|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/471 |
26.2.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/471 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2026
lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014 agus (AE) 2021/2115 a mhéid a bhaineann le rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe agus Rialachán (AE) 2024/1143 a mhéid a bhaineann le rialacha lipéadaithe áirithe le haghaidh deochanna biotáilleacha
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42, an chéad mhír, Airteagal 43(2) agus Airteagal 118, an chéad mhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cé go bhfuil an tAontas fós ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le táirgeadh, tomhaltas agus luach onnmhairithe fíona, tá tionchar ag athruithe sochaíocha agus déimeagrafacha ar an méid, ar an gcáilíocht agus ar na cineálacha fíona atá á dtomhailt. Tá tomhaltas fíona san Aontas ar an leibhéal is ísle le trí dheacáid anuas agus déanann meascán de threochtaí tomhaltais atá ag laghdú agus de thosca geopholaitiúla difear díobhálach do mhargaí onnmhairiúcháin traidisiúnta le haghaidh fhíonta an Aontais, rud a fhágann go bhfuil patrúin onnmhairiúcháin níos éiginnte ann. Ina theannta sin, i bhfianaise leochaileacht earnáil an fhíona i leith an athraithe aeráide, tá táirgeadh fíona ag éirí dothuartha. Mar gheall ar an rósholáthar a eascraíonn as an leochaileacht sin, tagann laghdú ar phraghsanna, rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú ioncaim ag fíonsaothraithe chun infheistíocht a dhéanamh ina ngnólachtaí agus go bhfuil cúlchistí airgeadais níos ísle acu le bheith ag brath orthu má bhuaileann ceann de na teagmhais adhaimsire a bhíonn ann níos minice a réigiún, ar teagmhais adhaimsire logánaithe iad go minic. |
|
(2) |
Bunaíodh an Grúpa Ardleibhéil um an mBeartas Fíona (‘an Grúpa Ardleibhéil’) chun na dúshláin sin a phlé agus chun deiseanna a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh earnáil fíona an Aontais a shainaithint. Rinneadh machnamh ann ar an gcaoi chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’earnáil a bhfuil dúshláin struchtúracha roimpi faoi láthair, mar shampla tríd an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú, iomaíochas a fheabhsú agus deiseanna nua margaidh a fhiosrú. Tar éis ceithre chruinniú, d’fhormhuinigh an Grúpa Ardleibhéil ‘moltaí beartais le haghaidh thodhchaí earnáil fíona an Aontais’. |
|
(3) |
Chun an tacaíocht is fearr is féidir a sholáthar do tháirgeoirí fíona a bhfuil dúshláin den sórt sin rompu, is iomchuí na moltaí is práinní ón nGrúpa Ardleibhéil a léiriú sa chreat dlíthiúil is infheidhme maidir le fíonta agus táirgí fíona cumhraithe. |
|
(4) |
In earnáil an fhíona, tá an caidreamh idir soláthar táirgthe, éileamh tomhaltóirí agus onnmhairí ar an margadh domhanda éagobhsaí faoi láthair, rud a fhágann go bhfuil suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh. Ina theannta sin, tá treocht ann i dtreo laghdú leanúnach ar thomhaltas fíona san Aontas de bharr athruithe ar nósanna agus stíl mhaireachtála tomhaltóirí. Meastar go bhfuil scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha atá ann cheana bunriachtanach chun an chothromaíocht a choinneáil idir acmhainneacht soláthair na hearnála, caighdeán cóir maireachtála do tháirgeoirí agus praghsanna réasúnta do thomhaltóirí, agus éagsúlacht fíonta á háirithiú agus freagairt á tabhairt ar shainiúlachtaí earnáil fíona an Aontais ag an am céanna. Tá saintréithe sonracha ag earnáil fíona an Aontais, lena n-áirítear timthriall fada a fíonghort, toisc nach féidir táirgeadh a dhéanamh go dtí roinnt blianta tar éis an phlandaithe, ach go leanann sé ar aghaidh ansin ar feadh blianta fada, agus toisc go bhféadfadh luaineachtaí suntasacha a bheith ann sa táirgeadh ó fhómhar amháin go dtí an chéad fhómhar eile. Bíonn céatadán an-ard d’fheirmeacha beaga teaghlaigh mar shaintréith ag earnáil fíona an Aontais freisin, agus bíonn raon éagsúil fíonta ann mar thoradh air sin. Tá intuarthacht fhadtéarmach de dhíth ag táirgeoirí den sórt sin chun údar a thabhairt don infheistíocht shuntasach is gá chun fíonghort a phlandáil agus chun inmharthanacht eacnamaíoch a dtionscadal a ráthú le himeacht ama, rud a fheabhsaíonn, ag an am céanna, iomaíochas earnáil fíona an Aontais ar an margadh domhanda. Chun an méid a baineadh amach in earnáil fíona an Aontais go dtí seo a dhaingniú agus chun cothromaíocht inbhuanaithe idir cainníocht agus cáilíocht a bhaint amach san earnáil, trí fhás leanúnach ordúil plandaithe fíniúnacha, ba cheart síneadh a chur le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, faoi réir athbhreithnithe gach 10 mbliana chun meastóireacht a dhéanamh ar an scéim. Más iomchuí, ba cheart tograí a thíolacadh ar bhonn thorthaí na n-athbhreithnithe sin d’fhonn iomaíochas earnáil an fhíona a fheabhsú. |
|
(5) |
I bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht faoi láthair ar an éileamh ar fhíon, fíonsaothraithe ag a bhfuil údaruithe bailí i gcomhair planduithe nua nár úsáideadh agus údaruithe atá mar thoradh ar chearta plandaithe a deonaíodh dóibh roimh an 1 Eanáir 2025, níor cheart pionós a ghearradh orthu toisc nár úsáid siad na húdaruithe sin. Ba cheart gurbh é an éifeacht a bheach leis sin go gcuirfí deireadh leis an dreasacht do shealbhóirí údaraithe plandaithe fíonghoirt a phlandú i gcás ina bhféadfadh sé nach mbeadh aon éileamh ar an bhfíon a tháirgtear. Ba cheart do na pionóis riaracháin leanúint d’fheidhm a bheith acu i leith neamhúsáid na n-údaruithe sin a deonaíodh tar éis an 1 Eanáir 2025 chun iarratais amhantracha ar údaruithe den sórt sin ó fhíonsaothraithe nach bhfuil sé ar intinn acu fíonghort a phlandú a dhíspreagadh. |
|
(6) |
Agus tubaistí nádúrtha, teagmhais mheitéareolaíocha thromchúiseacha agus ráigeanna de ghalair plandaí ag tarlú níos minice, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit síneadh suas le 12 mhí a chur le bailíocht na n-údaruithe plandaithe arna ndeonú le haghaidh an réigiúin a ndéantar difear dó agus atá le dul in éag faoi dheireadh na bliana margaíochta lena mbaineann. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag sealbhóirí na n-údaruithe plandaithe sin a n-údaruithe a thréigean gan pionóis riaracháin a thabhú i gcás ina gcuireann siad in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit nach mian leo a n-údaruithe a úsáid laistigh den tréimhse ar cuireadh síneadh léi. Cé gurb é is aidhm do phionóis riaracháin cosc a chur ar iarratais amhantracha ar údaruithe plandaithe, d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla gan choinne a bheith ann d’fhíonsaothraithe mar thoradh ar imthosca eisceachtúla, lena gcuirfí cosc orthu fíonghoirt nua a phlandú. Chun cruatan breise a sheachaint sna cásanna sin, ba cheart cead a bheith ag údaráis inniúla na mBallstát na pionóis riaracháin i leith neamhúsáid údaraithe plandaithe a tharscaoileadh ar iarraidh a bhfuil údar léi a fháil ón bhfíonsaothraí lena mbaineann. |
