|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/474 |
3.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/474 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Feabhra 2026
maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Aitoo perunarieska’ (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, rinneadh iarratas na Fionlainne ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Aitoo perunarieska’ a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Aitoo perunarieska’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Aitoo perunarieska’ (TGFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) IO C, C/2025/6074, 10.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6074/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/474/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)