|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/483 |
27.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/483 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Feabhra 2026
lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Pholainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 71(3) agus Airteagal 259(1) agus 259(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é fiabhras Afracach na muc a bhíonn ar mhuc-ainmhithe atá ar coimeád agus ar mhuc-ainmhithe fiáine agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí na gcoinsíneachtaí sin go tríú tíortha. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún. Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le bearta áirithe atá le glacadh i gcás ráig ghalair de chatagóir A in ainmhithe fiáine a bheith deimhnithe go hoifigiúil, lena n-áirítear fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine. Leis na forálacha sin, déantar foráil, go háirithe, maidir le crios ionfhabhtaithe a bhunú, maille le toirmisc ar ghluaiseachtaí ainmhithe fiáine de speicis liostaithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch díobh. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún (3) leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta ama ag na Ballstáit a liostaítear, nó a bhfuil limistéir acu a liostaítear, in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. Leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin leagtar síos rialacha, i measc nithe eile, maidir le criosanna srianta I, II agus III a liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn I a ghabhann leis tar éis ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc, agus rialacha maidir le liostú ar leibhéal an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, tar éis ráig den ghalar sin i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin. |
|
(4) |
Chomh maith leis sin, i gcás ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát, foráiltear le hAirteagal 3, pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(5) |
Ba le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2629 ón gCoimisiún (4) a leasaíodh Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go deireanach, tar éis athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i limistéar a bhí saor ó ghalar sa Spáinn agus sa Pholainn. |
|
(6) |
Chuir an Spáinn an Coimisiún ar an eolas faoin staid eipidéimeolaíoch atá ann a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc ar a críoch tar éis ráig den ghalar sin a dheimhniú i muc-ainmhithe fiáine i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine an 28 Samhain 2025 i limistéar a bhí saor ó ghalar roimhe sin. Bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar crios ionfhabhtaithe é ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
|
(7) |
I gcás na chéad ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin, déantar foráil le hAirteagal 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 maidir le liostú an limistéir sin mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Dá réir sin, an crios ionfhabhtaithe a bhunaigh údarás inniúil na Spáinne i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine, liostaíodh é i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
|
(8) |
Tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag an Spáinn faoin staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine sa chrios ionfhabhtaithe i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine, agus tá sé deimhnithe aici go raibh tuilleadh ráigeanna ann sa speiceas sin sa chrios sin, agus gur go bhfuil na bearta maidir leis na criosanna ionfhabhtaithe curtha chun feidhme go cuí i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
|
(9) |
Agus an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine sa Spáinn á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart an limistéar sin i bPobal Féinrialaitheach na Catalóine sa Spáinn a dhíliostú ó Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus ba cheart é a liostú ina ionad sin mar chriosanna srianta II agus I in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(10) |
Ina theannta sin, chuir an Pholainn an Coimisiún ar an eolas faoin staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc ar a críoch tar éis ráig den ghalar sin a dheimhniú i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Zachodniopomorskie an 4 Feabhra 2026. Tharla an ráig sin i limistéar a bhí saor ón ngalar sin roimhe sin. Bhunaigh údarás inniúil an Bhallstáit sin crios ionfhabhtaithe i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ar crios ionfhabhtaithe é ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta ginearálta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. |
|
(11) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350 ón gCoimisiún (5) tar éis faisnéis a fháil ón bPolainn maidir leis an ráig sin i muc-ainmhithe fiáine i réigiún Zachodniopomorskie an Bhallstáit sin. Déantar foráil leis go gcuirfidh an Pholainn na bearta a leagtar síos in Airteagail 63 go 66 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i bhfeidhm i measc bearta eile. Tá feidhm ag Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350 go dtí an 4 Bealtaine 2026. |