|
(7) |
Maidir le bainistiú na hacmhainneachta táirgeachta, ba cheart tréimhse bhailíochta níos faide d’údaruithe athphlandaithe a bhunú chun níos mó ama a thabhairt do tháirgeoirí féachaint an bhféadfaí cineálacha a phlandú atá níos oiriúnaí d’éileamh an mhargaidh nó do na dálaí aeráide atá ag athrú nó féachaint an bhféadfaí teicnící nua a úsáid chun fíonghoirt a bhainistiú. Thairis sin, chun an brú ar fhíonsaothraithe a mhaolú, níor cheart pionóis riaracháin a ghearradh orthu má chinneann siad gan údarú athphlandaithe a úsáid. |
|
(8) |
Tá lá deiridh bailíochta na n-údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 64, 66 agus 68 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo ag brath ar dháta a n-eisiúna. Ar mhaithe le simpliú riaracháin, ba cheart do na húdaruithe sin uile leanúint de bheith bailí go dtí lá deiridh na bliana margaíochta ábhartha. |
|
(9) |
D’fhéadfadh fíonghoirt thréigthe lotnaidí agus galair a iompar agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí an limistéar fíonghort máguaird a chur i mbaol leo. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí na fíonghoirt thréigthe sin a ghrafadh. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha maidir le grafadh den sórt sin. |
|
(10) |
Más rud é, i gcásanna géarchéime a bhfuil údar leo, go gcuirtear chun feidhme nó gur cuireadh chun feidhme bearta náisiúnta nó bearta de chuid an Aontais arb é is aidhm dóibh an soláthar (maidir le driogadh, glasbhuaint nó grafadh fíonghort) a laghdú, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit teorainn a chur le heisiúint údaruithe plandaithe nua ar an leibhéal réigiúnach i ndáil le limistéir shonracha ina bhfuil rósholáthar, chun méadú ar an acmhainneacht táirgeachta a sheachaint. |
|
(11) |
Chun na treochtaí is déanaí in earnáil an fhíona a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit teorainneacha réigiúnacha a leagan síos maidir le húdaruithe plandaithe nua a eisiúint le haghaidh limistéir shonracha atá chomh híseal le 0 %, d’fhonn an acmhainneacht táirgeachta a bhainistiú. I gcás ina gcinneann Ballstát teorainneacha réigiúnacha den sórt sin a leagan síos le haghaidh limistéir shonracha chun méadú iomarcach ar an acmhainneacht táirgeachta a sheachaint, is iomchuí a cheadú don Bhallstát sin a cheangal go ndéanfar na húdaruithe arna ndeonú leis an teorainn réigiúnach don limistéar lena mbaineann a úsáid sa limistéar sin. |
|
(12) |
Tá saintréithe uathúla ag táirgí a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu, atá nasctha lena dtionscnamh geografach chomh maith le saineolas traidisiúnta. Chun clú na dtáirgí sin a chosaint agus chun riosca a sheachaint de dhíluacháil shuntasach nó de mhí-úsáid ag tríú páirtithe, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit teorainneacha a leagan síos maidir le húdaruithe plandaithe nua a dheonú, bearta a ghlacadh chun nach féidir dul timpeall ar rialacha maidir leis an sásra coimirce i gcomhair planduithe nua, agus na critéir incháilitheachta agus thosaíochta a leagan síos maidir le húdaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua sna limistéir lena mbaineann. |
|
(13) |
Ionas nach gcuirfear leis an riosca rósholáthair i réigiúin inar roghnaigh Ballstát teorainn a chur le húdaruithe plandaithe nua a dheonú, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann coinníollacha incháilitheachta a leagan síos maidir le húdaruithe plandaithe nua a dheonú chun táirgeacht iomarcach sna fíonghoirt nua a phlandaítear sna réigiúin lena mbaineann a sheachaint. |
|
(14) |
Ba cheart a shoiléiriú gur cheart do na Ballstáit a bheith in ann, agus údaruithe plandaithe fíniúnacha á ndeonú acu, critéir incháilitheachta agus thosaíochta atá oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach a úsáid arb é is toradh orthu go dtugtar tús áite d’fhíonghoirt a rannchuidíonn le feabhas a chur ar tháirgí a bhfuil tásca geografacha acu nó ar a gcáilíocht. |
|
(15) |
Nuair a chinneann na Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht teorainn a chur le heisiúint údaruithe ar an leibhéal réigiúnach, agus na moltaí arna dtíolacadh ag eagraíochtaí gairmiúla aitheanta atá ag feidhmiú in earnáil an fhíona á gcur san áireamh, is iomchuí soiléiriú breise a thabhairt ar na cineálacha eagraíochtaí is féidir na moltaí sin a eisiúint. |
|
(16) |
Deonaítear údaruithe athphlandaithe do tháirgeoirí a bhfuil grafadh déanta acu ar limistéar atá faoi fhíniúnacha agus a thíolaic iarratas. Ba cheart a shoiléiriú nach bhfuil fíonsaothraí a fhaigheann tacaíocht chun fíniúnacha a ghrafadh i gcomhréir le hAirteagal 216(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (o), de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) i dteideal údarú athphlandaithe le haghaidh an limistéir atá i gceist. |
|
(17) |
Ní mór údaruithe athphlandaithe a úsáid ar an ngabháltas céanna ar a ndearnadh an grafadh, ach is féidir iad a úsáid ar dháileacht talún dhifriúil laistigh den ghabháltas céanna. Ós rud é go bhféadfadh gabháltais a bheith comhdhéanta de dháileachtaí talún atá suite i réigiúin táirgthe éagsúla, tá sé tábhachtach an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit a áirithiú, i limistéir atá incháilithe do tháirgeadh fíona a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint acu, nach n-úsáidtear údaruithe athphlandaithe atá mar thoradh ar fhíonghoirt a ghrafadh lasmuigh den limistéar sin. Is iomchuí go ndéanfaidh na Ballstáit cinneadh den sórt sin ar bhonn moladh ó eagraíocht ghairmiúil atá ionadaíoch sa limistéar lena mbaineann. |
|
(18) |
Cé nach méadaítear limistéar an fhíonghoirt nuair a dhéantar fíonghort a ndearnadh grafadh air a athphlandú, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le hathphlandú chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar dháileadh críochach na bhfíonghort, mar shampla chun athlonnú fíonghort chuig réigiúin ina bhfuil míchothromaíocht ar an margadh nó athlonnú ó fhánaí agus ó léibhinn a sheachaint, i gcás ina bhfuil ról tábhachtach acu i gcaomhnú an tírdhreacha agus ina seachnaíonn siad an creimeadh ithreach. Ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit freisin coinníollacha a leagan síos maidir le fíniúnacha lena dtáirgtear cineálacha áirithe fíona agus modhanna táirgthe arna sainaithint ag an mBallstát mar mhodhanna lena méadaítear go suntasach meántáirgeacht an réigiúin táirgthe, nó coinníollacha chun caomhnú modhanna táirgthe traidisiúnta a áirithiú. |
