European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/456

26.2.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/456 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2026

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421 (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chomhsheasamh 2001/931/CBES (3) agus déantar foráil maidir le reo sócmhainní daoine, grúpaí agus eintiteas áirithe mar aon le toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh siúd a liostaítear.

(2)

I bhfianaise bhagairt leanúnach na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh ar shlándáil an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, an 26 Feabhra 2026 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/455 lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a agus lena n-atáirgtear substaint Airteagail 1, 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES chun foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha breise atá dírithe ar an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta a chomhrac. Le Cinneadh (CBES) 2026/455, tugtar isteach toirmeasc taistil i gcás daoine aonair áirithe agus déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht bearta breise a ghlacadh, i bhfoirm reo sócmhainní agus toirmisc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, in aghaidh príomhchomhaltaí grúpaí nó eintiteas sceimhlitheoireachta atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh (CBES) 2026/455, agus in aghaidh daoine, grúpaí agus eintitis a bhfuil baint acu leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin atá bainteach le gníomhartha sceimhlitheoireachta.

(3)

Na bearta a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2026/455, tagann siad faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun sonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus an Choimisiúin a thabhairt cothrom le dáta.

(4)

Ba cheart don Chomhairle na cumhachtaí cur chun feidhme chun na liostaí in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo a bhunú agus a leasú a fheidhmiú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an bpróiseas chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455 a bhunú, a leasú agus a athbhreithniú.

(5)

Chun sonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus sonraí teagmhála an Choimisiúin a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, lena n-áirítear liosta sonraí teagmhála údaráis inniúla na mBallstát agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún, a ionadú.

(6)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun an deimhneacht dhlíthiúil is mó is féidir a áirithiú san Aontas, ba cheart na hainmneacha agus sonraí ábhartha eile a bhaineann le daoine nádúrtha agus dlítheanacha, le grúpaí agus le heintitis a bhfuil a gcistí agus a n-acmhainní eacnamaíocha le reo i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a bheith i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(7)

An 29 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 (6) lena mbunaítear liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo. An 19 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420 (7) lenar cuireadh eintiteas amháin leis an liosta sin. Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an liosta sin agus chinn sí ar gur cheart go leanúint de na bearta sriantacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420 a aisghairm.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:

(i)

éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;

(ii)

éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;

(iii)

éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;

(iv)

frithéileamh;

(v)

éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar é nó í, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin nós imeachta exequatur;

(b)

ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart, i cibé foirm, agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin cuimsítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;

(c)

ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(d)

ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, inchorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;

(e)

ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;

(f)

ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistiú punainne san áireamh;

(g)

ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan bheith teoranta, dó:

(i)

airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;

(ii)

taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;

(iii)

urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;

(iv)

ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní, nó luach a fhabhraíonn astu, nó arna nginiúint astu;

(v)

creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó gealltanais airgeadais eile;

(vi)

litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;

(vii)

doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;

(h)

ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos ann, lena n-áirítear a n-aerspás;

(i)

ciallaíonn “gníomh sceimhlitheoireachta” ceann de na gníomhartha intinneacha seo a leanas, a d’fhéadfadh, i bhfianaise a chineáil nó a chomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear ina chion faoin dlí náisiúnta, i gcás ina ndéantar é d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

daonra a imeaglú go tromchúiseach;

(ii)

iallach míchuí a chur ar Rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh; nó

(iii)

bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú go tromchúiseach nó a dhíothú:

(a)

ionsaithe ar shaol duine a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás;

(b)

ionsaithe ar iomláine coirp duine;

(c)

fuadach nó gabháil giall;

(d)

scrios mór a dhéanamh ar shaoráid Rialtais nó ar shaoráid phoiblí, ar chóras iompair, ar shaoráid bhonneagair, lena n-áirítear córas faisnéise, ardán seasta atá suite ar an scairbh ilchríochach, áit phoiblí nó maoin phríobháideach, ar dócha go gcuirfí beatha duine i mbaol dá bharr nó go mbeadh caillteanas mór eacnamaíoch mar thoradh air;

