|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/488 |
5.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/488 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Márta 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455 a mhéid a bhaineann le mionathrú ar údarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil ‘SatPax® 70/30 IPA’
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Márta 2025, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455 ón gCoimisiún (2) rinneadh údarú Aontais a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0032869-0000 aige a dheonú do CSI-Ireland chun an táirge bithicídeach singil ‘SatPax® 70/30 IPA’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin an achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh an táirge bhithicídigh sin. |
|
(2) |
An 30 Aibreán 2025 chuir CSI-Ireland iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), maidir le mionathrú ar údarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil ‘SatPax® 70/30 IPA’, dá dtagraítear i dTeideal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Rinneadh taifead den iarratas faoi chás-uimhir BC-QY105662-08 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Baineann an t-athrú atá beartaithe ar an údarú sin le síneadh a chur le seilfré an táirge ó 2 bhliain go 3 bliana. |
|
(3) |
An 9 Meán Fómhair 2025, i gcomhréir le hAirteagal 12(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, chuir an Ghníomhaireacht tuairim (4) faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an mionathrú a cuireadh i bhfeidhm ar údarú Aontais an táirge bhithicídigh shingil ‘SatPax® 70/30 IPA’ mar aon le hachoimre athbhreithnithe ar shaintréithe táirge agus tuarascáil mheasúnaithe athbhreithnithe. Is é conclúid na tuairime gur mionathrú é an t-athrú atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a shonraítear i dTeideal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 go fóill tar éis an t-athrú sin a bheith curtha chun feidhme. |
|
(4) |
An 10 Meán Fómhair 2025, sheol an Ghníomhaireacht an achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge maidir leis an údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘SatPax® 70/30 IPA’ chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, lena gcumhdaítear an mionathrú ar cuireadh iarratas isteach ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013. |
|
(5) |
Comhaontaíonn an Coimisiún leis an tuairim ón nGníomhaireacht agus measann sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí an t-údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh shingil ‘SatPax® 70/30 IPA’ a leasú chun an mionathrú a d’iarr CSI-Ireland a thabhairt isteach. |
|
(6) |
Ach amháin i gcás na leasuithe a bhaineann leis an mionathrú atá beartaithe, is gan athrú a fhanfaidh gach faisnéis eile a chuimsítear san achoimre ar shaintréithe táirge ‘SatPax® 70/30 IPA’, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455. |
|
(7) |
Chun an tsoiléireacht a fheabhsú agus chun go mbeidh rochtain níos éasca ag úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455. I ngeall ar athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a ghiniúint sa Chlár i mí Feabhra 2024, ba cheart roinnt mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a bheith san achoimre ar shaintréithe an táirge san Iarscríbhinn sin freisin. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/455 ón gCoimisiún an 7 Márta 2025 lena ndeonaítear údarú Aontais le haghaidh an táirge bhithicídigh ‘SatPax® 70/30’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/455, 10.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/455/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an mionathrú ar údarú Aontais an táirge bhithicídigh ‘SatPax® 70/30 IPA’ an 9 Meán Fómhair 2025, ECHA/BPC/487/2025 https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.
