European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/455

26.2.2026

CINNEADH (CBES) 2026/455 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2026

maidir le bearta sriantacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, lena n-aisghairtear Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Meán Fómhair 2001, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach gur fíordhúshlán don domhan agus don Eoraip í an sceimhlitheoireacht agus chinn sí go mbeadh comhrac na sceimhlitheoireachta ina phríomhchuspóir ag an Aontas.

(2)

An 28 Meán Fómhair 2001, ghlac Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 1373 (2001) lena leagtar amach straitéisí fadréimseacha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus go háirithe chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(3)

An 19 Deireadh Fómhair 2001, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go raibh sí meáite ar gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac ar fud an domhain agus go leanfadh sí dá hiarrachtaí comhghuaillíocht an chomhphobail idirnáisiúnta a neartú chun gach sórt agus cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(4)

An 27 Nollaig 2001, ghlac an Chomhairle Comhsheasamh 2001/931/CBES (1), lena gcuirtear Rún 1373 (2001) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme. Le Comhsheasamh 2001/931/CBES, déantar foráil maidir le cistí agus sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha eile daoine, grúpaí agus eintiteas a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis a reo, agus toirmeasctar leis cistí, sócmhainní airgeadais nó acmhainní eacnamaíocha nó seirbhísí airgeadais nó seirbhísí gaolmhara eile a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun leasa na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(5)

An 12 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo chun iarrachtaí comhpháirteacha frithsceimhlitheoireachta an Aontais agus a Bhallstát a neartú, ina gcuirtear i bhfios go láidir gur bagairt chriticiúil shistéamach ar an tslándáil é maoiniú na sceimhlitheoireachta trína chur ar chumas grúpaí earcú, pleanáil, oiliúint a sholáthar le haghaidh ionsaithe agus na hionsaithe sin a dhéanamh.

(6)

Sna conclúidí uaithi an 16 Nollaig 2024 maidir le naisc sheachtracha-inmheánacha a threisiú i gcomhrac na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais fhoréignigh, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir go bhfuil an sceimhlitheoireacht agus an t-antoisceachas foréigneach, de gach cineál agus gan beann ar a dtionscnamh, fós ina mbagairt mhór ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstát.

(7)

I bhfianaise a thromchúisí atá an bhagairt sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha breise atá dírithe ar an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta a chomhrac.

(8)

Tá ról lárnach ag príomhchomhaltaí grúpaí agus eintiteas a chumhdaítear leis na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir le gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann na grúpaí agus na heintitis sin a phleanáil, a éascú, a ullmhú nó a chur i gcrích. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás cheannairí na ngrúpaí agus na n-eintiteas sin, i gcás chomhaltaí a gcomhlachtaí rialaithe, nó i gcás ionadaithe na ngrúpaí agus na n-eintiteas sin a spreagann gníomhartha sceimhlitheoireachta, a chosnaíonn iad nó a thugann údar lena ndéanamh. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne príomhchomhaltaí grúpaí agus eintiteas a chumhdaítear leis na bearta a leagtar amach in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

(9)

Chun éifeachtacht na mbeart arna nglacadh i gcoinne daoine nádúrtha atá páirteach sa sceimhlitheoireacht a mhéadú, ba cheart é a bheith indéanta, sa bhreis ar bhearta maidir le reo sócmhainní, bearta maidir le toirmeasc taistil a fhorchur ar na daoine aonair sin.

(10)

Ina theannta sin, chun an sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne daoine, grúpaí agus eintiteas a bhfuil baint acu le daoine, grúpaí agus eintitis a ghlacann páirt i ngníomhartha sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear trína rannpháirtíocht i ngníomhartha sceimhlitheoireachta a mhaoiniú, a phleanáil, a éascú, a ullmhú nó a chur i gcrích, nó trína rannpháirtíocht in oiliúint sceimhlitheoireachta nó in earcú ar mhaithe leo siúd a ghlacann páirt i ngníomhartha sceimhlitheoireachta.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart na bearta sriantacha agus na heisceachtaí gaolmhara a leagtar amach in Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES agus na bearta breise thuas a chomhtháthú in aon ionstraim dlí amháin.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES a aisghairm dá réir sin.

(13)

Chomh maith le bearta breise a chur leis, atáirgtear leis an gCinneadh seo substaint Airteagail 1, 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES, a leanfar dá gcur i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(14)

An 29 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/1577 (2), lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES (‘an liosta’). An 19 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/421 (3) lenar cuireadh eintiteas amháin leis an liosta. I gcomhréir le Comhsheasamh 2001/931/CBES agus leis an gCinneadh seo, tá gá le hathbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta ar ainmneacha na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá ar an liosta chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád ar an liosta.

