European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/443

3.3.2026

CINNEADH (AE) 2026/443 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Feabhra 2026

lena leasaítear Cinneadh 1999/70/CE a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta, a mhéid a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha Eesti Pank

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 27.1 de,

Ag féachaint don Mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Nollaig 2025 chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Eesti Pank (BCE/2025/41) (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá iniúchóirí seachtracha neamhspleácha, arna moladh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus arna bhformheas ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar chuntais BCE agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

(2)

Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha Eesti Pank, Ernst & Young Baltic AS, tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2025. Dá bhrí sin, is gá iniúchóirí seachtracha a cheapadh ón mbliain airgeadais 2026 ar aghaidh.

(3)

Tá KPMG Baltics OÜ roghnaithe ag Eesti Pank mar iniúchóirí seachtracha air do na blianta airgeadais 2026 go 2030.

(4)

Mhol Comhairle Rialaithe BCE KPMG Baltics SIA a cheapadh mar iniúchóirí seachtracha Eesti Pank do na blianta airgeadais 2026 go 2030.

(5)

De réir an mholta ó Chomhairle Rialaithe BCE, ba cheart Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle (2) a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh 1999/70/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 17:

‘17.   Leis seo, formheastar KPMG Baltics OÜ mar iniúchóirí seachtracha Eesti Pank do na blianta airgeadais 2026 go 2030.’.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig an mBanc Ceannais Eorpach.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Feabhra 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)   IO C, C/2025/6792, 23.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6792/oj.

(2)  Cinneadh 1999/70/CE ón gComhairle an 25 Eanáir 1999 a bhaineann le hiniúchóirí seachtracha na mbanc ceannais náisiúnta (IO L 22, 29.1.1999, lch. 69, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/70(1)/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/443/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)