|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/479 |
4.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/479 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Márta 2026
lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 18 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/2092 (2) (‘an Rialachán Cinntitheach’), d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (‘an tír lena mbaineann’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2025/1883 (3), cheartaigh an Coimisiún an Rialachán Cinntitheach chun cóid AC ex 2710 19 11 , ex 2710 19 15 , ex 2710 19 21 , ex 2710 19 25 agus ex 2710 19 29 agus na cóid TARIC chomhfhreagracha le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur san áireamh. Ní raibh aon tionchar ag an leasú ar raon táirgí na mbeart atá i bhfeidhm. |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(3) |
Tar éis fhoilsiú an fhógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm (4), fuair an Coimisiún iarraidh chun athbhreithniú éaga a thionscnamh ar na bearta frithchúitimh de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán (‘an iarraidh’). |
|
(4) |
Is é an Bord Bithdhíosail Eorpach (‘EBB’ nó an t-iarratasóir) a chuir an iarraidh isteach an 8 Meán Fómhair 2024 thar ceann thionscal bithdhíosail an Aontais de réir bhrí Airteagal 10(6) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den fhóirdheonú agus den díobháil do thionscal an Aontais, nó go ndéanfaí an athuair iad ar dhul i léig do na bearta frithchúitimh. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh agus barúlacha maidir leis an tionscnamh
|
(5) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, d’fhógair an Coimisiún an 6 Nollaig 2024, le Fógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (6) (‘an fógra tionscnaimh’), gur tionscnaíodh athbhreithniú éaga ar na bearta frithchúitimh is infheidhme de bhun Airteagal 18 den bhun-Rialachán. |
|
(6) |
Sular tionscnaíodh an t-athbhreithniú éaga, agus i gcomhréir le hAirteagal 10(7) den bhun-Rialachán, thug an Coimisiún fógra do Rialtas na hIndinéise go raibh iarraidh chuí-dhoiciméadaithe ar athbhreithniú faighte aige agus d’iarr sé ar Rialtas na hIndinéise comhairliúcháin réamhthionscnaimh a dhéanamh d’fhonn an staid a shoiléiriú a mhéid a bhaineann le hábhar na hiarrata ar athbhreithniú agus teacht ar réiteach arna chomhaontú go frithpháirteach. Ghlac Rialtas na hIndinéise le tairiscint na gcomhairliúchán a reáchtáladh ina dhiaidh sin an 5 Nollaig 2024. Le linn na gcomhairliúchán, ní rabhthas in ann teacht ar aon réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach. |
|
(7) |
Chuir Rialtas na hIndinéise barúlacha isteach maidir le tionscnamh an imscrúdaithe. Mhaígh sé (i) nach fóirdheontais iad an Ciste um Plandáil Pailme Ola ná soláthar amhola pailme ag Rialtas na hIndinéise ar luach saothair níos lú ná leordhóthanach de réir bhrí Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh (‘comhaontú FBF EDT’) agus (ii) nach ndéanfadh foirceannadh na dleachta frithchúitimh ar allmhairí bithdhíosail ón Indinéis chuig an Aontas díobháil ná nach bhféadfadh sé go dtarlódh díobháil arís do tháirgeoirí bithdhíosail an Aontais. |
|
(8) |
Ba leor an fhianaise a soláthraíodh maidir le leanúint den fhóirdheonú san Indinéis ag céim an tionscnaimh. Go nithiúil, soláthraíodh fianaise san iarraidh go bhfuil na scéimeanna a luaigh Rialtas na hIndinéise ina aighneacht fós i bhfeidhm, gur fóirdheontais iad toisc gur suíodh go raibh siad in-fhrithchúitithe in imscrúduithe an Aontais roimhe seo, agus go bhfuil siad ar fáil do tháirgeoirí san earnáil. Níor bhréagnaigh aon fhianaise a bhí ar fáil do sheirbhísí an Choimisiúin tráth an tionscnaimh an fhianaise maidir le scéimeanna fóirdheontais san iarraidh as ar eascair tionscnamh an imscrúdaithe. |
|
(9) |
Ar an gcaoi chéanna, ba leor an fhianaise a soláthraíodh maidir leis an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil arís ag céim an tionscnaimh. Go nithiúil, bhí fianaise san iarraidh maidir le hacmhainneacht bithdhíosail na hIndinéise, tarraingteacht mhargadh an Aontais do tháirgeoirí na hIndinéise agus an leibhéal praghsanna díobhálach ar a dtiocfadh allmhairí na hIndinéise isteach san Aontas dá n-aisghairfí na bearta. Ar bhonn na n-eilimintí sin, cuireadh fianaise leordhóthanach ar fáil san iarraidh gur dócha go gcuirfí tús arís leis an díobháil do thionscal an Aontais mar thoradh ar aisghairm na mbeart. |
|
(10) |
Níor sholáthair Rialtas na hIndinéise aon fhianaise dá mhalairt ina aighneacht le linn an phróisis comhairliúcháin réamhthionscnaimh. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur leor an fhianaise a cuireadh i láthair san iarraidh chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe ar an athbhreithniú éaga. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don maíomh. |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(11) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú nó go ndéanfar an athuair é, is imscrúdú é a chumhdaigh an tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(12) |
San fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara dul i dteagmháil leis chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, na táirgeoirí aitheanta de chuid an Aontais, na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta san Aontas, úsáideoirí neamhchomhlachaithe san Aontas arb eol iad a bheith bainteach, na táirgeoirí aitheanta san Indinéis agus údaráis na hIndinéise ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(13) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil laistigh de na teorainneacha ama a socraíodh san fhógra tionscnaimh. Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara freisin iarraidh i scríbhinn ar éisteacht le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta in imeachtaí trádála a dhéanamh. Ní bhfuarthas aon iarraidh den sórt sin. |
1.6. Sampláil
|
(14) |
San fhógra tionscnaimh uaidh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán. |
1.6.1. Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(15) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún gur roghnaigh sé go sealadach sampla de tháirgeoirí de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 27 den bhun-Rialachán. Roimh an tionscnamh, sholáthair 32 tháirgeoir de chuid an Aontais an fhaisnéis a iarradh chun an sampla a roghnú agus chuir siad in iúl go raibh siad toilteanach dul i gcomhar leis an gCoimisiún. Ar an mbonn sin, roghnaigh an Coimisiún sampla sealadach ina raibh ceithre tháirgeoir a fuarthas a bheith ionadaíoch ar thionscal an Aontais i dtéarmaí mhéid táirgeachta agus dhíolacháin an táirge chomhchosúil san Aontas. Bhí táirgeoirí sampláilte an Aontais freagrach as thart ar 12 % de tháirgeacht iomlán mheasta thionscal an Aontais agus as thar ar 13 % de mhéid díolachán iomlán thionscal an Aontais le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir leis an sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil agus deimhníodh an sampla sealadach dá bhrí sin. |
1.6.2. Allmhaireoirí a shampláil
|
(16) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. Níor tháinig aon cheann díobh chun cinn. |
1.6.3. Táirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis a shampláil
|
(17) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil i ndáil leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin san Indinéis an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Phoblacht na hIndinéise chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(18) |
Níor chuir aon táirgeoir onnmhairiúcháin an fhoirm samplála ar ais. Ina dhiaidh sin, an 8 Aibreán 2025, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na hIndinéise nach raibh aon chomhar ann ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé a thorthaí maidir le leanúint den fhóirdheonú agus den díobháil agus atarlú an fhóirdheonaithe agus na díobhála a bhunú ar fhíorais atá ar fáil de réir bhrí Airteagal 28 den bhun-Rialachán. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
1.7. Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin
|
(19) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig ceithre tháirgeoir shampláilte an Aontais, chuig an iarratasóir agus chuig Rialtas na hIndinéise. Cuireadh ceistneoirí le haghaidh táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, úsáideoirí agus le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin san Indinéis ar fáil ar líne freisin (7), lá tionscnaimh an imscrúdaithe. |
|
(20) |
Fuarthas freagraí ar na ceistneoirí ó cheithre tháirgeoir shampláilte an Aontais agus ón iarratasóir. |
|
(21) |
An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a lorg agus a fhíorú. Rinneadh cuairteanna fíorúcháin ag áitreabh na gcuideachtaí seo a leanas:
|
1.8. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(22) |
An 24 Samhain 2025, nocht an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(23) |
Thug EBB agus Rialtas na hIndinéise barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh. D’aontaigh EBB le rún an Choimisiúin na dleachtanna frithchúitimh a choinneáil ar bun. Déantar scagadh ar na barúlacha ó Rialtas na hIndinéise sna codanna ábhartha den Rialachán seo. Níor iarr aon pháirtí éisteacht. |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(24) |
Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh, is é sin eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, i bhfoirm íon nó mar a áirítear i gcumasc (‘an táirge faoi athbhreithniú’), atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516 20 98 21, 1516 20 98 29 agus 1516 20 98 33), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518 00 91 21, 1518 00 91 29 agus 1518 00 91 33), ex 1518 00 95 (cóid TARIC 1518 00 95 21, 1518 00 95 33), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518 00 99 21, 1518 00 99 29 agus 1518 00 99 33), ex 2710 19 11 (cód TARIC 2710 19 11 10), ex 2710 19 15 (cód TARIC 2710 19 15 10), ex 2710 19 21 (cód TARIC 2710 19 21 10), ex 2710 19 25 (cód TARIC 2710 19 25 10), ex 2710 19 29 (cód TARIC 2710 19 29 10), ex 2710 19 42 (cóid TARIC 2710 19 42 21 agus 2710 19 42 29), ex 2710 19 44 (cóid TARIC 2710 19 44 21, 2710 19 44 29 agus 2710 19 44 33), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710 19 46 21, 2710 19 46 29 agus 2710 19 46 33), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710 19 47 21, 2710 19 47 29 agus 2710 19 47 33), 2710 20 11 , 2710 20 16 , ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824 99 92 10, 3824 99 92 14 agus 3824 99 92 17), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826 00 90 11, 3826 00 90 19 agus 3826 00 90 33) (8). |
|
(25) |
Léirigh an t-imscrúdú gur eistear meitile ola pailme (‘PME’) go príomha atá sa bhithdhíosal a tháirgtear san Indinéis, ar bithdhíosal é a dhíorthaítear ó ola phailme (9). Níor thug an t-imscrúdú reatha aon fhaisnéis chun solais a dhéanfadh an toradh sin a dhíluacháil. |
|
(26) |
Úsáidtear bithdhíosal go príomha in earnáil an iompair, is é sin in innill díosail, agus is féidir é a chumasc le díosail mianracha nó a úsáid ina fhoirm íon. |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(27) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na hIndinéise (‘an táirge lena mbaineann’). |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(28) |
Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, deimhníodh leis an imscrúdú seo ar an athbhreithniú éaga gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna atá ag na táirgí seo a leanas:
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 2(c) den bhun-Rialachán. |
3. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN FHÓIRDHEONÚ NÓ GO nDÉANFAR AN ATHUAIR É
|
(29) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, agus mar a shonraítear san fhógra tionscnaimh, scrúdaigh an Coimisiún an dócha go leanfar den fhóirdheonú nó go ndéanfar an athuair é de bharr dhul in éag na mbeart atá ann cheana. |
3.1. Neamh-chomhoibriú agus úsáid na bhfíoras atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán
|
(30) |
An 7 Márta 2025, sheol an Coimisiún an ceistneoir frith-fhóirdheontais chuig Rialtas na hIndinéise mar aon le foscríbhinn shonrach (‘Foscríbhinn A’), ina raibh ceistneoir le haghaidh soláthróirí ionchuir. |
|
(31) |
Níor chuir Rialtas na hIndinéise ná aon táirgeoir onnmhairiúcháin bithdhíosail Indinéiseach ná soláthróir ionchuir aon fhreagra ar an gceistneoir ná ar Fhoscríbhinn A isteach. |
|
(32) |
Maidir le haighneacht dar dáta an 21 Márta 2025, thug Rialtas na hIndinéise fógra don Choimisiún nach gcomhoibreodh sé san imscrúdú, ina luaitear go sainráite ‘go ndíreoidh Rialtas na hIndinéise agus táirgeoirí bithbhreosla na hIndinéise araon ar DS618: An tAontas Eorpach - dleachtanna frithchúitimh ar Allmhairí Bithdhíosail ó phróiseas dlíthíochta na hIndinéise, atá fós ar siúl ag an gComhlacht um Réiteach Díospóidí (DSB) EDT. Dá bhrí sin, ní chuirimid freagraí isteach ar cheistneoir an imscrúdaithe’ (10) . |
|
(33) |
Chuir an easpa comhair cosc ar an gCoimisiún an fhaisnéis a bhailiú a mheas sé a bheith ábhartha dá thorthaí san imscrúdú seo. Mar shampla, ní fhéadfadh an Coimisiún aon fhaisnéis a fháil ó Rialtas na hIndinéise maidir le margadh na hola pailme bunaithe ar fhaisnéis dhíreach arna soláthar ag soláthróirí amhola pailme ná ní raibh faisnéis aige maidir le ról PT Perkebunan Nusantara, táirgeoir amhola pailme atá faoi úinéireacht iomlán Rialtas na hIndinéise, maidir leis an tionscal bithdhíosail. |
|
(34) |
Dá bhrí sin, mar a mhínítear in aithris (18), chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na hIndinéise le Nóta Briathartha an 8 Aibreán 2025, mar gheall ar an neamh-chomhoibriú ó Rialtas na hIndinéise agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, go raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún a thorthaí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 28(1) den bhun-Rialachán. Cuireadh in iúl do Rialtas na hIndinéise agus do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise freisin go bhféadfadh sé nach mbeadh toradh bunaithe ar na fíorais atá ar fáil chomh fabhrach céanna agus a bheadh dá gcomhoibreodh siad. |
|
(35) |
Ní bhfuarthas aon bharúlacha maidir leis sin. In éagmais aon fhaisnéise ó Rialtas na hIndinéise nó ó na soláthróirí ionchuir, bhraith an Coimisiún ar fhíorais a bhí ar fáil dá thorthaí chun leanúnachas chleachtais fóirdheontais na hIndinéise sa tionscal bithdhíosail a shuí i gcomhréir le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán. |
|
(36) |
Dá réir sin, d’úsáid an Coimisiún na fíorais uile a bhí ar fáil dó dá anailís, go háirithe:
|
3.2. Fóirdheontais agus cláir fhóirdheontais a scrúdaíodh san imscrúdú seo
|
(37) |
Chun a shuí ar leanadh den fhóirdheonú, scrúdaigh an Coimisiún ar lean na fóirdheontais a frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh de thairbhe a thabhairt do tháirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail ón Indinéis. Ina dhiaidh sin, rinne an Coimisiún anailís ar cé acu a bhain nó nár bhain táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise tairbhe as fóirdheontais nár frithchúitíodh san imscrúdú bunaidh (‘fóirdheontais bhreise’) mar a líomhnaíodh san iarraidh (11). |
3.2.1. Tacaíocht Rialtas na hIndinéise don tionscal bithdhíosail trí aistriú díreach cistí tríd an gCiste um Plandáil Pailme Ola
3.2.1.1. Torthaí an imscrúdaithe bunaidh
|
(38) |
Ag an tús, ní mór a thabhairt faoi deara go dtagraíonn an Coimisiún sa rialachán seo don Chiste um Plandáil Pailme Ola seachas don Chiste Fóirdheontais Bithdhíosail. Is téarma é an téarma deireanach sin a úsáideann an gearánach sa ghearán bunaidh agus arís a úsáideann an t-iarratasóir san iarraidh. Mar sin féin, is é Ciste um Plandáil Pailme Ola ainm oifigiúil na scéime fóirdheontais. |
|
(39) |
San imscrúdú bunaidh, chinn an Coimisiún an méid seo a leanas:
|
|
(40) |
Suíodh san imscrúdú bunaidh gur roghnaigh gach táirgeoir onnmhairiúcháin bithdhíosail Indinéiseach páirt a ghlacadh i soláthar bithdhíosail agus, dá bhrí sin, go raibh siad faoi oibleagáid an cuóta míosúil a dhíol leis na heintitis pheitribhreosla a oibríonn an sainordú cumaisc (20). Suíodh freisin go raibh an praghas tagartha bithdhíosail níos airde ná an praghas tagartha díosail, rud a d’fhág go raibh íocaíochtaí ón gCiste um Plandáil Pailme Ola i bhfabhar tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise (21). Fágann sé sin nach raibh aon fhíorphraghas margaidh ar bhithdhíosal san Indinéis mar gheall ar idirghabháil Rialtas na hIndinéise chun slabhra luacha iomlán bithdhíosail amhola pailme na hIndinéise a rialáil agus a shaobhadh (22). Go deimhin, níor léirigh an praghas tagartha bithdhíosail a shocraigh na hIndinéise an praghas a bheadh faoi dhálaí margaidh neamhshaobhtha gan idirghabháil Rialtas na hIndinéise (23). |
|
(41) |
Chinn an Coimisiún freisin gur chruthaigh Rialtas na hIndinéise an Ciste um Plandáil Pailme Ola agus chuir sé de chúram go sainráite ar an nGníomhaireacht Bainistíochta íocaíochtaí a dhéanamh leis na táirgeoirí bithdhíosail (24). Chomh maith leis sin, ní raibh aon amhras ann maidir le cáiliú an Chiste um Plandáil Pailme Ola mar chomhlacht poiblí (25). Cistí an Chiste um Plandáil Pailme Ola, arna maoiniú trí ghnáthghníomhaíocht bailithe ioncaim fhioscaigh agus phoiblí Rialtas na hIndinéise (26), b’ionann iad agus cistí poiblí arna mbailiú de bhun tobhach onnmhairiúcháin éigeantach (27), agus b’ionann eisíoc an Chiste um Plandáil Pailme Ola i bhfabhar tháirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise agus aistriú díreach cistí i bhfoirm deontais (28). |
|
(42) |
Deimhníodh go sainráite in anailís an Choimisiúin ar an gcreat dlíthiúil lena gcuirtear OPPF chun feidhme go raibh cistí an Chiste um Plandáil Pailme Ola ceaptha chun tairbhe tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise (29), gan a bheith ag súil le haon rud ar ais (30). Chuige sin, dheonaigh Rialtas na hIndinéise an ceart don Ghníomhaireacht Bainistíochta tobhaigh onnmhairiúcháin amhola pailme a úsáid agus d’fhorchuir sé an dualgas bithdhíosal a sholáthar agus a úsáid (31). |
3.2.1.2. Leanúint den fhóirdheonú
|
(43) |
San iarraidh, mhaígh an t-iarratasóir gurb é an ciste fóirdheontais bithdhíosail an clár fóirdheontais is tábhachtaí atá ar fáil do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise ó bhí 2015 ann. Beartaíodh an ciste fóirdheontais bithdhíosail chun an sainordú cumaisc a bhunaigh Rialtas na hIndinéise a chur chun feidhme, sainordú a théann siar go 2006 le cumasc tosaigh 1 % de bhithdhíosal agus 99 % de bhreosla díosail (‘B01’) agus a mheastar a bheith ar cheann de na cinn is ionsaithí ar domhan (32). De réir na fianaise a chuir an t-iarratasóir ar aghaidh, ó 2023 ar aghaidh, bhí sainordú cumaisc 35 % bithdhíosail agus 65 % breosla díosail (‘B35’) tugtha isteach ag Rialtas na hIndinéise (33). I ndáil leis sin, thug an t-iarratasóir faoi deara gur leathnaigh Rialtas na hIndinéise an sainordú cumaisc ó 2018 i leith chuig earnálacha oibleagáidí seirbhíse neamhphoiblí (‘PSO’) freisin, rud a fhágann go bhfuil méadú ollmhór ar fhóirdheonú ar fáil anois do PSO agus neamh-PSO araon (34). |
|
(44) |
Is cuid den Chiste um Plandáil Pailme Ola é an ciste fóirdheontais bithdhíosail, mar a leagtar amach i Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán. Is éard atá i gCiste um Plandáil Pailme Ola suim airgid arna bailiú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta (35), comhlacht poiblí arna bhunú ag Rialtas na hIndinéise a bhfuil sé mar chuspóir sonrach aige cistí an Chiste um Plandáil Pailme Ola a bhailiú, a riar, a bhainistiú, a stóráil agus a dháileadh (36). De bhua an bhunúis dlí fholuitigh, áirítear leis na cistí tobhaigh onnmhairiúcháin ar thráchtearraí amhola pailme agus/nó ar a ndíorthaigh (37). I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir in iúl an fhoráil dhlíthiúil faoina bhfuil ‘sé beartaithe leis an úsáid a bhaintear as cistí […] an bhearna a dhúnadh idir praghas innéacs margaidh na hola breosla díosail agus praghas innéacs margaidh an bhithbhreosla bithdhíosail ar chineálacha áirithe ola breosla’ (38). |
|
(45) |
D’áitigh an t-iarratasóir, de réir na scéime fóirdheontais, go raibh ar tháirgeoirí bithdhíosail Indinéiseacha ar mian leo páirt a ghlacadh sa chlár cuóta bithdhíosail a dhíol ar mhargadh intíre na hIndinéise leis na heintitis pheitribhreosla, Pertamina agus AKR, ar phraghas tagartha díosail mhianraigh in ionad an phraghais iarbhír bithdhíosail (39). Tríd an méid sin a dhéanamh, fuair táirgeoirí na hIndinéise deontais mhalartaithe ó Rialtas na hIndinéise. Bhí na deontais sin cothrom leis an difríocht idir an praghas tagartha le haghaidh bithdhíosail arna leagan síos ag Rialtas na hIndinéise agus an praghas tagartha le haghaidh díosal mianrach, i.e. an praghas ar ar cheannaigh cuideachtaí ola bithdhíosal. De réir an iarratasóra, d’eascair deontais as na tobhaigh onnmhairiúcháin a forchuireadh ar thráchtearraí ola pailme agus thug siad sochar do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. |
|
(46) |
Chomh maith leis sin, mhaígh an t-iarratasóir gur fheidhmigh an Ghníomhaireacht Bainistíochta feidhmeanna rialtais laistigh d’earnáil bithdhíosail na hIndinéise. Go háirithe, ba é an Ghníomhaireacht Bainistíochta an modh trína n-aistríonn Rialtas na hIndinéise cistí go díreach atá cothrom leis an difríocht idir an praghas tagartha díosail agus bithdhíosail chuig táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise (40), de réir Airteagal 3(1)(a)(i) den bhun-Rialachán. |
|
(47) |
D’áitigh an t-iarratasóir go raibh tobhaigh onnmhairiúcháin amhola pailme a bailíodh beartaithe go príomha don Chiste Fóirdheontais Bithdhíosail agus sholáthair sé fianaise gur íocadh 91.3 % de na cistí a bailíodh idir 2015 agus 2023 mar dhreasachtaí do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise (41). I ndáil leis sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil a léiríonn gurbh ionann na cistí a leithdháileadh ar an gCiste Fóirdheontais Bithdhíosail in 2023 agus EUR 2 124 mhilliún, rud a d’fhág gur tháinig méadú ocht n-uaire air i gcomparáid le 2019 agus i leithdháileadh measta fóirdheontais EUR 0.2128/l de bhithdhíosal a díoladh ar mhargadh intíre na hIndinéise (42). |