(e)

aerárthaigh, longa nó modhanna eile iompair phoiblí nó iompair earraí a urghabháil;

(f)

pléascáin nó airm, lena n-áirítear airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha a mhonarú, a bheith i seilbh, a fháil, a iompar, a sholáthar nó a úsáid, mar aon le taighde a dhéanamh ar airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha agus iad a fhorbairt;

(g)

substaintí contúirteacha a scaoileadh, nó dóiteáin, tuilte, nó pléascthaí a chur faoi deara, arb é is éifeacht leo beatha duine a chur i mbaol;

(h)

cur isteach ar an soláthar uisce, ar an soláthar cumhachta nó ar sholáthar aon acmhainne nádúrtha bunúsaí eile arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;

(i)

bagairt a dhéanamh aon cheann de na gníomhartha a liostaítear i bpointí (a) go (h) a dhéanamh;

(j)

grúpa sceimhlitheoireachta a threorú;

(k)

páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis nó acmhainní ábhartha a sholáthar, nó trína chuid gníomhaíochtaí a chistiú ar aon bhealach, agus fios a bheith ann go mbeidh an rannpháirtíocht sin ag cur le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa;

(l)

cur isteach neamhdhleathach ar an gcóras nó bagairt cur isteach neamhdhleathach ar an gcóras a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(3) nó pointe (b) nó (c) d’Airteagal 9(4) den Treoir sin, agus cur isteach neamhdhleathach ar shonraí nó bagairt cur isteach neamhdhleathach ar shonraí a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir sin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Treoir sin.

(j)

ciallaíonn “grúpa sceimhlitheoireachta” grúpa struchtúrtha ina bhfuil níos mó ná beirt, a bhunaítear thar thréimhse ama agus a ghníomhaíonn de chomhbheart chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Ciallaíonn “grúpa struchtúrtha” grúpa nach gcuirtear le chéile go randamach chun gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh láithreach agus nach gá go mbeadh róil atá sainithe go foirmiúil ann dá chomhaltaí, do leanúnachas a chomhaltas ná do struchtúr forbartha;

(k)

ciallaíonn “duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas a bheith faoi úinéireacht” seilbh 50 % nó níos mó de na cearta dílseánaigh atá ag duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas a bheith ag duine, nó leas tromlaigh a bheith aige iontu;

(l)

ciallaíonn “duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas a rialú” an méid seo a leanas, ach níl sé teoranta dó:

(i)

an ceart a bheith ann nó an chumhacht a fheidhmiú tromlach na gcomhaltaí de chomhlacht riaracháin, bainistithe nó maoirseachta duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis a cheapadh nó a chur as oifig;

(ii)

an tromlach de chomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistithe nó maoirseachta duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis a bhí in oifig le linn na bliana airgeadais reatha agus le linn na bliana airgeadais roimhe sin a cheapadh, trí bhíthin cearta vótála a fheidhmiú agus trína bhíthin sin amháin;

(iii)

an tromlach de chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí maidir leis an duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas sin a rialú go haonarach, de bhun comhaontaithe le scairshealbhóirí eile nó le comhaltaí duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis;

(iv)

an ceart tionchar ceannasach a fheidhmiú ar dhuine dlítheanach, grúpa nó eintiteas, de bhun comhaontú a rinneadh leis an duine dlítheanach, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas sin, nó de bhun foráil atá ina Mheabhrán nó ina Airteagail Chomhlachais, i gcás ina gceadaítear leis an dlí lena rialaítear an duine dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas é a bheith faoi réir comhaontú nó foráil den sórt sin;

(v)

an chumhacht, de facto, i dtaca leis an gceart a fheidhmiú maidir le tionchar ceannasach a fheidhmiú dá dtagraítear i bpointe (d), gan bheith ina shealbhóir ar an gceart sin;

(vi)

an ceart úsáid a bhaint as sócmhainní uile duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis, nó as cuid de na sócmhainní sin;

(vii)

gnó duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis a bhainistiú ar bhonn aontaithe, agus cuntais chomhdhlúite a fhoilsiú an tráth céanna;

(viii)

dliteanais airgeadais duine dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis a roinnt go comhpháirteach agus go leithleach, nó iad a ráthú.

