|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/490 |
2.3.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/490 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Feabhra 2026
lena leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES a bhaineann le bearta sriantacha arna ndíriú ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/119/CBES (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2014/119/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 6 Márta 2027 agus ba cheart an fhaisnéis san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin maidir leis na cearta chun cosanta agus leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a nuashonrú. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2014/119/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/119/CBES mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 5, an dara mír, cuirtear an dáta ‘6 Márta 2027’ in ionad an dáta ‘6 Márta 2026’; |
|
(2) |
leasaítear an Iarscríbhinn i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DAMIANOS
(1) Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha arna ndíriú ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (IO L 66, 6.3.2014, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/119(1)/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES, i Roinn B (‘Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil’), faoin gceannteideal ‘Cur i bhfeidhm na gceart chun cosanta agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil i gcás gach duine de na daoine a liostaítear’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na faisnéise i ndáil le Vitalii Yuriyovych Zakharchenko, Viktor Ivanovych Ratushniak agus Serhiy Vitalyovych Kurchenko:
|
‘2. |
Vitalii Yuriyovych Zakharchenko Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós. Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Vitalii Zakharchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Vitalii Zakharchenko a choinneáil faoi choimeád chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Vitalii Zakharchenko mar dhuine faoi dhrochamhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi dhrochamhras sin á cheilt féin ar an imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint. Thairis sin, tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Vitalii Zakharchenko a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Vitalii Zakharchenko a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine lena hiontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Vitalii Zakharchenko, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021. Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív le go ndéanfaí bunús an cháis a mheas. Ina theannta sin, an 2 Bealtaine 2023, cheadaigh Cúirt Dúiche Sviatoshynskyi i gCív iarraidh an ionchúisitheora agus chuir sí triail ar bun mar chuid den imeacht speisialta breithiúnach (in absentia) in éagmais an chúisí. Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil na héisteachtaí cúirte fós ar siúl le 12 éisteacht chúirte sceidealaithe in 2024 agus 14 éisteacht chúirte sceidealaithe in 2025. Níor tharla cuid de na héisteachtaí cúirte sin, ar chúiseanna áirithe lena n-áirítear ligean d’abhcóide cosanta nuacheaptha Zakharchenko eolas a chur ar ábhair an cháis agus mar gheall ar ghearradh cumhachta i bhfoirgneamh na cúirte tar éis ionsaí diúracáin. Ag an am céanna, tá scrúdú á dhéanamh ag an gcúirt ar dhoiciméid arb ionann iad agus fianaise i ndáil leis an gcás. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Vitalii Zakharchenko abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach tá ionadaíocht á déanamh ar a leasanna ag abhcóide cosanta a shannadh air. Ní féidir a fháil amach an ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Vitalii Zakharchenko an t-imscrúdú a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Vitalii Zakharchenko. |
|
6. |