|
(48) |
Ar deireadh, tháinig an t-iarratasóir ar an gconclúid go bhfuil tacaíocht láidir á léiriú ag Rialtas na hIndinéise ó 2015 i leith do chlár an tsainordaithe cumaisc bithdhíosail, lenar ceadaíodh cistí a eascraíonn as bailiú thobhaigh onnmhairiúcháin amhola pailme arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta chun an difríocht sa phraghas idir bithdhíosal agus díosal mianrach a fhóirdheonú (43). |
3.2.1.3. Sochar
|
(49) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, shuigh an Coimisiún gur thug aistriú díreach cistí ag an nGníomhaireacht Bainistíochta sochar, i bhfoirm deontas (44), do tháirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise. Go sonrach, chuir na deontais sin táirgeoirí bithdhíosail i staid níos fearr ná mar a bheidís ar an margadh, toisc, in éagmais na scéime sin, go mbeadh orthu ailíniú le praghas margaidh an díosail mhianraigh seachas leis an bpraghas tagartha (45). |
|
(50) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur sochar de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán é an t-airgead a d’íoc an Ghníomhaireacht Bainistíochta leis na táirgeoirí bithdhíosail as an mbithdhíosal a díoladh chun an difríocht idir an praghas tagartha díosail a d’íoc Pertamina agus an praghas tagartha bithdhíosail le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a chumhdach (46). |
3.2.1.4. Sainiúlacht
|
(51) |
Ós rud é nach raibh an Ciste um Plandáil Pailme Ola ar fáil ach do na tionscail a raibh baint acu le slabhra luacha amhola pailme le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an Ciste um Plandáil Pailme Ola sonrach de bhua Airteagal 4(2)(a) den bhun-Rialachán (47). |
3.2.1.5. Conclúid
|
(52) |
Níor thug an t-imscrúdú sin aon fhaisnéis chun solais a bhí ag teacht salach ar na torthaí bunaidh. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean an Ciste um Plandáil Pailme Ola mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe ar aghaidh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.2.2. Soláthar amhola pailme ar íocaíocht neamhleor
3.2.2.1. Torthaí ó na himscrúduithe roimhe seo
|
(53) |
San imscrúdú bunaidh (48), shuigh an Coimisiún go raibh ranníocaíocht airgeadais i bhfoirm amhola pailme a bheith á sholáthar ag an rialtas ar íocaíocht nach leordhóthanach do tháirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise mar thoradh ar an tacar beart a ghlac Rialtas na hIndinéise (49). Shuigh an Coimisiún freisin gur chuir Rialtas na hIndinéise de chúram ar tháirgeoirí amhola pailme na hIndinéise agus gur threoraigh sé iad chun earraí a sholáthar do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán (50). |
|
(54) |
Léiríodh san imscrúdú bunaidh gur dhear Rialtas na hIndinéise na srianta ar onnmhairí ar amhola pailme, gur thug sé isteach iad agus go ndearna sé faireachán orthu agus é mar chuspóir sonrach aige praghsanna amhola pailme a choinneáil ar leibhéal níos ísle chun tairbhe na dtionscal iartheachtach (51). Eadhon, trí éifeacht bhrú síos ar phraghas intíre amhola pailme san Indinéis, d’áirithigh Rialtas na hIndinéise go raibh praghas na n-amhábhar le haghaidh bithdhíosail fós i bhfad níos ísle ná praghsanna domhanda, chun tairbhe tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise (52). |
|
(55) |
San anailís a rinneadh ina dhiaidh sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shochar do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise de réir bhrí Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán (53). D’eascair an tairbhe sin as amhábhair a bheith á soláthar ar íocaíocht neamhleor ag táirgeoirí amhola pailme, agus PTPN ag gníomhú de facto mar shocraitheoir praghsanna (54): ba é an praghas a shocraigh PTPN an t-uasphraghas ar an margadh intíre, agus ina dhiaidh sin bhí gach táirgeoir amhola pailme agus bithdhíosail ar mhargadh na hIndinéise (55). Go deimhin, léirigh praghas intíre amhola pailme go dlúth praghas dámhachtana cheantanna laethúla PTPN (56). Dá bhrí sin, d’ordaigh gníomhaíochtaí Rialtas na hIndinéise do sholáthróirí amhola pailme amhola pailme a sholáthar ar luach saothair neamhleor do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise trí phraghas uasta a shocrú de facto ar mhargadh na hIndinéise (57). |
|
(56) |
Ar bhonn na faisnéise ar comhad san imscrúdú bunaidh, suíodh go raibh praghsanna amhola pailme san Indinéis saofa mar gheall ar idirghabháil Rialtas na hIndinéise. |
|
(57) |
Thairis sin, fuarthas go raibh an clár fóirdheontais sin sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta tionscal agus fiontar san Indinéis a úsáideann amhola pailme ina bpróiseas táirgthe (58). |
|
(58) |
I ndeireadh na dála, chinn an Coimisiún, trí bhíthin Rialachán Uimh. 66/2018 ón Uachtarán, go raibh beartas sainráite curtha i bhfeidhm ag Rialtas na hIndinéise chun tacú le forbairt an tionscail bithdhíosail intíre (59), agus mheabhraigh sé gur fhógair Rialtas na hIndinéise go sainráite go dtacaíonn sé leis an tionscal bithdhíosail tríd an gCiste um Plandáil Pailme Ola a bhunú arbh é a shainchúram beartais tacú leis an tionscal bithdhíosail amháin (60). |
3.2.2.2. Leanúint den chlár fóirdheontais
|
(59) |
San iarraidh, d’áitigh an t-iarratasóir go ndearnadh praghsanna amhola pailme a shaobhadh le linn an imscrúdaithe athbhreithniúcháin mar gheall ar idirghabháil Rialtas na hIndinéise, agus chuir sé i dtábhacht gurb é ó 1994 i leith atá córas srianta onnmhairiúcháin curtha i bhfeidhm ag Rialtas na hIndinéise ar amhola pailme, arb é an príomh-amhábhar é chun bithdhíosal a tháirgeadh san Indinéis, mar uirlis chun praghsanna táirgí iartheachtacha a rialú agus tionchar a imirt orthu (61). Go deimhin, is ionann amhola pailme agus thart ar 85 % de chostais táirgthe iomlána an bhithdhíosail (62). |
|
(60) |
D’áitigh an t-iarratasóir go raibh an córas srianta onnmhairiúcháin ar amhola pailme fós i bhfeidhm go hiomlán san Indinéis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’ainneoin roinnt leasuithe ar an mbunchreat dlíthiúil (63). Go deimhin, trí Rialachán Uimh. 154/PMK.05/2022 ó Aireacht Airgeadais Phoblacht na hIndinéise atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023, leasaigh Rialtas na hIndinéise (i) an raon praghsanna le haghaidh na gcánacha/tobhaigh onnmhairiúcháin ar amhola pailme agus ar bhithdhíosal, i.e. tríd an dleacht onnmhairiúcháin a fhorchur aon uair a thiteann praghas tagartha amhola pailme faoi bhun USD 680/MT (in ionad na tairsí USD 750/MT is infheidhme roimhe sin) (64); agus (ii) na raonta praghsanna don tobhach onnmhairiúcháin ar bhithdhíosal a choigeartú (65). De bhun Rialachán Uimh. 123/PMK.010/2022 ón Aireacht Airgeadais, shocraigh Rialtas na hIndinéise raonta praghsanna agus na dleachtanna onnmhairiúcháin coibhneasta le haghaidh amhola pailme agus bithdhíosail (66). Cúlghaireadh an chéad cheann le Rialachán Uimh. 38/PMK.010/2024 ón Aireacht Airgeadais, a choinnigh mar sin féin na dleachtanna onnmhairiúcháin is infheidhme maidir le amhola pailme agus bithdhíosal (67). |
|
(61) |
Mhaígh an t-iarratasóir go bhfuil scéimeanna fóirdheontais den sórt sin á gcoinneáil ar bun ag Rialtas na hIndinéise ó 2019 i leith (68). Chomh maith leis na córais srianta onnmhairiúcháin, choinnigh Rialtas na hIndinéise ar idirghabháil a dhéanamh i margadh na hIndinéise chun praghsanna amhola pailme a rialú de facto trí PTPN, comhlacht poiblí agus cuideachta faoi úinéireacht an Stáit atá faoi rialú iomlán Rialtas na hIndinéise (69). Trí cheantanna laethúla, ghníomhaigh PTPN de facto mar shocrú praghsanna le haghaidh amhola pailme de réir aidhm Rialtas na hIndinéise praghsanna intíre amhola pailme a choinneáil níos ísle ionas go bhféadfadh na tionscail iartheachtacha - is é sin an tionscal bithdhíosail - tairbhe a bhaint as (70). Tríd an méid sin a dhéanamh, thacaigh Rialtas na hIndinéise le tionscal bithdhíosail na hIndinéise agus spreag sé go saorga é. Dá bhrí sin, de réir an iarratasóra, chuir Rialtas na hIndinéise de chúram ar sholáthróirí amhola pailme na hIndinéise nó thug sé treoir dóibh ábhair ionchuir a sholáthar d’úsáideoirí intíre amhola pailme, is é sin táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise, ar luach saothair nach leordhóthanach de bhun Airteagal 3(1)(a)(iv) den bhun-Rialachán (71). Tháinig an t-iarratasóir ar an gconclúid go bhfuil córas curtha i bhfeidhm ag Rialtas na hIndinéise lena gcruthaítear éileamh ard ar bhithdhíosal tríd an sainordú cumaisc (72), agus dá bhrí sin tá táirgeoirí amhola pailme freagrach as margadh intíre amhola pailme ar phraghas atá íseal go saorga (73). |
3.2.2.3. Sochar
|
(62) |
Is fóirdheontas é amhola pailme a sholáthar ar íocaíocht neamhleor de réir Airteagal 3(1)(a)(iii) den bhun-Rialachán toisc gur chuir Rialtas na hIndinéise de chúram ar na soláthróirí ionchuir sin é sin a dhéanamh ar luach níos lú ná an margadhluach nó gur thug Rialtas na hIndinéise treoir dóibh é sin a dhéanamh. |
|
(63) |
Toisc go raibh sé d’aidhm ag Rialtas na hIndinéise praghas intíre amhola pailme a ísliú go saorga, chinn an Coimisiún gur thug tacaíocht Rialtas na hIndinéise do thionscal bithdhíosail na hIndinéise tairbhe trí thagairt a dhéanamh don difríocht idir na praghsanna a íocann táirgeoirí bithdhíosail intíre a cheannaíonn amhola pailme go háitiúil agus an tagarmharc bunaithe ar dhálaí an mhargaidh atá i réim do amhola pailme. Ba é an toradh a bhí ar an difríocht idir an dá cheann tairbhe do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise, a cuireadh ann chun príomh-amhábhar le haghaidh bithdhíosail a fhoinsiú ar phraghas faoi bhun phraghas an mhargaidh idirnáisiúnta (74). Maidir leis an tagarmharc iomchuí atá le húsáid sa chomparáid, san imscrúdú bunaidh, mheas an Coimisiún go raibh praghas onnmhairiúcháin amhola pailme saor ar bord na hIndinéise chuig an gcuid eile den domhan, mar a fuarthas i Staidreamh Onnmhairiúcháin na hIndinéise, iomchuí. Rinne an Coimisiún comparáid idir praghas intíre amhola pailme a d’íoc táirgeoirí na hIndinéise agus an tagarmharc ríofa. Chinn sé gurbh ionann an difríocht agus na ‘coigiltis’ a fuair táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise a cheannaigh amhola pailme ar an margadh intíre saofa i gcomparáid leis an bpraghas a bheadh acu in éagmais saobhadh. Léirigh an méid iomlán sin an sochar a thug Rialtas na hIndinéise do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(64) |
De cheal comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bhonn sin a d’fhéadfadh sé méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. |
3.2.2.4. Sainiúlacht
|
(65) |
Tá an fóirdheontas atá i gceist sonrach de réir bhrí Airteagal 4(2)(c) den bhun-Rialachán agus é á chur san áireamh go bhfuil a infhaighteacht teoranta do chuideachtaí áirithe san Indinéis, eadhon iad siúd atá gníomhach i slabhra luacha na hola pailme (75). |
3.2.2.5. Conclúid
|
(66) |
Níor thug an t-imscrúdú sin aon fhaisnéis chun solais a bhí ag teacht salach ar na torthaí bunaidh. |
|
(67) |
