|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/446 |
24.2.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/446 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le heagrú agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, maidir lena chomhaltaí agus maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta vótála, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 105(1) agus 106(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2018/1139, tugtar de chumhacht do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ghníomhaireacht’) deimhnithe a eisiúint, dearbhuithe a chlárú, imscrúdú a dhéanamh ar ghnóthais, agus íocaíocht na dtáillí agus na muirear is infheidhme a thobhach. Bunaítear leis freisin Bord Achomhairc atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh cinntí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht maidir leis na hábhair sin. |
|
(2) |
Tá an Bord Achomhairc freagrach freisin as cinneadh a dhéanamh maidir le hachomhairc in aghaidh chinntí aonair na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 14(6) agus (7) de Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(3) |
Ba cheart don Bhord Achomhairc scrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhfuil ardleibhéal taithí teicniúla ginearálta ag teastáil ina leith go príomha i réimsí deimhniúcháin, maoirseachta, forfheidhmithe agus feidhmíochta comhshaoil eitiltí. Dá bhrí sin, ba cheart do chomhaltaí an Bhoird a bheith cáilithe go hiomchuí. Ní mór comhalta atá cáilithe de réir dlí agus a bhfuil taithí aitheanta aige i ndlí an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta poiblí a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Achomhairc, ionas go n-áiritheofar cáilíocht agus comhsheasmhacht chinntí an Bhoird Achomhairc. |
|
(4) |
Chun a áirithiú gur féidir leis feidhmiú go rianúil agus go héifeachtúil, ba cheart Cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile a bheith ar an mBord Achomhairc. I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá leis de bharr chineál an achomhairc (e.g., cás achomhairc atá thar a bheith casta), ba cheart cead a bheith aige suas le beirt chomhaltaí eile a ghairm ó na comhaltaí malartacha. |
|
(5) |
Ba cheart don Chathaoirleach a áirithiú go n-áiritheofar saineolas teicniúil, dlíthiúil agus nós imeachta agus/nó taithí i gcás gach imeachta achomhairc. Ba cheart don Chathaoirleach, i gcás ina n-éilíonn cineál na n-imeachtaí achomhairc é, a bheith in ann comhalta malartach a chur in ionad comhalta má tá bonn cirt leis an ionadú sin mar gheall ar an ngá atá le brath le linn na n-imeachtaí achomhairc ar shaineolas sonrach dlíthiúil, nós imeachta nó teicniúil an chomhalta mhalartaigh sin. |
|
(6) |
Chun láimhseáil agus diúscairt achomharc a éascú, ba cheart rapóirtéir a ainmniú do gach cás. Ba cheart donn rapóirtéir a bheith freagrach ar a laghad as teachtaireachtaí a ullmhú leis na páirtithe agus as cinntí a dhréachtú. |
|
(7) |
Chun oibriú rianúil agus éifeachtúil a áirithiú, ba cheart do rúnaíocht, dá ngairtear an chlárlann, cúnamh a thabhairt don Bhord Achomhairc i bhfeidhmiú a dhualgas. |
|
(8) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na rialacha maidir le heagrú agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc na Gníomhaireachta. Ba cheart forálacha sa Rialachán sin a choigeartú, áfach, chun sainordú leathnaithe na Gníomhaireachta faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus Rialachán (AE) 2023/2405 araon a léiriú. Go háirithe, ba cheart liosta na ndisciplíní san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 a oiriúnú chun na disciplíní nó na réimsí faoi raon feidhme na Gníomhaireachta a chumhdach i gcás inar féidir achomhairc a dhéanamh. I bhfianaise an líon athruithe is gá agus an bhunúis dlí nua, ba cheart gníomh nua a ghlacadh in ionad Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 a leasú. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Comhdhéanamh an Bhoird Achomhairc agus cáilíochtaí na gcomhaltaí
1. Beirt chomhaltaí atá cáilithe go teicniúil agus comhalta amháin atá cáilithe de réir dlí agus a bheidh ina Chathaoirleach a bheidh ar an mBord Achomhairc.
2. Beidh comhaltaí malartacha ag na comhaltaí atá cáilithe go teicniúil. Beidh céim ollscoile nó cáilíocht choibhéiseach ag na comhaltaí atá cáilithe go teicniúil agus ag a gcomhaltaí malartacha agus beidh taithí ghairmiúil shubstaintiúil acu i réimse deimhniúcháin, maoirseachta, forfheidhmithe nó feidhmíochta comhshaoil eitiltí, i gceann amháin nó níos mó de na disciplíní nó de na réimsí a leagtar amach san Iarscríbhinn.
3. Beidh comhalta malartach ag an gcomhalta atá cáilithe de réir dlí, a ghníomhóidh mar Chathaoirleach malartach. Beidh an comhalta atá cáilithe de réir dlí agus a chomhalta malartach araon ina gcéimithe sa dlí agus beidh siad cáilithe ag taithí aitheanta i ndlí an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta poiblí.
4. I gcás ina measfaidh an Bord Achomhairc go bhfuil gá de bharr chineál an achomhairc, féadfaidh sé glaoch ar bheirt chomhaltaí eile ó na comhaltaí malartacha chun gníomhú mar chomhaltaí breise a bhfuil cearta vótála acu don chás sin. Beidh ceathrar nó cúigear comhaltaí ar an mBord Achomhairc ansin.
