European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/405

2.3.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/405 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Feabhra 2026

maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh na coinníollacha le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe a chur ar an margadh agus a chur ar fáil ar an margadh a chomhchuibhiú trí Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Leagtar amach sa Rialachán sin ceanglais a bhaineann le hin-bhithdhíghrádaitheacht dromchlaghníomhaithe, srianta nó toirmisc ar dhromchlaghníomhaithe ar fhorais in-bhithdhíghrádaitheachta, teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra, faisnéis nach mór do mhonaróirí a choinneáil ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát agus do phearsanra leighis, agus rialacha maidir le lipéadú glantach, lena n-áirítear maidir le cumhráin ailléirgineacha.

(2)

Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 go bhfuil cuspóirí an Rialacháin bainte amach den chuid is mó. Mar sin féin, sainaithníodh sa mheastóireacht sin roinnt laigí agus réimsí freisin a bhféadfaí feabhas breise a chur orthu. Le blianta beaga anuas, tá athrú as cuimse tagtha ar an gcreat rialála le haghaidh ceimiceán, a gcruthaítear dúbláil agus easpa comhleanúnachais leis sna rialacha is infheidhme maidir le glantaigh agus go háirithe maidir leis na ceanglais faisnéise ábhartha. Tá gá, dá bhrí sin, le comhsheasmhacht a áirithiú agus le ceanglais faisnéise dhúbláilte a dhíothú.

(3)

Ní chumhdaítear forbairtí nua áirithe sa mhargadh, go háirithe forbairt i nglantaigh ina mbíonn miocrorgánaigh agus i ndíolacháin athlíonta glantach, le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 nó cumhdaítear i bpáirt iad leis. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar líon na dtáirgí a thairgtear lena ndíol ar an idirlíon agus baineann saincheisteanna forfheidhmiúcháin ar leith leis na díolacháin ar líne sin i gcásanna nach bhfuil monaróir ná allmhaireoir bunaithe san Aontas. Ar an taobh eile, cuireann an digiteáil deiseanna ar fáil i ndáil le simpliú, laghdú ualaigh agus tuilleadh éascaíochta ó thaobh úsáide de agus sothuigtheacht na sábháilteachta agus na húsáide, nithe nach ann dóibh faoi láthair. Is gá, dá bhrí sin, na táirgí nua agus na cleachtais nua a chur san áireamh agus dlús a chur leis na hiarrachtaí i leith na digiteála, i gcomhréir le cuspóirí uileghabhálacha an Aontais, go háirithe i dtéarmaí na hinbhuanaitheachta agus an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Ina theannta sin, ba cheart díolacháin athlíonta a spreagadh mar bheart sonrach maidir le dramhaíl a chosc is gá chun spriocanna athúsáide agus athlíonta a bhaint amach, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 agus leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach chun Eoraip níos glaine agus níos iomaíche a bhaint amach, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020. Ar mhaithe le haistriú an Aontais i dtreo geilleagar ciorclach a chur chun cinn a thuilleadh, ba cheart athúsáid agus athlíonadh pacáistíochta a spreagadh agus a chur chun cinn. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha féachaint freisin le glantaigh a chur ar fáil ar an margadh do thomhaltóirí i bhfoirmeacha díolacháin inbhuanaithe eile, mar shampla i bpacáistíocht in-athchúrsáilte a chuireann ar chumas tomhaltóirí an phacáistíocht iomchuí a athlíonadh sa bhaile, agus sábháilteacht tomhaltóirí á háirithiú ag an am céanna.

(4)

Sa tSeiceáil Oiriúnachta a rinneadh ar an reachtaíocht cheimiceáin is ábhartha, nach raibh Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) san áireamh inti, léiríodh cé chomh chasta is atá creat rialála an Aontais i ndáil le ceimiceáin agus baineadh de thátal as sin go bhfuil an chastacht sin ann mar thoradh ar líon mór na ngníomhartha dlíthiúla idirnasctha a bhaineann go sonrach le táirge ar leith agus le hearnáil ar leith. Tugadh le fios sa tSeiceáil Oiriúnachta go ndéanann údaráis faireachais margaidh saincheisteanna forfheidhmiúcháin a thuairisciú maidir le táirgí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha trí dhíolacháin ar líne. Luaitear freisin go bhfuil gá le simpliú a dhéanamh ar chur in iúl faisnéise d’úsáideoirí táirgí trí lipéid agus fuarthas amach nach bhfuil buntáiste á bhaint faoi láthair as uirlisí nuálacha chun faisnéis faoi tháirgí a chur in iúl. Is gá, dá bhrí sin, na rialacha atá ann faoi láthair a shimpliú chun go laghdófar an t-ualach atá ar oibreoirí eacnamaíocha, go bhfeabhsófar tuiscint ag tomhaltóirí agus go n-éascófar faireachas margaidh. Ba cheart, dá bhrí sin, rialachán eile a chur in ionad Rialachán (CE) Uimh. 648/2004.