(15)

Rinne an Chomhairle an t-athbhreithniú sin agus chinn sí gur cheart leanúint de na bearta sriantacha a fhorchuirtear faoi Chomhsheasamh 2001/931/CBES, agus dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chinneadh seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na daoine, na grúpaí agus na heintitis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. Ba cheart Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421a aisghairm.

(16)

Tá gá le gníomhaíocht bhreise ón Aontas chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun críocha an Chinnidh seo, ciallaíonn ‘gníomh sceimhlitheoireachta’ ceann de na gníomhartha intinneacha seo a leanas, a d’fhéadfadh, i bhfianaise a chineáil nó a chomhthéacs, damáiste tromchúiseach a dhéanamh do thír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear ina chion faoin dlí náisiúnta, i gcás ina ndéantar é agus é mar aidhm leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

daonra a imeaglú go tromchúiseach; nó

(ii)

iallach míchuí a chur ar Rialtas nó ar eagraíocht idirnáisiúnta aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh; nó

(iii)

bunstruchtúir pholaitiúla, bhunreachtúla, eacnamaíocha nó shóisialta tíre nó eagraíochta idirnáisiúnta a dhíchobhsú ar bhealach tromchúiseach nó a dhíothú:

(a)

ionsaithe ar shaol duine a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bás;

(b)

ionsaithe ar iomláine choirp duine;

(c)

fuadach nó gabháil giall;

(d)

scrios mór a dhéanamh ar shaoráid Rialtais nó ar shaoráid phoiblí, ar chóras iompair, ar shaoráid bhonneagair, lena n-áirítear córas faisnéise, ardán seasta atá suite ar an scairbh ilchríochach, áit phoiblí nó maoin phríobháideach ar dócha go gcuirfí beatha duine i mbaol dá bharr nó go mbeadh caillteanas mór eacnamaíoch mar thoradh air;

(e)

aerárthaigh, longa nó modhanna eile iompair phoiblí nó iompair earraí a urghabháil;

(f)

pléascáin nó airm, lena n-áirítear airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha, a mhonarú, a bheith i seilbh, a fháil, a iompar, a sholáthar nó a úsáid, mar aon le taighde a dhéanamh ar airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha nó núicléacha agus iad a fhorbairt;

(g)

substaintí contúirteacha a scaoileadh, nó dóiteáin, pléascthaí nó tuilte a chur faoi deara, arb é is éifeacht leo beatha duine a chur i mbaol;

(h)

cur isteach ar an soláthar uisce, ar an soláthar cumhachta nó ar sholáthar aon acmhainne nádúrtha bunúsaí eile arb é is éifeacht leis beatha duine a chur i mbaol;

(i)

bagairt a dhéanamh aon cheann de na gníomhartha a liostaítear in (a) go (h) a dhéanamh;

(j)

grúpa sceimhlitheoireachta a threorú;

(k)

páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhaisnéis nó acmhainní ábhartha a sholáthar, nó trína chuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú ar aon bhealach, agus fios a bheith ann go mbeidh an rannpháirtíocht sin ag cur le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa;

(l)

cur isteach neamhdhleathach ar an gcóras nó bagairt cur isteach neamhdhleathach ar an gcóras a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i gcásanna ina bhfuil feidhm ag Airteagal 9(3) nó Airteagal 9(4), pointí (b) nó (c), den Treoir sin, agus cur isteach neamhdhleathach ar shonraí nó bagairt cur isteach neamhdhleathach ar shonraí a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 5 den Treoir sin i gcásanna ina bhfuil feidhm ag pointe (c) d’Airteagal 9(4) den Treoir sin.

2.   Chun críocha mhír 1, ciallóidh ‘grúpa sceimhlitheoireachta’ grúpa struchtúrtha, ina bhfuil níos mó ná beirt, a bhunaítear thar thréimhse ama agus a ghníomhaíonn de chomhbheart chun gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Ciallaíonn ‘grúpa struchtúrtha’ grúpa nach gcuirtear le chéile go randamach chun gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh láithreach agus nach gá go mbeadh róil atá sainithe go foirmiúil ann dá chomhaltaí, do leanúnachas a chomhaltas ná do struchtúr forbartha.