Dá réir sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur leanadh d’amhola pailme a sholáthar ar íocaíocht neamhleor mar fhóirdheontas in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chomh maith leis sin, dheimhnigh an Coimisiún, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, trí shraith beart lena n-áirítear cánacha agus tobhach onnmhairiúcháin, agus trí ghníomhú de facto mar shocraitheoir praghsanna ar an margadh, gur spreag táirgeoirí intíre amhola pailme Rialtas na hIndinéise amhola pailme a dhíol go háitiúil, agus gur chuir siad de chúram orthu agus gur threoraigh siad dóibh an t-amhábhar sin a sholáthar do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise ar luach saothair neamhleor. |
3.2.3. Díolúine ó dhleachtanna allmhairiúcháin ar innealra allmhairithe isteach i gcriosanna faoi bhanna
3.2.3.1. Torthaí ón imscrúdú roimhe seo
|
(68) |
San imscrúdú bunaidh (76), shuigh an Coimisiún gur fóirdheontas í scéim na gcriosanna faoi bhanna, trínar chuir Rialtas na hIndinéise (i) dleacht allmhairiúcháin ar innealra allmhairithe ar fionraí agus (ii) CBL díolmhaithe ar innealra allmhairithe, de réir bhrí Airteagal 3(1)(a)(ii) agus Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán. |
|
(69) |
Shuigh an Coimisiún freisin go raibh an fóirdheontas sonrach faoi Airteagal 4.2(a) agus 4.2(c) den bhun-Rialachán toisc nach raibh scéim na gCriosanna faoi Bhanna ar fáil ach do ‘chuideachtaí atá dírithe ar onnmhairiú’, i.e. cuideachtaí a ghineann níos mó ná 50 % dá láimhdeachas ó onnmhairí (77). Mar sin féin, san imscrúdú bunaidh, mhínigh Rialtas na hIndinéise don Choimisiún go raibh cuideachtaí sa tionscal bithdhíosail incháilithe don scéim cé nár chomhlíon siad an ceanglas maidir le níos mó ná 50 % dá láimhdeachas a ghiniúint ó onnmhairiú. Ba é ba chúis leis an díolúine sin go bhféadfaidís, tríd an méid sin a dhéanamh, an sainordú cumaisc arna fhorchur ag Rialtas na hIndinéise a chomhlíonadh (78). Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh deonú na díolúine a bhaineann leis na critéir incháilitheachta go hiomlán faoi dhiscréid Rialtas na hIndinéise (79). |
|
(70) |
Maidir leis na buntáistí a thugtar le scéimeanna na gCriosanna faoi Bhanna, chinn an Coimisiún (i) go raibh fionraí na dleachta ar allmhairí mar thoradh air; nó (ii) an díolúine ó CBL ar earraí a allmhairítear isteach sna Criosanna faoi Bhanna go dtí gur díoladh na hearraí sin ar mhargadh intíre na hIndinéise nó gur onnmhairíodh go díreach iad. Dá bhrí sin, más rud é gur fhan na hearraí sin laistigh de na Criosanna faoi Bhanna nó go ndéantar iad a onnmhairiú go díreach, ní bhíonn dleacht ar allmhairí ná CBL dlite riamh (80). Go bunúsach, chiallaigh sé sin nár íoc táirgeoirí onnmhairiúcháin Indinéiseacha riamh dleacht ar allmhairí ná CBL ar an innealra a d’allmhairigh siad ar dtús agus a d’fhan ansin laistigh de na Criosanna faoi Bhanna nó a onnmhairíodh go díreach (81). |
|
(71) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ranníocaíocht airgeadais ó Rialtas na hIndinéise i bhfoirm ioncam ligthe thar ceal a bhí san fhionraí dleachta ar allmhairí agus sa díolúine ó CBL ar na hearraí a allmhairíodh isteach sna Criosanna faoi Bhanna (82). Is é sin, d’fhan dleacht allmhairiúcháin agus CBL ar innealra allmhairithe díolmhaithe go dtí go ndíolfaí na hearraí ar mhargadh intíre na hIndinéise nó go n-onnmhaireofaí go díreach iad (83). |
3.2.3.2. Leanúint den chlár fóirdheontais
|
(72) |
San iarraidh, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur lean táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise de thairbhe a bhaint as (i) an bhfionraí ar dhleachtanna allmhairiúcháin agus (ii) an díolúine ó CBL ar innealra allmhairithe isteach sna criosanna faoi bhanna (84). |
|
(73) |
Thug an t-iarratasóir le fios gurb é Rialachán (PMK) Uimh. 188/PMK.010/2015 ón Aire Airgeadais maidir leis an Dara Leasú ar Rialachán (PMK) Uimh. 176/PMK.011/2009 ón Aire Airgeadais maidir le Díolúine ó Dhleacht i leith Meaisíní, Earraí agus Ábhair Allmhairithe le haghaidh Tógáil agus Forbairt Thionsclaíoch don Infheistíocht an bunús dlí atá fós leis an scéim fóirdheontais seo (85). |
|
(74) |
De réir an iarratasóra, (i) b’ionann fionraí dleachtanna allmhairiúcháin ar innealra allmhairithe agus ioncam ligthe thar ceal nó nár bailíodh de réir bhrí Airteagal 3(1)(ii) den bhun-Rialachán, agus (ii) b’ionann an díolúine ó CBL go sonrach agus ioncam poiblí ligthe thar ceal, toisc, faoi ghnáthchúinsí, go mbeadh an CBL íoctha ar dtús ag táirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise leis an Stát agus ansin go ndearna siad CBL den sórt sin a chúiteamh agus na hearraí allmhairithe á ndíol acu ar bhonn intíre (86). |
3.2.3.3. Sochar
|
(75) |
Níor chuir Rialtas na hIndinéise ná aon táirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseach fianaise ar fáil a thugann le fios gur scoir an tionscal bithdhíosail de thairbhe a bhaint as an scéim a thuairiscítear thuas. |
|
(76) |
De cheal comhoibriú ó Rialtas na hIndinéise agus ó aon tháirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na hIndinéise, ní raibh aon fhaisnéis a bhain go sonrach le cuideachta ag an gCoimisiún ar ar a bonn sin a d’fhéadfaí méid an fhóirdheontais a tugadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a ríomh. Suíodh san imscrúdú roimhe seo go n-allmhairítear innealraí a úsáidtear sna Criosanna faoi Bhanna go ginearálta agus nuair a shuiteáiltear iad, mar gheall ar na dreasachtaí, níor fhág siad na Criosanna faoi Bhanna riamh (87). Dá bhrí sin, níor tháinig an dleacht allmhairiúcháin ar innealra den sórt sin chun bheith iníoctha riamh. Ar an gcaoi chéanna, bhí CBL ar mheaisíní den sórt sin díolmhaithe i gcónaí, ós rud é gur bhain táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise tairbhe as infhaighteacht airgid thirim a choinneáil (88). |
|
(77) |
Dheimhnigh an Coimisiún, a bhuí leis an scéim seo, go raibh táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise níos fearr as ná mar a bheidís as láthair ó scéim den sórt sin. Go deimhin, mura raibh scéim den sórt sin i bhfeidhm, bheadh dleachtanna allmhairiúcháin agus CBL araon íoctha ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise ar allmhairiú innealra isteach sna Criosanna faoi Bhanna (89). |
|
(78) |
Maidir le torthaí an fhóirdheonaithe leanúnaigh san athbhreithniú éaga reatha, dheimhnigh an Coimisiún ríomh mhéid fóirdheontais an imscrúdaithe bunaidh. Maidir leis an díolúine ó dhleacht ar allmhairí ar innealra allmhairithe, is éard a bhí sa sochar méid iomlán na dleachta neamhíoctha a leithdháileadh ar thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bunaithe ar shaolré úsáideach na sócmhainní tearcéilimh; i gcás na díolúine CBL, ba dhiomaibhseach an sochar agus dá bhrí sin ní raibh tionchar ábhartha aige ar na torthaí deiridh (90). Is dócha gur leanadh den fhóirdheonú ar a laghad ar na leibhéil chéanna le leibhéil an imscrúdaithe bunaidh. |
3.2.3.4. Sainiúlacht
|
(79) |
Is fóirdheontas sonrach é de réir bhrí Airteagal 4(2)(a) agus Airteagal 4(3) den bhun-Rialachán toisc nach raibh sé ar fáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ach do chuideachtaí áirithe ag brath ar a bhfeidhmíocht onnmhairiúcháin agus ar a suíomh i limistéir gheografacha shonracha laistigh de dhlínse an údaráis deonúcháin (91). |
3.2.3.5. Conclúid
|
(80) |
Níor tháinig athrú substaintiúil ar an staid dhlíthiúil agus níor tugadh aon fhaisnéis a thagann salach ar na torthaí bunaidh chun solais leis an imscrúdú sin. Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean scéim na gCriosanna faoi Bhanna agus an díolúine ó dhleacht ar allmhairí agus CBL ar innealra allmhairithe mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe de thairbhe a thabhairt don tionscal bithdhíosail le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.2.4. Scéimeanna Eile
|
(81) |
San imscrúdú bunaidh, shainaithin an gearánach roinnt clár fóirdheontais breise, eadhon na sochair chánach ioncaim le haghaidh infheistíochtaí liostaithe, an fóirdheontas eastáit thionsclaíoch, agus na sochair chánach tionscail cheannródaíocha (92). Chinn an Coimisiún, áfach, nár thairbhigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseach d’aon cheann de na cláir sin (93). |
|
(82) |
San iarraidh, mheabhraigh an t-iarratasóir na cláir fóirdheontais bhreise sin (94), agus d’admhaigh sé, i gcomparáid leis an imscrúdú bunaidh, nach bhfuil an rialachán lena mbunaítear sochair cánach ioncaim le haghaidh infheistíocht liostaithe i bhfeidhm a thuilleadh toisc gur aisghaireadh é le Rialachán Rialtais Phoblacht na hIndinéise Uimh. 78 de 2019 (95). I ndáil leis sin, thug an t-iarratasóir dá aire nach raibh an tionscal bithdhíosail san áireamh a thuilleadh sa ghníomh dlí nua i measc na ndaoine sin atá incháilithe do na dreasachtaí fóirdheonaithe a liostaítear ann (96). Dá bhrí sin, thug an t-iarratasóir éilimh shonracha ar aghaidh a bhain leis an dá chlár fóirdheontais eile amháin (97), i.e. an fóirdheontas eastáit thionsclaíoch agus an sochar cánach tionscail ceannródaí. |
|
(83) |
Mar sin féin, níor chuir an t-iarratasóir aon fhianaise ar fáil maidir le haon táirgeoir onnmhairiúcháin bithdhíosail Indinéiseach a bheith incháilithe mar ‘chuideachta thionsclaíoch’ nó a bheith lonnaithe i limistéar geografach a chomhlíonann ceanglais ‘eastáit thionsclaíoch’, ceanglas incháilitheachta chun tairbhe a bhaint as an bhfóirdheontas stáit tionsclaíoch, nó maidir le haon táirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseach a bhfuil plean infheistíochta nua aige ar fiú 500 billiún rupiah ar a laghad é, ceanglas incháilitheachta don sochar cánach tionscail ceannródaíoch. In éagmais comhoibriú ó Rialtas na hIndinéise agus ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin Indinéiseach, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún tairbhe a shuí toisc nach bhfuil aon fhaisnéis ann maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu a bhain nó nár bhain táirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise úsáid as an gclár fóirdheontais sin. |
|
(84) |
Dá bhrí sin, níl aon fhianaise ann a léiríonn go raibh na scéimeanna sin i bhfeidhm mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
3.3. Conclúid maidir le leanúint den fhóirdheonú
|
(85) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur lean táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise de thairbhe a bhaint as fóirdheontais in-fhrithchúitithe le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(86) |
Tar éis an nochta deiridh, mhaígh Rialtas na hIndinéise nach fóirdheontais faoi chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh iad OPPF ná soláthar amhola pailme ar íocaíocht nach leordhóthanach. Bhí sé sin bunaithe ar a aighneachtaí san imscrúdú bunaidh agus ar thorthaí an Phainéil in DS618 freisin (98): An tAontas Eorpach — dleachtanna frithchúitimh ar Allmhairí Bithdhíosail ón Indinéis. |
|
(87) |