(5)

I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leagtar síos prionsabail choiteanna agus forálacha tagartha a bhfuil sé beartaithe feidhm a bheith acu maidir leis an reachtaíocht ar fad san earnáil chun bonn comhtháite a chur ar fáil chun an reachtaíocht sin a athbhreithniú. Ba cheart an creat dlíthiúil nua le haghaidh glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a bheith ailínithe a mhéid is féidir leis na prionsabail choiteanna sin agus leis na forálacha tagartha.

(6)

Chun deimhneacht dhlíthiúil agus cothrom na Féinne a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart an sainmhíniú reatha ar ‘glantach’ a leathnú le go gcumhdófar na glantaigh a forbraíodh le déanaí a bhfuil miocrorgánaigh curtha leo d’aon ghnó. Ba cheart a chumhdach leis an sainmhíniú sin freisin táirgí a thacaíonn leis an bpróiseas glantacháin nuair a úsáidtear iad in éineacht le glantach níocháin nó glantach miasniteoirí uathoibríocha, chomh maith le táirgí lena modhnaítear boladh fabraicí, i bhfianaise an róil choimhdigh atá ag na táirgí sin chun an fheidhm ghlantacháin a chomhlíonadh. Áirítear le tagairtí do dhromchlaí dromchla torthaí agus glasraí.

(7)

Ós rud é gurb iad dromchlaghníomhaithe na príomh-chomhábhair i nglantaigh, ba cheart na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta atá ann cheana a choinneáil. Ós rud é gur in idirbhearta gnólacht le gnólacht go príomha a dhíoltar dromchlaghníomhaithe chun go n-úsáidfear i monarú glantach iad, ní gá iad a bheith faoi réir na gceanglas sin a bhíonn i gceist le glantaigh. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha íosta a leagan síos le haghaidh dromchlaghníomhaithe, is é sin rialacha maidir le faisnéis faoi lipéadú agus maidir le hoibleagáid a chur ar mhonaróirí doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas. Chun nach gcuirfí ualach riaracháin gan ghá ar an monaróir, níor cheart é a bheith d’oibleagáid air pas táirge digiteach a chruthú agus an bhileog sonraí comhábhar le haghaidh práinnfhreagairt sláinte a sholáthar ach amháin i gcás ina gcuirtear dromchlaghníomhaithe ar fáil ar an margadh go díreach do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile. Ina theannta sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha maidir le díolacháin athlíonta freisin maidir le dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh.

(8)

Leagadh amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip an sprioc atá ann maidir le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint níos fearr mar chuid de chur chuige uaillmhianach chun dul i ngleic le truailliú ó gach foinse agus chun gluaiseacht i dtreo comhshaol atá saor ó thocsainí. Mar chuid den chur chuige sin, ba cheart don Rialachán seo na rialacha a leagtar amach in ionstraimí reachtacha atá ann cheana a chomhlánú.

(9)

Ós rud é go bhfuil ceann de na creataí rialála is cuimsithí agus is cosantaí le haghaidh ceimiceán ag an Aontas cheana féin, le tacaíocht ón mbonn eolais is forbartha ar fud an domhain, leis an Rialachán seo ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais atá ann cheana a bhaineann le gnéithe de chosaint shláinte an duine, na sábháilteachta agus an chomhshaoil nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo go háirithe, gan dochar do Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (AE) Uimh. 1272/2008 (6) agus (CE) Uimh. 528/2012 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(10)

Is oibreáin dhromchla-ghníomhacha iad dromchlaghníomhaithe a chuidíonn chun an comhéadan idir uisce agus olaí nó salachar a bhriseadh síos. Tá siad ar cheann de na príomhábhair a úsáidtear i nglantaigh. Féadfaidh dromchlaghníomhaithe a bheith ina riosca don chomhshaol, áfach, toisc go scaoiltear amach i gcórais séarachais iad nó díreach isteach in uiscí dromchla. Chun bac a chur ar aon éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag dromchlaghníomhaithe ar an gcomhshaol, is gá ceanglais a leagan síos lena áirithiú go mbeidh dromchlaghníomhaithe go hiomlán in-bhithdhíghrádaithe, cibé acu an gcuirtear ar an margadh ina n-aonair iad agus é beartaithe iad a úsáid i nglantaigh nó an úsáidtear mar chomhábhar iad i nglantaigh.