(*1)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/40/oj).’;"

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

‘Airteagal 2

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III iad, nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, déanfar iad a reo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, do ghrúpaí ná nó d’eintitis a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III, ná chun a dtairbhe.

3.   Cuimseofar in Iarscríbhinn II daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann le gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó a ghlacann páirt iontu, nó a éascaíonn iad, agus a bhfuil cinneadh déanta ag údarás inniúil ina leith dá dtagraítear i mír 4.

4.   Déanfar an liosta in Iarscríbhinn II a tharraingt suas ar bhonn faisnéis bheacht nó ábhar beacht sa chomhad ábhartha lena léirítear go bhfuil cinneadh déanta ag údarás inniúil i leith na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas lena mbaineann, maidir le himscrúduithe nó ionchúiseamh a thionscnamh i leith gníomh sceimhlitheoireachta, iarracht a dhéanamh gníomh den sórt sin a dhéanamh, páirt a ghlacadh ann nó é a éascú bunaithe ar fhianaise nó leideanna tromchúiseacha agus inchreidte, nó maidir le gníomh den sórt sin a cháineadh.

5.   Chun críocha mhír 4, ciallaíonn “údarás inniúil” údarás breithiúnach, nó, i gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag údaráis bhreithiúnacha sa réimse a chumhdaítear leis an mír sin, údarás inniúil coibhéiseach sa réimse sin.

6.   Cuimseofar an méid seo a leanas in Iarscríbhinn III:

(a)

daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas amháin nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas amháin nó níos a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(c)

príomhchomhaltaí daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

páirt a ghlacadh i maoiniú gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó a dhéantar i gcomhar leo, faoina n-ainm, thar a gceann nó chun tacú leo;

(ii)

páirt a ghlacadh i bpleanáil, éascú, ullmhú nó cur i gcrích gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó a dhéantar i gcomhar leo, faoina n-ainm, thar a gceann nó chun tacú leo;

(iii)

oiliúint sceimhlitheoireachta a sholáthar nó a fháil, mar shampla teagasc a bhaineann le hairm, gairis phléascacha nó modhanna nó teicneolaíochtaí eile, ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II; nó

(iv)

páirt a ghlacadh in earcú ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis chun na gníomhartha sceimhlitheoireachta a liostaítear in Iarscríbhinn II a phleanáil, a éascú, a ullmhú, nó a chur i gcrích.’

(3)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 2a

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó le cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a chomhlíonadh, agus chun bunriachtanais bhaill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as táirgí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó i gcuntas eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aige nó aici i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó go bhfuil siad le híoc as cuntas den sórt sin, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 2b

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn II nó III, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó faoi réir cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear leis an gcinneadh sin nó a aithnítear ina n-éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun tairbhe duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, grúpa ná eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 2c

1.   De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gur íocaíocht a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas sin a chuimsiú in Iarscríbhinn II nó III, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:

(a)

go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht a dhéanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III; agus

(b)

nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht sin.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1 laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’

;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘Airteagal 3

1.   Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh dul timpeall ar thoirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Déanfar aon phróiseáil ar shonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus ní dhéanfar í ach amháin a mhéid is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.’

;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

‘Airteagal 4

1.   Déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, grúpa agus eintitis an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis lena n-éascófaí comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), a sholáthar láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus

(b)

oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.