Mar gheall ar an neamh-chomhoibriú sainráite ó Rialtas na hIndinéise agus ó tháirgeoirí Indinéiseacha araon, bhí conclúidí an Choimisiúin maidir le leanúint den fhóirdheonú san athbhreithniú éaga seo bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil mar a mhínítear in aithrisí (32) go (36). Chuige sin, d’úsáid an Coimisiún an iarraidh ar athbhreithniú agus torthaí an imscrúdaithe roimhe sin. Tugadh aghaidh cheana féin ar na haighneachtaí a rinneadh san imscrúdú bunaidh agus ar a substaint san imscrúdú sin, lenar suíodh gur fóirdheontais in-fhrithchúitithe a bhí sa dá scéim (99). Rinne an tAontas Eorpach achomharc in aghaidh thorthaí an Phainéil in DS618 (100). Dá bhrí sin, de réir chásdlí EDT, níl torthaí an Phainéil in DS618 críochnaitheach agus níl aon stádas dlíthiúil acu i gcóras EDT (101), ós rud é nár fhormhuinigh an Comhlacht Réiteach Díospóidí iad trí chinneadh ó Chomhaltaí EDT agus, dá bhrí sin, nach bhfuil siad in ann amhras a chaitheamh ar thorthaí an athbhreithnithe éaga seo. Thairis sin, níor cuireadh barúlacha Rialtas na hIndinéise ar fáil ach amháin tar éis an nochta deiridh agus in aon chás níor chuir siad aon fhaisnéis fhíorasach ná fianaise nua ar fáil atá contrártha le conclúidí an athbhreithnithe éaga. Dá bhrí sin, diúltaíodh do bharúlacha Rialtas na hIndinéise. |
3.4. Forbairt allmhairí dá ndéanfaí na bearta a aisghairm
|
(88) |
Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann d’fhóirdheonú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú ar fhorbairt dhóchúil na n-allmhairí fóirdheonaithe isteach san Aontas ón tír lena mbaineann dá n-aisghairfí na bearta. Rinneadh anailís ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais. I bhfianaise na heaspa comhair, suíodh na gnéithe sin ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 28 den bhun-Rialachán, i.e. an iarraidh agus torthaí an imscrúdaithe roimhe sin. |
3.4.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san Indinéis
|
(89) |
De réir faisnéis atá ar fáil go poiblí arna tuairisciú ag EBB agus ag táirgeoirí sampláilte an Aontais, in 2024, meastar go bhfuil an acmhainneacht táirgeachta san Indinéis níos mó ná 16 mhilliún tona, agus meastar go bhfuil an táirgeacht agus an tomhaltas thart ar 11 mhilliún tona (102). Ar an mbonn sin, meastar gurb ionann an acmhainneacht bhreise san Indinéis agus beagnach 5 mhilliún tona, arb ionann é agus thart ar 30 % de thomhaltas an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(90) |
Dá bhrí sin, agus i bhfianaise na dtorthaí in aithrisí (91) go (93) maidir le tarraingteacht an Aontais, mheas an Coimisiún, dá n-aisghairfí na bearta, go mbeadh táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise in ann a n-onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú. |
3.4.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(91) |
Tá margadh an Aontais fós ina mhargadh an-tarraingteach do tháirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise. Go deimhin, is é an tAontas an margadh bithdhíosail is mó ar domhan, agus meastar gurb é an chéad úsáideoir bithdhíosail ar fud an domhain in 2028, arb ionann é agus 33 % d’úsáid iomlán bithdhíosail ar fud an domhain, chun tosaigh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’) le 22 % d’úsáid iomlán bithdhíosail ar fud an domhain (103). Chomh maith leis sin, d’fhorchuir na Stáit Aontaithe bearta frithdhumpála agus frithchúitimh ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise ó 2018 i leith, ar cuireadh síneadh leo araon i mí Iúil 2023, le corrlaigh dhumpála idir 92.52 % agus 276.65 % agus rátaí fóirdheontais idir 34.45 % agus 64.73 % faoi seach (104). |
|
(92) |
Tá margadh an Aontais tarraingteach freisin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise i dtéarmaí praghsanna. Mar a leagtar amach in aithrisí (108) agus (146), gan na dleachtanna frithchúitimh, dhéanfadh allmhairí ón Indinéis isteach san Aontas ar a leibhéal praghsanna le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe sladghearradh 5.8 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig an Aontas agus praghsanna onnmhairiúcháin na hIndinéise chuig margaí tríú tíortha eile. In éagmais comhair, d’úsáid an Coimisiún staidreamh GTA (105) le haghaidh onnmhairí na hIndinéise faoi fho-cheannteidil 1516 20 , 1518 00 , 2710 19 , 2710 20 , 3826 00 agus 3824 99 den Chóras Comhchuibhithe ar leibhéal SAB. Léiríodh sa chomparáid gurbh é EUR 989 in aghaidh an tona an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas agus gurbh é EUR 642 in aghaidh an tona an meánphraghas onnmhairiúcháin chuig gach tríú tír eile le chéile i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríonn sé sin go bhfuil margadh an Aontais tarraingteach toisc go dtugann sé praghsanna níos fearr do tháirgeoirí na hIndinéise ná margaí eile agus go mbeadh praghsanna den sórt sin fós níos ísle ná praghsanna thionscal an Aontais. |
|
(93) |
Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún, dá n-aisghairfí na bearta atá ann faoi láthair, gur dócha go ndíreodh táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise cuid dá n-acmhainneacht bhreise ar a laghad chuig an Aontas chomh maith le honnmhairí a atreorú chuig an Aontas. |
3.5. Conclúid maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú
|
(94) |
Chinn an Coimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach ann gur leanadh d’fhóirdheonú an tionscail bithdhíosail san Indinéis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is dócha go leanfaidh sé sin ar aghaidh amach anseo, agus aird á tabhairt ar an sainordú cumaisc atá ag dul i méid a dtugtar tuairisc air in aithris (43). Go sonrach, maidir le OPPF agus soláthar amhola pailme ar íocaíocht neamhleor, ag cur san áireamh an chaoi a bhfuil na scéimeanna sin ag feidhmiú ó bunaíodh iad, is dócha go leanfaidh na tairbhí do tháirgeoirí onnmhairiúcháin bithdhíosail na hIndinéise a eascraíonn as sin amach (106). |
|
(95) |
Chinn an Coimisiún freisin gur dócha go dtiocfadh méadú ar onnmhairí bithdhíosail fhóirdheonaithe na hIndinéise chuig margadh an Aontais mar thoradh ar aisghairm na mbeart frithchúitimh. |
|
(96) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go leanfaí den fhóirdheonú dá rachadh na bearta frithchúitimh in éag. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(97) |
Rinne 40 tháirgeoir san Aontas a bhí ina mbaill de EBB an táirge comhchosúil a mhonarú móide thart ar 20 táirgeoir eile de chuid an Aontais nach baill de EBB iad. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 9(1) den bhun-Rialachán. |
|
(98) |
Suíodh gur thart ar 14 179 182 tona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn macraicheistneoir fíoraithe a chuir EBB isteach. Rinneadh sonraí EBB maidir le táirgeadh bithdhíosail an Aontais a mheas ar bhonn na sonraí ó sholáthraí faisnéise margaidh seachtrach (107) le haghaidh 2023, ar cuireadh éabhlóid an chéatadáin idir 2023 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar tháirgeadh chomhaltaí EBB i bhfeidhm ina leith. |
|
(99) |
Mar a léirítear in aithris (15), 12 % de tháirgeadh iomlán an Aontais den táirge comhchosúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a bhí i gceist le táirgeoirí an Aontais a roghnaíodh sa sampla. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(100) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéideanna díolachán thionscal an Aontais i margadh an Aontais a tuairiscíodh sa fhreagra a thug EBB ar an macraicheistneoir agus ar shonraí allmhairiúcháin ó Eurostat (Comext). |
|
(101) |
Ar an mbonn sin, is mar seo a leanas a d’fhorbair tomhaltas an Aontais: Tábla 1 — Tomhaltas an Aontais (tonaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(102) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 7 % ar thomhaltas bithdhíosail an Aontais ar an iomlán. Tháinig méadú 4 % air ó 2021 go 2022, d’fhan sé cobhsaí in 2023 agus tháinig laghdú 11 % air ó 2023 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(103) |
Shuigh an Coimisiún méid na n-allmhairí ar bhonn staitisticí allmhairiúcháin ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh ar bhonn na méideanna allmhairí ón tír lena mbaineann agus thomhaltas an Aontais. |
|
(104) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí ón Indinéis isteach san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 2 — An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(105) |
Bhí méid na n-allmhairí bithdhíosail ón Indinéis diomaibhseach i gcaitheamh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Luainigh sé ach tháinig laghdú foriomlán air i gcaitheamh na tréimhse faoi bhreathnú (-39 % ar an iomlán). Bhí a sciar den mhargadh diomaibhseach freisin, ag laghdú ó 0.6 % in 2021 go 0.4 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón Indinéis agus sladghearradh praghais
|
(106) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú is mar a leanas a tháinig forbairt ar phraghas na n-allmhairí ón Indinéis isteach san Aontas: Tábla 3 — Praghsanna allmhairí (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||
|
(107) |
Tháinig méadú 37 % ar phraghsanna allmhairí na hIndinéise in 2022, ach thit siad ar ais ansin go dtí an leibhéal a bhí acu roimhe sin agus tháinig laghdú beag (4 %) orthu ó 2023 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ba é EUR 1 113/tona meánphraghas na n-allmhairí ón Indinéis. |
|
(108) |
Mar gheall ar neamh-chomhoibriú tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise, chinn an Coimisiún sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 28 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas allmhairiúcháin mar a taifeadadh in Eurostat, arna bhunú ar bhonn Costais, Árachais, Last-táille (‘CAL’), le coigeartuithe iomchuí le haghaidh dleachtanna custaim caighdeánacha agus costais iar-allmhairiúcháin, agus meánphraghas díola ualaithe thionscal an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais, bunaithe ar na freagraí fíoraithe ar an gceistneoir a sholáthair táirgeoirí sampláilte an Aontais. Ar an mbonn sin, níor aimsíodh aon sladghearradh. Mar sin féin, mar a leagtar amach in aithris (146) freisin, agus na dleachtanna frithchúitimh á n-asbhaint, rinne praghsanna na hIndinéise sladghearradh 5.8 % ar phraghas díola thionscal an Aontais. |
4.4. Allmhairí ó thríú tíortha nach an Indinéis iad
|
(109) |
Is ón tSín, ón Ríocht Aontaithe agus ó Shingeapór den chuid is mó a tháinig allmhairí bithdhíosail ó thríú tíortha seachas an Indinéis. |
|
(110) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid na n-allmhairí isteach san Aontas, ar an sciar den mhargadh agus ar threochtaí praghsanna i gcás allmhairí bithdhíosail ó thríú tíortha eile: Tábla 4 — Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(111) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú beag ar mhéideanna na n-allmhairí ó thríú tíortha eile, ach i bhfianaise an laghdaithe níos airde ar thomhaltas foriomlán, mhéadaigh siad a sciar den mhargadh. Tháinig méadú suntasach ar allmhairí ón tSín, áfach, agus tháinig méadú faoi thrí ar an sciar den mhargadh faoi seach. A mhéid a bhaineann le praghsanna, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó allmhairí ó thríú tíortha eile beagán níos airde ná an praghas allmhairiúcháin ón Indinéis. |
4.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
4.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(112) |
Áiríodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(113) |