(11)

Tá roinnt substaintí ann a úsáidtear i nglantaigh, seachas dromchlaghníomhaithe, ar féidir leo fanacht i bhfuíolluisce tar éis a n-úsáide agus, mura mbaineann oibreoirí gléasraí cóireála fuíolluisce iad trí phróisis chostasacha, maireann siad agus carnann siad sa chomhshaol. Chun an nuálaíocht a éascú agus chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine agus don chomhshaol, agus chun tacú le cuspóirí Threoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), ba cheart spriocanna uaillmhianacha a leagan amach chun critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála chomhfhreagracha le haghaidh comhábhair eile i nglantaigh a thabhairt isteach, agus tosaíocht á tabhairt do chomhábhair a bhféadfadh tionchair níos airde a bheith acu ar an gcomhshaol. Ba cheart don Choimisiún, sa chéad chéim, critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a fhorbairt le haghaidh sceo polaiméireacha uiscethuaslagtha a úsáidtear chun glantaigh a imchochlú agus le haghaidh na bpolaiméirí uile laistigh den sceo sin, agus sa dara céim ba cheart dó na critéir sin a fhorbairt le haghaidh substaintí orgánacha eile a úsáidtear i dtiúchan ard i nglantaigh, arb ionann iad agus 10 % ar a laghad den táirge. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le táirgí beag beann ar a bhfoirm leachtach nó sholadach agus chun caolú a sheachaint, ba cheart an céatadán sin a ríomh as mais iomlán na substaintí, lena n-áirítear tuaslagóirí éagsúla, gan an cion uisce a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún modhanna oiriúnacha tástála a chinneadh freisin, chun cur chun feidhme aonfhoirmeach agus faireachas éifeachtach margaidh ar fud an Aontais a áirithiú. Ina theannta sin, ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus intuarthacht, ba cheart amlínte réalaíocha a leagan síos do mhonaróirí chun a bhfoirmlithe táirgí a oiriúnú chun na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta atá le forbairt ag an gCoimisiún le haghaidh an sceo nó na bpolaiméirí laistigh de sceo agus na substaintí orgánacha i dtiúchan ard a chomhlíonadh. Chun solúbthacht na rialacha a áirithiú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún maoluithe a thabhairt isteach ar na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta chun a áirithiú nach ndéanfar difear d’éifeachtúlacht, d’infhaighteacht ná d’inacmhainneacht glantach. Ar deireadh, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a indéanta atá sé critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a thabhairt isteach le haghaidh substaintí orgánacha atá i dtiúchan níos ísle nó a indéanta atá sé an íostairseach a ísliú. Leis an gcur chuige cuimsitheach céimnithe sin i leith in-bhithdhíghrádaitheachta, ba cheart dul chun cinn seasta i dreo táirgí in-bhithghrádaithe a áirithiú, laistigh d’amlínte réalaíocha. Chun am a thabhairt do mhonaróirí foirmlithe táirgí a oiriúnú, ba cheart tréimhsí idirthréimhseacha leordhóthanacha a sholáthar, agus ba cheart critéir tástála ábhartha a bhunú i bhfad roimh ré.

(12)

Is príomh-chomhábhar eile é fosfar a úsáidtear i nglantaigh. Déanann fosfar agus a chuid comhdhúl dochar d’éiceachórais agus don chomhshaol uisceach, áfach, toisc go gcuireann siad le heotrófú. Meastar go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir le fosfar a aisghabháil ó fhuíolluisce uirbeach faoi Threoir (AE) 2024/3019. Mar sin féin, tá sé tábhachtach leanúint d’aghaidh a thabhairt ar bhunús na faidhbe trí theorainn a chur leis an gcion fosfair sna cineálacha glantach a úsáidtear sna méideanna is airde. Dá bhrí sin, chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú a thuilleadh agus chun an méid a chuireann glantaigh le heotrófú a laghdú, is gá na teorainneacha comhchuibhithe a choinneáil maidir le cion na bhfosfáití agus cion na gcomhdhúl eile fosfair i nglantaigh níocháin tomhaltóra agus i nglantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra. I bhfianaise na n-iarmhairtí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ag an eotrófú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé na teorainneacha sin a laghdú a thuilleadh agus teorainneacha nua a thabhairt isteach do chatagóirí eile táirgí agus, i gcás inarb iomchuí, togra a ghlacadh chun na gnéithe bunriachtanacha sin den Rialachán seo a leasú.

(13)

Le blianta beaga anuas, forbraíodh táirgí glantacháin nua ina mbíonn miocrorgánaigh mar chomhábhair ghníomhacha. Tá a mbitheolaíocht féin ag miocrorgánaigh agus freagraíonn siad don chomhshaol as a stuaim féin. Toisc go bhfuil miocrorgánaigh in ann iomadú, tá difríocht shoiléir idir gnáth-ghlantaigh agus glantaigh mhiocróbacha. Dá bhrí sin, ní gá go bhfuil cineál na nguaiseacha bunúsacha agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leo cosúil leo siúd a bhaineann le ceimiceáin, go háirithe i ndáil leis an acmhainneacht atá ag miocrorgánaigh maireachtáil agus méadú i níos mó ná comhshaol amháin agus raon mór meitibilíte agus tocsaine a tháirgeadh a bhféadfadh suntasacht thocsaineolaíoch a bheith bainteach leo.

