|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/452 |
2.3.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/452 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Feabhra 2026
lena mbunaítear an líonra comhair maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 1239)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 83(1), Airteagal 83(2) agus Airteagal 87(2) den Chonradh, sannadh an cúram don Aontas comhar breithiúnach agus póilíneachta éifeachtach in ábhair choiriúla a áirithiú, inter alia, trí rialacha íosta a bhunú maidir leis an rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise ag na húdaráis forfheidhmithe dlí, agus maidir leis an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus smachtbhannaí i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní, ba cheart don Choimisiún líonra comhair maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní a bhunú. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, grúpa saineolaithe sa réimse sin a bhunú, agus a chúraimí agus a struchtúr a shainiú. |
|
(4) |
Ba cheart don ghrúpa comhairle a sholáthar don Choimisiún agus malartú dea-chleachtas a éascú i ndáil le cur chun feidhme Threoir (AE) 2024/1260. |
|
(5) |
Ba cheart don ghrúpa comhar a éascú i measc oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní sna Ballstáit agus le Europol. |
|
(6) |
Is éard ba cheart a bheith sa ghrúpa, ionadaithe ó oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní na mBallstát, mar a bhunaítear de bhun Airteagail 5 agus 22 de Threoir (AE) 2024/1260, agus Europol. Ba cheart rialacha maidir le faisnéis a nochtadh ag comhaltaí den ghrúpa a leagan síos. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear an líonra comhair maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (‘an grúpa’).
Airteagal 2
Cúraimí
Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa:
|
(a) |
comhairle a sholáthar agus malartú dea-chleachtas a éascú i ndáil le cur chun feidhme Threoir (AE) 2024/1260. |
|
(b) |
comhar a éascú i measc oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní sna Ballstáit agus le Europol. |
Airteagal 3
Comhairliúchán
Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme Threoir (AE) 2024/1260.
Airteagal 4
Comhaltas
1. Údaráis na mBallstát a bhíonn ag comhlíonadh cúraimí oifigí um aisghabháil sócmhainní agus oifigí bainistíochta sócmhainní, mar a leagtar amach in Airteagail 5 agus 22 de Threoir (AE) 2024/1260, agus Europol, a bheidh i gcomhaltaí an ghrúpa.
2. Ainmneoidh comhaltaí a n-ionadaithe agus beidh siad freagrach as a áirithiú go gcuirfidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais ar fáil.
Airteagal 5
Cathaoirleach
Déanfaidh ionadaí ón gCoimisiún agus i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an gclár oibre, ionadaí ó Europol cathaoirleacht ar an ngrúpa.
Airteagal 6
Oibríocht
1. Gníomhóidh an grúpa arna iarraidh sin don Choimisiún, i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún (2) lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.
2. I bprionsabal, is in áitreabh de chuid an Choimisiúin a thionólfar cruinnithe an ghrúpa. Nuair is gá, féadfar físchomhdháil nó cruinnithe físe/fisiciúla hibrideacha a eagrú. Féadfar cruinnithe an ghrúpa a thionól freisin ar áitreabh de chuid Europol, bunaithe ar an gclár oibre.
3. Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta. Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin ó Sheirbhísí eile de chuid an Choimisiúin a bhfuil leas acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.
4. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go ndéanfar a chuid plé go poiblí.
5. Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí ón ngrúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Is í an rúnaíocht, faoi fhreagracht an Chathaoirligh, a dhréachtóidh na miontuairiscí.
6. Féachfaidh an grúpa lena thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha a ghlacadh de chomhthoil. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil, beidh sé de cheart acu go gcuirfí i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha a glacadh, doiciméad lena ndéanfaí achoimre ar na cúiseanna lena seasamh.
7. Ina chuid gníomhaíochtaí, próiseálfaidh an grúpa sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 7
Foghrúpaí
Féadfaidh an Coimisiún foghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna sonracha ar bhonn téarmaí tagartha a shaineoidh sé. Údaráis na mBallstát a bhfuil saineolas acu ar an tsaincheist atá i gceist a bheidh i gcomhaltaí na bhfoghrúpaí. Oibreoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.
Airteagal 8
Saineolaithe dá dtugtar cuireadh
Féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu maidir le hábhar atá ar an gclár oibre, páirt a ghlacadh in obair an ghrúpa nó na bhfoghrúpaí ar bhonn ad hoc, lena n-áirítear saineolaithe ó Eurojust, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus, i gcás inarb iomchuí, an tÚdarás um Chomhrac an Sciúrtha Airgid (ÚCSA).
Airteagal 9
Breathnóirí
1. Féadfar stádas breathnóra a dheonú ar dhaoine aonair, ar eagraíochtaí agus ar eintitis phoiblí nach údaráis na mBallstát iad, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha, trí chuireadh díreach a thabhairt dóibh.
2. Eagraíochtaí agus eintitis phoiblí a cheapfar ina mbreathnóirí, ainmneoidh siad a n-ionadaithe.
3. Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus d’ionadaithe breathnóirí páirt a ghlacadh i bpléití an ghrúpa agus saineolas a sholáthar. Ní bheidh cearta vótála acu, áfach, ná ní bheidh siad rannpháirteach i bhfoirmiú tuairimí, moltaí agus tuarascálacha an ghrúpa ná a fhoghrúpaí.
Airteagal 10
Rialacha nós imeachta
Ar thogra ón gCoimisiún agus i gcomhaontú leis, glacfaidh an grúpa a rialacha nós imeachta trí thromlach simplí dá chomhaltaí, ar bhonn na rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Oibreoidh na foghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.
Airteagal 11
An rúndacht ghairmiúil agus faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil
Na comhaltaí den ghrúpa agus a n-ionadaithe, chomh maith le saineolaithe agus breathnóirí dá dtugtar cuireadh, tá siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, a bhfuil feidhm aici, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, maidir le gach comhalta de na hinstitiúidí agus dá bhfoirne, agus, chomh maith leis sin, tá siad faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint, a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (4) agus (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (5). Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a ghlacadh.
Airteagal 12
Trédhearcacht
1. Clárófar an grúpa agus a fhoghrúpaí ar Chlár Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus ainmneacha eintiteas eile den saghas céanna (‘an Clár de ghrúpaí saineolaithe’).
2. A mhéid a bhaineann le comhdhéanamh an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe:
|
— |
ainmneacha na gcomhaltaí; |
|
— |
ainmneacha na mbreathnóirí. |
3. Gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe, cuirfear ar fáil ar an gClár de ghrúpaí saineolaithe iad nó trí nasc ón gClár chuig suíomh gréasáin tiomnaithe, áit ar féidir an fhaisnéis sin a fháil. Ní bheidh rochtain ar shuíomhanna gréasáin tiomnaithe coinníollach ar chlárú úsáideoirí ná ar aon srian eile. Go sonrach, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh sin. Ní fhéadfar eisceachtaí ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Airteagal 13
Costais a bhaineann le cruinnithe
1. Ní dhéanfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí a íoc as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
2. Aisíocfaidh an Coimisiún costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an ghrúpa agus a fhoghrúpaí. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorannacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.
Airteagal 14
Iad siúd a ndírítear an Cinneadh chucu
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Magnus BRUNNER
Comhalta den Choimisiún
(1) Treoir (AE) 2024/1260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le haisghabháil agus coigistiú sócmhainní (IO L, 2024/1260, 2.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1260/oj).
(2) Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(4) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/443/oj).
(5) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe AE a chosaint, (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/444/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/1049/oj). Is é is cuspóir do na heisceachtaí sin cosaint a dhéanamh ar an tslándáil phoiblí, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na hinstitiúide.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/452/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)