|
(19) |
Chun cur chuige comhréireach a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, agus na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann le rósholáthar don mhargadh á gcur san áireamh, is iomchuí uastairseach heicteár a bhunú le haghaidh fíonghoirt phlandaithe faoina ndíolmhaítear na Ballstáit ón oibleagáid scéim na n-údaruithe plandaithe a chur i bhfeidhm. |
|
(20) |
Le blianta beaga anuas, tá síorathrú ar éileamh na dtomhaltóirí ar tháirgí fíniúna a bhfuil cion alcóil laghdaithe iontu, ar táirgí iad a tháirgtear trí dhí-alcólú trí úsáid a bhaint as teicnící áirithe a cheadaítear san Aontas. Ba cheart táirgeadh fíonta páirt-dhí-alcólaithe trí fhíon dí-alcólaithe nó fíon páirt-dhí-alcólaithe a mheascadh le fíon nó fíon páirt-dhí-alcólaithe, ar a dtugtar ‘cumasc’, a cheadú, toisc gur féidir leis saintréithe céadfacha an táirge deiridh a fheabhsú agus go gcuireann sé modh ar fáil chun fíonta páirt-dhí-alcólaithe a tháirgeadh ar bhealach níos inbhuanaithe. |
|
(21) |
Is deis don earnáil é éileamh ard tomhaltóirí ar tháirgí fíona shúilínigh a bhfuil cion alcóil laghdaithe iontu nó nach bhfuil alcól iontu. Mar sin féin, leis na rialacha maidir le táirgeadh fíonta dí-alcólaithe, forchuirtear teorainneacha teicneolaíochta áirithe maidir le táirgeadh táirgí fíona shúilínigh. De réir na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, ní mór saintréithe agus neart alcóil iarbhír íosta na catagóire táirge comhfhreagraí a bheith bainte amach ag táirgí fíona sula rachaidh siad faoin bpróiseas dí-alcólúcháin. Tugtar le tuiscint leis sin nach féidir táirgí fíona shúilínigh dí-alcólaithe agus páirt-dhí-alcólaithe a tháirgeadh ach ó fhíonta súilíneacha den chatagóir chéanna. Mar sin féin, leis an bpróiseas dí-alcólúcháin, baintear an dé-ocsaíd charbóin ina hiomláine ón bhfíon súilíneach tosaigh. Dá bharr sin, chun táirge fíona shúilínigh a tháirgeadh a bhfuil cion alcóil laghdaithe ann nó nach bhfuil alcól ann, is gá an dé-ocsaíd charbóin a thabhairt isteach arís san fhíon lán-dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe trí úsáid a bhaint as próiseas nua ar leithligh. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do tháirgeoirí fíon súilíneach dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe, fíon leathshúilíneach dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe, fíon súilíneach aeraithe dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe agus fíon leathshúilíneach aeraithe dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe a tháirgeadh go díreach ó fhíon socair dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe trí bhíthin an dara coipeadh nó trí dhé-ocsaíd charbóin a chur leis, de réir mar is iomchuí. Leis sin, chuirfí ar chumas earnáil fíona an Aontais tairbhiú d’fhorbairtí nua maidir le héileamh tomhaltóirí, agus a hardchaighdeáin táirgthe á gcoinneáil ar bun. |
|
(22) |
Ba cheart na rialacha maidir le lipéadú táirgí fíona a leasú chun an tomhaltóir a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi shaintréithe táirgí fíniúna a bhfuil cion alcóil laghdaithe iontu, agus an oibleagáid á coinneáil maidir le faisnéis a sholáthar faoi úsáid an dí-alcólaithe. Tá cur amach ag tomhaltóirí ar théarmaí amhail ‘0,0 %’ agus ‘gan alcól’. Mar sin féin, rialaítear téarmaí den sórt sin ar bhealaí éagsúla i mBallstáit éagsúla. Maidir leis na téarmaí a thagraíonn do chion laghdaithe alcóil, ba cheart dóibh rialacha an Aontais maidir le lipéadú cion laghdaithe substaintí áirithe a chomhlíonadh. Is gá, dá bhrí sin, úsáid na dtéarmaí sin a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, rud a fhágann gur féidir le hearnáil an fhíona tairbhiú d’éilimh nua tomhaltóirí agus go n-áirithítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. |
|
(23) |
D’fhéadfadh sé a bheith ina ualach ar onnmhaireoirí cloí le ceanglas an Aontais maidir leis an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin a áireamh ar lipéad an fhíona onnmhairithe, go háirithe i gcás ina bhfuil ceanglais lipéadaithe na dtríú tíortha is allmhaireoirí éagsúil le ceanglais an Aontais. Chun onnmhairí a éascú i gcásanna den sórt sin, is iomchuí fíon atá le honnmhairiú a dhíolmhú ó na ceanglais lipéadaithe sin de chuid an Aontais. |
|
(24) |
Liosta comhábhar na dtáirgí fíona agus an dearbhú cothúcháin ar tháirgí fíona a sholáthar trí mheán leictreonach, is bealach éifeachtach é sin chun gur féidir le hoibreoirí faisnéis thábhachtach a chur i láthair do thomhaltóirí, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus onnmhairí fíona á n-éascú. Is amhlaidh an cás go háirithe do tháirgeoirí beaga. Mar sin féin, in éagmais rialacha comhchuibhithe maidir le sainaithint na meán leictreonach, ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, lena soláthraítear an liosta comhábhar agus/nó an dearbhú cothúcháin, tá cleachtais éagsúla ag oibreoirí agus rialacha éagsúla ag údaráis náisiúnta tar éis teacht chun cinn, rud a dhéanann difear díobhálach do mhargú ceart fíonta. Chun na costais agus an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, agus chun cur chuige comhchoiteann ar fud mhargadh an Aontais a áirithiú, agus an gá atá leis an bhfaisnéis sin a dhéanamh inrochtana do thomhaltóirí á chur san áireamh, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhair leis na Ballstáit, chun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le sainaithint na meán leictreonach, ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de, lena soláthraítear an liosta comhábhar agus an dearbhú cothúcháin do thomhaltóirí ar bhealach comhchuibhithe, lena n-áirítear trí chóras saor ó theangacha. |
|
(25) |
Chun an t-ualach ar oibreoirí, agus an éiginnteacht atá rompu, a laghdú, is iomchuí a shoiléiriú nár cheart é a bheith riachtanach sonraí éigeantacha a chur ar taispeáint ar aon phacáistíocht ar leith ach aon uair amháin. |
|
(26) |
Chun a áirithiú gur féidir le foirm agus leagan amach na meán leictreonach freastal ar riachtanais nua a eascraíonn as dul chun cinn tapa leanúnach an digitithe agus chun gur féidir leis na meáin leictreonacha sin faisnéis ábhartha eile do thomhaltóirí a áireamh, ar faisnéis í a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus a cheadaítear a chur i láthair go leictreonach, rud a laghdaíonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le cur i láthair faisnéise ar lipéid leictreonacha. |