(14)

Ós rud é nach bhfuil miocrorgánaigh faoi réir clárú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, nó faoi aon dlí eile de chuid an Aontais lena gcuirtear de cheangal ar mhonaróirí a léiriú go bhfuil an úsáid bheartaithe sábháilte, níor cheart iad a bheith incháilithe mar chomhábhair do ghlantaigh ach amháin i gcás inar sainaithníodh go soiléir iad agus inar léiríodh, de réir sonraí, go bhfuil sé sábháilte iad a úsáid. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a bhunú lena rialaítear úsáid shábháilte miocrorgánach i nglantaigh. Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol agus cothrom iomaíochta d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht a leagan amach chun measúnú riosca a dhéanamh ar ghlantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh. Ba cheart an mhodheolaíocht sin a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir agus ba cheart di gach riosca aitheanta a chumhdach, lena n-áirítear le haghaidh catagóirí sonracha táirgí ar nós iad siúd atá i bhformáid sprae nó iad siúd atá le húsáid ar dhromchlaí a bhíonn i dteagmháil le bia.

(15)

I gcomhréir le Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), is gá tástáil ar ainmhithe a ionadú, a laghdú nó a bheachtú, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le húsáid ainmhithe lena dtástáil a luaithe is féidir é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc ginearálta a chur ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe a bhí faoi réir tástáil ar ainmhithe a chur ar an margadh chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus ba cheart, ina ainneoin sin, úsáid sonraí stairiúla a cheadú. Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le maolú, i gcás inarb iomchuí, chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú, agus ba cheart dó aon chinneadh mar sin lena ndeonaítear maolú a chur in iúl do na Ballstáit agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

(16)

Chun ardleibhéal cosanta leasa phoiblí a áirithiú, agus chun iomaíocht chóir ar an margadh inmheánach a ráthú, ba cheart gurb iad na hoibreoirí eacnamaíocha a bheadh freagrach as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo ag glantaigh agus ag dromchlaghníomhaithe i ndáil leis na róil faoi seach atá acu sa slabhra soláthair. Nuair is iomchuí, is ceart do gach monaróir agus gach allmhaireoir tástáil shamplach a dhéanamh ar na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe sin a chuireann siad ar fáil ar an margadh chun sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí agus an chomhshaoil a chosaint.

(17)

Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch a mbíonn baint acu leis an slabhra soláthair agus dáilte bearta iomchuí éifeachtacha a ghlacadh chun a áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar mhargadh an Aontais ach glantaigh agus dromchlaghníomhaithe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh ag teacht le ról gach oibreora eacnamaíoch sa slabhra soláthair agus dáilte.

(18)

Chun a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go gcomhlíonann glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil ar an margadh an Rialachán seo, agus d’údaráis inniúla é sin a fhíorú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta um measúnú comhréireachta. I gCinneadh Uimh. 768/2008/CE, bunaítear modúil maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ón gceann is lú déine go dtí an ceann is mó déine, i gcomhréir leis an leibhéal riosca lena mbaineann agus leis an leibhéal sábháilteachta is gá. Chun comhleanúnachas idir earnálacha a áirithiú agus chun leaganacha malartacha ad hoc a sheachaint, sonraítear sa Chinneadh sin na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is féidir a roghnú as measc na modúl sin.

(19)

Is iad na monaróirí is fearr chun a áirithiú go gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, ós acu atá an t-eolas mionsonraithe faoin bpróiseas dearaidh agus táirgeachta. Ba cheart, dá bhrí sin, monaróirí a bheith freagrach, go huile is go hiomlán as an nós imeachta um measúnú comhréireachta a dhéanamh i gcás glantach agus dromchlaghníomhaithe. Ba cheart Modúl A, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, a bheith infheidhme maidir leis an measúnú comhréireachta ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe. Ba cheart do mhonaróirí doiciméadacht theicniúil a chur le chéile freisin ina léireofar comhlíontacht na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe leis na rialacha agus modhanna tástála is ábhartha.

(20)

Ós rud é gur féidir seilfré fhada a bheith ag glantaigh agus dromchlaghníomhaithe agus chun comhleanúnachas a áirithiú leis na ceanglais maidir le doiciméadacht a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 atá infheidhme maidir le formhór na nglantach, ba cheart do mhonaróirí an doiciméadacht theicniúil, an pas táirge digiteach agus, i gcás inarb infheidhme, an lipéad digiteach a choinneáil ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a cuireadh an glantach nó an dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis an doiciméadacht theicniúil sin, an pas táirge digiteach nó an lipéad digiteach sin ar an margadh.