IARSCRÍBHINN
ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE HAGHAIDH TÁIRGE BITHICÍDEACH
SatPax® 70/30 IPA
Cineál nó cineálacha táirge
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe
Uimhir an údaraithe: EU-0032869-0000
Uimhir sócmhainne R4BP: EU-0032869-0000
Caibidil 1. FAISNÉIS RIARACHÁIN
1.1. Trádainm/trádainmneacha an táirge
|
Trádainm/trádainmneacha |
SatPax® 70/30 IPA SatPax® Choice® 500 Sterile SatPax® Choice® 500 SatPax® 550 Sterile SatPax® 550 SatPax® 550 Low Endotoxin Sterile SatPax® 550 Low Endotoxin SatPax® Choice® 600 Sterile SatPax® Choice® 600 SatPax® 670 Sterile SatPax® 670 SatPax® 670A Sterile SatPax® 670A SatPax® 670-R Sterile SatPax® 670-R SatPax® 3000 Sterile SatPax® 3000 SatPax® Choice® 700 Sterile SatPax® Choice® 700 SatPax® Choice® 900 Sterile SatPax® Choice® 900 SatPax® 1000 Sterile SatPax® 1000 SatPax® S1200 Sterile SatPax® S1200 SatPax® Choice® SuperSorb Sterile SatPax® Choice® SuperSorb SatPax® MicroSeal SuperSorb® Sterile SatPax® MicroSeal SuperSorb® SatPax® Microseal®-VP Sterile SatPax® Microseal®-VP SatPax® Microseal®-VP Low Endotoxin Sterile SatPax® MicroSeal®-VP Low Endotoxin SatPax® ValuSeal-HA® Sterile SatPax® ValuSeal-HA® SatPax® SPSE Sterile SatPax® SPSE SatPax® SPLWSE Sterile SatPax® SPLWSE SatPax® SPSWSE Sterile SatPax® SPSWSE SatPax® ValuSeal® IonX® Sterile SatPax® ValuSeal® IonX® |
1.2. Sealbhóir an údaraithe
|
Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe |
Ainm |
CSI-Ireland |
|
Seoladh |
Block C Ardilaun Court 112-114 St. Stephen’s Green D02 TD28 Dublin IE |
|
|
Uimhir an údaraithe |
|
EU-0032869-0000 |
|
Uimhir sócmhainne R4BP |
|
EU-0032869-0000 |
|
Dáta an údaraithe |
|
30.3.2025 |
|
Dáta éaga an údaraithe |
|
28.2.2035 |
1.3. Monaróir/monaróirí an táirge
|
Ainm an mhonaróra |
Berkshire International Ltd |
|||
|
Seoladh an mhonaróra |
Unit A, The Apex, Farrier Close NR18 0WF Wymondham Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann |
|||
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
|
1.4. Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha
|
Substaint ghníomhach |
Propān-2-ols |
|
Ainm an mhonaróra |
Ineos Solvents Germany GmbH |
|
Seoladh an mhonaróra |
Römerstraße 733 47443 Moers An Ghearmáin |
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
Ineos Solvents Germany GmbH site 1 Römerstraße 733 47443 Moers An Ghearmáin |
|
Substaint ghníomhach |
Propān-2-ols |
|
Ainm an mhonaróra |
Exxon Mobil Chemical Europe |
|
Seoladh an mhonaróra |
Hermeslaan 2 1831 Machelen An Bheilg |
|
Suíomh na láithreán monaraíochta |
Exxon Mobil Chemical Europe site 1 Exxon Mobil Chemical Plant, 4999 Scenic Highway Louisiana 70897 Baton Rouge Na Stáit Aontaithe |
Caibidil 2. COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TÁIRGE
2.1. Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an táirge
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC |
Feidhm |
Uimhir CAS |
Uimhir CE |
Cion (%) |
|
Propān-2-ols |
|
Substaint ghníomhach |
67-63-0 |
200-661-7 |
64,7 % (w/w) |
2.2. Cineál/cineálacha foirmlithe
Ciarsúr RTU réamhsháithithe le foirmle leachtach (AL)
Caibidil 3. RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM
|
Ráitis ghuaise |
H225: Leacht an-inadhainte agus gal an-inadhainte. H319: Ina chúis le greannú tromchúiseach don tsúil. H336: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le codlatacht nó le meadhrán. EUH066: D’fhéadfadh tirimeacht craicinn nó scoilteadh craicinn a bheith mar thoradh ar ilnochtadh. |
|
Ráitis réamhchúraim |