|
(27) |
Nuair atá téarma lena dtagraítear do ghabháltas in earnáil an fhíona forchoimeádta ar leibhéal an Aontais, agus é faoi réir coinníollacha áirithe, is léir ón taithí a fuarthas go bhféadfadh úsáid an téarma sin i dtrádmharcanna áirithe nó in ainmneacha tráchtála áirithe tomhaltóirí a chur amú. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis an ngaol idir téarmaí lena dtagraítear do ghabháltas agus trádmharcanna agus ainmneacha tráchtála. |
|
(28) |
Tá an fhéidearthacht ag na Ballstáit rialacha margaíochta a ghlacadh chun an soláthar in earnáil an fhíona a rialáil chun oibriú an chómhargaidh fíona a fheabhsú agus a chobhsú. I gcomhthéacs reatha an laghdaithe struchtúraigh ar thomhaltas agus cásanna athfhillteacha rósholáthair i réigiúin áirithe agus i ndeighleoga margaidh áirithe, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir leagan síos uastáirgeachta fíonchaor agus bainistiú stoc fíona a áireamh sna rialacha sin. Thairis sin, is féidir le grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, chomh maith le heagraíochtaí táirgeoirí aitheanta, ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an soláthar a chur in oiriúint do threochtaí sa mhargadh agus maidir le seasamh na bhfíonsaothraithe sa slabhra soláthair a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin rialacha margaíochta a ghlacadh in earnáil an fhíona, agus moltaí arna nglacadh ag eagraíochtaí idirchraoibhe aitheanta, ag grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint nó ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta á gcur san áireamh nuair atá siad ionadaíoch sa limistéar táirgthe nó sna limistéir táirgthe lena mbaineann. |
|
(29) |
Tagann luach tráchtála ar leith fíonta atá cumhdaithe ag ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ón gclú atá orthu bunaithe ar an luach cáilíochta a chuireann tomhaltóirí ar a saintréithe. Chun nach mbainfí an bonn óna ndintiúir cháilíochta trí ghníomhú díobhálach praghsanna, ba cheart d’eagraíochtaí idirchraoibhe agus grúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint, i gcás ina bhfuil siad ionadaíoch sa limistéar geografach gaolmhar do na catagóirí gairmiúla éagsúla atá ag oibriú in earnáil an fhíona, a bheith in ann treoir a eisiúint maidir le praghsanna a bhaineann le díolacháin na bhfíonchaor, na n-úrfhíonta nó na bhfíonta ábhartha. Mar sin féin, ba cheart an treoir sin a bheith neamhéigeantach, chun srian iomarcach ar iomaíocht praghsanna laistigh den tásc geografach céanna a sheachaint. Thairis sin, mar choimirce bhreise, ba cheart cead a bheith ag an údarás náisiúnta iomaíochta ábhartha a chinneadh i gcásanna aonair táscairí treorach praghais a mhodhnú nó deireadh a chur leo más gá ionas nach gcuirfear deireadh leis an iomaíocht agus ionas nach gcuirfear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i mbaol. |
|
(30) |
Faoi láthair, is féidir na Ballstáit a údarú íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le táirgeoirí fíona le haghaidh driogadh fíona deonach nó éigeantach. I bhfianaise a chostéifeachtaí atá sé táirgeacht bharrachais a bhaint den mhargadh sula dtáirgtear fíon, is iomchuí, i gcásanna géarchéime a bhfuil údar leo, a cheadú go ndéanfaí na Ballstáit a údarú íocaíochtaí náisiúnta a dhéanamh le haghaidh glasbhuaint dheonach agus le haghaidh fíonghoirt tháirgiúla a ghrafadh go deonach, faoi réir coinníollacha áirithe. Chun saobhadh iomaíochta a sheachaint, is gá na príomhchritéir a leagan síos atá le húsáid chun an íocaíocht náisiúnta uasta in aghaidh an aonaid táirge nó in aghaidh an heicteáir a chinneadh. Chun na críche céanna sin, ba cheart teorainneacha a leagan síos leis an Rialachán seo freisin do mhéid foriomlán na n-íocaíochtaí náisiúnta atá údaraithe i mBallstát in aon bhliain ar leith le haghaidh driogadh agus glasbhuainte. Maidir le grafadh, i bhfianaise chineál struchtúrach an bhirt agus na gcostas níos airde a bhaineann leis, níl sé iomchuí uasmhéid foriomlán íocaíochtaí náisiúnta a leagan síos. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit údar a thabhairt, agus fógra á thabhairt acu don Choimisiún, leis an teorainn le híocaíochtaí náisiúnta ar bhonn cás ar chás bunaithe ar a gcúinsí sonracha margaidh agus ar chúinsí sonracha margaidh na réigiún fíona ina gcuirfí an beart chun feidhme. |
|
(31) |
Chun saobhadh iomaíochta a sheachaint agus chun éifeachtúlacht agus comhréireacht na mbeart géarchéime a bhfuil íocaíochtaí náisiúnta le húdarú ina leith a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis na coinníollacha ginearálta incháilitheachta agus na critéir thosaíochta atá le leagan síos ag na Ballstáit i ndáil le leithdháileadh na n-íocaíochtaí náisiúnta sin, chun na staideanna margaidh a chinneadh faoina bhfuil údar leis na bearta sin, maidir le híocaíochtaí náisiúnta a ríomh agus maidir lena gcomhleanúnachas le bearta tacaíochta eile d’earnáil an fhíona faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). |
|
(32) |
Is asraon nádúrtha le haghaidh táirgí fíniúna iad táirgí fíona cumhraithe. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ní cheadaítear na hainmníochtaí díolacháin arna bhforchoimeád le haghaidh táirgí fíona cumhraithe a úsáid le haghaidh deochanna nach sroicheann an cion alcóil iarbhír íosta a leagtar síos sa Rialachán sin le haghaidh gach catagóire táirgí. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar éilimh tomhaltóirí ar dheochanna nuálacha alcólacha ar lú a neart alcóil iarbhír de réir toirte, ba cheart é a bheith indéanta deochanna a chur ar an margadh a fhaightear ó fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe a tháirgtear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus a bhfuil ainmníochtaí díolacháin acu a fhorchoimeádtar le haghaidh táirgí fíona cumhraithe. |
|
(33) |
Chun a áirithiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart faoi chineál na dtáirgí fíona cumhraithe a bhfuil cion alcóil laghdaithe iontu, is iomchuí rialacha a leagan síos i gcomhréir leis na rialacha sin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le lipéadú fíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe, ionas go dtabharfar tuairisc ar tháirgí fíona cumhraithe a fhaightear ó fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe ina gcur i láthair agus ina lipéadú de réir na dtéarmaí céanna le táirgí fíniúna a bhfuil an cion alcóil comhfhreagrach acu. Is iomchuí freisin na ceanglais teanga is infheidhme maidir le táirgí fíona cumhraithe a ailíniú leis an na ceanglais sin is infheidhme cheana maidir le táirgí fíniúna. |
|
(34) |