2.   Beidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 faoi réir rialacha maidir le rúndacht faisnéise atá i seilbh údaráis bhreithiúnacha, agus go comhsheasmhach le hurramú rúndacht na cumarsáide idir dlíodóirí agus a gcliaint a ráthaítear le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, áirítear leis an gcumarsáid sin cumarsáid a bhaineann le comhairle dlí arna soláthar ag gairmithe deimhnithe eile atá údaraithe faoin dlí náisiúnta ionadaíocht a dhéanamh ar a gcliaint in imeachtaí breithiúnacha, a mhéid a thugtar comhairle dlí den sórt sin i ndáil le himeachtaí breithiúnacha atá ar feitheamh nó le himeachtaí breithiúnacha ionchasacha.

3.   Aon fhaisnéis bhreise a fhaigheann an Coimisiún go díreach, cuirfear ar fáil do na Ballstáit í.

4.   Aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo, ní úsáidfear í ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í.

5.   Maidir le húdaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear údaráis forfheidhmithe, údaráis chustaim de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), údaráis inniúla de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), chomh maith le riarthóirí clár oifigiúil ina ndéantar daoine nádúrtha, daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis chomh maith le maoin dhochorraithe nó maoin shochorraithe a chlárú, déanfaidh siad faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, agus, más gá, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a phróiseáil agus a mhalartú gan mhoill le húdaráis inniúla eile ina mBallstát, le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún, más gá an phróiseáil agus an malartú sin a dhéanamh chun cúraimí an údaráis próiseála nó an údaráis fála faoin Rialachán seo a dhéanamh, go háirithe nuair a bhraitheann siad cásanna ina ndéantar na toirmisc a leagtar amach sa Rialachán seo a shárú nó ina dtéitear timpeall orthu, nó cásanna ina ndéantar iarracht iad a shárú nó dul timpeall orthu.

(*2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj)."

(*4)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj)."

(*5)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).’;"

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

‘Airteagal 5

1.   Le hAirteagal 2(2), maidir le hinstitiúidí airgeadais nó creidmheasa a fhaigheann cistí arna n-aistriú ag tríú páirtithe chuig cuntas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, grúpa nó eintitis liostaithe, ní chuirfear cosc orthu cuntais reoite a chreidiúnú, ar choinníoll go reofar aon bhreis a chuirfear leis na cuntais sin freisin. Cuirfidh an institiúid airgeadais nó creidmheasa an t-údarás inniúil ábhartha ar an eolas faoi aon idirbheart den sórt sin gan mhoill.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis na breiseanna seo a leanas a chuirtear le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a chuimsiú in Iarscríbhinn II nó III; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,

ar choinníoll go ndéantar aon ús, aon tuilleamh eile agus aon íocaíocht den sórt sin a reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1).’

;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

‘Airteagal 6

1.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(1) agus (2) maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, ar cistí nó acmhainní eacnamaíocha iad is gá chun a áirithiú go seachadfar go tráthúil cabhair dhaonnúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an chabhair nó a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát;

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

2.   Gan dochar do mhír 1, agus de mhaolú ar Airteagal 2(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

3.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra faoi am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 2, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 2 laistigh de 4 seachtaine ón tráth a dheonófar údarú den sórt sin.

5.   Déanfar míreanna 1 agus 2 a athbhreithniú gach 24 mhí ar a laghad, nó ar iarraidh phráinneach ó Bhallstát, ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca.

6.   Beidh feidhm ag mír 1 go dtí an 22 Feabhra 2027.’

;

(8)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a

1.   Má dhéantar cistí agus acmhainní eacnamaíocha a reo nó má dhiúltaítear cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, agus sin á dhéanamh de mheon macánta ar an mbonn go bhfuil gníomhaíocht den sórt sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, ní thiocfaidh as an mbeart sin dliteanas d’aon sórt ar an duine nádúrtha nó dlítheanach, ar an ngrúpa nó ar an eintiteas a chuireann an Rialachán chun feidhme, ná ar a stiúrthóirí nó a fhostaithe, mura gcruthaítear go ndearnadh na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha a reo nó a choinneáil siar de dheasca faillí.