(21)

Chun go n-éascófar comhlíontacht a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo ag monaróirí, ba cheart a cheadú do mhonaróirí atá bunaithe san Aontas ionadaí údaraithe a cheapadh chun cúraimí sonracha a dhéanamh ar a son. Níor cheart an ceapachán sin a bheith bailí ach amháin nuair a ghlacann an t-ionadaí údaraithe leis i scríbhinn. Thairis sin, chun a áirithiú go ndáilfear freagrachtaí go soiléir agus go comhréireach idir an monaróir agus an t-ionadaí údaraithe, is gá an liosta de chúraimí a leagan amach lenar cheart do mhonaróirí ina leith dul ar iontaoibh an ionadaí údaraithe maidir leo, chomh maith leis an liosta de thascanna nach féidir a tharmligean. Thairis sin, chun in-fhorfheidhmitheacht agus éifeachtacht na gceanglas maidir le faireachas margaidh a áirithiú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach glantaigh agus dromchlaghníomhaithe comhlíontacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart eintiteas a bheith bunaithe san Aontas i gcónaí a bheidh freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis faireachais margaidh agus as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Chuige sin, ba cheart do mhonaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas a cheapadh i leith na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe a chuireann siad ar mhargadh an Aontais trí chiandíolachán, lena n-áirítear trí mhargaí ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart liosta de chúraimí breise a leagan amach sa Rialachán seo a mbeidh ar na monaróirí sin a chur de chúram ar ionadaithe údaraithe. Ba cheart a áireamh ar an liosta sin oibleagáid chun a dhícheall a dhéanamh chun a fhíorú go léiríonn an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag an monaróir go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh. Ba cheart an oibleagáid sin a thuiscint mar sheiceáil dhoiciméadbhunaithe, ós rud é nár cheart a cheangal ar an ionadaí údaraithe imscrúduithe mionsonraithe ná anailísí uileghabhálacha a dhéanamh ar chomhlíonadh. D’áiritheofaí leis cosaint iomchuí do shláinte an duine agus don chomhshaol agus urraim á tabhairt, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, do ról agus d’acmhainneachtaí ar leith na n-ionadaithe údaraithe.

(22)

D’fhonn cumarsáid idir na hoibreoirí eacnamaíocha, na húdaráis faireachais margaidh agus na tomhaltóirí a éascú, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha a mionsonraí teagmhála, mar shampla uimhir theileafóin chomh maith leis na seoltaí poist agus ríomhphoist nó bealaí cumarsáide eile, a léiriú agus a choinneáil cothrom le dáta.

(23)

Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú, agus a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir ardleibhéal cosanta a sholáthar i ndáil le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol, is gá a shuí go gcomhlíonfaidh glantaigh agus dromchlaghníomhaithe ó thríú tíortha a thugtar isteach i margadh an Aontais, lena n-áirítear trí dhíolacháin ar líne, an Rialachán seo freisin. Is gá, go háirithe, a áirithiú gur chuir monaróirí nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta i gcrích maidir leis na táirgí sin. Is gá freisin rialacha a leagan síos d’allmhaireoirí chun a áirithiú go gcomhlíonann na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar an margadh na ceanglais sin. Ba cheart d’allmhaireoirí agus d’ionadaithe údaraithe a áirithiú go bhfuil an doiciméadacht arna tarraingt suas ag monaróirí ar fáil do na húdaráis náisiúnta inniúla lena hiniúchadh. Ba cheart foráil a dhéanamh d’allmhaireoirí agus, i gcás inarb infheidhme, d’ionadaithe údaraithe chun a áirithiú gur cruthaíodh pas táirge digiteach le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh.

(24)

Ós rud é go mbíonn ról tábhachtach ag allmhaireoirí i ráthaíocht chomhlíontacht na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe allmhairithe i margadh an Aontais, agus glantach nó dromchlaghníomhaí á chur ar an margadh acu, ba cheart d’allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, chomh maith lena seoladh poist agus seoladh ríomhphoist agus a n-uimhir theileafóin, a léiriú ar lipéad an táirge.

(25)

Toisc go gcuireann dáileoirí glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh tar éis don mhonaróir nó don allmhaireoir é a chur ar an margadh, ba cheart do dháileoirí gníomhú leis an gcúram is cuí i ndáil leis na ceanglais is infheidhme. Ba cheart do dháileoirí a áirithiú freisin nach ndéanann an láimhseáil a dhéanann siad ar an nglantach nó ar an ndromchlaghníomhaí difear diúltach dá chomhlíontacht leis an Rialachán seo.

(26)

Ó tharla go bhfuil dáileoirí, allmhaireoirí agus, i gcás inarb infheidhme, ionadaithe údaraithe gar don mhargadh agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le comhlíonadh táirge a áirithiú, ba cheart dóibh a bheith bainteach le cúraimí faireachais margaidh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ba cheart dóibh a bheith réidh chun a bheith rannpháirteach go gníomhach tríd an bhfaisnéis uile is gá a bhaineann leis an nglantach nó an dromchlaghníomhaí lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis sin.