|
(12) |
I gcás na chéad ráige d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin, déantar foráil le hAirteagal 6(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 maidir le liostú an limistéir sin mar chrios ionfhabhtaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Dá réir sin, an crios ionfhabhtaithe a bhunaigh údarás inniúil na Polainne i réigiún Zachodniopomorskie na Polainne, ba cheart é a liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 agus ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350 a aisghairm. |
|
(13) |
Athruithe ar chriosanna srianta I, II agus III in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ní mór iad a bheith bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán fhiabhras Afracach na muc sa Bhallstát lena mbaineann, agus ar an leibhéal riosca maidir le leathadh breise an ghalair sin. Bunaítear criosanna srianta freisin ar phrionsabail agus ar chritéir atá comhaontaithe go heolaíoch i dtaca le criosú a shainiú go geografach mar gheall ar láithreacht fhiabhras Afracach na muc a leagtar amach san Fhógra ón gCoimisiún i ndáil leis na treoirlínte maidir le fiabhras Afracach na muc a chosc, a rialú agus a dhíothú san Aontas (treoirlínte fhiabhras Afracach na muc), chomh maith le caighdeáin idirnáisiúnta a chur san áireamh freisin, amhail an Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH), agus an bonn cirt a thug údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann leis an gcriosú. |
|
(14) |
Ba le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/280 ón gCoimisiún (6) a leasaíodh Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 go deireanach tar éis athruithe ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Laitvia. |
|
(15) |
Ó bhí dáta glactha an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ann, tá fógra tugtha ag an nGearmáin, ag an Ungáir agus ag an bPolainn don Choimisiún faoi ráigeanna nua d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine. |
|
(16) |
I mí Feabhra 2026, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i Stát Rhine-Westphalia Thuaidh sa Ghearmáin, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, agus dá bhrí sin ba cheart an limistéar sa Ghearmáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I agus atá buailte ag na ráig sin, a liostú feasta mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart na teorainneacha atá ar na criosanna srianta I agus II faoi láthair a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(17) |
Chomh maith leis sin, i mí Feabhra 2026, tugadh faoi deara go raibh ráig d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhí fiáin i Stát Rhine-Westphalia Thuaidh na Gearmáine, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ach ar limistéar é atá dlúth le limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I san Iarscríbhinn sin. An ráig nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhí fiáin, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint léi, agus dá bhrí sin ba cheart an limistéar sa Ghearmáin a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I a liostú feasta mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart na teorainneacha atá ar na criosanna srianta I agus II faoi láthair a athshainiú freisin chun an ráig sin a chur san áireamh. |
|
(18) |
Ina theannta sin, i mí Feabhra 2026, tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáin i gContae Baranya na hUngáire, i limistéar a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ach ar limistéar é atá dlúth le limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, agus dá bhrí sin ba cheart an limistéir san Ungáir a liostaítear faoi láthair mar chrios srianta I a liostú feasta mar chrios srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart na teorainneacha atá ar na criosanna srianta I agus II faoi láthair a athshainiú freisin chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
|
(19) |
Thairis sin, i mí Feabhra 2026, tugadh faoi deara go raibh roinnt ráigeanna d’fhiabhras Afracach na muc ann i muc-ainmhithe fiáine i réigiúin Podkarpackie agus Zachodniopomorskie na Polainne, i limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ach ar limistéir iad atá dlúth le limistéir a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I san Iarscríbhinn sin. Na ráigeanna nua sin d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine, tá leibhéal méadaithe riosca ag baint leo, agus dá bhrí sin ba cheart na limistéir sa Pholainn a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I a liostú feasta mar chriosanna srianta II in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, agus ba cheart na teorainneacha atá ar na criosanna srianta I agus II faoi láthair a athshainiú freisin chun na ráigeanna sin a chur san áireamh. |
|
(20) |