2.   Ní bheidh aon dliteanas d’aon sórt ar dhaoine nádúrtha ná dlítheanacha, ar ghrúpaí ná ar eintitis de thoradh gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad mura raibh a fhios acu, agus mura raibh cúis réasúnach acu amhras a bheith orthu, go sáródh a ngníomhaíochtaí na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 6b

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh chun cúiteamh a ghnóthú nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó banna, ráthaíocht nó slánaíocht a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é gur ceann de na páirtithe seo a leanas a dhéanfaidh an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn II nó III;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó ceann de na grúpaí nó na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin ngrúpa nó faoin eintiteas atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmeasctar comhlíonadh an éilimh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar dhlíthiúlacht neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an Rialachán seo.’

;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

‘Airteagal 7

1.   Leasóidh an Chomhairle Iarscríbhinní II agus III a leasú ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle i leith Iarscríbhinní I agus II, a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle (*6).

2.   Cuirfidh an Chomhairle an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na forais leis an liostú, in iúl don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa nó don eintiteas lena mbaineann más eol an seoladh nó, murab eol, cuirfidh sí an cinneadh in iúl don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa nó don eintiteas lena mbaineann trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, rud a thabharfaidh deis, i gceachtar den dá chás, don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa nó don eintiteas sin barúlacha a chur isteach.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an gcinneadh uaithi i bhfianaise na mbarúlacha nó na fianaise nua a cuireadh isteach agus i bhfianaise aon fhaisnéis ábhartha eile, agus mar thoradh air sin féadfaidh sí Iarscríbhinní II agus III a leasú de réir an nós imeachta i mír 1. Cuirfear an duine nádúrtha nó dlítheanach ar an eolas faoi thoradh an athbhreithnithe.

4.   Leasóidh an Coimisiún Iarscríbhinn I, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit.

(*6)  Cinneadh (CBES) 2026/455 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421 (IO L, 2026/455, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/455/oj)’;"

(10)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 7a

Beidh in Iarscríbhinní II agus III, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintitis, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh fhaisnéis sin: ainmneacha, áit chlárúcháin agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó.’

;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)

cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)

sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais a thugann cúirteanna náisiúnta.

2.   Cuirfidh na Ballstáit a chéile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo.’

;

(12)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

1.   Féadfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích. Airítear an méid seo a leanas ar na cúraimí sin:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ullmhú agus a dhéanamh; agus

(c)

a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún:

(i)

inneachar Iarscríbhinní II agus III a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, ar liosta agus léarscáil iad atá ar fáil go poiblí;

(ii)

faisnéis a phróiseáil faoi thionchar bhearta an Rialacháin seo, amhail luach na gcistí reoite agus faisnéis faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ainmnítear an Chomhairle, an Coimisiún agus an tArdionadaí ina “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála is gá chun na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích.

Airteagal 8b

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa Rialachán seo agus sonróidh siad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon athrú ar sheoltaí a suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoina n-údaráis inniúla, lena n-áirítear sonraí teagmhála na n-údarás inniúil sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.

3.   I gcás ina leagtar amach leis an Rialachán seo ceanglas maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún, an Coimisiún a chur ar an eolas nó cumarsáid a dhéanamh leis ar shlí eile, is iad an seoladh agus na sonraí teagmhála eile a shonraítear in Iarscríbhinn I an seoladh agus na sonraí teagmhála a úsáidfear le haghaidh na cumarsáide sin.

Airteagal 8c

Ní úsáidfear aon fhaisnéis a sholáthraítear nó a fhaightear i gcomhréir leis an Rialachán seo ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas í agus chuige sin amháin.’

;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

‘Airteagal 9

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis, lena n-áirítear pionóis choiriúla de réir mar is iomchuí, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún faoi na rialacha sin dá dtagraítear i mír 1 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin.’