Mar a luaitear in aithris (15), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscail an Aontais a mheasúnú. |
|
(114) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an macraicheistneoir a chuir an t-iarratasóir isteach. Na sonraí a bhaineann le táirgeoirí uile an Aontais. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(115) |
Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, méid na ndíolachán, sciar den mhargadh, fostaíocht, táirgiúlacht, fás, méid na gcorrlach fóirdheonaithe agus téarnamh ó éifeachtaí an fhóirdheonaithe a rinneadh roimhe seo. |
|
(116) |
Rinneadh an anailís ar tháscairí micreacnamaíocha (meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a thiomsú) ar leibhéal tháirgeoirí sampláilte an Aontais. Bunaíodh an measúnú ar a bhfaisnéis a fíoraíodh go cuí le linn cuairt fíorúcháin ar an láthair. |
4.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
4.5.2.1. Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
(117) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 5 — Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(118) |
Tháinig méadú beag ar an acmhainneacht táirgeachta in 2022 sular tháinig laghdú uirthi arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, nuair a shroich sí leibhéal a bhí cosúil leis an leibhéal a bhí ann in 2021. Tháinig laghdú leanúnach ar an méid táirgeachta agus ar úsáid acmhainneachta ó 2020 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus tháinig laghdú 7 % agus 6 % orthu ar an iomlán, faoi seach. |
4.5.2.2. Méid díolachán san Aontas agus a sciar den mhargadh
|
(119) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 — An méid díolachán (tonaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(120) |
Tháinig laghdú 9 % agus ar an iomlán ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Léirítear é sin i laghdú ar an sciar den mhargadh ó 74.5 % in 2020 go 72.8 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 10 % ar an sciar de mhargadh an Aontais idir 2021 agus 2022, agus tháinig téarnamh air ina dhiaidh sin in 2023 agus tháinig méadú breise air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, bhí an sciar den mhargadh i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe fós faoi bhun leibhéil 2021. |
4.5.2.3. Fás
|
(121) |
I gcomhthéacs tomhaltas agus táirgeacht a bheith ag laghdú, chaill tionscal an Aontais méid díolachán agus sciar den mhargadh. Ar an iomlán, níor tháinig aon fhás ar thionscal an Aontais thar an tréimhse faoi bhreathnú. |
4.5.2.4. Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
(122) |
Seo a leanas mar a d’fhorbair an leibhéal fostaíochta agus an táirgiúlacht laistigh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 – Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(123) |
Luainigh an líon fostaithe a bhí ag gabháil do tháirgeadh an táirge faoi athbhreithniú san Aontas ach tháinig laghdú foriomlán air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú freisin ar tháirgiúlacht lucht saothair thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.5.2.5. Méid an fhóirdheonaithe agus téarnamh ó fhóirdheonú roimhe seo
|
(124) |
Leanadh den fhóirdheonú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, a mhínítear faoi Roinn 3 thuas. Mar sin féin, ós rud é go raibh méideanna na n-allmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis diomaibhseach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an tionchar a bhí ag méid fhóirdheonaithe na n-allmhairí ón Indinéis ar thionscal an Aontais teoranta. |
4.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
4.5.3.1. Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna
|
(125) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 — Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(126) |
Tháinig méadú mór 42 % ar mheánphraghsanna díola an tionscail in 2022 agus tá siad ag laghdú ó shin i leith, i gcomhréir leis an treocht i gcostais. D’ainneoin laghdú in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tá na praghsanna fós i bhfad níos airde i gcomparáid le 2021. |
|
(127) |
Tháinig méadú suntasach ar chostas aonaid an táirgthe in 2022 agus 2023, agus ansin thit sé le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, ach d’fhan sé i bhfad os cionn an leibhéil a chonacthas in 2021 agus os cionn an phraghais díola. Ó 2023 i leith, ní raibh tionscal an Aontais in ann an costas táirgthe a léiriú ina phraghas díola. |
4.5.3.2. Costais saothair
|
(128) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 — Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(129) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 11 % ar na meánchostais saothair. Cé gur tháinig laghdú beag ar an líon fostaithe ach gur fhan sé cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse céanna (mar a léirítear i dtábla 7), tháinig méadú ar an meánchostas saothair in aghaidh an fhostaí. |
4.5.3.3. Fardail
|
(130) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 — Fardail
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(131) |
Mar a suíodh cheana féin le linn an imscrúdaithe bunaidh, is táscaire é leibhéal na stoc nach bhfuil chomh fóinteach céanna don chineál sin tionscail (108). Dheimhnigh an Coimisiún go ndearna tionscal an Aontais iarracht stoic a choinneáil íseal, ach nárbh fhéidir é sin a dhéanamh i gcónaí i bhfianaise staid an mhargaidh a raibh láithreacht láidir allmhairí dumpáilte ón tSín/éileamh laghdaitheach mar shaintréith de. Thug sé dá aire freisin, ós rud é go ndíoltar an táirge faoi athbhreithniú ar an mórchóir, gur mór an méid, níos mó ná 10 000 tona, a d’fhéadfadh a bheith i gceist le seachadadh aonair, rud a d’fhéadfadh tionchar nach beag a imirt ar leibhéal an stoic, ag brath ar dháta beacht an idirbhirt. |
4.5.3.4. Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú
|
(132) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 — Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(133) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Tar éis brabúsacht an-íseal a bhaint amach in 2021 agus 2022, thabhaigh táirgeoirí sampláilte an Aontais caillteanais in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(134) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tar éis titim mhór in 2021, tháinig téarnamh láidir in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tharla an téarnamh sin mar gheall ar cheann de na táirgeoirí sampláilte a dhíol cainníochtaí móra bithdhíosail ón stoc. |
|
(135) |
Bhí infheistíochtaí ar leibhéil ísle in 2021 agus 2022 agus ní mór an méadú géar i dtéarmaí coibhneasta in 2023 a fheiceáil sa chomhthéacs sin. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú beag arís ar infheistíochtaí. Go ginearálta, bhí na hinfheistíochtaí dírithe ar an raon táirgí a éagsúlú agus é mar chuspóir acu bogadh i dtreo táirgí níos brabúsaí agus leanúint de bheith iomaíoch. |
|
(136) |
Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig laghdú ar an toradh ar infheistíochtaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sé diúltach in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomhréir leis an mbrabúsacht dhiúltach. |
4.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(137) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, léirigh formhór na dtáscairí díobhála treocht dhiúltach. Tá sé sin le feiceáil go háirithe sa treocht laghdaitheach maidir le brabúsacht thionscal an Aontais agus a staid chaillteanais ó 2023 ar aghaidh. Chomh maith leis sin, táscairí tábhachtacha eile, amhail méideanna táirgeachta agus díolacháin, úsáid acmhainneachta, fostaíocht agus táirgiúlacht, chomh maith le sreabhadh airgid agus toradh ar infheistíocht. |
|
(138) |
Cé gur léirigh an sciar den mhargadh treocht mhéadaitheach ó 2023, lean sé sin laghdú géar in 2022, agus bhí tionscal an Aontais in ann an leibhéal céanna a bhaint amach agus a bhí in 2021 d’ainneoin na forbartha dearfaí sin. Léirigh praghsanna díola forbairt dhearfach freisin, ach i bhfianaise an mhéadaithe chomhthreomhair ar an gcostas táirgthe, bhí siad faoi bhun an chostais táirgthe sa dá bhliain dheireanacha den tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág go raibh staid chaillteanais ann. Ar deireadh, bhí infheistíochtaí a léirigh treocht dhearfach ar leibhéil ísle le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(139) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. CÚISÍOCHT
|
(140) |
Tar éis bearta frithchúitimh a fhorchur in 2019, tháinig laghdú ar allmhairí bithdhíosail na hIndinéise agus d’fhan siad faoi bhun na tairsí de minimis a shainítear in Airteagal 10(9) den bhun-Rialachán, agus sciar 0.4 % den mhargadh acu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir an díobháil ábhartha a rinneadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe a chur i leith na n-allmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis. |
|
(141) |
Mar sin féin, d’fhorchuir an Coimisiún, an 14 Lúnasa 2024, bearta sealadacha in aghaidh na Síne (109), is é sin, ag deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe den imscrúdú seo. Deimhníodh na bearta sin an 10 Feabhra 2025 nuair a d’fhorchuir an Coimisiún bearta frithdhumpála cinntitheacha (110). Mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo, ba iad allmhairí na Síne ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais (111). |
6. AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS ARBH IAD NA hALLMHAIRÍ ÓN INDINÉIS BA CHÚIS LEIS AN DÍOBHÁIL
|
(142) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (139) gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin sa roinn thuas nárbh fhéidir gurbh iad na hallmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis ba chúis leis an díobháil do thionscal an Aontais a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe de bharr a méid íseal. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 18(2) den bhun-Rialachán, an dócha go ndéanfaí an díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith ón Indinéis ba chúis léi i dtosach báire dá ligfí do na bearta in aghaidh allmhairí den sórt sin dul i léig. |
|
(143) |
I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Indinéis, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus leibhéil praghsanna is dócha a bheidh ag allmhairí ón Indinéis in éagmais bearta frithchúitimh agus a dtionchar ar thionscal an Aontais. |
6.1. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise san Indinéis
|
(144) |
De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithris (89), tá acmhainneacht bhreise shuntasach ag táirgeoirí na hIndinéise, a bheadh ar fáil, i gcomhréir le torthaí tharraingteacht mhargadh an Aontais thíos, go páirteach ar a laghad, lena n-onnmhairiú chuig an Aontas dá ligfí do na bearta dul in éag. |
6.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(145) |
Mar a thuairiscítear in aithrisí (91) go (93), tá margadh an Aontais tarraingteach do tháirgeoirí na hIndinéise mar gheall ar a mhéid agus i dtéarmaí praghsanna, agus freisin toisc go bhfuil bearta cosanta trádála i bhfeidhm ag SAM, rud a fhágann gur dócha go ndíreoidh táirgeoirí bithdhíosail na hIndinéise cuid dá n-acmhainneacht bhreise ar a laghad chuig an Aontas chomh maith le honnmhairí a atreorú chuig an Aontas má ligtear do na bearta dul in éag. |