Ar bhonn na faisnéise agus an bhonn cirt a sholáthair an Ghearmáin, agus aird á tabhairt ar éifeachtacht na mbeart rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc i gcás muc-ainmhithe fiáine i gcriosanna srianta I a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 atá á gcur i bhfeidhm ag an mBallstát sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus go háirithe na bearta sin a leagtar síos in Airteagail 64, 65 agus 67 de, agus i gcomhréir leis na bearta maolaithe riosca maidir le fiabhras Afracach na muc a leagtar amach i gCód um Shláinte na nAinmhithe Talún WOAH, codanna áirithe de Stáit Brandenburg agus Saxony na Gearmáine, ar limistéir iad a liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, ba cheart iad a dhíliostú feasta ón Iarscríbhinn sin, toisc nach raibh aon ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe atá ar coimeád ná i muc-ainmhithe fiáine sna criosanna srianta I sin le 12 mhí anuas. |
|
(21) |
Dá réir sin, chun an fhorbairt sin atá ann le déanaí sa staid eipidéimeolaíoch a bhaineann le fiabhras Afracach na muc san Aontas a chur san áireamh, agus chun na rioscaí a bhaineann le leathadh breise an ghalair sin a chomhrac go réamhghníomhach, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le criosanna srianta sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Spáinn agus sa Pholainn a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 a leasú. |
|
(22) |
Chomh maith leis sin, an crios ionfhabhtaithe i réigiún Zachodniopomorskie na Polainne, ba cheart é a liostú i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
|
(23) |
Ó tharla go bhfuil an staid a mhéid a bhaineann le fiabhras Afracach na muc an-dinimiciúil san Aontas, tá an staid eipidéimeolaíoch i limistéir máguaird na ráige sin curtha san áireamh freisin agus an crios srianta nua sin á chríochú. |
|
(24) |
Thairis sin, na ráigeanna atá ann le déanaí i muc-ainmhithe fiáine san Ungáir agus atá dlúth le limistéar áirithe sa Chróit nach liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594, tá leibhéal riosca méadaithe ag baint leo, rud ba cheart a léiriú in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. Dá réir sin, na limistéir sin den Chróit nach liostaítear faoi láthair mar chriosanna srianta san Iarscríbhinn sin agus atá dlúth leis na limistéir san Ungáir atá buailte ag na ráigeanna sin atá ann le déanaí, ba cheart iad a liostú feasta mar chriosanna srianta I in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594. |
|
(25) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh fhiabhras Afracach na muc, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo ar Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(26) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 ón gCoimisiún an 16 Márta 2023 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/605 (IO L 79, 17.3.2023, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/594/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2629 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2025 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2489 ón gCoimisiún maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Spáinn (IO L, 2025/26299, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2629/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/350 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2026 maidir le bearta éigeandála eatramhacha áirithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc sa Pholainn (IO L, 2026/350, 13.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/350/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/280 ón gCoimisiún an 2 Feabhra 2026 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594 lena leagtar síos bearta speisialta rialaithe galar maidir le fiabhras Afracach na muc (IO L, 2026/280, 3.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/280/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/594:
‘ ‘IARSCRÍBHINN I
CRIOSANNA SRIANTA I, II AGUS III
CUID I
1. An Ghearmáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Sachsen:
|
|
Bundesland Mecklenburg-Vorpommern:
|
|
Bundesland Hessen:
|
|
Bundesland Rheinland-Pfalz:
|
|
Bundesland Baden-Württemberg:
|
|
Bundesland Nordrhein-Westfalen:
|
2. An Eastóin
Na criosanna srianta I seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Hiiu maakond. |
3. An Laitvia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Dienvidkurzemes novada, Nīcas pagasta daļa uz ziemeļiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Otaņķu pagasts |
4. An Ungáir
Na criosanna srianta I seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Baranya vármegye 501580, 501670, 502450, 502650, , 502750, 502850, 502950, 503050, 503250, 503350, 503360, 503470, , 503650, 504050, 504250, 504350 és kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Békés vármegye 950150, 950250, 950350, 950450, 950550, 950650, 950660, 950750, 950850, 950860, 951050, 951150, 951250, 951260, 951350, 951450, 951460, 951550, 951650, 951750, 952150, 952250, 952350, 952450, 952550, 952650, 953250, 953260, 953270, 953350, 953450, 953550, 953560, 953950, 954050, 954150, 954950, 955050, 955550, 955650, 955750, 955760, 955950, 956050, 956060, 956150, 956160, 956250, 956350, 956450, 956550, 956650 és 956750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Bács-Kiskun vármegye 600150, 600850, 608350, 608460, 608550, 609450 és 609650 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Fejér vármegye 400150, 400250, 400351, 400352, 400450, 400550, 401150, 401250, 401350, 402050, 402350, 402360, 402850, 402950, 403050, 403450, 403550, 403650, 403750, 403950, 403960, 403970, 404650, 404750, 404850, 404950, 404960, 405050, 405750, 405850, 405950, |