;

(14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

‘Airteagal 10

Beidh feidhm ag an Rialachán seo:

(a)

laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear a aerspás;

(b)

ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Ballstáit;

(c)

maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;

(d)

maidir le haon duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas, laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;

(e)

maidir le haon duine dlítheanach, grúpa nó eintiteas i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.’

;

(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

‘Airteagal 11

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’

;

(16)

cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne.

(17)

cuirtear isteach Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

(18)

cuirtear isteach Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aisghairtear leis seo Rialachán (AE) 2025/1578 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DAMIANOS


(1)   IO L, 2026/455, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/455/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/2580/oj).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2001/931/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 ón gComhairle an 29 Iúil 2025 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/206 (IO L, 2025/1578, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1578/oj).

(7)  Rialachán Cur Chunu Feidhme (AE) 2026/420 ón gComhairle an 19 Feabhra 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L, 2026/420, 19.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/420/oj).


IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN I

Liosta d’údaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún

AN BHEILG

https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions

AN BHULGÁIR

https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions

AN tSEICIA

https://www.fau.gov.cz/en/site-map/international-sanctions

AN DANMHAIRG

https://um.dk/udenrigspolitik/sanktioner/ansvarlige-myndigheder

AN GHEARMÁIN

https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html

AN EASTÓIN

https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid

ÉIRE

https://www.ireland.ie/en/eu/restrictive-measures-sanctions/

AN GHRÉIG

https://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions/

AN SPÁINN

https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx

AN FHRAINC

http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/

AN CHRÓIT

https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955

AN IODÁIL

https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/

AN CHIPIR

https://mfa.gov.cy/themes/

AN LAITVIA

https://www.fid.gov.lv/en

AN LIOTUÁIN

https://www.urm.lt/en/lithuania-in-the-region-and-the-world/lithuanias-security-policy/international-sanctions/997

LUCSAMBURG

https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html

AN UNGÁIR

https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato

MÁLTA

https://smb.gov.mt/

AN ÍSILTÍR

https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties

AN OSTAIR

https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/

AN PHOLAINN

https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe

https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions

AN PHORTAINGÉIL

https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas

AN RÓMÁIN

http://www.mae.ro/node/1548

AN tSLÓIVÉIN

http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi

AN tSLÓVAIC

https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu

AN FHIONLAINN

https://um.fi/pakotteet

AN tSUALAINN

https://www.regeringen.se/sanktioner

Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:

An Coimisiún Eorpach

An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)

Rue de Spa 2/Spastraat 2

B-1049 Bruxelles/Brussel,

an Bheilg

Ríomhphost: relex-sanctions@ec.europa.eu


IARSCRÍBHINN II

‘IARSCRÍBHINN II

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(3)

A.   Daoine nádúrtha

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Pasuimhir: D9004878.

2.

AL-DIN Hasan Izz (ar a dtugtar freisin Garbaya Ahmed, ar a dtugtar freisin Sa’id, ar a dtugtar Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

3.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

5.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, pasuimhir: C2002515 (an Iaráin); pasuimhir: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

6.

ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

7.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Pasuimhir: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Pasuimhir: JX446643 (Ceanada).

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Pasuimhir: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, pasuimhir: 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran, an Iaráin.

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs' Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n-áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) (“Islamic Group” — “IG”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)”.

10.

“Hamas”, lena n-áirítear “Hamas-Izz al-Din-al-Qassem”.

11.

“Hizballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

12.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

13.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

14.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK” (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

15.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

16.

“Ejército de Liberación Nacional” (“an tArm um Shaoradh Náisiúnta”).

17.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

19.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

20.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol”) (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

21.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“Shining Path”).

22.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).

23.

“The Base”.’

IARSCRÍBHINN III

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(6)

A.   Daoine nádúrtha

[…]

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

[…]’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/456/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)