P210: Coimeád amach ó theas, dromchlaí te, spréacha, lasracha oscailte agus foinsí adhainte eile. Ná caitear tobac. P261: Seachain gala a análú. P264: Nigh lámha go lánchúramach tar éis láimhsithe. P271: Úsáid amuigh faoin aer nó i limistéar dea-aerálaithe amháin. P280: Caith cosaint súile/cosaint aghaidhe. P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh]. P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach. P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú. P337+P313: Má mhaireann an greannú súile: Faigh comhairle. P312: Cuir glao ar dochtúir má bhraitheann tú tinn. P403+P235: Stóráil in áit dhea-aeráilte. Coimeád fionnuar é. P405: Stóráil faoi ghlas. P501: Diúscair inneachar i de réir na rialachán áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. |
Caibidil 4. ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE
4.1. Tuairisc úsáide
Tábla 1
Achair bheaga dromchla crua a dhífhabhtú trína chuimilt i seomraí glana agus in achair rialaithe dá leithéid laistigh de shuíomhanna déantúsaíochta agus tionsclaíocha (m.sh.: binsí oibre i seomra glan)
|
An cineál táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: iad uile Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: iad uile |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Achair bheaga dromchla crua a dhífhabhtú trína chuimilt i seomraí glana agus in achair rialaithe dá leithéid laistigh de shuíomhanna déantúsaíochta agus tionsclaíocha (m.sh.: binsí oibre i seomra glan) |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: cuimilt Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: Cuimilt. Forchur díreach anuas ar dhromchlaí le ciarsúr réamhsháithithe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: 30 - 130 mL/m2 Airí uainithe: Táirge réidh le úsáid. Úsáid dóthain ciarsúr chun dromchla fliuch a choinneáil ar feadh aga teagmhála de 1 nóiméad. Áirítear i ngach aon chiarsúr 3,0 – 56,3 ml de IPA : uisce 70:30 v/v % tuaslagán (2,1 – 39,4 ml nó 1,6 go 30,9 g substaint ghníomhach). Tá an ráta iarratais ag brath ar an gcineál wipe (féach thíos).
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Ciarsúir Réamhsháithithe – 55% ceallalós / 45% poileistear Ceanastar/tiachóga inathlíonta 60, 75, 100, 125 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 13 x 20, 15 x 23, 30 x 30 Ábhar an tobáin: HDPE (poileitiléin ard-dlúis) Ábhar an chlaibín: PP (polapróipiléin) Púitse 25, 30, 50, 75 nó 100 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 15 x 23, 18 x 20, 23 x 23, 23 x 28, 30 x 30 Ábhar na sraithe seachtraí: PET (poileitiléin teireiftealáit) Ábhar na Sraithe inmheánaí: PE nó LLDPE (poileitiléin nó poileitiléin íseal-dlúis líneach) Ciarsúir Réamhsháithithe – 60% ceallalós / 40% poileistear Ceanastar/tiachóg inathlíonta 75, 100, 125 nó 150 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 13 x 20, 15 x 23, 30 x 30 Ábhar an tobáin: HDPE Ábhar an chlaibín: PP Púitse 30, 75, 90 nó 100 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 15 x 20, 18 x 20, 23 x 23, 23 x 28, 30 x 30 Ábhar na sraithe seachtraí: PET Ábhar na Sraithe inmheánaí: PE nó LLDPE Ciarsúir Réamhsháithithe – 100% polapróipiléin Ceanastar/tiachóg inathlíonta 50, 75, 100, 125 nó 150 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 15 x 23, 23 x 30 Ábhar an tobáin: HDPE Ábhar an chlaibín: PP Púitse 50, 75, 100 nó 125 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 18 x 28, 23 x 28, 28 x 36 Ábhar na sraithe seachtraí: PET Ábhar na Sraithe inmheánaí: PE nó LLDPE Ciarsúir Réamhsháithithe – 100% poileistear Púitse 20, 25, 30, 50, 75, 100 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 15 x 23, 18 x 20, 23 x 23, 30 x 30 Ábhar na sraithe seachtraí: PET Ábhar na Sraithe inmheánaí: PE nó LLDPE |
4.1.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Le húsáid ag teocht an tseomra.