Airteagal 2
Cumhachtaí an Chathaoirligh
1. Tionólfaidh an Cathaoirleach an Bord Achomhairc. Áiritheoidh an Cathaoirleach cáilíocht agus comhsheasmhacht chinntí an Bhoird Achomhairc.
2. Déanfaidh an Cathaoirleach an scrúdú ar achomharc a shannadh do dhuine de chomhaltaí an Bhoird mar rapóirtéir.
3. I gcás inar gá de bharr chineál na n-imeachtaí achomhairc, féadfaidh an Cathaoirleach a chinneadh comhalta malartach a chur in ionad comhalta. Tabharfar údar leis an ionadú sin mar gheall ar an ngá atá ann le linn na n-imeachtaí achomhairc le brath ar shaineolas sonrach dlíthiúil, nós imeachta nó teicniúil an chomhalta mhalartaigh sin.
Airteagal 3
Ról an rapóirtéara
1. Déanfaidh an rapóirtéir réamhstaidéar ar an achomharc.
2. Áiritheoidh an rapóirtéir go ndéanfar dlúthchomhairliúchán agus malartú faisnéise leis na páirtithe sna himeachtaí. Chun na críche sin, déanfaidh an rapóirtéir na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
teachtaireachtaí a ullmhú do na páirtithe, faoi stiúir an Chathaoirligh; |
|
(b) |
aon easnamh atá le leigheas acu a chur in iúl do na páirtithe sna himeachtaí; |
|
(c) |
teorainneacha ama nós imeachta iomchuí a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (AE) 2018/1139; |
|
(d) |
gach cumarsáid a shíniú thar ceann an Bhoird Achomhairc. |
3. Ullmhóidh an rapóirtéir cruinnithe inmheánacha den Bhord Achomhairc agus de na himeachtaí ó bhéal.
4. Déanfaidh an rapóirtéir cinneadh an Bhoird Achomhairc a dhréachtú.
Airteagal 4
Clárlann
1. Tabharfaidh clárlann cúnamh don Bhord Achomhairc. Ní bheidh an pearsanra atá i gceannas ar an gclárlann rannpháirteach in aon imeacht de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le cinntí ar féidir achomharc a dhéanamh ina gcoinne agus feidhmeoidh siad a ndualgais faoi mhaoirseacht agus faoi threoracha an Chathaoirligh.
2. Tabharfaidh pearsanra na clárlainne cúnamh don Bhord Achomhairc le feidhmiú a dhualgas agus go háirithe leis na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
achomhairc a chlárú agus uimhir a shannadh do gach achomharc a chláraítear; |
|
(b) |
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a chur in iúl don Bhord Achomhairc agus do na páirtithe go léir; |
|
(c) |
na doiciméid uile a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc a fháil, a tharchur agus a stóráil go sábháilte; |
|
(d) |
cumarsáid a dhéanamh leis na páirtithe agus soláthar feidhmeanna tacaíochta a bhaineann leis na himeachtaí; |
|
(e) |
na páirtithe a chur ar an eolas faoi chomhdhéanamh chomhalta an Bhoird a éistfidh leis an gcás, agus gan mhoill, faoi aon athrú ar an gcomhdhéanamh sin; |
|
(f) |
a fhíorú go n-urramaítear teorainneacha ama agus coinníollacha foirmiúla eile maidir le hachomhairc a chomhdú agus fógra a thabhairt don Chathaoirleach ina leith sin; |
|
(g) |
i gcás inar gá, miontuairiscí na n-imeachtaí ó bhéal a tharraingt suas. |
Airteagal 5
Pléití
1. Is iad comhaltaí an Bhoird Achomhairc, agus iad sin amháin, a bheidh rannpháirteach sa phlé. Féadfaidh an Cathaoirleach, áfach, údarú a thabhairt do dhaoine eile le bheith i láthair, amhail pearsanra na clárlainne nó ateangairí.
2. Is plé rúnda a bheidh sa phlé.
3. Le linn an phlé idir comhaltaí an Bhoird Achomhairc, éistfear le tuairim an rapóirtéara ar dtús agus tuairim an Chathaoirligh ar deireadh.
Airteagal 6
Coinníollacha vótála agus ord
1. Déanfar cinntí an Bhoird Achomhairc a ghlacadh trí thromlach dá chomhaltaí. I gcás comhionannas vótaí a bheith ann, beidh vóta an Chathaoirligh cinntitheach.
2. Déanfar vótaí san ord dá bhforáiltear in Airteagal 5(3). Ní cheadófar staonadh ó vótáil.
Airteagal 7
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2004.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán (AE) 2023/2405 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le cothrom na Féinne a áirithiú d’aeriompar inbhuanaithe (ReFuelEU Aviation) (IO L, 2023/2405, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2405/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 104/2004 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2004 lena leagtar síos rialacha maidir le heagrú agus comhdhéanamh Bhord Achomhairc na Gníomhaireachta Sábháilteachta na hEitlíochta Eorpaí, (IO L 16, 23.1.2004, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/104/oj).
IARSCRÍBHINN
Liosta na ndisciplíní agus na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1(2)
|
(a) |
disciplíní teicniúla:
|
|
(b) |
formheasanna agus córais cháilíochta nó córais bhainistíochta a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
(c) |
meastóireacht ar fheidhmíocht chomhshaoil eitiltí sna réimsí seo a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/446/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)