(27)

Allmhaireoirí agus dáileoirí a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar an margadh faoina n-ainm féin nó faoi thrádmharc nó a mhodhnaíonn glantach nó dromchlaghníomhaí ar bhealach ina bhféadfaí difear a dhéanamh don Rialachán seo, ba cheart iad a mheas mar mhonaróirí agus ba cheart dóibh, dá réir sin, oibleagáidí monaróirí a ghlacadh orthu féin. Ar an gcaoi chéanna, allmhaireoirí agus dáileoirí a chuireann dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh nár táirgeadh lena sholáthar d’úsáideoirí deiridh ach do tháirgeoirí glantach, ba cheart dóibh ról na monaróirí a ghlacadh agus, i measc nithe eile, pas táirge digiteach a chruthú. I gcásanna eile, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha nach ndéanann ach glantach nó dromchlaghníomhaí, a chuir oibreoirí eacnamaíocha eile ar an margadh cheana féin, a phacáistiú nó a athphacáistiú, ba cheart dóibh a bheith in ann a chruthú nach ndearnadh difear do chomhlíonadh an Rialacháin seo, trína gcéannacht a léiriú ar an bpacáiste agus trí chóip den fhaisnéis bhunaidh faoi lipéadú a choinneáil. Ba cheart a thuiscint le gníomhaíochtaí pacáistíochta agus athphacáistithe go soláthraítear táirgí d’úsáideoirí deiridh i bpacáistíocht aonair agus níor cheart díolacháin athlíonta a chumhdach leo.

(28)

Ós rud é go n-úsáideann pearsanra speisialaithe lasmuigh den réimse baile glantaigh thionsclaíocha agus institiúideacha, tá siad faoi réir ceanglais nach ionann iad agus glantaigh tomhaltóra. Chun rioscaí do shláinte tomhaltóirí nó don chomhshaol a sheachaint agus chun gníomhaíochtaí faireachais margaidh a éascú, ba cheart glantaigh thionsclaíocha agus institiúideacha a shainaithint go soiléir ar a lipéad.

(29)

Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú, i bhfianaise infhaighteacht fhorleathan glantach agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh agus an ardriosca go dtarlódh nimhiú de thaisme, go háirithe i gcás leanaí, ba cheart rochtain a bheith ag comhlachtaí ceaptha na mBallstát faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a thacaíonn leis an bpráinnfhreagairt sláinte ar fhaisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil maidir le comhdhéanamh glantach agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh, fiú mura gceanglaítear sin faoin Rialachán sin. Dá bhrí sin, sula gcuirfear na táirgí sin ar an margadh, ba cheart do mhonaróirí agus, i gcás inarb infheidhme, dá n-allmhaireoir nó dá n-ionadaí údaraithe bileog sonraí comhábhar a sholáthar maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar meascáin iad nach bhfuil guaiseach do shláinte an duine. Ina theannta sin, ba cheart do dháileoirí a chuireann na táirgí ar fáil ar an margadh i mBallstáit seachas na Ballstáit ina bhfuil na táirgí ar fáil cheana féin, bileog sonraí na gcomhábhar a sholáthar freisin. Chun cumarsáid na faisnéise a bharrfheabhsú, ba cheart na hoibleagáidí sa Rialachán seo a bheith ag cur leis an gcóras a bhaineann le práinnfhreagairt sláinte a bunaíodh cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, ós rud é go bhfuil cur amach ag go leor oibreoirí eacnamaíocha agus lárionad nimhe air cheana féin. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun na ceanglais theicniúla a leagan amach ó thaobh an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le bileog sonraí na gcomhábhar a sholáthar.

(30)

Cuirtear faisnéis thábhachtach úsáide agus sábháilteachta in iúl d’úsáideoirí ar lipéid, mar shampla, gur ann d’íogróirí craicinn nó riospráide, mar shampla cumhráin ailléirgineacha, leasaithigh nó einsímí, i nglantaigh agus i ndromchlaghníomhaithe. Trí fhaisnéis a sholáthar maidir le hábhar na substaintí sin ar lipéid glantach agus dromchlaghníomhaithe, is féidir le húsáideoirí a bhfuil ailléirgí orthu nó a bhfuil togracht acu chun ailléirgí roghanna eolasacha a dhéanamh, agus dá bhrí sin, laghdaítear an frithghníomh a d’fhéadfadh a bheith bainteach le húsáid glantach agus dromchlaghníomhaithe. Is gá dá bhrí sin ceanglais lipéadaithe a bhunú maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe.

(31)

Toisc go bhféadfadh lipéadú glantach agus dromchlaghníomhaithe teacht faoi ghníomhartha éagsúla dlí de chuid an Aontais, ní mór an fhaisnéis ar lipéid glantach agus dromchlaghníomhaithe a chuíchóiriú ionas gur aon uair amháin a sholáthrófar faisnéis atá i gcomhréir leis na rialacha níos déine nuair is gá faisnéis chomhchosúil a eascraíonn as gníomhartha éagsúla dlí de chuid an Aontais a chur ar lipéid glantach agus dromchlaghníomhaithe. Leis an gcuíchóiriú sin, ar thaobh amháin, chuirfí feabhas ar inléiteacht agus sothuigtheacht na lipéad ag úsáideoirí deiridh agus, ar an taobh eile, laghdófaí an t-ualach riaracháin ar mhonaróirí.