Airteagal 2

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis iad, ar daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis iad a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann lena leithéidí a dhéanamh, a ghlacann páirt i ngníomhartha sceimhlitheoireachta nó a éascaíonn iad, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, go díreach nó go hindíreach, déanfar iad a reo.

2.   Déanfar an liosta in Iarscríbhinn I a tharraingt suas ar bhonn faisnéis bheacht nó ábhar beacht sa chomhad ábhartha lena léirítear go bhfuil cinneadh déanta ag údarás inniúil i leith na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas lena mbaineann, maidir le himscrúduithe nó ionchúiseamh a thionscnamh i leith gníomh sceimhlitheoireachta, iarracht a dhéanamh gníomh den sórt sin a dhéanamh, páirt a ghlacadh ann nó é a éascú bunaithe ar fhianaise nó leideanna tromchúiseacha agus inchreidte, nó gníomh den sórt sin a cháineadh.

3.   Chun críocha mhír 2, ciallóidh ‘údarás inniúil’ údarás breithiúnach nó, i gcás nach bhfuil aon inniúlacht ag údaráis bhreithiúnacha i réimse a chumhdaítear leis an mír sin, údarás inniúil coibhéiseach sa réimse seo.

4.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile ar leis na daoine seo a leanas iad, nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, go díreach nó go hindíreach:

(a)

daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c)

príomhchomhaltaí daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I; nó

(d)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

páirt a ghlacadh i maoiniú gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a dhéantar i gcomhar leo, faoina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(ii)

páirt a ghlacadh i bpleanáil, éascú, ullmhú, nó cur i gcrích gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a dhéantar i gcomhar leo, faoina n-ainm, thar a gceann nó chun tacú leo;

(iii)

oiliúint sceimhlitheoireachta a sholáthar nó a fháil, mar shampla teagasc a bhaineann le hairm, le gairis phléascacha nó le modhanna nó teicneolaíochtaí eile, ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I; nó

(iv)

páirt a ghlacadh in earcú ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis chun na gníomhartha sceimhlitheoireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a phleanáil, a éascú, a ullmhú, nó a chur i gcrích,

mar a liostaítear in Iarscríbhinn II, déanfar iad a reo.

5.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, do ghrúpaí ná d’eintitis a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, ná chun a dtairbhe.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1, 4 agus 5, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt le cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó le cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais na ndaoine a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II agus a mball teaghlaigh cleithiúnach a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as earraí bia, cíos nó morgáistí, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc agus costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

(d)

go bhfuil ga leo le haghaidh costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil lena mbaineann d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a measann sé gur cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó

(e)

go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aige nó aici i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó go bhfuil siad le híoc as cuntas den sórt sin, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

7.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 4, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas dá dtagraítear i míreanna 1 agus 4 a liostú in Iarscríbhinn I nó II, nó go bhfuil siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá infhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin, ar an dáta sin nó ina dhiaidh;

(b)

ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear leis an gcinneadh sin nó a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;

(c)

ní chun tairbhe duine nádúrtha ná dhlítheanaigh, grúpa ná eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II é an cinneadh; agus

(d)

níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.

8.   Le míreanna 1 agus 4, ní chuirfear cosc ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach, ar ghrúpa ná ar eintiteas ainmnithe íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh sular liostaíodh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa, nó an t-eintiteas sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát lena mbaineann nach bhfaighidh duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa, nó eintiteas dá dtagraítear i míreanna 1 nó 4 an íocaíocht go díreach ná go hindíreach.

9.   Ní bheidh feidhm ag mír 5 maidir le breiseanna seo a leanas a chuirtear le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuilleamh eile ar na cuntais sin, ar choinníoll go bhfanfaidh an t-ús nó an tuilleamh eile sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 4;

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1, 4 agus 5 ar choinníoll go bhfanfaidh na híocaíochtaí sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 4; nó

(c)

íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh san Aontas nó atá infhorghníomhaithe sa Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll go bhfanfaidh na híocaíochtaí sin faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 4.

