haghaidh galair liostaithe áirithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 233, 21.9.2023, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1798/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, IV agus VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2002 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(a)

i bpointe 1, scriostar an iontráil a bhaineann le ‘Ionfhabhtú le víreas an ghalair fuilreatha eipeasótaigh’;

(b)

i bpointe 4, scriostar an iontráil a bhaineann le ‘hIonfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) trí shéiritíopa’;

(c)

cuirtear isteach an pointe 6 seo a leanas:

‘6.

Galair liostaithe ainmhithe talún atá faoi réir fógra a thabhairt don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (d), agus Airteagal 3(2), pointe (d)

Ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga (séiritíopaí 1-24) trí shéiritíopa

Ionfhabhtú le víreas ghalar fuilreatha eipeasótach’;

(2)

Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an tSeicia:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an tSeicia

kraj’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Danmhairg:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an Danmhairg

bardasacht’

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an nGearmáin:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an Ghearmáin

Kreis’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Ungáir:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an Ungáir

vármegye’

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Ísiltír:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an Ísiltír

provincie’

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an Ostair:

Ballstát

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

‘an Ostair

Bundesland’

(3)

in Iarscríbhinn VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn 5:

ROINN 5

Stádas saor ó ghalar bunaithe ar shonraí stairiúla agus faireachais

(1)

Faisnéis atá le háireamh ag an údarás inniúil in iarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar do Bhallstát, nó do chrios nó deighleog de, má áirítear níos mó ná crios nó deighleog amháin i raon feidhme críochach an iarratais, i gcás ina bhfuil an galar tuairiscithe sna 25 bliana roimhe sin, agus ina bhfuil sé díothaithe ón gcríoch lena mbaineann:

(a)

Stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a mhéid a bhaineann le bó-ainmhithe ar coimeád:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis le vacsaíniú nó gan vacsaíniú ar leibhéal na bunaíochta;

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(b)

Stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus B. suis a mhéid a bhaineann le hainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ar coimeád:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 2 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le hionfhabhtú le Brucella abortus, B. melitensis agus Suis le vacsaíniú nó gan vacsaíniú ar leibhéal na bunaíochta;

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(c)

Stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis ar leibhéal na bunaíochta;

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(d)

Stádas saor ó ghalair maidir le liúcóis bhuaibheach eansótach (LBE):

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 4 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le LBE ar leibhéal na bunaíochta,

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(e)

Stádas saor ó ghalair maidir le rineatraicéíteas tógálach buaibheach/bált-fhaighníteas puchóideach ionfhabhtaíoch (IBR/IPV):

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 5 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le IBR/IPV ar leibhéal na bunaíochta;

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (d), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(f)

Stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le bréagchonfadh:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 6 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le hionfhabhtú le bréagchonfadh ar leibhéal na bunaíochta.

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (e), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(g)

Stádas saor ó ghalair maidir le buinneach víreasach bhólachta (BVB):

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 7 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le BVB ar leibhéal na bunaíochta;

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (f), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(h)

Stádas saor ó ghalar maidir le hionfhabhtú le víreas an chonfaidh:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 8 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointe (g), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(i)

Stádas saor ó ghalar maidir le galair chatagóir B agus C d’ainmhithe uisceacha:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 10 de Roinn 6 Iarscríbhinn VI;

(ii)

na critéir arna n-iarraidh ag an údarás inniúil chun stádas saor ó ghalar a dheonú, a choinneáil, a chur ar fionraí agus a athshlánú, a tharraingt siar agus a fháil ar ais maidir le galair chatagóir B agus C d’ainmhithe uisceacha ar leibhéal na bunaíochta.

(iii)

aon fhaisnéis agus sonraí eile is gá chun comhlíonadh cheanglais Airteagal 72, pointí (k) go (q), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 a léiriú.

(2)

Beidh faisnéis faoi fhianaise dhoiciméadaithe ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointí (a) go (f) de Roinn 1 de Chuid III d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 in iarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar maidir le hinmhíolú le Varroa spp, i gcás nach bhfuil an galar tuairiscithe riamh, nó ina bhfuil sé díothaithe agus nach bhfuil sé tuairiscithe ar feadh 25 bliana ar a laghad, roimh dháta an iarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalar.

(3)

Beidh faisnéis faoi fhianaise dhoiciméadaithe ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointí (a) go (e) de Roinn 1 de Chuid IV d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 in iarratais ar aitheantas ar stádas saor ó ghalair maidir le hionfhabhtú le víreas ghalar Newcastle gan vacsaíniú.’

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/501/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)