(32)

Is comhdhúile orgánacha iad substaintí cumhráin le bolaithe saintréitheacha, a bhíonn go deas de ghnáth, a úsáidtear go forleathan i nglantaigh agus a úsáidtear freisin i gcuid mhaith earraí eile, mar shampla, cumhráin agus cosmaidí cumhraithe eile. D’fhéadfadh na substaintí sin frithghníomh ailléirgeach a chruthú ar theagmháil leo, go háirithe i gcás daoine íograithe, fiú nuair is ann dóibh i dtiúchana ísle. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin faisnéis a sholáthar maidir leis na hailléirginí aonair atá i nglantaigh ionas go mbeidh daoine íograithe in ann teagmháil leis an tsubstaint a bhfuil ailléirge orthu ina leith a sheachaint. Ba cheart ceanglais shonracha maidir le lipéadú a leagan síos, dá bhrí sin, nach mbeadh feidhm acu ach amháin sa chás nach mbeidh lipéid le cur ar na hailléirginí cumhráin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Ní hamháin go gcuirfí cosc leis sin ar ualach riaracháin gan ghá a bheith á chur ar oibreoirí eacnamaíocha ach d’áiritheofaí leis freisin go bhfaigheadh tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile an fhaisnéis sin agus í curtha i láthair ar bhealach soiléir, rud a sholáthródh, dá bhrí sin, ardleibhéal cosanta do shláinte an duine do dhaoine íograithe.

(33)

Tá ceanglais bhreise lipéadaithe de dhíth maidir le substaintí áirithe amhail leasaithigh chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine. Ba cheart na ceanglais lipéadaithe maidir le leasaithigh, dá bhrí sin, ní hamháin na leasaithigh sin a chuireann an monaróir leis an nglantach d’aon ghnó a chumhdach ach freisin na leasaithigh a eascraíonn as na meascáin atá ina gcuid dá chomhábhair agus a dtagraítear dóibh go minic mar ‘leasaithigh tuliompair’.

(34)

An fhaisnéis maidir leis an méid ceart glantaigh is gá do thomhaltóirí a úsáid nuair a thugann siad faoi ghníomhaíochtaí glantacháin, is é sin, faisnéis dáileoige, ba cheart í a áireamh ar lipéad na nglantach níocháin do thomhaltóirí, na nglantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra agus na nglantach dromchlaí do thomhaltóirí chun ró-úsáid ionchasach na nglantach a chosc, rud a laghdóidh an méid iomlán glantaigh agus dromchlaghníomhaí a rachaidh isteach sa chomhshaol.

(35)

D’fhéadfadh an lipéadú digiteach feabhas a chur ar an gcaoi a gcuirtear an fhaisnéis faoi lipéadú in iúl trí lipéid fhisiceacha ró-ualaithe a sheachaint agus trína chur ar a gcumas d’úsáideoirí brath ar roghanna léitheoireachta éagsúla atá ar fáil le haghaidh formáidí digiteacha amháin, amhail cló méadaithe, cuardach uathoibríoch, callairí arda nó aistriúchán go teangacha eile. D’fhéadfadh lipéadú digiteach cur, dá réir sin, le hinléiteacht, éascaíocht úsáide agus tuiscint na lipéad do thomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí leochaileacha agus tomhaltóirí lagamhairc. Chomh maith leis sin, ach lipéid dhigiteacha a sholáthar d’fhéadfadh sé go ndéanfadh oibreoirí eacnamaíocha a gcuid oibleagáidí maidir le lipéadú a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, trína dhéanamh níos éasca an fhaisnéis faoi lipéadú a thabhairt cothrom le dáta, na costais a bhaineann le lipéadú a laghdú agus soláthar faisnéise níos spriocdhírithe a chur ar fáil d’úsáideoirí. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú d’oibreoirí eacnamaíocha faisnéis áirithe faoi lipéadú a sholáthar maidir le glantaigh tríd an lipéad digiteach amháin, faoi réir coinníollacha áirithe chun ardleibhéal cosanta a áirithiú d’úsáideoirí.

(36)

Ionas nach gcuirfí ualach riaracháin gan ghá ar oibreoirí eacnamaíocha agus toisc go bhfuil an lipéad digiteach comhlántach leis an lipéad fisiceach, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann cinneadh a dhéanamh faoi cé acu lipéid dhigiteacha a úsáid nó gan iad a úsáid nó an fhaisnéis go léir a sholáthar ar lipéad fisiceach amháin. Ba cheart an rogha maidir le lipéad digiteach a sholáthar a bheith faoi mhonaróirí agus allmhaireoirí, atá freagrach as tacar cruinn faisnéise faoi lipéadú a sholáthar.