10.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 4 ná 5 maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil, a phróiseáil nó a íoc, ná maidir le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil, a bhfuil gá leo chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i gcás inarb iad na gníomhaithe seo a leanas a thabharfaidh an cúnamh agus a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí eile sin:

(a)

na Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear a gcláir, a gcistí agus a n-eintitis agus a gcomhlachtaí eile, chomh maith lena sainghníomhaireachtaí agus a n-eagraíochtaí gaolmhara;

(b)

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c)

eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus comhaltaí na n-eagraíochtaí daonnúla sin;

(d)

eagraíochtaí neamhrialtasacha atá á gcistiú go déthaobhach nó go hiltaobhach agus atá rannpháirteach i bPleananna Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe, i bPleananna Freagartha um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe, in achainíocha nó i mbraislí daonnúla eile de chuid na Náisiún Aontaithe arna gcomhordú ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla;

(e)

eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí dár dheonaigh an tAontas an Deimhniú Comhpháirtíochta Daonnúla nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

(f)

sainghníomhaireachtaí na mBallstát;

(g)

fostaithe, deontaithe, fochuideachtaí, nó comhpháirtithe cur chun feidhme na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) agus iad ag gníomhú sna cáileanna sin agus a mhéid a ghníomhaíonn siad sna cáileanna sin.

11.   Gan dochar do mhír 10, agus de mhaolú ar mhíreanna 1, 4 agus 5, féadfaidh údaráis inniúla Bhallstáit údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur gá na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun a áirithiú go seachadfar cúnamh daonnúil go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine.

12.   Mura ndéanann an t-údarás inniúil ábhartha cinneadh diúltach, iarraidh ar fhaisnéis nó fógra am breise laistigh de 5 lá oibre ón dáta a fhaightear iarraidh ar údarú faoi mhír 11, measfar gur deonaíodh an t-údarú sin.

13.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 11 laistigh de 4 seachtaine óna ndeonófar údarú den sórt sin.

Airteagal 3

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith daoine nádúrtha a bhíonn i mbun gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann lena leithéidí a dhéanamh, a ghlacann páirt iontu, nó a éascaíonn iad, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III.

2.   Déanfar an liosta in Iarscríbhinn III a tharraingt suas ar bhonn faisnéis bheacht nó ábhar beacht sa chomhad ábhartha lena léirítear go ndearna údarás inniúil cinneadh i ndáil leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis lena mbaineann, maidir le himscrúduithe nó ionchúiseamh a thionscnamh i leith gníomh sceimhlitheoireachta, iarracht a dhéanamh gníomh den chineál sin a dhéanamh, páirt a ghlacadh ann nó é a éascú bunaithe ar fhianaise nó leideanna tromchúiseacha agus inchreidte, nó gníomh den chineál sin a cháineadh.

3.   Chun críocha mhír 2, ciallóidh ‘údarás inniúil’ údarás breithiúnach nó, mura bhfuil aon inniúlacht ag na húdaráis bhreithiúnacha i réimse arna chumhdach ag an mír sin, údarás inniúil coibhéiseach sa réimse seo.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó chun idirthuras trína gcríocha, a chosc i leith na ndaoine seo a leanas:

(a)

daoine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III;

(b)

príomhchomhaltaí daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn I; nó

(c)

daoine nádúrtha a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

páirt a ghlacadh i maoiniú gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III, nó a dhéantar i gcomhar leo, ina n-ainm, thar a gceann nó mar thaca leo;

(ii)

páirt a ghlacadh i bpleanáil, éascú, ullmhú, nó cur i gcrích gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanann daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III, nó a dhéantar i gcomhar leo, faoina n-ainm, thar a gceann nó chun tacú leo;

(iii)

oiliúint sceimhlitheoireachta a sholáthar nó a fháil, mar shampla teagasc a bhaineann le hairm, le gairis phléascacha nó le modhanna nó teicneolaíochtaí eile, ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III;

(iv)

páirteach a ghlacadh in earcú ar mhaithe le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis chun na gníomhartha sceimhlitheoireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I nó III a phleanáil, a éascú, a ullmhú, nó a chur i gcrích,

mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

5.   Le mír 1 agus mír 4, ní chuirfear d’oibleagáid ar Bhallstát cead isteach ar a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

6.   I gcás ina mbeidh Ballstát faoi cheangal ag oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta, beidh mír 1 agus mír 4 gan dochar don chás sin, eadhon:

(a)

mar thír óstach eagraíochta idir-rialtasaí idirnáisiúnta;

(b)

mar thír óstach ar chomhdháil idirnáisiúnta a bheidh á tionól ag na Náisiúin Aontaithe nó faoina gcoimirce;

(c)

faoi chomhaontú iltaobhach lena dtugtar pribhléidí agus díolúintí; nó

(d)

de bhun Chonradh Idir-réitigh 1929 (Comhaontú na Lataráine) a tugadh i gcrích idir an Suí Naofa (Stát Chathair na Vatacáine) agus an Iodáil.