|
— |
406050, 406150, 406550, 406650 és 406750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Győr-Moson-Sopron vármegye 100550, 100650, 100950, 101050, 101350, 101450, 101550, 101560 és 102150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye 750150, 750160, 750260, 750350, 750450, 750460, 750850, 750970, 750980, 751050, 751150, 751160, 751250, 751260, 751350, 751360, 751450, 751460, 751470, 751550, 751650, 751750, 751850, 751950, 752250, 752350, 752650, 752750, 752850, 752950, 753070, 753060, 753150, 753250, 753310, 753450, 753550, 753650, 753660, 753750, 753850, 753950, 753960, 754050, 754150, 754250, 754360, 754370, 754850, 755550, 755650 és 755750 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom vármegye 250150, 250250, 250450, 250460, 250550, 250650, 250750, 251050, 251150, 251250, 251350, 251360, 251650, 251750, 251850, 252250, kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest vármegye 571550, 572350, 572550, 572750, 572850, 572950, 573150, 573250, 573260, 573350, 573360, 573450, 573850, 573950, 573960, 574050, 574150, 574350, 574360, 574550, 574650, 574750, 574850, 574860, 574950, 575050, 575150, 575250, 575350, 575550, 575650, 575750, 575850, 575950, 576050, 576150, 576250, 576350, 576450, 576650, 576750, 576950, 577050, 577150, 577250, 577350, 577450, 577650, 578050, 578150, 578250, 578350, 578360, 578450, 578550, 579050, 580250 és 580450 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Tolna vármegye 451250, 451860 és 451950 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe. |
5. An Pholainn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie warmińsko-mazurskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie śląskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
6. An tSlóvaic
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
in the district of Nové Zámky the municipalities of Jatov, Rastislavice, Veľký Kýr, Komjatice, Lipová, |
|
— |
in the district of Komárno the municipalities of Zlatná na Ostrove, Okoličná na Ostrove, Zemianska Olča, Lipové, Bodza, Bodzianske Lúky, Sokolce, Brestovec, |
|
— |
in the district of Šaľa the municipalities of Selice, Trnovec nad Váhom, Žihárec, Tešedíkovo, |
|
— |
in the district of Dunajská Streda the municipalities of Okoč, Topoľníky, Trhová Hradská, |
|
— |
in the district of Galanta the municipalities of Dolný Chotár, Trstice, Kráľov Brod, Dolné Saliby, |
|
— |
the whole district of Ružomberok, |
|
— |
in the district of Martin, municipalties of Blatnica, Folkušová, Necpaly, Belá-Dulice, Ďanová, Turčianske Jaseno, Záborie, Sklabiňa, Sklabinský Podzámok, Turčianska Štiavnička, Podhradie, Nolčovo, Krpeľany, Šútovo, Turany, Sučany, Turčianske Kľačany, Lipovec, |
|
— |
in the district of Dolný Kubín, the municipalities of Kraľovany, Žaškov, Jasenová, Vyšný Kubín, Oravská Poruba, Leštiny, Osádka, Malatiná, Chlebnice, Krivá, |
|
— |
in the district of Tvrdošín, the municipalities of Oravský Biely Potok, Habovka, Zuberec, |
|
— |
in the district of Žilina, the municipalities of Strečno, Nezbudská Lúčka, Varín, Gbeľany, Mojš, Nededza, Teplička nad Váhom, Kotričná Lúka, Žilina, Rosina, Lietavská Lúčka, Lietava, Porúbka, Lietavská Svinná, Zbyňov, Konská, Kľače, Jasenové, Malá Čierna, Veľká Čierna, Podhorie, |
|
— |
the whole district of Nitra, except municipalities included in part II, |
|
— |
in the district of Bánovce nad Bebravou, the municipalities of Chudá Lehota, Dolné Naštice, Rybany, Pečeňany, Borčany, Šišov, Libichava, Veľké Hoste, Malé Hoste, Pochabany, Zlatníky, Otrhánky, Veľké Chlievany, Haláčovce, Dvorec, Veľké Držkovce, Cimenná, Malá Hradná, |
|
— |
in the district of Trenčín, the municipalities of Dubodiel, Veľká Hradná, Trenčianske Jastrabie, Neporadza, Trenčianske Mitice, Mníchova Lehota, Soblahov, Trenčín, Trenčianske Teplice, Trenčianska Teplá, |
|
— |
in the district of Ilava, the municipalities of Nová Dubnica, Dubnica nad Váhom, Ilava, Horná Poruba, Košecké Podhradie, Košeca, Ladce, |
|
— |
in the district of Púchov, the municipalities of Mojtín, Beluša, |
|
— |
in the district of Považská Bystrica, the municipalities of Pružina, Dolný Lieskov, Slopná, Bodiná, Prečín, Počarová, Malé Lednice, Domaniža, Podskalie, Ďurďové, Čelkova Lehota, Sádočné, |
|
— |
in the district of Nové Mesto nad Váhom, the municipalities of Kálnica, Hôrka nad Váhom, Hrádok, Nová Lehota, Stará Lehota, Modrová, |
|
— |
in the district of Piešťany, the municipalities of Hubina, Morava nad Váhom, Banka, Ratnovce, Sokolovce, Piešťany, Drahovce, |