Viktor Ivanovych Ratushniak Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós. Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Viktor Ratushniak chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe le cinntí an bhreithimh imscrúdaithe an 19 Aibreán 2021 lena n-ordaítear Viktor Ratushniak a choinneáil faoi choimeád chomh maith le rialú ó Chúirt Dúiche Pecherskyi i gCív an 10 Lúnasa 2021, lenar dtugtar cead imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929. Leis na cinntí sin ó na breithiúna imscrúdaithe dearbhaítear stádas Viktor Ratushniak mar dhuine faoi dhrochamhras agus cuirtear chun suntais go bhfuil an duine faoi dhrochamhras sin á cheilt féin ón imscrúdú chun dliteanas coiriúil a sheachaint. Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Viktor Ratushniak a chuardach. An 12 Feabhra 2020, chinn an comhlacht imscrúdaithe Viktor Ratushniak a chur ar liosta idirnáisiúnta na ndaoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus chuir sé iarraidh ar aghaidh chuig Roinn um Chomhar Idirnáisiúnta Póilíneachta Phóilíní Náisiúnta na hÚcráine le haghaidh iontráil i mbunachar sonraí Interpol. Ina theannta sin, an 11 Bealtaine 2021, sheol an Úcráin iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise chun a fháil amach cá raibh Viktor Ratushniak, iarraidh dá dhiúltaigh an Rúis an 31 Lúnasa 2021. Tá sé curtha in iúl ag an gComhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 42016000000002929 i gcrích an 9 Feabhra 2022, agus an 5 Lúnasa 2022, tar éis cheanglais Chód Nós Imeachta Coiriúil na hÚcráine a chomhlíonadh, gur sheol Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta díotáil chuig Cúirt Dúiche Pecherskyi i gCathair Chív le go ndéanfaí bunús an cháis a mheas. Ina theannta sin, an 2 Bealtaine 2023, cheadaigh Cúirt Dúiche Sviatoshynskyi i gCív iarraidh an ionchúisitheora agus chuir sí triail ar bun mar chuid den imeacht speisialta breithiúnach (in absentia) in éagmais an chúisí. Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil na héisteachtaí cúirte fós ar siúl le 12 éisteacht chúirte sceidealaithe in 2024 agus 14 éisteacht chúirte sceidealaithe in 2025. Níor tharla cuid de na héisteachtaí cúirte sin, ar chúiseanna áirithe lena n-áirítear gearradh cumhachta i bhfoirgneamh na cúirte tar éis ionsaí diúracáin. Ag an am céanna, tá scrúdú á dhéanamh ag an gcúirt ar dhoiciméid arb ionann iad agus fianaise i ndáil leis an gcás. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuir údaráis na hÚcráine ar fáil, níor lorg Viktor Ratushniak abhcóide cosanta chun ionadaíocht a dhéanamh dó sna himeachtaí coiriúla san Úcráin ach tá ionadaíocht á déanamh ar a leasanna abhcóide cosanta a shannadh air. Ní féidir a fháil amach an ndéantar aon sárú ar na cearta chun cosanta ná ar an gceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil i gcás nach bhfeidhmíonn an chosaint na cearta sin. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Viktor Ratushniak a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear thuas agus a chuirtear i leith Viktor Ratushniak. |
|
12. |
Serhiy Vitalyovych Kurchenko Tá na himeachtaí coiriúla a bhaineann le míleithreasú cistí poiblí nó sócmhainní poiblí ar bun fós. Léiríonn an fhaisnéis i gcomhad na Comhairle gur urramaíodh, sna himeachtaí coiriúla ar ar bhraith an Chomhairle, lena n-áirítear an ceart bunúsach go n-éistfeadh binse neamhspleách neamhchlaonta lena chás laistigh de thréimhse réasúnach ama, na cearta sin atá ag Serhiy Kurchenko chun cosanta agus an ceart atá aige chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil. Léirítear é sin go háirithe sa chaoi ar tugadh fógra don chosaint gur tugadh chun críche an t-imscrúdú réamhthrialach i dtaobh imeacht coiriúil Uimh. 42016000000003393 an 28 Márta 2019 agus gur tugadh rochtain ar na hábhair di ar mhaithe le taithíocht. Anuas air sin, an 11 Deireadh Fómhair 2021, chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú dlíodóirí cosanta Serhiy Kurchenko ar an eolas faoi thabhairt chun críche an imscrúdaithe réamhthrialach agus faoin rochtain ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach a tugadh ar mhaithe le taithíocht. Fuair an Chomhairle faisnéis gur chuir Biúró Náisiúnta na hÚcráine in aghaidh Éilliú foriarratas isteach ar théarma a leagan síos don athbhreithniú arna ndéanamh ag an bpáirtí cosanta chun aghaidh a thabhairt ar an moill a bhí ar an bpáirtí cosanta athbhreithniú a dhéanamh ar ábhair an imscrúdaithe réamhthrialach. Cuireadh in iúl don Chomhairle go ndearna an Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú, sa chinneadh uaithi dar dáta an 27 Meitheamh 2022, teorainn ama go dtí an 1 Nollaig 2022 a leagan síos don pháirtí cosanta chun an próiseas taithíochta a chur i gcrích, agus ina dhiaidh sin meastar gur fheidhmigh siad a gceart chun rochtain a fháil ar na hábhair. An 7 Nollaig 2022, sheol Oifig an Ionchúisitheora Speisialaithe in aghaidh Éilliú díotáil chuig Ard-Chúirt na hÚcráine in aghaidh Éilliú le go ndéanfaí bunús an cháis a mheas. An 30 Márta 2023, thionóil an chúirt réamhéisteacht agus chinn sí triail a chur ar bun. An dáta céanna, dheonaigh an chúirt freisin iarraidh an ionchúisitheora imeachtaí cúirte speisialta (in absentia) a dhéanamh i gcoinne an chúisí. Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil na héisteachtaí cúirte fós ar siúl agus go bhfuil fianaise i scríbhinn an ionchúisimh á scrúdú ag an gcúirt. Glacann abhcóide cosanta Vitalyovych Kurchenko páirt sa triail. Maidir le himeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076, sa chinneadh uaithi an 18 Meán Fómhair 2020, cheadaigh Cúirt Achomhairc Odessa an t-achomharc ón ionchúisitheoir agus d’fhorchuir sí beart coisctheach coinneála faoi choimeád ar Serhiy Kurchenko. Dúirt an chúirt freisin gur fhág Serhiy Kurchenko an Úcráin in 2014 agus nach eol cá bhfuil sé. Chinn an chúirt go bhfuil Serhiy Kurchenko á cheilt féin ó na comhlachtaí imscrúdaithe réamhthrialach chun dliteanas coiriúil a sheachaint. An 20 Nollaig 2021, thug Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa, cead chun imscrúdú speisialta réamhthrialach a dhéanamh in absentia. Thairis sin, an 20 Deireadh Fómhair 2021, dhíbh Cúirt Dúiche Kyivskyi, Cathair Odesa an t-achomharc ó dhlíodóirí Kurchenko go gcuirfí ar ceal rún an ionchúisitheora an 27 Iúil 2021 an t-imscrúdú réamhthrialach a chur ar fionraí. Tá faisnéis ag an gComhairle go ndearna údaráis na hÚcráine bearta chun Serhiy Kurchenko a chuardach. An 13 Bealtaine 2021, chuir Príomh-Roinn na bPóilíní Náisiúnta i Réigiún Odessa iarraidh ar aghaidh chuig Biúró Interpol na hÚcráine agus chuig Europol le Fógra Dearg a fhoilsiú i leith Serhiy Kurchenko, atá faoi bhreithniú. Cuireadh in iúl don Chomhairle an 29 Aibreán 2020 gur chuir údaráis na hÚcráine iarraidh ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta chuig Cónaidhm na Rúise, a cuireadh ar ais an 28 Iúil 2020 gan forghníomhú. Cuireadh in iúl don Chomhairle gur cuireadh an t-imscrúdú réamhthrialach in imeacht coiriúil Uimh. 12014160020000076 i gcrích an 6 Bealtaine 2022 agus gur chuir Oifig Ionchúisitheora Réigiún Odessa díotáil chuig Cúirt Dúiche Prymorskyi, Cathair Odesa an 1 Lúnasa 2022 le go ndéanfaí bunús an cháis a mheas. An 18 Aibreán 2023, dheonaigh an chúirt freisin an iarraidh a rinne an t-ionchúisitheoir imeachtaí cúirte speisialta (in absentia) a dhéanamh i gcoinne an chúisí. Cuireadh in iúl don Chomhairle go bhfuil na héisteachtaí cúirte fós ar siúl agus go bhfuil go leor dátaí sceidealaithe in 2024 agus 2025. Mar shampla, ag an éisteacht chúirte an 25 Eanáir 2024, rinne abhcóide cosanta an chúisí iarratas ar dhícháiliú an bhreithimh, iarratas a breithníodh an 21 Márta 2024 agus ar diúltaíodh dó. Níor reáchtáladh éisteacht eile an 22 Bealtaine 2024 mar gheall ar iarratas an abhcóide cosanta ar dhícháiliú an bhreithimh, iarratas a breithníodh an 3 Aibreán 2025 agus ar diúltaíodh dó. Cuireadh in iúl don Chomhairle freisin go bhfuil fianaise i scríbhinn an ionchúisimh á scrúdú ag an gcúirt. Glacann abhcóide cosanta Vitalyovych Kurchenko páirt i ngach éisteacht chúirte. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, measann an Chomhairle nach mór na tréimhsí ar lena linn atá imscrúdú á sheachaint ag Serhiy Kurchenko a eisiamh ó ríomh na tréimhse is ábhartha don mheasúnú ar urraim don cheart chun trialach laistigh de thréimhse réasúnach ama. Measann an Chomhairle, dá bhrí sin, gur faide go mór an t-imscrúdú de bharr na n-imthosca a léirítear sa chinneadh ó Chúirt Achomhairc Odessa agus a chuirtear i leith Serhiy Kurchenko agus de bharr neamh-fhorghníomhú na hiarrata ar chúnamh dlíthiúil idirnáisiúnta.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/490/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)