7.   Beidh feidhm ag mír 6 freisin i gcásanna ina bhfuil an Ballstát ina thír óstach de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

8.   Cuirfear an Chomhairle ar an eolas go cuí faoi gach cás ina dtugann an Ballstát díolúine de bhun mhír 6 nó 7.

9.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ó na bearta a forchuireadh a dheonú faoi mhír 1 i gcás ina mbeidh údar leis an taisteal ar fhorais an riachtanais dhaonnachtúil phráinnigh, nó ar fhorais go bhfuiltear ag freastal ar chruinnithe idir-rialtasacha nó ar chruinnithe atá á gcur chun cinn ag an Aontas nó á n-óstáil aige, nó atá á n-óstáil ag Ballstát atá ina Chathaoirleach ar oifig ESCE, i gcás ina reáchtáiltear idirphlé polaitiúil a chuireann cuspóirí beartais na mbeart sriantach chun cinn go díreach.

10.   Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a dheonú freisin ó na bearta a fhorchuirtear faoi mhíreanna 1 agus 4 i gcás inar gá dul isteach nó idirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh nó chun pianbhreith bhreithiúnach a chur isteach in ionad coinneála i mBallstát.

11.   Tabharfaidh aon Bhallstát ar mian leis díolúintí a dheonú dá dtagraítear i mír 9 nó 10 fógra don Chomhairle i scríbhinn ina leith. Measfar an díolúine sin a bheith deonaithe mura ndéanfaidh comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid i scríbhinn laistigh de 2 lá oibre tar éis fógra a fháil faoin díolúine atá beartaithe. Má dhéanann comhalta amháin nó níos mó de chomhaltaí na Comhairle agóid, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh an díolúine atá beartaithe a dheonú.

12.   I gcás, de bhun mhír 6, 7, 9, 10 nó 11, ina n-údaraíonn Ballstát teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine nádúrtha a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IV, beidh an t-údarú teoranta go docht don chuspóir ar chuige sin a dtugtar é agus do na daoine nádúrtha lena mbaineann sin go díreach.

Airteagal 4

1.   Is í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ó Bhallstát nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’), a chinnfidh an liosta in Iarscríbhinní I, II, III, agus IV a bhunú agus a leasú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle a cinneadh de bhun mhír 1, lena n-áirítear an ráiteas ar chúiseanna, a chur in iúl go díreach don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa nó don eintiteas lena mbaineann, más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, rud a thabharfaidh deis don duine nádúrtha nó dlítheanach, don ghrúpa nó don eintiteas lena mbaineann barúlacha a chur i láthair.

3.   I gcás ina gcuirfear barúlacha isteach, nó ina gcuirfear fianaise nua shubstaintiúil i láthair, athbhreithneoidh an Chomhairle a cinneadh de bhun mhír 1 agus cuirfidh sí an duine nádúrtha nó dlítheanach, an grúpa nó an t-eintiteas lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 5

Beidh in Iarscríbhinní I, II, III agus IV, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis is gá chun na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine nádúrtha, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha agus ailiasanna; dáta breithe agus áit bhreithe; náisiúntacht; uimhreacha pas agus cárta aitheantais; inscne; seoladh, más eol; agus feidhm nó gairm. Maidir le daoine dlítheanacha, grúpaí nó eintitis, na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha; áit agus dáta clárúcháin; cláruimhir; agus áit ghnó.

Airteagal 6

1.   Féadfaidh an Chomhairle agus an tArdionadaí, sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe, le ciontuithe coiriúla na ndaoine sin nó le bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar ‘rialaitheoirí’ de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 7

1.   Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh difear dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh mar sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:

(a)

daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis ainmnithe a liostaítear in Iarscríbhinn I nó II;

(b)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach, grúpa nó eintiteas atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   In aon imeacht chun éileamh a fhorfheidhmiú, is faoin duine nádúrtha nó dlítheanach, faoin ngrúpa, nó faoin eintiteas atá ag iarraidh an t-éileamh sin a fhorfheidhmiú a bheidh sé a chruthú nach dtoirmisctear an t-éileamh a shásamh le mír 1.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar don cheart atá ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí agus na heintitis dá dtagraítear i mír 1 chun athbhreithniú breithiúnach ar dhlíthiúlacht neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí conarthacha i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

Airteagal 8

Cuirfear toirmeasc ar pháirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh teacht timpeall ar na toirmisc a leagtar amach sa Chinneadh seo.