6.3. Praghsanna allmhairiúcháin dóchúla na hIndinéise agus an tionchar is dócha a bheidh acu ar thionscal an Aontais
|
(146) |
Mar a mhínítear in aithris (108) thuas, níor shladghearr praghsanna allmhairiúcháin na hIndinéise praghas díola thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhreithnigh an Coimisiún a thuilleadh cad é leibhéal dóchúil praghsanna na n-allmhairí ón Indinéis dá ligfí do na bearta dul in éag agus tháinig sé ar an gconclúid gurbh é ionadaí réasúnta chun an leibhéal praghsanna sin a chinneadh an praghas allmhairiúcháin ón Indinéis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe tar éis na dleachtanna frithchúitimh a asbhaint. Ar an mbonn sin, shuigh an Coimisiún corrlach sladghearrtha 5,8 %. Bheadh na leibhéil praghsanna sin go soiléir faoi bhun leibhéal chostas aonaid thionscal an Aontais freisin. Tá sé réasúnta a mheas go dtiocfadh méideanna méadaithe d’allmhairí bithdhíosail na hIndinéise ar leibhéil praghsanna a bheadh, agus gach ní eile mar a chéile, cosúil leis na leibhéil a breathnaíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ós rud é freisin go bhfuil praghsanna onnmhairiúcháin tháirgeoirí na hIndinéise chuig tríú tíortha níos ísle ná na praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas mar a mhínítear in aithris (92), is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil an deis ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bpraghsanna a ísliú a thuilleadh fós agus iad ag onnmhairiú chuig an Aontas, i gcás inar aisghaireadh na bearta. |
|
(147) |
I gcás leibhéal praghsanna íseal den sórt sin mar aon le méadú suntasach dóchúil ar allmhairí na hIndinéise dá ligfí do na bearta dul in éag, cruthóidh sé brú praghsanna breise ar mhargadh an Aontais. I bhfianaise bhrabúsacht dhiúltach thionscal an Aontais, is dócha go dtiocfadh laghdú breise ar a bhrabúsacht mar thoradh ar an mbrú breise ar phraghsanna thionscal an Aontais, rud a d’fhágfadh go gcaillfí fostaíocht agus infheistíochtaí ar deireadh. Ní dócha go mbeadh tionscal an Aontais in ann a leibhéil praghsanna a choinneáil ar bun agus a mhéadú níos lú fós chun a spriocbhrabús a fháil go luath amach anseo, má cheadaítear d’allmhairí na hIndinéise dul isteach i margadh an Aontais ar phraghsanna chomh híseal sin. |
|
(148) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá ligfí do na bearta dul in éag, ní hamháin go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí na hIndinéise, go n-iontrálfaidís ar phraghsanna díobhálacha freisin, rud a d’fhágfadh go ndéanfaí an díobháil a bhain do thionscal an Aontais níos measa fós. |
6.4. Conclúid
|
(149) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar allmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis ar leibhéil dhíobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil arís de bharr allmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis. |
|
(150) |
Tar éis an nochta chinntithigh, mhaígh Rialtas na hIndinéise nach bhfuil aon riosca cuí-réasúnaithe ann go ndéanfaí díobháil ábhartha do thionscal bithdhíosail an Aontais agus go sáraíonn na conclúidí a leagtar amach sa nochtadh deiridh Airteagal 15.5 de chomhaontú EDT maidir le Fóirdheontais agus le Bearta Frithchúitimh. Bhí maíomh Rialtas na hIndinéise bunaithe ar na hargóintí seo a leanas: |
|
(151) |
Ó forchuireadh na bearta, tá laghdú suntasach tagtha ar mhéid na n-allmhairí bithdhíosail ón Indinéis agus ar a sciar den mhargadh san Aontas, agus dá bhrí sin ní féidir aon chaillteanas a bheith ann ó allmhairí den sórt sin. |
|
(152) |
Níor scrúdaigh an Coimisiún tosca aitheanta seachas na hallmhairí fóirdheonaithe a dhéanann dochar do thionscal an Aontais (amhail costais atá ag ardú, athruithe ar éileamh, allmhairí tríú tíortha agus rialáil earnáilsonrach) agus ní dhearna sé idirdhealú idir an díobháil a rinne tosca den sórt sin agus éifeachtaí na n-allmhairí fóirdheonaithe. |
|
(153) |
Tá na torthaí maidir le hatarlú na díobhála bunaithe go hiomlán ar sheanargóintí a dhiúltaigh an Comhlacht um Réiteach Díospóidí i gcás DS618 EDT. |
|
(154) |
Mar a leagtar amach in aithris (140), murab ionann agus an méid a mhol Rialtas na hIndinéise, ní dhearna an Coimisiún cinneadh gurbh iad allmhairí na hIndinéise ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. Ní dhearna an Coimisiún ach cinneadh gur dócha go dtarlódh an díobháil arbh iad allmhairí na hIndinéise ba chúis léi arís dá ligfí do na bearta dul in éag. I bhfianaise an mhéid sin, ní thagann an laghdú ar allmhairí na hIndinéise, a tháinig de réir Rialtas na hIndinéise mar thoradh ar fhorchur na mbeart, salach ar thorthaí an Choimisiúin. Más ea, comhthacaíonn sé leis an gconclúid gur dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar mhéid na n-allmhairí má ligtear do na bearta dul in éag. |
|
(155) |
Ar an gcaoi chéanna, ós rud é nárbh iad allmhairí ón Indinéis ba chúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais, ní bhaineann an scrúdú níos mionsonraithe ar thosca seachas allmhairí ón Indinéis, agus sannadh cúisíochta d’aon cheann de na tosca sin, le hábhar. |
|
(156) |
Ar deireadh, murab ionann agus an méid a luadh in aighneacht Rialtas na hIndinéise, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go gcuirfí tús arís leis an díobháil, mar a leagtar amach in aithrisí (142) go (148), ag brath (i) ar an measúnú ar fhorbairt dhóchúil mhéid na n-allmhairí, (ii) ar iompraíocht praghsanna dhóchúil tháirgeoirí onnmhairiúcháin na hIndinéise dá ligfí do na bearta dul in éag, agus (iii) ar an tionchar dóchúil ar staid thionscal an Aontais, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i gcomhad an imscrúdaithe reatha. Níor chuir Rialtas na hIndinéise aon bharúil ar fáil maidir leis an measúnú sin ná aon fhianaise a bhréagnódh conclúidí an Choimisiúin. |
|
(157) |
In aon chás, mheabhraigh an Coimisiún nach torthaí críochnaitheacha iad torthaí an Phainéil in DS618, ós rud é go ndearna an tAontas Eorpach achomharc in aghaidh thuarascáil an Phainéil, agus dá bhrí sin nach féidir leis amhras a chaitheamh ar thorthaí an imscrúdaithe seo. |
|
(158) |
I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh d’argóintí Rialtas na hIndinéise. |
7. LEAS AN AONTAIS
|
(159) |
I gcomhréir le hAirteagal 31 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais iomláin nó nach mbeadh dá gcoinneofaí na bearta frithchúitimh reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí agus na n-úsáideoirí. |
7.1. Leas thionscal an Aontais
|
(160) |
Tá tionscal an Aontais comhdhéanta de thart ar 60 táirgeoir ar fud an Aontais agus tá thart ar 5 500 duine fostaithe go díreach acu. |
|
(161) |
Chinn an Coimisiún, dá ligfí do na bearta dul in éag, go dtiocfadh meath breise ar staid thionscal an Aontais, mar gheall ar bhorradh ar allmhairí ar phraghas íseal bithdhíosail ón Indinéis. |
|
(162) |
Ar an taobh eile, dá leanfaí leis na bearta atá ann cheana, chuirfí ar chumas thionscal an Aontais a phróiseas téarnaimh a shaothrú agus leibhéil bhrabúsachta inbhuanaithe a bhaint amach ar deireadh suas lena spriocbhrabús lena gcumasófaí tuilleadh infheistíochtaí san earnáil. |
|
(163) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go rachadh sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta. |
7.2. Leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe
|
(164) |
Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí aitheanta neamhchomhlachaithe uile. Níor tháinig aon úsáideoir ná allmhaireoir neamhghaolmhar chun cinn agus níor chomhoibrigh siad san imscrúdú seo. Chláraigh beirt trádálaithe atá gníomhach san Aontas mar pháirtí leasmhar san imeacht ach ní dhearna siad aon uiríoll. Ós rud é nár chomhoibrigh na húsáideoirí agus na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus in éagmais aon léiriú dá mhalairt, ní mheastar go bhfuil sé in aghaidh leas na n-úsáideoirí agus na n-allmhaireoirí má leantar leis na bearta. |
7.3. Conclúid
|
(165) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta frithchúitimh atá ann cheana ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise a choinneáil ar bun. |
8. BEARTA FRITHCHÚITIMH
|
(166) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar tháinig an Coimisiún maidir leis an dóchúlacht go leanfar den fhóirdheonú agus go dtarlóidh an díobháil arís arbh iad allmhairí fóirdheonaithe ón Indinéis ba chúis léi chomh maith le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithchúitimh maidir le bithdhíosal ón Indinéis a choinneáil ar bun. |
|
(167) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithchúitimh aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithchúitimh aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithchúitimh is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh na hIndinéise’. |
|
(168) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithchúitimh aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(169) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 23(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(170) |
Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, tá siad infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na hIndinéise é arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí bithdhíosail arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire uile de thionscnamh Indinéise’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithchúitimh aonair. |
|
(171) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithchúitimh i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur chuig an gCoimisiún. Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(172) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (112), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(173) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-olaí pairifíneacha a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, i bhfoirm íon nó mar a áirítear i gcumasc, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cóid TARIC 1516 20 98 21, 1516 20 98 29 agus 1516 20 98 33), ex 1518 00 91 (cóid TARIC 1518 00 91 21, 1518 00 91 29 agus 1518 00 91 33), ex 1518 00 95 (cóid TARIC 1518 00 95 21, 1518 00 95 33), ex 1518 00 99 (cóid TARIC 1518 00 99 21, 1518 00 99 29 agus 1518 00 99 33), ex 2710 19 11 (cód TARIC 2710 19 11 10), ex 2710 19 15 (cód TARIC 2710 19 15 10), ex 2710 19 21 (cód TARIC 2710 19 21 10), ex 2710 19 25 (cód TARIC 2710 19 25 10), ex 2710 19 29 (cód TARIC 2710 19 29 10), ex 2710 19 42 (cóid TARIC 2710 19 42 21 agus 2710 19 42 29), ex 2710 19 44 (cóid TARIC 2710 19 44 21, 2710 19 44 29 agus 2710 19 44 33), ex 2710 19 46 (cóid TARIC 2710 19 46 21, 2710 19 46 29 agus 2710 19 46 33), ex 2710 19 47 (cóid TARIC 2710 19 47 21, 2710 19 47 29 agus 2710 19 47 33), 2710 20 11 , 2710 20 16 , ex 3824 99 92 (cóid TARIC 3824 99 92 10, 3824 99 92 14 agus 3824 99 92 17), 3826 00 10 agus ex 3826 00 90 (cóid TARIC 3826 00 90 11, 3826 00 90 19 agus 3826 00 90 33), agus ar de thionscnamh na hIndinéise iad.