Úsáid ach amháin ar dhromchlaí glana.
Bain ciarsúr amháin ón bpaca. Dún an paca.
Fill an ciarsúr faoi cheathair agus athfhill é de réir mar is gá chun úsáid a bhaint as gach uile dhromchla den chiarsúr.
Forchuir an ciarsúr réamhsháithithe díreach anuas ar an dromchla atá lena dhífhabhtú.
Cinntigh go bhfuil an dromchla go hiomlán fliuch.
Níl a thuilleadh cuimilt riachtanach.
Fág aga teagmhála de 1 nóiméad do bhaictéir agus giosta.
Úsáid ciarsúr uair amháin.
Diúscair an ciarsúr díreach tar éis é a úsáid i gcoimeádán dúnta.
Ná measc le glantaigh nó le táirgí eile.
4.1.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach rannán 5.2.
4.1.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach rannán 5.3.
4.1.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach rannán 5.4.
4.1.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach rannán 5.5.
4.2. Tuairisc úsáide
Tábla 2
Achair mhóra dromchla crua a dhífhabhtú trína chuimilt le ciarsúir agus mapa i seomraí glana agus in achair rialaithe dá leithéid laistigh de shuíomhanna déantúsaíochta agus tionsclaíocha (m.sh.: urláir i seomra glan)
|
An cineál táirge |
PT02: Dífhabhtáin agus ailgicídí nach bhfuil beartaithe le húsáid go díreach ar dhaoine ná ar ainmhithe |
|
I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe |
- |
|
Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha) |
Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Baictéir Céim na forbartha: iad uile Ainm eolaíoch: níl aon sonraí ar fáil Gnáthainm: Giostaí Céim na forbartha: iad uile |
|
Réimse (nó réimsí) úsáide |
úsáid laistigh Achair mhóra dromchla crua a dhífhabhtú trína chuimilt le ciarsúir agus mapa i seomraí glana agus in achair rialaithe dá leithéid laistigh de shuíomhanna déantúsaíochta agus tionsclaíocha (m.sh.: urláir i seomra glan) |
|
Modh (nó modhanna) úsáide |
Airí modha: mapáil Tuairisc mhionsonraithe ar an airí: mapáil. Ceangail an ciarsúr réamhsháithithe le mapa urláir lena fhorchur anuas ar dhromchlaí |
|
Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe |
Ráta úsáide: 17 mL/m2 Airí uainithe: Táirge réidh le úsáid. Úsáid dóthain ciarsúr chun dromchla fliuch a choinneáil ar feadh aga teagmhála de 1 nóiméad. Áirítear i ngach aon chiarsúr urláir 22,0 – 24,7 ml de IPA : uisce 70:30 v/v % tuaslagán (15,4 - 17,3 ml nó 12,4 – 13,9 g substaint ghníomhach). ml de leacht foirmlithe / ciarsúr: 25 ciarsúir chun 25 m2 a choinneáil fliuch:17 ml de leacht foirmlithe / ciarsúr: 22 ciarsúir chun 25 m2 a choinneáil fliuch: 19 Líon tipiciúil forchur in aghaidh an lae: 1 |
|
Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí |
gairmiúil |
|
Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta |
Ciarsúir Réamhsháithithe – 55% ceallalós / 45% poileistear Púitse 25, 30, 50, 75 ciarsúr Méid an chiarsúir (cm): 23 x 58 Sáithiú an táirge: 60% Ábhar na sraithe seachtraí: PET Ábhar na Sraithe inmheánaí: PE nó LLDPE |
4.2.1. Treoracha úsáidsonracha úsáide
Le húsáid ag teocht an tseomra.
Úsáid ach amháin ar dhromchlaí glana.
Bain ciarsúr (ciarsúir) ón bpaca. Dún an paca.