Na saincheisteanna a chuirtear i dtábhacht maidir le táirgí fíniúna i ndáil le sainaithint na meán leictreonach ina bhfuil an dearbhú cothúcháin agus an liosta comhábhar, tá siad bailí freisin i gcás táirgí fíona cumhraithe. Dá bhrí sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le sainaithint na meán leictreonach le haghaidh táirgí fíona cumhraithe ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de. |
|
(35) |
Chun freastal ar éilimh nua tomhaltóirí agus ar an ngá atá le nuálaíocht táirgí, ba cheart rialacha maidir le táirgeadh agus lipéadú na gcatagóirí táirgí fíona cumhraithe ‘Glühwein’, ‘Viiniglögi/Vinglögg/Karštas vynas’ agus ‘Pelin’ a leasú chun go mbeifear in ann iad a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as fíon rosé agus chun go mbeifear in ann an méid sin a léiriú sa lipéadú. An tráth céanna, ba cheart toirmeasc a chur ar úsáid an téarma ‘rosé’ i gcur i láthair agus i lipéadú Glühwein agus Pelin a tháirgtear trí fhíon dearg agus fíon geal nó aon cheann díobh sin a mheascadh le fíon rosé. Ar na cúiseanna céanna, is iomchuí freisin ligean do dheochanna alcólacha a tháirgtear leis na ceanglais chéanna a leagtar síos le haghaidh Glühwein, ach a bhfuil fíon torthaí seachas táirgí fíniúna mar phríomh-chomhábhar iontu, an ainmníocht díolacháin ‘Glühwein’ a úsáid ina gcur i láthair agus ina lipéadú. |
|
(36) |
Chun an cineál idirghabhála ‘athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort’ a chur chun feidhme, is iomchuí a shoiléiriú in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115 gur féidir an cuspóir a shaothrú leis an athchóiriú cineálacha freisin, arb é athléimneacht aeráide fíniúnacha a mhéadú. |
|
(37) |
Is gníomhaíocht tráchtála í turasóireacht fíona atá ag éirí níos tábhachtaí do go leor oibreoirí fíona. Chun tacú le díolacháin dhíreacha le turasóirí i réigiúin táirgthe a fhorbairt, is iomchuí a shoiléiriú gur féidir infheistíochtaí i struchtúir agus uirlisí margaíochta a dhéanamh i gcás turasóireacht fíona freisin. |
|
(38) |
Sa staid mhargaidh dheacair atá ann faoi láthair agus atá ag athrú go tapa, agus d’fhonn feabhas a chur ar inbhuanaitheacht fíonghort agus ar mhalartú eolais, tá sé ríthábhachtach go mbeadh seirbhísí comhairleacha ar fail d’fhíonsaothraithe agus d’oibreoirí eile in earnáil an fhíona. Dá bhrí sin, ba cheart na cineálacha seirbhísí comhairleacha a liostaítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115 a leasú chun seirbhísí comhairleacha breise a áireamh, amhail margaíocht trí dhíolacháin dhíreacha, inbhuanaitheacht chomhshaoil agus éagsúlú ó tháirgeadh fíona. |
|
(39) |
Thairis sin, d’fhonn éifeachtacht na tacaíochta d’fhorbairt na turasóireachta fíona i réigiúin fíona éagsúla a mhéadú, is iomchuí a cheadú go sainráite d’eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 152, 156 agus 157 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 atá gníomhach in earnáil an fhíona, do ghrúpaí táirgeoirí a bhainistíonn ainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus d’eagraíochtaí gairmiúla eile a oibríonn in earnáil an fhíona arna mbunú ag na Ballstáit mar thairbhithe ina bPleananna Straitéiseacha CBT, a bheith ina dtairbhithe den chineál idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (i), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(40) |
Chun cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann do na Ballstáit athstruchtúrú éifeachtúil fíonghort a áirithiú agus an gá atá ann méadú ar tháirgeadh a sheachaint a bhféadfadh rósholáthar a bheith mar thoradh air, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit coinníollacha a bhunú chun athstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2115 a chur chun feidhme. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na coinníollacha sin méadú ar tháirgeacht le haghaidh na bhfíonghort atá faoi réir idirghabhálacha den chineál sin a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, méadú ar tháirgeadh le haghaidh na bhfíonghort sin a sheachaint. |
|
(41) |
Chun dul in oiriúint do threochtaí sa mhargadh agus chun leas a bhaint as deiseanna éifeachtúla sa mhargadh, lena n-áirítear trí mhargaí nua onnmhairiúcháin a oscailt agus asraonta margaidh a éagsúlú, ba cheart 3 bliana a bheith i bhfad na tacaíochta le haghaidh oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide a dhéantar i dtríú tíortha. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh síneadh a chur le fad oibríochta, faoi dhó, ar feadh 3 bliana ar a mhéad i gcás gach sínidh, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse 9 mbliana as a chéile ann. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit rochtain táirgeoirí beaga, mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún (8), ar thacaíocht faoin gcineál idirghabhála ‘cur chun cinn agus cumarsáid’ a éascú trí nós imeachta simplithe iarratais a sholáthar dóibh nó trí chritéir thosaíochta oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm maidir le tairbhithe nua, margaí nua agus táirgí nua. I bhfianaise éagsúlacht struchtúir an mhargaidh fíona i dtríú tíortha agus i bhfianaise na heaspa sainmhínithe choitinn ar ‘mhargadh tríú tír’ chun críocha na gcineálacha idirghabhála ‘cur chun cinn agus cumarsáid’, is iomchuí príomhghnéithe áirithe a leagan amach chun cuidiú leis na Ballstáit teacht ar a sainmhíniú féin ar mhargadh tríú tír chun na hidirghabhálacha sin a chur chun feidhme. |
|
(42) |
Tá lotnaidí an-tógálach, amhail galar buíochain, ina mbagairt mhór ar tháirgeadh fíona, toisc go lagaíonn siad fíniúnacha trí tháirgiúlacht a laghdú nó trí chrainn fíniúna a scriosadh ina n-iomláine. Ós rud é gur minic a bhíonn sé deacair nó dodhéanta crainn fíniúna a leigheas nuair a bhíonn siad ionfhabhtaithe, an t-aon bhealach gur féidir freagairt go héifeachtach ar an mbagairt sin ná trí bhíthin idirghabhálacha coiscthe agus bainistithe. I bhfianaise na rioscaí arda fíteashláintíochta a bhaineann leis na lotnaidí sin, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá gníomhaíocht chórasach agus chomhchoiteann chun a leathadh a chosc, is iomchuí tacaíocht shonrach a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí sin. Dá bharr sin, ba cheart cineál nua idirghabhála in earnáil an fhíona a chur le liosta na gcineálacha idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(43) |
