|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/441 |
27.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/441 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Feabhra 2026
lena gcuirtear allmhairí craenacha soghluaiste nua de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe d’fhonn tobhach dleachtanna frithdhumpála ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe a cheadú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán) agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Nollaig 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeacht frithdhumpála maidir le hallmhairí craenacha soghluaiste nua de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis gearán a chuir LiebherrWerk Ehingen GmbH agus Liebherr-Werk Nenzing GmbH (‘Liebherr’), Tadano Demag GmbH agus Tadano Faun GmbH (‘Tadano’), Manitowoc Crane Group Germany GmbH agus Sennebogen Maschinenfabrik GmbH isteach an 5 Samhain 2025 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán craenacha soghluaiste nua san Aontas acu. |
1. AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is éard atá sa táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) craenacha soghluaiste nua, mar atá craenacha cábla-rialaithe nó hiodrálacha, atá deartha chun ábhair ar thalamh a ardú, a ísliú agus a bhogadh go cothrománach, ag a bhfuil cumas ardaithe 30 tona ar a laghad, agus atá suite ar fheithiclí féinghluaiste, gan beann ar a gcóras tiomána agus gan beann ar cé acu atá siad suite ar ransaitheoirí nó ar bhoinn rubair nó nach bhfuil, chomh maith le codanna sonracha réamhchóimeáilte nó réidh le cóimeáil, gan comhpháirteanna aonair a áireamh nuair a chuirtear i láthair ar leithligh iad agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad. Tá na táirgí seo a leanas eisiata ón sainmhíniú ar an táirge lena mbaineann:
|
|
(4) |
Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi láthair faoi chóid AC ex 7308 20 , ex 7308 90 , ex 8426 49 00 , ex 8431 41 00 , ex 8431 49 20 , ex 8431 49 80 , ex 8705 10 00 , ex 8708 29 , ex 8708 50 agus ex 8708 99 (cóid TARIC 7308 20 90 21, 7308 90 59 11, 7308 90 98 50, 8426 49 00 11, 8431 41 00 11, 8431 49 20 50, 8431 49 80 50, 8705 10 00 11, 8708 29 10 11, 8708 29 90 11, 8708 50 20 80, 8708 50 35 11, 8708 50 55 11, 8708 50 55 91, 8708 50 91 11, 8708 50 99 70, 8708 99 10 80, 8708 99 93 11, agus 8708 99 97 80). |
2. CLÁRÚ
|
(5) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe. |
|
(6) |
Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, má chomhlíontar na coinníollacha is gá. |
|
(7) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(8) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(9) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 2,70 % agus 88,97 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 11,5 % agus 202,4 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Iúil 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2025. De ghnáth, dhéanfaí méid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle idir leibhéal na dumpála agus leibhéal na díobhála, de réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán. |
|
(10) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith ann leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(11) |
Aon sonraí pearsanta a bhaileofar i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí craenacha soghluaiste nua isteach san Aontas a chlárú, mar atá craenacha cábla-rialaithe nó hiodrálacha, atá deartha chun ábhair ar thalamh a ardú, a ísliú agus a bhogadh go cothrománach, ag a bhfuil cumas ardaithe 30 tona ar a laghad, agus atá suite ar fheithiclí féinghluaiste, gan beann ar a gcóras tiomána agus gan beann ar cé acu atá siad suite ar ransaitheoirí nó ar bhoinn rubair nó nach bhfuil, chomh maith le codanna sonracha réamhchóimeáilte nó réidh le cóimeáil, gan comhpháirteanna aonair a áireamh nuair a chuirtear i láthair ar leithligh iad agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
Tá allmhairí na dtáirgí seo a leanas eisiata ón gclárú:
|
(a) |
craenacha tír-raoin ghairbh; |
|
(b) |
craenacha trucailí nó craenacha atá feistithe ar thrucailí, mar atá craenacha arna n-athfheistiú ar bhonn trucailí; |
|
(c) |
iompróirí gabhalscartha, mar atá feithiclí iompair lastais a iompraíonn a n-ualach fúthu trína bheith ‘gabhalscartha’ air, seachas é a iompar ar a bharr; agus |
|
(d) |
cruachadóirí rochtana, mar atá feithiclí atá deartha chun coimeádáin lastais idirmhódúla a láimhseáil. |
Aicmítear an táirge atá faoi réir a chláraithe faoi láthair faoi chóid AC ex 7308 20 , ex 7308 90 , ex 8426 49 00 , ex 8431 41 00 , ex 8431 49 20 , ex 8431 49 80 , ex 8705 10 00 , ex 8708 29 , ex 8708 50 agus ex 8708 99 (cóid TARIC 7308 20 90 21, 7308 90 59 11, 7308 90 98 50, 8426 49 00 11, 8431 41 00 11, 8431 49 20 50, 8431 49 80 50, 8705 10 00 11, 8708 29 10 11, 8708 29 90 11, 8708 50 20 80, 8708 50 35 11, 8708 50 55 11, 8708 50 55 91, 8708 50 91 11, 8708 50 99 70, 8708 99 10 80, 8708 99 93 11, agus 8708 99 97 80).
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí craenacha soghluaiste nua de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2025/6726, 19.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6726/oj).
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/441/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)