|
— |
in the district of Hlohovec, the municipalities of Jalšové, Horné Otrokovce, Horné Trhovište, Tekolďany, Dolné Otrokovce, Dolné Trhovište, Merašice, Pastuchov, Kľačany, Sasinkovo. |
|
— |
the whole district of Gelnica, |
|
— |
the whole district of Poprad |
|
— |
the whole district of Spišská Nová Ves, |
|
— |
the whole district of Levoča, |
|
— |
the whole district of Kežmarok, |
|
— |
the whole district of Michalovce, except municipalities included in part II |
|
— |
the whole district of Medzilaborce |
|
— |
the whole district of Košice-okolie, |
|
— |
the whole district of Rožnava, |
|
— |
the whole city of Košice, |
|
— |
the whole district of Vranov nad Topľou, |
|
— |
the whole district of Humenné, |
|
— |
the whole district of Prešov, |
|
— |
the whole district of Sabinov, |
|
— |
the whole district of Svidník, |
|
— |
the whole district of Stropkov, |
|
— |
the whole district of Stará Ľubovňa, |
|
— |
the whole district of Trebišov, except municipalities included in part II |
|
— |
the whole district of Liptovsky Mikuláš, |
|
— |
the whole district of Bardejov. |
7. An Iodáil
Na criosanna srianta I seo a leanas san Iodáil:
|
Réigiún Phíodmant:
|
|
Réigiún Liguria:
|
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
|
Réigiún na Tuscáine:
|
|
Réigiún na Lombairde:
|
8. An tSeicia
Na criosanna srianta I seo a leanas sa tSeicia:
|
Liberecký kraj:
|
9. An Ghréig
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Kavala:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Rodopi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Evros:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thessaloniki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Chalkidiki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Pella:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Imathia:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kozani:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Florina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kastoria:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Ioannina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thesprotia:
|
10. An Chróit
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Chróit:
|
Brodsko-posavska županija:
|
|
Osječko-baranjska županija:
|
|
Virovitičko-podravska županija:
|
11. An Liotuáin
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Ignalinos, Ignalinos miesto, Kazitiškio sen. rytinė dalis nuo 102 kelio, Linkmenų, Vidiškių seniūnijos. |
12. An Spáinn
Na criosanna srianta I seo a leanas sa Spáinn:
|
Na bardasachtaí seo a leanas:
|
CUID II
1. An Bhulgáir
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Bhulgáir:
|
— |
réigiún iomlán Haskovo, |
|
— |
réigiún iomlán Yambol, |
|
— |
réigiún iomlán Stara Zagora, |
|
— |
réigiún iomlán Pernik, |
|
— |
réigiún iomlán Kyustendil, |
|
— |
réigiún iomlán Plovdiv, |
|
— |
réigiún iomlán Pazardzhik, |
|
— |
réigiún iomlán Smolyan, |
|
— |
réigiún iomlán Dobrich, |
|
— |
réigiún iomlán chathair Shóifia, |
|
— |
réigiún iomlán Chúige Shóifia, |
|
— |
réigiún iomlán Blagoevgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Razgrad, |
|
— |
réigiún iomlán Kardzhali, |
|
— |
réigiún iomlán Burgas, |
|
— |
réigiún iomlán Varna, |
|
— |
réigiún iomlán Silistra, |
|
— |
réigiún iomlán Ruse, |
|
— |
réigiún iomlán Veliko Tarnovo, |
|
— |
réigiún iomlán Pleven, |
|
— |
réigiún iomlán Targovishte, |
|
— |
réigiún iomlán Shumen, |
|
— |
réigiún iomlán Sliven, |
|
— |
réigiún iomlán Vidin, |
|
— |
réigiún iomlán Gabrovo, |
|
— |
réigiún iomlán Lovech, |
|
— |
réigiún iomlán Montana, |
|
— |
réigiún iomlán Vratza. |
2. An Ghearmáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghearmáin:
|
Bundesland Brandenburg:
|
|
Bundesland Hessen:
|
|
Bundesland Rheinland-Pfalz:
|
|
Bundesland Baden-Württemberg:
|
|
Bundesland Nordrhein-Westfalen:
|
3. An Eastóin
Na criosanna srianta II seo a leanas san Eastóin:
|
— |
Eesti Vabariik (välja arvatud Hiiu maakond). |
4. An Laitvia
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Aizkraukles novads, |
|
— |
Alūksnes novads, |
|
— |
Augšdaugavas novada Ambeļu, Bebrenes, Biķernieku, Demenes, Dubnas, Eglaines pagasts, Ilūkstes pilsētas daļa uz dienvidrietumiem no autoceļa V70, Kalkūnes pagasts, Kalupes pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa V679 un V678, Laucesas pagasts, Līksnas pagasta daļa uz dienvidaustrumiem no autoceļa A14 un A6, Maļinovas, Medumu, Naujenes pagasts, Pilskalnes pagasta daļa uz dienvidrietumiem no autoceļa V702, Senlejas ielas, Parka ielas, autoceļa P70, Prodes, Salienas, Skrudalienas pagasts, Subates pilsēta, Sventes pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa P70, P72, uz dienvidiem no dzelzceļa līnijas Eglaine-Daugavpils un uz dienvidaustrumiem no autoceļa A14, Šēderes, Tabores, Vecsalienas, Višķu pagasts, |
|
— |
Ādažu novads, |
|
— |
Balvu novads, |
|
— |
Bauskas novads, |
|
— |