I bhfianaise na míchothromaíochta tromchúisí struchtúraí atá i réigiúin fíonsaothrúcháin áirithe, is iomchuí a cheadú do na Ballstáit grafadh buan fíonghort táirgiúil a mhaoiniú trína bPleananna Straitéiseacha CBT. Dá bhrí sin, ba cheart cineál nua idirghabhála in earnáil an fhíona a chur le hAirteagal 58(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115. Ar an gcaoi chéanna leis an mbeart maidir le grafadh buan arna chistiú le híocaíochtaí náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 216 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ba cheart an cineál nua idirghabhála sin, eadhon ‘grafadh buan’, a bheith faoi réir coinníollacha sonracha, amhail toirmeasc ar údarú plandaithe bailí a shealbhú nó a fháil le linn tréimhse áirithe nó srianta a fhorchuireann na Ballstáit i ndáil le limistéir a eisiatar ó raon feidhme na hidirghabhála ina bhfuil ról tábhachtach comhshaoil, caomhnaithe tírdhreacha nó socheacnamaíocha ag fíonghoirt. |
|
(44) |
Chun tacaíocht leormhaith a áirithiú d’fhíonsaothraithe i ndáil le hoiriúnú don athrú aeráide, tá sé tábhachtach an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas a mhéadú go dtí suas le 80 % de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort má shaothraítear an cuspóir sin leis an idirghabháil. |
|
(45) |
Chun an comhar in earnáil an fhíona a neartú, na hinfheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 a dhéanann eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, amhail comharchumainn, ba cheart dóibh tairbhiú de ráta uasta an chúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach in Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, mar a dhéantar cheana i gcás micrifhiontar agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (9). |
|
(46) |
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do tháirgeoirí maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, agus chun feabhsuithe ar inbhuanaitheacht na gcóras táirgthe agus laghdú ar an tionchar ar an gcomhshaol a éascú, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na Ballstáit an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí lena saothraítear an cuspóir sin a mhéadú go dtí suas le 80 % de na costais infheistíochta incháilithe. |
|
(47) |
Thairis sin, is gá a shoiléiriú nár cheart an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/2115 a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] mar is amhlaidh i gcás cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán sin. |
|
(48) |
Ina theannta sin, chun a áirithiú go mbeidh sraith iomchuí rialacha airgeadais ag gabháil le raon feidhme méadaithe an chineáil idirghabhála ‘seirbhísí comhairleacha’ dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2115, is gá an céatadán uasta de chúnamh airgeadais ón Aontas is féidir a dheonú don chineál idirghabhála sin a leagan síos. |
|
(49) |
Chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na cineálacha idirghabhálacha ‘faisnéis’ agus ‘cur chun cinn agus cumarsáid’ dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointí (h) agus (k), de Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas le haghaidh na n-idirghabhálacha sin a mhéadú go dtí suas le 60 % den chaiteachas incháilithe. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin ranníocaíocht náisiúnta a dhéanamh le costais incháilithe na gcineálacha idirghabhálacha sin. Ós rud é gur minice a bhíonn srianta airgeadais ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus feachtais chumarsáide agus chur chun cinn á ndéanamh acu ná mar a bhíonn i gcás fiontair mhóra, ba cheart an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit tacaíocht airgeadais níos airde a thabhairt do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. |
|
(50) |
Chun tacaíocht leordhóthanach a sholáthar don chomhrac i gcoinne lotnaidí an-tógálach, is iomchuí ligean don chúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh an chineáil idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (n), de Rialachán (AE) 2021/2115 tairbhiú de chúnamh airgeadais ón Aontas lena gcumhdaítear suas le 100 % den chaiteachas incháilithe. |
|
(51) |
Thairis sin, is gá an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas le haghaidh grafadh buan faoin gcineál idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (o), de Rialachán (AE) 2021/2115 a leagan síos. Ba cheart gurb ionann an cúnamh sin agus céatadán de shuim na gcostas díreach a bhaineann le grafadh agus an chaillteanais ioncaim mheasta le haghaidh bliain amháin i ndáil leis an limistéar a ndearnadh grafadh air. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann freisin ranníocaíocht náisiúnta bhreise a sholáthar. |
|
(52) |
Is minic a bhíonn deochanna biotáilleacha a bhfuil tásc geografach acu ag brath ar shlabhraí soláthair casta lena mbaineann oibreoirí iomadúla atá freagrach as céimeanna éagsúla den táirgeadh. Tá socruithe atá bunaithe ar fhoinsiú solúbtha an-choitianta. Leis an oibleagáid shonrach lipéadaithe le haghaidh deochanna biotáilleacha a leagtar síos in Airteagal 37(5) de Rialachán (AE) 2024/1143, lena gceanglaítear ainm an táirgeora a léiriú sa réimse céanna radhairc leis an tásc geografach, léiríodh nach bhfuil sé oiriúnaithe go maith do struchtúr an tslabhra soláthair i gcás fhormhór na ndeochanna biotáilleacha. Chun cur isteach ar chleachtais sheanbhunaithe a seachaint agus ionas nach mbeidh ualaí díréireacha ar oibreoirí san earnáil sin, go háirithe ar tháirgeoirí beaga agus meánmhéide, is iomchuí deireadh a chur leis an oibleagáid sin. |
|
(53) |
Chun na rialacha ábhartha a fhorlíonadh agus chun saintréithe sonracha earnáil an fhíona a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na coinníollacha maidir leis an díolúine ó chur i bhfeidhm scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a chur i bhfeidhm, i dtaca leis na coinníollacha maidir le grafadh fíonghort tréigthe, i dtaca leis na rialacha a bhaineann leis na critéir chun údaruithe a dheonú i gcomhair planduithe nua, lena n-áirítear critéir nua a chur leo, i dtaca le fíniúnacha ar gheall an táirgeoir go ndéanfadh sé iad a ghrafadh a bheith ann taobh le fíniúnacha nua-phlandaithe, i dtaca leis na forais le cinntí na mBallstát maidir le hathplandú, i dtaca leis na coinníollacha ginearálta incháilitheachta agus na critéir thosaíochta atá le leagan síos ag na Ballstáit maidir le leithdháileadh na n-íocaíochtaí náisiúnta, i dtaca le gnéithe lena gcinntear gur ann do ghéarchéim, i dtaca leis an modh ríofa le haghaidh na n-íocaíochtaí náisiúnta agus i dtaca le comhleanúnachas le bearta tacaíochta eile de chuid an Aontais d’earnáil an fhíona; agus i dtaca le sainaithint an mheáin leictreonaigh ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte de agus i dtaca le foirm agus leagan amach na faisnéise a sholáthraítear trí mheán leictreonach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (10). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe |
|
(54) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar rialacha margaidh áirithe agus bearta tacaíochta earnála áirithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh táirgí fíona cumhraithe, chomh maith le rialacha lipéadaithe áirithe le haghaidh deochanna biotáilleacha, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(55) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) Uimh. 251/2014, (AE) 2021/2115 agus (AE) 2024/1143 a leasú dá réir sin. |
|
(56) |
Chun am a thabhairt do tháirgeoirí iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais nua a bhaineann le hainmniúchán táirgí fíniúna a bhfuil cion alcóil laghdaithe iontu, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais nua sin 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. Is iomchuí freisin rialacha idirthréimhseacha a sholáthar ionas gur féidir leanúint de tháirgí fíniúna a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe, ar táirgí iad ar cuireadh lipéad orthu roimh chur i bhfeidhm na gceanglas nua. |
|
(57) |
Maidir le dáta cur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le huastairseach heicteár le haghaidh fíonghoirt phlandaithe trína ndíolmhaítear na Ballstáit ón oibleagáid scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a chur i bhfeidhm, ba cheart an dáta sin a chur ar atráth go ceann 48 mí chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil limistéar fíonghort acu atá os cionn na huastairsí heicteár tráth dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo an oibleagáid sin a chur chun feidhme, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3(5), cuirtear an pointe seo a leanas leis:
; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 61: ‘Airteagal 61 Fad Scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo, beidh feidhm aici ón 1 Eanáir 2016, agus déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2028 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin chun meastóireacht a dhéanamh ar oibriú na scéime. Féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí a dhéanamh.’ |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 62 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 65, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Agus Airteagal 63(2) á chur i bhfeidhm aige, féadfaidh an Ballstát na moltaí a thíolaic eagraíochtaí gairmiúla aitheanta a fheidhmíonn in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagail 152, 156 agus 157 den Rialachán seo a chur san áireamh, nó na cinn a thíolaic grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 33 de Rialachán (AE) 2024/1143 nó cineálacha eile eagraíochtaí gairmiúla arna sainaithint ar bhonn reachtaíocht an Bhallstáit sin, ar choinníoll go dtiocfaidh na páirtithe ionadaíochta ábhartha sa limistéar geografach tagartha ar chomhaontú roimh ré.’ ; |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 66 mar a leanas:
|
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67: ‘Airteagal 67 De minimis Ní bheidh feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha a bunaíodh sa Chaibidil seo i mBallstáit nár sháraigh an limistéar fíonghort 10 000 ha iontu i 3 bliana ar a laghad de na 5 bliana margaíochta roimhe sin, mura gcinnfidh an Ballstát scéim na n-údaruithe a chur chun feidhme. I gcás nach gcomhlíontar a thuilleadh an coinníoll nach sáródh an limistéar 10 000 ha, beidh feidhm ag scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha ó thús na bliana margaíochta tar éis na bliana inar scoireadh den choinníoll a chomhlíonadh.’ |
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 69: ‘Airteagal 69 Cumhachtaí tarmligthe Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha breise a leagan síos a bhaineann leis an méid seo a leanas:
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 227 chun an Rialachán seo a leasú trí chritéir bhreise a chur leis na critéir a liostaítear in Airteagal 64(1) agus (2).’ |
|
(10) |
leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
|
(11) |
in Airteagal 122, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(12) |
in Airteagal 167(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘1. Chun feidhmiú an chómhargaidh i bhfíonta, lena n-áirítear na fíonchaora, na húrfhíonta agus na fíonta óna ndéantar iad, a fheabhsú agus a chobhsú, féadfaidh Ballstáit táirgeora rialacha margaíochta a leagan síos chun an soláthar a rialú, lena n-áirítear uastáirgeacht a leagan síos agus rialacha a leagan síos maidir le stoic a bhainistiú. Féadfaidh na Ballstáit a chur san áireamh, in ord laghdaitheach tosaíochta, cinntí arna nglacadh ag eagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagail 157 agus 158 den Rialachán seo, ag grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagail 32 agus 33 de Rialachán (AE) 2024/1143, agus ag eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Airteagail 152 agus 154 den Rialachán seo, i gcás ina meastar go bhfuil na heagraíochtaí agus na grúpaí sin ionadaíoch ar earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 164(3) agus Airteagal 166a(2) den Rialachán seo, sa limistéar eacnamaíoch nó sna limistéir eacnamaíocha ina bhfuil sé beartaithe na rialacha a chur i bhfeidhm.’ |
|
(13) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 172b: ‘Airteagal 172b Treoir ó eagraíochtaí idirchraoibhe agus ó ghrúpaí táirgeoirí maidir le díol fíonchaor, úrfhíonta agus fíonta ar an mórchóir a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu 1. De mhaolú ar Airteagal 101(1) CFAE, maidir le heagraíochtaí idirchraoibhe a aithnítear faoi Airteagal 157 den Rialachán seo agus grúpaí táirgeoirí aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2024/1143 agus atá ag oibriú in earnáil an fhíona, i gcás ina meastar go bhfuil na heagraíochtaí agus na grúpaí sin ionadaíoch i gcomhréir le hAirteagal 164(3) agus Airteagal 166a(2) den Rialachán seo sa limistéar geografach ábhartha, féadfaidh siad táscairí treorach neamhéigeantacha praghais a sholáthar maidir le díol fíonchaor, úrfhíonta agus fíonta ar an mórchóir chun fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu a tháirgeadh, ar choinníoll nach gcuireann an treoir sin deireadh leis an iomaíocht i ndáil le cion substaintiúil de na táirgí atá i gceist. 2. Féadfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 cinneadh a dhéanamh i gcásanna aonair, san am atá le teacht, go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na táscairí treorach praghais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo le modhnú, go bhfuil deireadh le cur leo nó nach bhfuil siad le soláthar ar chor ar bith má mheasann sé go bhfuil sé sin riachtanach ionas nach gcuirfear deireadh leis an iomaíocht i ndáil le cion substaintiúil de na táirgí atá i gceist nó má mheasann sé go bhfuil na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE i mbaol. Ag gníomhú dó faoin gcéad fhomhír den mhír seo, tabharfaidh an t-údarás náisiúnta iomaíochta fógra i scríbhinn don Choimisiún roimh thús a chur leis an gcéad bheart foirmiúil den imscrúdú nó gan mhoill ina dhiaidh sin agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cinntí a glacadh gan mhoill tar éis a nglactha. Ní bheidh feidhm ag na cinntí dá dtagraítear sa mhír seo roimh an dáta a bhfógraítear iad do na gnóthais lena mbaineann.’ |