Ceangail 4 shraith ar cheann an mhapa agus athfhill nó cas na ciarsúir de réir mar is gá chun dromchla fliuch a choimeád ar feadh aga teagmhála de 1 nóiméad.
Forchuir an ciarsúr díreach anuas ar an dromchla atá lena dhífhabhtú.
Úsáid dóthain ciarsúr chun dromchla fliuch a choinneáil ar feadh aga teagmhála de 1 nóiméad.
Níl a thuilleadh cuimilt riachtanach.
Fág aga teagmhála de 1 nóiméad do bhaictéir agus giosta.
Úsáid ciarsúr uair amháin.
Diúscair an ciarsúr díreach tar éis é a úsáid i gcoimeádán dúnta.
Ná measc le glantaigh nó le táirgí eile.
4.2.2. Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca
Féach rannán 5.2.
4.2.3. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Féach rannán 5.3.
4.2.4. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Féach rannán 5.4.
4.2.5. I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Féach rannán 5.5.
Caibidil 5. TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE (1)
5.1. Treoracha úsáide
Féach rannán 4.1.1 agus 4.2.1
5.2. Bearta maolaithe riosca
Seachain teagmháil le súile.
Cinntigh go ndéantar an forchur in limistéir ina bhfuil ráta aeraithe aerú íosta de 20 athrú/uair.
Caitear lámhainní cosanta atá díonach ar cheimiceáin agus a shásaíonn riachtanais Chaighdeán Eorpach EN 374 nó a gcoibhéis le linn na céime láimhseála táirge (ábhar na lámhainní lena shainiú ag sealbhóir an údaraithe sa bhfaisnéis faoin táirge).
Tá sé seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 98/24/CE ón gComhairle agus reachtaíochta eile de chuid an Aontais i réimse na sláinte agus na sábháilteachta ag fostóirí ar láthair na hoibre.
Féach Cuid 6 le haghaidh faisnéise faoin gcaighdeán EN agus an Treoir ón gComhairle.
Coimeád sa choimeádán bunaidh agus é dúnta go daingean nuair nach mbeidh sé in úsáid. Coinníonn coimeádáin fholmha iarmhar ón táirge agus féadann siad bheith guaiseach. Ná déan an coimeádán a athúsáid.
5.3. Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint
Treoracha garchabhrach
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce. Tóg amach na tadhall-lionsaí, más ann dóibh agus más furasta é sin a dhéanamh. Lean ag sruthlú ar feadh 5 nóiméad. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
MÁ IONANÁLAÍTEAR: Tabhair amach faoin aer agus coimeád socair i suíomh atá compordach d’análú. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
I gCÁS TEAGMHÁLA LEIS AN gCRAICEANN: Bain díot aon éadaí éillithe agus nigh iad roimh iad a athúsáid.Nigh craiceann le huisce. I gcás greannú craicinn: Faigh comhairle leighis.
MÁ SHLOGTAR: Sruthlaítear an béal. Tabhair rud éigin le hól, má tá an duine arna nochtadh in ann slogadh. NÁ spreagtar urlacan. Cuir glao ar IONAD NIMHE nó ar dhochtúir.
Bearta éigeandála
Má bhí truailliú comhshaoil (séaraigh, uiscebhealaigh, ithir nó aer) mar thoradh ar an táirge cuir é sin in iúl do na húdaráis ábhartha.
Doirteadh beag:
Déan an t-ábhar a húvaráil nó a scuabadh suas agus cuir i gcoimeádán dramhaíola ainmnithe, lipéadaithe. Déan é a dhiúscairt trí chonraitheoir ceadúnaithe diúscartha dramhaíola.