Cēsu novads, |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Aizputes, Cīravas, Lažas, Durbes, Dunalkas, Tadaiķu, Vecpils, Bārtas, Sakas, Bunkas pagasts, Priekules pagasta daļa uz ziemeļrietumiem no Virgas upes, uz rietumiem no Nākotnes ielas un tās turpinājuma, uz ziemeļiem no autoceļa P135, uz rietumiem no autoceļa P114, Gramzdas pagasta daļa uz ziemeļrietumiem no autoceļa P114, Kalētu, Virgas, Dunikas, Gaviezes, Grobiņas, Rucavas, Vērgales, Medzes pagasts, Embūtes pagasta daļa uz ziemeļiem no autoceļa P106, Kalvenes, Kazdangas pagasts, Nīcas pagasta daļa uz dienvidiem no apdzīvotas vietas Bernāti, autoceļa V1232, A11, V1222, Bārtas upes, Aizputes, Durbes, Pāvilostas, Priekules, Grobiņas pilsēta, |
|
— |
Dobeles novads, |
|
— |
Gulbenes novads, |
|
— |
Jelgavas novads, |
|
— |
Jēkabpils novada Aknīstes pagasts, Aknīstes pilsēta, Asares, Atašienes, Ābeļu, Dignājas pagasts, Dunavas pagasta daļa uz ziemeļrietumiem no ceļa, kas savieno autoceļu V783 ar apdzīvotu vietu Kriškināni, Elkšņu, Gārsenes pagasts, Jēkabpils valstspilsēta, Kalna, Krustpils, Kūku, Leimaņu, Mežāres, Rites, Rubenes, Salas, Saukas, Sēlpils, Variešu, Viesītes pagasts, Viesītes pilsēta, Vīpes, Zasas pagasts, |
|
— |
Krāslavas novads, |
|
— |
Kuldīgas novads, |
|
— |
Ķekavas novads, |
|
— |
Limbažu novads, |
|
— |
Līvānu novads, |
|
— |
Ludzas novads, |
|
— |
Madonas novads, |
|
— |
Mārupes novads, |
|
— |
Ogres novads, |
|
— |
Olaines novads, |
|
— |
Preiļu novads, |
|
— |
Rēzeknes novads, |
|
— |
Ropažu novads, |
|
— |
Salaspils novads, |
|
— |
Saldus novada Bīdenes, Cieceres, Ezeres, Gaiķu, Jaunauces, Jaunlutriņu, Kursīšu, Lutriņu pagasts, Nīgrandes pagasta daļa uz austrumiem no Lāčpurva ceļa, Novadnieku, Pampāļu, Remtes, Rubas, Saldus, Šķēdes, Vadakstes, Zaņas, Zirņu, Zvārdes pagasts, Brocēnu, Saldus pilsēta, |
|
— |
Saulkrastu novads, |
|
— |
Siguldas novads, |
|
— |
Smiltenes novads, |
|
— |
Talsu novads, |
|
— |
Tukuma novads, |
|
— |
Valkas novads, |
|
— |
Valmieras novads, |
|
— |
Ventspils novads, |
|
— |
Daugavpils valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jelgavas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Jūrmalas valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rēzeknes valstspilsētas pašvaldība, |
|
— |
Rīgas valstspilsētas pašvaldība. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Alytaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Alytaus rajono savivaldybė, |
|
— |
Anykščių rajono savivaldybė, |
|
— |
Akmenės rajono savivaldybė, |
|
— |
Birštono savivaldybė, |
|
— |
Biržų miesto savivaldybė, |
|
— |
Biržų rajono savivaldybė, |
|
— |
Druskininkų savivaldybė, |
|
— |
Elektrėnų savivaldybė, |
|
— |
Ignalinos rajono savivaldybės: Ceikinių, Didžiasalio, Dūkšto, Naujojo Daugėliškio, Mielagėnų, Rimšės, Tverečiaus seniūnijos, Kazitiškio seniūnijos vakarinė dalis nuo 102 kelio, |
|
— |
Jonavos rajono savivaldybė, |
|
— |
Joniškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Jurbarko rajono savivaldybė, |
|
— |
Kaišiadorių rajono savivaldybė, |
|
— |
Kalvarijos savivaldybė, |
|
— |
Kauno miesto savivaldybė, |
|
— |
Kauno rajono savivaldybė, |
|
— |
Kazlų rūdos savivaldybė, |
|
— |
Kelmės rajono savivaldybės: Kelmės apylinkių, Kelmės, Kražių, Kukečių, Liolių, Pakražančio, Šaukėnų, Užvenčio, Vaiguvos seniūnijos, |
|
— |
Kėdainių rajono savivaldybė, |
|
— |
Klaipėdos rajono savivaldybė, |
|
— |
Kupiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Kretingos rajono savivaldybė, |
|
— |
Lazdijų rajono savivaldybė, |
|
— |
Mažeikių rajono savivaldybė, |
|
— |
Molėtų rajono savivaldybė, |
|
— |
Marijampolės savivaldybė, |
|
— |
Pagėgių savivaldybė, |
|
— |
Pakruojo rajono savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio miesto savivaldybė, |
|
— |
Panevėžio rajono savivaldybė, |
|
— |
Palangos miesto savivaldybė, |
|
— |
Pasvalio rajono savivaldybė, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybės: Aukštelkų, Pakalniškių, Radviliškio miesto, Sidabravo seniūnijos, |
|
— |
Rietavo savivaldybė, |
|
— |
Prienų rajono savivaldybė, |
|
— |
Plungės rajono savivaldybė, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybės: Ariogalos miesto, Ariogalos, Betygalos, Girkalnio, Kalnujų, Nemakščių, Pagojukų, Paliepių, Raseinių miesto, Raseinių, Viduklės seniūnijos, |
|
— |
Rokiškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Skuodo rajono savivaldybė, |
|
— |
Šakių rajono savivaldybė, |
|
— |
Šalčininkų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių miesto savivaldybė, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybės: Bubių seniūnijos vakarinė dalis nuo Dubysos upės, Ginkūnų, Gruzdžių, Kairių, Kuršėnų kaimiškoji, Kuršėnų miesto, Kužių, Meškuičių, Raudėnų, Šakynos seniūnijos ir Šiaulių kaimiškosios seniūnijos šiaurinė dalis nuo 77 kelio, |
|
— |
Šilutės rajono savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Šilalės rajono savivaldybė, |
|
— |
Švenčionių rajono savivaldybė, |
|
— |
Tauragės rajono savivaldybė, |
|
— |
Telšių rajono savivaldybė, |
|
— |
Trakų rajono savivaldybė, |
|
— |
Ukmergės rajono savivaldybė, |
|
— |
Utenos rajono savivaldybė, |
|
— |