|
(14) |
leasaítear Airteagal 216 mar a leanas:
|
|
(15) |
i gCuid II d’Iarscríbhinn VII, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas leis an bhfoclaíocht réamhráiteach: ‘Féadfar táirgí fíniúna de na catagóirí a leagtar amach i bpointí (4) agus (8) a fháil tríd an dara coipeadh ar fhíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe dá dtagraítear i bpointe (1). Féadfar táirgí fíniúna de na catagóirí a leagtar amach i bpointí (7) agus (9) a fháil trí dhé-ocsaíd charbóin a chur le fíonta dí-alcólaithe nó páirt-dhí-alcólaithe dá dtagraítear i bpointe (1).’. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. De mhaolú ar na tairseacha maidir le neart alcóil iarbhír íosta agus neart alcóil iomlán a leagtar síos i mír 2, pointe (g), mír 3, pointe (g), agus mír 4, pointe (f), den Airteagal seo, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo le haghaidh gach catagóire táirgí, féadfaidh neart alcóil iarbhír níos ísle agus neart alcóil iomlán níos ísle de réir toirte a bheith ag táirgí fíona cumhraithe i gcás ina bhfaightear iad ó tháirgí fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu ina n-iomláine nó i bpáirt i gcomhréir le Cuid I, Roinn E, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.’ |
|
(2) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘1a. I gcás ina bhfuarthas táirgí fíona cumhraithe ó tháirgí fíniúna a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu ina n-iomláine nó i bpáirt i gcomhréir le Cuid I, Roinn E, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, déanfar a n-ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh leis na téarmaí a leagtar síos in Airteagal 119(1), pointe (a)(i) agus (ii), agus in Airteagal 119(1), pointe (k), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 faoi na coinníollacha a leagtar síos iontu.’ |
|
(3) |
in Airteagal 6a, cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘5. Chun saintréithe sonracha na hearnála fíona cumhraithe a chur san áireamh, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(4) |
cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 6b Sonraí sainordaitheacha a athlua Níl feidhm ag an oibleagáid na sonraí sainordaitheacha a léiriú ar aon phacáistíocht ar leith ach aon uair amháin i leith na pacáistíochta sin.’ |
|
(5) |
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach i gcló iodálach in Iarscríbhinn II a aistriú ar an lipéad ná i gcur i láthair táirgí fíona cumhraithe. Beidh na sonraí breise agus sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 6a chomh maith leis na téarmaí dá dtagraítear in Airteagal 5(1a), i gcás ina gcuirtear in iúl i bhfocail iad, le feiceáil i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais.’ |
|
(6) |
i gCuid B d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (8):
; |
|
(7) |
i gCuid B d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):
; |
|
(8) |
i gCuid B d’Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):
|
Airteagal 3
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/2115
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 45, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
; |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 58(1) mar a leanas:
|
|
(3) |
leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
|
Airteagal 4
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/1143
In Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2024/1143, leasaítear mír 5 mar a leanas:
|
(1) |
scriostar an dara fomhír; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fomhír: ‘Táirgí talmhaíochta a mhargaítear faoi thásc geografach, ar cuireadh lipéad orthu roimh an 14 Bealtaine 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh gan an oibleagáid a chomhlíonadh ainm an táirgeora nó an oibreora a léiriú sa réimse céanna radhairc leis an tásc geografach, go dtí go mbeidh na stoic atá ann cheana ídithe.’. |
Airteagal 5
Foráil idirthréimhseach
Táirgí fíniúna i gcatagóirí a shainítear faoi Chuid II, pointe (1) agus pointí (4) go (9), d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, a ndearnadh cóireáil dí-alcólúcháin orthu i gcomhréir le Cuid I, Roinn E, d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin, agus ar cuireadh lipéad orthu i gcomhréir le hAirteagal 119(1), pointe (a)(i) agus (ii), den Rialachán sin roimh an 19 Meán Fómhair 2027, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
Airteagal 6
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (8) amhail ón 19 Márta 2030 agus beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (10) amhail ón 19 Meán Fómhair 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
C. KOMBOS
(1) IO C, C/2025/5161, 28.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5161/oj.
(2) IO C, C/2025/4418, 29.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4418/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 16 Feabhra 2026.
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/251/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/273 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le scéim na n-údaruithe i gcomhair planduithe fíniúnacha, an clár fíonghort, doiciméid tionlacain agus deimhniúchán, an clár isteach agus amach, dearbhuithe éigeantacha, fógraí agus foilsiú faisnéise ar tugadh fógra fúithi, agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha agus pionóis ábhartha, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 555/2008, (CE) Uimh. 606/2009 agus (CE) Uimh. 607/2009 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 436/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/560 ón gCoimisiún (IO L 58, 28.2.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2018/273/oj).
(9) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).
(10) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/471/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)