Doirteadh mór:
Cuir stop leis an doirteadh mura bhfuil riosca ann. Bog na coimeádáin ó achar an doirte. Úsáid uirlisí spréach-dhíonach agus trealamh pléascadh-dhíonach. Druid i leith an scaoilte in aghaidh gaoithe. Cuir cosc le hiontráil isteach i séaraigh, ithir, cúrsaí uisce, íoslaigh nó achair chúnga. Déan doirtí a chosc agus a bhailiú le hábhar neamh-indóite, ionsúiteach e.g. gaineamh, ithir, ithir veirmicilíte nó diatomacaíoch agus cuir i gcoimeádán é chun a dhiúscartha de réir rialacháin áitiúla. Déan é a dhiúscairt trí chonraitheoir ceadúnaithe diúscartha dramhaíola. Is féidir le hábhar éillithe ionsúiteach bheith ina ghuais chomh mór leis an táirge doirte.
5.4. Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte
Is ceart giniúint dramhaíola a sheachaint nó a íoslaghdú pé uair is féidir. Is ceart an táirge seo a dhiúscairt i gcomhréir le riachtanais an chosanta comhshaoil, le reachtaíocht maidir le diúscairt dramhaíola agus aon riachtanais réigiúnacha de chuid an údaráis áitiúil. Déan táirgí barrachais agus neamh-in-athchúrsáilte a dhiúscairt trí chonraitheoir ceadúnaithe diúscartha dramhaíola. Ní ceart dramhaíl a dhiúscairt sa séarach. Ná sruthlaigh ciarsúir síos an leithreas. Ná maothaigh.
Diúscairt pacáistithe:
Is ceart giniúint dramhaíola a sheachaint nó a íoslaghdú pé uair is féidir. Is ceart pacáistiú dramhaíola a athchúrsáil. Ní ceart loscadh nó líonadh talún a mhachnamh ach nuair nach mbíonn an athchúrsáil indéanta. Ní mór an t-ábhar seo agus a choimeádán a dhiúscairt ar bhealach sábháilte. Féadann coimeádáin nó líneálaigh folmha roinnt iarmhar ón táirge a choimeád. Is ceart alcóil iarmharach a fholmhú roimh dhiúscairt an choimeádáin.
5.5. Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála
Stóráil in áit, fhionnuar, tirim, dea-aeraithe sa choimeádán bunaidh.
Coimeád an coimeádán dúnta go docht.
Stóráil ag teocht nach airde ná 40 °C. Cosnaítear ón tsioc é.
Stóráil faoi chosaint ó sholas díreach na gréine.
Seilfré: 3 bhliain
Caibidil 6. FAISNÉIS EILE
Tá ciarsúir de cheithre chineál ábhair sa táirge, atá sáithithe le tuaslagán IPA (64.7:35.3 % w/w). Tá na hábhair seo a leanas ann: ceallalós/polaistir (55%/45%), ceallalós/polaistir (60%/40%), polapróipiléin (100%), agus polaistir (100%). Tá méideanna na gciarsúr idir 13 x 20 cm agus 23 x 58 cm. Tá tuilleadh faisnéise mionsonraithe faoi mhéideanna na gciarsúr le fáil faoin teideal “Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta” i gCuid 4.1 agus 4.2.
Bí ar an eolas faoin luach tagartha Eorpach, is é sin 129.28 mg/m3 don cheimiceán gníomhach própán-2-ól (CAS Uimh.: 67-63-0) a úsáideadh don mheasúnú riosca don táirge seo.
Teidil iomlána na gCaighdeán EN agus na reachtaíochta a luaitear isteach rannán 5.2:
EN 374 – Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceán agus miocrorgánach contúirteach.
Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (an ceathrú Treoir déag aonair de réir bhrí Airteagal 16(1) Threoir 89/391/CEE).
Maidir le “Catagói(í) úsáideoirí” tabhair faoi deara: Ciallaíonn gairmithe (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíoch) gairmithe oilte má theastaíonn sin de réir reachtaíochta náisiúnta.
(1) Tá treoracha úsáide, bearta maolaithe riosca agus treoracha eile faoin roinn seo bailí le haghaidh aon úsáid údaraithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/488/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)