Airteagal 9

Chun tionchar na mbeart a leagtar amach sa Chinneadh seo a uasmhéadú, spreagfaidh an tAontas tríú Stáit chun bearta sriantacha a ghlacadh cosúil leis na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo.

Airteagal 10

1.   Déanfar athbhreithniú leanúnach ar an gCinneadh seo. Déanfar ainmneacha daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí agus eintiteas atá ar na liostaí in Iarscríbhinní I, II, III agus IV a athbhreithniú go tráthrialta agus uair amháin gach 6 mhí ar a laghad chun a áirithiú go bhfuil forais ann lena gcoimeád sna hIarscríbhinní sin.

2.   Déanfar na heisceachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(8) agus (9) a athbhreithniú go tráthrialta, agus ar a laghad gach 24 mhí nó ar iarraidh phráinneach ó Bhallstát, ón Ardionadaí, nó ón gCoimisiún tar éis d’athrú ó bhonn teacht ar na himthosca. Beidh feidhm ag Airteagal 2(8) go dtí an 22 Feabhra 2027.

Airteagal 11

1.   Aisghairtear leis seo Airteagail 2, 3 agus 3a de Chomhsheasamh 2001/931/CBES.

2.   Déanfar tagairtí do na forálacha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí d’fhorálacha comhfhreagracha an Chinnidh seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

3.   Leis seo, aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/1577 agus Cinneadh (CBES) 2026/421.

Airteagal 12

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DAMIANOS


(1)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93, ELI: http://data.europa.eu/eli/compos/2001/931/oj).

(2)  Cinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle an 29 Iúil 2025 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2025/207 (IO L, 2025/1577, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1577/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2026/421 ón gComhairle an 19 Feabhra 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/1577 lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L, 2026/421, 19.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/421/oj).

(4)  Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/40/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


IARSCRÍBHINN I

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagail 2(1)

A.   Daoine nádúrtha

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Pasuimhir: D9004878.

2.

AL-DIN Hasan Izz (ar a dtugtar freisin Garbaya Ahmed, ar a dtugtar freisin Sa’id, ar a dtugtar freisin Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

3.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

5.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, pasuimhir: C2002515 (Iaráin); pasuimhir: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána de chuid SAM).

6.

ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

7.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Pasuimhir: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Pasuimhir: JX446643 (Ceanada).

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Pasuimhir: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, pasuimhir: 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran, an Iaráin.

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

1.

‘Abu Nidal Organisation’ – ‘ANO’ (ar a dtugtar freisin ‘Fatah Revolutionary Council’, ar a dtugtar freisin ‘Arab Revolutionary Brigades’, ar a dtugtar freisin ‘Black September’, ar a dtugtar freisin ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V.’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ – ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Directorate for Internal Security of the Iranian Ministry for Intelligence and Security (Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine).

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (ar a dtugtar freisin ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ – ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ – ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)’.

10.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

11.

‘Hizballah Military Wing’ (ar a dtugtar freisin ‘Hezbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbullah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hezballah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hisbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbu’llah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizb Allah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear External Security Organisation (an Eagraíocht Slándála Seachtraí))).

12.

‘Hizbul Mujahideen’ – ‘HM’.

13.

‘Khalistan Zindabad Force’ – ‘KZF’.

14.

‘Kurdistan Workers’ Party’ – ‘PKK’ (ar a dtugtar freisin ‘KADEK’, ar a dtugtar freisin ‘KONGRA-GEL’).

15.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ – ‘LTTE’.

16.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘National Liberation Army’).

17.

‘Palestinian Islamic Jihad’ – ‘PIJ’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ – ‘PFLP’.

19.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine – General Command’ (ar a dtugtar freisin ‘PFLP – General Command’).

20.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ – ‘DHKP/C’ (ar a dtugtar freisin ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), ar a dtugtar freisin ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

21.

‘Sendero Luminoso’ – ‘SL’ (‘Shining Path’).

22.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ – ‘TAK’ (ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Falcons’, ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

23.

‘The Base’.

IARSCRÍBHINN II

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na ngrúpaí agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(4)

A.   Daoine nádúrtha

[…]

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

[…]


IARSCRÍBHINN III

Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(1)

[…]


IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4)

[…]


IARSCRÍBHINN V

Tábla comhghaoil

Seanuimhriú faoi Chomhsheasamh 2001/931/CBES

Uimhriú nua faoi Chinneadh (CBES) 2026/455

Airteagal 2

Airteagal 2, mír 1

Airteagal 3

Airteagal 2, mír 5

Airteagal 3a

Airteagal 2, míreanna 10 go 13


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/455/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)