2. Is mar a leanas a bheidh na dleachtrátaí frithchúitimh cinntitheacha is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna mhonarú ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithchúitimh (%) |
Cód breise TARIC |
|
PT Ciliandra Perkasa |
8,0 |
B786 |
|
PT Intibenua Perkasatama agus PT Musim Mas (Musim Mas Group) |
16,3 |
B787 |
|
PT Pelita Agung Agrindustri agus PT Permata Hijau Palm Oleo (Pemata Group) |
18,0 |
B788 |
|
PT Wilmar Nabati Indonesia agus PT Wilmar Bioenergu Indonesia (Wilmar Group) |
15,7 |
B789 |
|
Gach allmhaire eile de thionscnamh na hIndinéise |
18,0 |
C999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí frithchúitimh aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid i dtonaí) de bhithdhíosail a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é san Indinéis. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO L 317, 9.12.2019, lch. 42, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2092/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1883 ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2025 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2092 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise, (IO L, 2025/1883, 15.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1883/oj).
(4) Fógra maidir le dul in éag beart frith-fhóirdheontais áirithe atá le tarlú, (IO C, C/2024/2122, 11.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2122/oj).
(5) Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad, (IO L 176, 30.6.2016, lch.21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj).
(6) Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme i dtaca le hallmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise, (IO C, C/2024/7405, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/7405/oj).
(7) Imscrúduithe Cosanta Trádála, https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2760.
(8) Is ar mhaithe le faisnéis amháin a bhí an liosta a soláthraíodh san fhógra tionscnaimh. Tá an t-aicmiú seo sa liosta deiridh.
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1344 ón gCoimisiún an 12 Lúnasa 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh na hIndinéise (IO L 212, 13.8.2019, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1344/oj), (an ‘Rialachán sealadach’), aithrisí (32) go (34).
(10) Aighneacht Rialtas na hIndinéise dar dáta an 21 Márta 2025.
(11) Iarraidh, míreanna 155 go 158.
(12) Rialachán Sealadach, aithris (41); Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán, Airteagal 1(4).
(13) Rialachán sealadach, aithris (42).
(14) Rialachán sealadach, aithris (44).
(15) Rialachán Sealadach, aithrisí (45) agus (46); Rialachán Cinntitheach, aithris (37).
(16) Rialachán sealadach, aithris (47).
(17) Rialachán sealadach, aithris (49).
(18) Rialachán sealadach, aithris (50).
(19) Rialachán sealadach, aithris (50).
(20) Rialachán Cinntitheach, aithris (48).
(21) Rialachán sealadach, aithris (53).
(22) Rialachán Cinntitheach, aithris (73).
(23) Rialachán Cinntitheach, aithris (84).
(24) Rialachán sealadach, aithris (56).
(25) Rialachán Cinntitheach, aithris (33).
(26) Rialachán Cinntitheach, aithris (62).
(27) Rialachán Cinntitheach, aithris (43).
(28) Rialachán Cinntitheach, aithrisí (38), (46) agus (50).
(29) Rialachán Sealadach, aithris (59).
(30) Rialachán Cinntitheach, aithris (50).
(31) Rialachán Sealadach, aithris (60).
(32) Iarraidh, míreanna 45, 47 agus 48.
(33) Iarraidh, mír 48.
(34) Iarraidh, mír 49.
(35) Airteagal 1(4) de Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán.
(36) Airteagal 1(6) de Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán.
(37) Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán.
(38) Airteagal 18 de Rialachán Uimh. 61/2015 ón Uachtarán.
(39) Iarraidh, mír 46.
(40) Iarraidh, mír 58.
(41) Iarraidh, mír 65.
(42) Iarraidh, míreanna 70 go 72.
(43) Iarraidh, mír 67.
(44) Rialachán Cinntitheach, aithris (86).
(45) Rialachán sealadach, aithrisí (70) agus (71).
(46) Rialachán Sealadach, aithris (72).
(47) Rialachán sealadach, aithrisí (73) go (77).
(48) Rialachán Sealadach, aithris (172).
(49) Rialachán Sealadach, aithris (172).
(50) Rialachán Cinntitheach, aithris (112).
(51) Rialachán Cinntitheach, aithrisí (114), (115) agus (118).
(52) Rialachán Sealadach, aithris (85); Rialachán Cinntitheach, aithrisí (116) agus (147).
(53) Rialachán Sealadach, aithris (201).
(54) Rialachán Cinntitheach, aithris (131).
(55) Rialachán Sealadach, aithris (150).
(56) Rialachán Sealadach, aithris (139).
(57) Rialachán Sealadach, aithris (169); Rialachán Cinntitheach, aithris (160).
(58) Rialachán Sealadach, aithris (202).
(59) Rialachán Sealadach, aithris (182).
(60) Rialachán Sealadach, aithris (186).
(61) Iarraidh, mír 80.
(62) Rialachán Sealadach, aithris (83).
(63) Iarraidh, míreanna 83 go 93.
(64) Iarraidh, míreanna 84 agus 85.
(65) Iarraidh, mír 87.
(66) Iarraidh, mír 90.
(67) Iarraidh, mír 91.
(68) Iarraidh, mír 101.
(69) Iarraidh, mír 102.
(70) Iarraidh, míreanna 103 - 105.
(71) Iarraidh, míreanna 106 agus 112.
(72) Iarraidh, mír 121.
(73) Iarraidh, mír 106.
(74) Rialachán Cinntitheach, aithris (171).
(75) Rialachán Sealadach, aithris (202). Rialachán Cinntitheach, aithris (187).
(76) Rialachán sealadach, aithrisí (209) go (236).
(77) Rialachán Sealadach, aithris (212).
(78) Rialachán Sealadach, aithris (213). San imscrúdú bunaidh, dúirt Rialtas na hIndinéise freisin nach bhfuil an scéim seo ar fáil ach do chuideachtaí a allmhairíonn earraí isteach san Indinéis le haghaidh tuilleadh próiseála. Dá bhrí sin, ní féidir le hallmhaireoirí amháin a bheith incháilithe do stádas creasa faoi bhanna.
(79) Rialachán Sealadach, aithris (214).
(80) Rialachán sealadach, aithrisí (216) agus (217).
(81) Iarraidh, míreanna 146 agus 147.
(82) Rialachán Sealadach, aithris (228).
(83) Rialachán Sealadach, aithris (229).
(84) Iarraidh, míreanna 142 agus 143.
(85) Iarraidh, mír 144.
(86) Iarraidh, mír 149.
(87) Rialachán sealadach, aithris (231).
(88) Rialachán sealadach, aithris (233).
(89) Rialachán Sealadach, aithris (234).
(90) Rialachán Sealadach, aithris (237).
(91) Rialachán Sealadach, aithris (235).
(92) Rialachán Sealadach, aithris (239).
(93) Rialachán Sealadach, aithris (240). Go sonrach, maidir leis an bhfóirdheontas eastáit thionsclaíoch, féach aithris (251), agus maidir leis an sochar cánach tionscail ceannródaí féach aithris (255).
(94) Iarraidh, mír 155.
(95) Rialachán Rialtais Phoblacht na hIndinéise Uimh. 78 de 2019 maidir le saoráidí cánach ioncaim le haghaidh infheistíochta i réimsí gnó áirithe agus/nó i réimsí áirithe.
(96) Iarraidh, mír 157.
(97) Iarraidh, mír 158.
(98) Tuarascáil ón bPainéal, EU — CVDs on Biodiesel (Indonesia), WT/DS618/R, a scaipeadh ar Chomhaltaí EDT an 22 Lúnasa 2025, ar ina choinne a rinneadh achomharc an 29 Meán Fómhair 2025.
(99) Féach, mar shampla, ranna 3.2 agus 3.3 den Rialachán Cinntitheach.
(100) An tAontas Eorpach — dleachtanna frithchúitimh ar allmhairí bithdhíosail ón Indinéis. Fógra maidir le hachomharc ón Aontas Eorpach faoi Airteagal 16.4 agus Airteagal 17.1 den Tuiscint ar rialacha agus nósanna imeachta lena rialaítear réiteach díospóidí (DSU), agus faoi riail 20(1) de na nósanna imeachta oibre um athbhreithniú achomhairc (https://docs.wto.org/dol2fe/Pages/SS/directdoc.aspx?filename=q:/WT/DS/618-5.pdf&Open=True).
(101) Féach mar shampla Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, Japan — Taxes on Alcoholic Beverages, WT/DS8/AB/R, WT/DS10/AB/R, WT/DS11/AB/R, arna glacadh an 1 Samhain 1996, DSR 1996:I, lch. 97, ar leathanaigh 14-15.
(102) Tuarascáil GAIN 2024, lch. 20, le fáil ag: https://apps.fas.usda.gov/newgainapi/api/Report/DownloadReportByFileName?fileName=Biofuels%20Annual_Jakarta_Indonesia_ID2024-0018. Tiontaíodh sonraí ina milliún lítear ina dtonaí leis an gcoibhéis seo a leanas: 1 000 l = 1 m3 = 0,885 t.
(103) Iarraidh, mír 233.
(104) Coimisiún trádála idirnáisiúnta na Stát Aontaithe, bithdhíosal ón Airgintín agus ón Indinéis Imscrúdú Uimh. 701-TA-571-572 agus 731-TA-1347-1348 (athbhreithniú), foilseachán 5428, Meitheamh 2023, le fáil anseo: https://www.usitc.gov/publications/701_731/pub5428_0.pdf; agus an Roinn Tráchtála, Riarachán Trádála Idirnáisiúnta A-357-820, C-357-821, A-560-830, C-560-831, Biodiesel From Argentina and Indonesia: Continuation of Antidumping Duty Orders and Countervailing Duty Orders:, Ordú Uimh. 2023/12827, lgh. I-3, le fáil anseo: https://www.federalregister.gov/documents/2023/06/15/2023-12827/biodiesel-from-argentina-and-indonesia-continuation-of-antidumping-duty-orders-and-countervailing.
(105) Is seirbhís é Global Trade Atlas arna soláthar ag S&P (IHS Markit roimhe seo) le sonraí domhanda onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin, atá inrochtana ag: https://connect.ihsmarkit.com/gta/home/.
(106) Rialachán Cinntitheach, aithris (198).
(107) Stratas.
(108) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1344, recital (333).
(109) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/2163, 16.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2163/oj).
(110) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/261 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/261, 11.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/261/oj).
(111) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2163, aithrisí (378) go (380).
(112) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/479/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)