Varėnos rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilkaviškio rajono savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus miesto savivaldybė, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybės: Avižienių, Dūkštų, Juodšilių, Kalvelių, Lavoriškių, Maišiagalos, Marijampolio, Medininkų, Mickūnų, Nemėžio, Pagirių, Rudaminos, Rukainių, Sudervės, Šatrininkų, Zujūnų seniūnijos, |
|
— |
Visagino savivaldybė, |
|
— |
Širvintų rajono savivaldybė, |
|
— |
Zarasų rajono savivaldybė. |
6. An Ungáir
Na criosanna srianta II seo a leanas san Ungáir:
|
— |
Baranya vármegye 502660, 503480, 503490, 503550, 503660, 503670, 503680, 503850, 503950, 504250, 504350, 504360, 504450 504550, 504560, 504650, 504660, 504750, 504760, 504950 és 505050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Borsod-Abaúj-Zemplén vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Budapest 1 kódszámú, vadgazdálkodási tevékenységre nem alkalmas területe, |
|
— |
Fejér vármegye 403150, 403160, 403250, 403260, 403350, 404250, 404550, 404560, 404570, 405450, 405550, 405650, 406450 és 407050 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Hajdú-Bihar vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Heves vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe, |
|
— |
Jász-Nagykun-Szolnok vármegye 750250, 750550, 750650, 750750, 752150, 752450, 752460, 752550 és 752560 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Komárom-Esztergom vármegye 250350, 250850, 250950, 251450, 251550, 251950, 252050, 252150, 252350, 252450, 252460, 252550, 252650, 252750, 252850, 252860, 252950, 252960, 253050, 253150, 253250, 253350, 253450 és 253550 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Nógrád vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Pest vármegye 570150, 570250, 570350, 570450, 570550, 570650, 570750, 570850, 570950, 571050, 571150, 571250, 571350, 571650, 571750, 571760, 571850, 571950, 572050, 572150, 572250, 572650, 573550, 573650, 574250, 580050 és 580150 kódszámú vadgazdálkodási egységeinek teljes területe, |
|
— |
Szabolcs-Szatmár-Bereg vármegye valamennyi vadgazdálkodási egységének teljes területe. |
7. An Pholainn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Pholainn:
|
w województwie kujawsko - pomorskim:
|
|
w województwie podlaskim:
|
|
w województwie mazowieckim:
|
|
w województwie lubelskim:
|
|
w województwie podkarpackim:
|
|
w województwie pomorskim:
|
|
w województwie świętokrzyskim:
|
|
w województwie lubuskim:
|
|
w województwie dolnośląskim:
|
|
w województwie wielkopolskim:
|
|
w województwie zachodniopomorskim:
|
|
w województwie opolskim:
|
|
w województwie śląskim:
|
|
w województwie łódzkim:
|
8. An tSlóvaic
Na criosanna srianta II seo a leanas sa tSlóvaic:
|
— |
the whole district of Snina, |
|
— |
the whole district of Sobrance, |
|
— |
in the district of Michalovce municipalities of Bajany, Vysoká nad Uhom, Pavlovce nad Uhom, Krišovská Liesková, Liesková, Liesková, Čierne Pole, Ižkovce, Beša, Čičarovce, Vojany, Veľké Kapušany, Maťovské Vojkovce, Budince, Ruská, Kapušianske Kľačany, Veľké Slemence, Ptrukša, |
|
— |
in the district of Trebišov municipalities of Bačka, Biel, Boľ, Boťany, Čierna, Čierna nad Tisou, Dobrá, Klin nad Bodrogom, Kráľovský Chlmec, Kapoňa, Leles, Malé Trakany, Malý Horeš, Nový Horeš, Malý Kamenec, Poľany, Pribeník, Rad, Solnička, Nová Vieska pri Bodrogu, Somotor, Véč, Strážne, Pavlovo, Svätá Mária, Streda nad Bodrogom, Svätuše, Svinice, Veľké Trakany, Veľký Horeš, Veľký Kamenec, Vojka, Zatín, Zemplín |
|
— |
the whole district of Revúca, |
|
— |
the whole district of Rimavská Sobota, |
|
— |
the whole district of Veľký Krtíš, |
|
— |
the whole district of Lučenec, |
|
— |
the whole district of Poltár, |
|
— |
the whole district of Zvolen, |
|
— |
the whole district of Detva, |
|
— |
the whole district of Krupina, |
|
— |
the whole district of Banska Štiavnica, |
|
— |
the whole district of Žarnovica, |
|
— |
the whole district of Banska Bystica, |
|
— |
the whole district of Brezno, |
|
— |
the whole district of Zlaté Moravce, |
|
— |
the whole district of Levice, |
|
— |
the whole district Turčianske Teplice, |
|
— |
the whole district of Martin except the municipalities included in zone I, |
|
— |
in the district of Žilina, municipalities of Čičmany, Fačkov, Rajecká Lesná, Ďurčiná, Rajec, Šuja, Kamenná Poruba, Kunerad, Stránske, Rajecké Teplice, Turie,Višňové, Stráňavy, |
|
— |
the whole district of Žiar nad Hronom, |
|
— |
the whole district of Prievidza |
|
— |
the whole district of Partizánske, |
|
— |
in the district of Nitra, the municipalities of Pohranice, Hosťová, Kolíňany, Malý Lapáš, Dolné Obdokovce, Čeľadice, Veľký Lapáš, Babindol, Malé Chyndice, Golianovo, Klasov, Veľké Chyndice, Nová Ves nad Žitavou, Paňa, Vráble, Tajná, Lúčnica nad Žitavou, Žitavce, Melek, Telince, Čifáre, Horné Lefantovce, Dolné Lefantovce, Jelenec, Bádice, Žirany, Podhorany, Nitrianske Hrnčiarovce, Štitáre, Ľudovítová, Kapince, Malé Zálužie, Hruboňovo, Šurianky, Výčapy-Opatovce, Nitra, Jelšovce, Čakajovce, Zbehy, Nové Sady, Čab, Lukáčovce, Lehota, Alekšince, Veľké Zálužie, Vinodol, |
|
— |
the whole district of Topoľčany, |
|
— |
the whole district of Bánovce nad Bebravou except the municipalities included in part I, |
|
— |
in the district of Trenčín, the municipalities of Svinná, Bobot, Horňany, Motešice, Petrova Lehota, Omšenie, Dolná Poruba, |
|
— |
in the district of Ilava, the municipality of Zliechov |
|
— |
the whole district of Nové Zámky except the municipalities included in part I, |
|
— |
in the district of Komárno, the municipalities of Kravany nad Dunajom, Búč, Bátorove Kosihy, Moča, Radvaň nad Dunajom, Virt, Šrobárová, Mudroňovo, Modrany, Svätý Peter, Hurbanovo, Dulovce, Pribeta, Bajč, Patince, Iža, Chotín, Marcelová, Komárno, Martovce, Čalovec, Kameničná, Vrbová nad Váhom, Nesvady, Imeľ, Kolárovo, Dedina Mládeže, |
|
— |
in the district of Šaľa, the municipalities of Neded, Vlčany, Selice. |
9. An Iodáil
Na criosanna srianta II seo a leanas san Iodáil:
|
Réigiún Phíodmant:
|
|
Réigiún Liguria:
|
|
Réigiún na Lombairde:
|
|
Réigiún Emilia-Romagna:
|
|
Réigiún na Tuscáine:
|
10. An Ghréig
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Drama:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kavala:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kastoria:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kozani:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Florina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Pella:
|
11. An Chróit
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Chróit:
|
— |
Osječko-baranjska županija:
|
12. An Spáinn
Na criosanna srianta II seo a leanas sa Spáinn:
|
Na bardasachtaí seo a leanas:
|
CUID III
1. An Rómáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Rómáin:
|
— |
Zona orașului București,
|
2. An Ghréig
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Ghréig:
|
— |
in aonad réigiúnach Drama
|
|
— |
in aonad réigiúnach Serres:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kilkis:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Thessaloniki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Chalkidiki:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kavala:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Xanthi:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Florina:
|
|
— |
in aonad réigiúnach Kastoria:
|
3. An Chróit
Na criosanna srianta III seo leanas sa Chróit:
|
Vukovarsko srijemska županija:
|
|
Brodsko-posavska županija:
|
|
Osječko-baranjska županija:
|
4. An Laitvia
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Laitvia:
|
— |
Augšdaugavas novada Dvietes pagasts, Ilūkstes pilsētas daļa uz ziemeļaustrumiem no autoceļa V70, Kalupes pagasta daļa uz rietumiem no autoceļa V679 un V678, Līksnas pagasta daļa uz ziemeļrietumiem no autoceļa A14 un A6, Nīcgales pagasts, Pilskalnes pagasta daļa uz ziemeļaustrumiem no autoceļa V702, Senlejas ielas, Parka ielas, autoceļa P70, Sventes pagasta daļa uz austrumiem no autoceļa P70, P72, uz ziemeļiem no dzelzceļa līnijas Eglaine-Daugavpils un uz ziemeļrietumiem no autoceļa A14, Vaboles pagasts |
|
— |
Jēkabpils novada Dunavas pagasta daļa uz dienvidaustrumiem no ceļa, kas savieno autoceļu V783 ar apdzīvotu vietu Kriškināni. |
|
— |
Dienvidkurzemes novada Embūtes pagasta daļa uz dienvidiem no autoceļa P106, Gramzdas pagasta daļa uz dienvidaustrumiem no autoceļa P114, Priekules pagasta daļa uz dienvidaustrumiem no Virgas upes, uz austrumiem no Nākotnes ielas un tās turpinājuma, uz dienvidiem no autoceļa P135, uz austrumiem no autoceļa P114, Vaiņodes pagasts. |
|
— |
Saldus novada Nīgrandes pagasta daļa uz rietumiem no Lāčpurva ceļa. |
5. An Liotuáin
Na criosanna srianta III seo a leanas sa Liotuáin:
|
— |
Kelmės rajono savivaldybės: Tytuvėnų, Tytuvėnų apylinkių seniūnijos, |
|
— |
Radviliškio rajono savivaldybės: Radviliškio, Tyrulių, Šaukoto, Šiaulėnų, Baisogalos, Grinkiškio, Skėmių, Šeduvos miesto seniūnijos sen, |
|
— |
Raseinių rajono savivaldybės: Šiluvos seniūnija, |
|
— |
Šiaulių rajono savivaldybės: Bubių seniūnijos rytinė dalis nuo Dubysos upės, Šiaulių kaimiškosios seniūnijos pietinė dalis nuo 77 kelio, |
|
— |
Vilniaus rajono savivaldybės: Buivydžių, Bezdonių, Sužionių, Nemenčinės, Nemenčinės miesto, Paberžės, Riešės seniūnijos. |
IARSCRÍBHINN II
LIMISTÉIR A BUNAÍODH AR LEIBHÉAL AN AONTAIS MAR CHRIOSANNA IONFHABHTAITHE NÓ MAR CHRIOSANNA SRIANTA, LENA gCUIMSÍTEAR CRIOSANNA COSANTA AGUS FAIREACHAIS
(dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(2))
Cuid A – Limistéir a bunaíodh mar chriosanna ionfhabhtaithe tar éis ráig d’fhiabhras Afracach na muc i muc-ainmhithe fiáine i mBallstát nó i gcrios a bhí saor ó ghalar roimhe sin:
|
Limistéir a bunaíodh mar chrios ionfhabhtaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a bheidh siad infheidhme go dtí |
||||||||||||||||
|
Na limistéir seo a leanas a bunaíodh sa Pholainn:
|
10.3.2026 |
||||||||||||||||
|
Na limistéir seo a leanas a bunaíodh sa Pholainn:
|
4.5.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/483/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)