(37)

D’fhéadfadh lipéadú digiteach dúshláin a chruthú freisin do ghrúpaí leochaileacha den phobal nach bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu nó nach leor a scileanna digiteacha agus d’fhéadfaí an deighilt dhigiteach a threisiú dá bharr sin. Ar an gcúis sin, ba cheart a léiriú leis an bhfaisnéis shonrach atá le soláthar ar lipéad digiteach amháin leibhéal na hullmhachta digití atá ann faoi láthair agus staid ar leith úsáideoirí na nglantach, chomh maith le hullmhacht an bhonneagair teicneolaíochta gan sreang agus an bhonneagair theicneolaíoch eile is gá chun rochtain neamhshrianta ar an bhfaisnéis a cheadú. Ina theannta sin, an fhaisnéis uile faoi lipéadú a bhaineann le cosaint na sláinte agus an chomhshaoil, chomh maith leis na treoracha maidir leis an úsáid is lú a bhaint as glantaigh, ba cheart í a bheith le feiceáil fós ar an lipéad fisiceach, chun a chur ar a gcumas do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile roghanna eolasacha a dhéanamh sula gceannaíonn siad an glantach agus chun láimhseáil shábháilte an ghlantaigh a áirithiú.

(38)

Maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a dhíoltar le húsáideoirí deiridh trí athlíonadh, ba cheart a bheith in ann méid níos fairsinge faisnéise a sholáthar go digiteach, agus ar an gcaoi sin amháin, chun leas iomlán a bhaint ní hamháin as na tairbhí a bhaineann leis an digiteáil, ach as na tairbhí móra comhshaoil i dtéarmaí laghdú ar phacáistíocht agus ar dhramhaíl ghaolmhar ó phacáistíocht a chuireann cleachtas na ndíolachán athlíonta ar fáil freisin. Mar sin féin, ba cheart d’úsáideoirí deiridh treoracha dáileoige simplithe ar a laghad a fháil i bhfoirm fhisiceach le haghaidh glantaigh níocháin tomhaltóra agus faisnéis maidir le hailléirginí cumhráin agus leasaithigh, chun an riosca a bhaineann le frithghníomhaithe ailléirgeacha a sheachaint.

(39)

Chun cothrom na Féinne a áirithiú i measc oibreoirí eacnamaíocha a chuireann glantaigh ar fáil ar an margadh, agus chun cosaint a thabhairt do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, ba cheart ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú digiteach a leagan síos. Mar shampla, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a áirithiú gur féidir lipéid dhigiteacha a rochtain go héasca agus saor in aisce agus go ndéanfaí an fhaisnéis éigeantach faoi lipéadú a cheanglaítear faoin Rialachán seo a dheighilt ón bhfaisnéis eile.

(40)

Agus an fhorbairt reatha ar na scileanna digiteacha á cur san áireamh, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis faoi lipéadú a sholáthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile ar bhealaí eile freisin i gcás nach féidir leo an lipéad digiteach a rochtain. Ba cheart an oibleagáid sin a fhorchur mar bheart sábháilteachta chun aon riosca ionchasach a laghdú a d’fhéadfadh eascairt as cás nach bhfuil fáil ar an bhfaisnéis faoi lipéadú, go háirithe a mhéid a bhaineann le glantaigh athlíonta nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh, i gcás ina bhféadfaí an fhaisnéis go léir a sholáthar ar lipéad digiteach, agus air sin amháin.

(41)

Ós rud é go mbaintear an úsáid chéanna as glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh agus go bhfuil na rioscaí céanna ag baint leo gan beann ar an bhformáid ina gcuirtear ar fáil ar an margadh iad, ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann na táirgí sin ar fáil ar an margadh trí athlíonadh a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais chéanna a chomhlíonann na táirgí i bpacáistiú aonair. Ina theannta sin, ba cheart do thomhaltóirí an fhaisnéis faoi lipéadú is gá a fháil agus glantaigh athlíonta á roghnú acu, agus ba cheart íoscheanglais sábháilteachta a leagan amach le haghaidh stáisiúin athlíonta. Ba cheart díolacháin athlíonta glantach, dá bhrí sin, a bheith cumhdaithe go sainráite leis an Rialachán seo chun ardleibhéal cosanta i ndáil le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol a áirithiú agus chun cothrom na Féinne a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha.

(42)

Chun coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta agus modhanna nua díolacháin, agus faisnéis mhaith do thomhaltóirí agus gníomhaíochtaí éifeachtúla faireachais margaidh á n-áirithiú ag an am céanna, ba cheart an fhaisnéis faoi lipéadú maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a léiriú i gcás aon ciandíolacháin a dhéantar, lena n-áirítear trí mhargaí ar líne.

(43)

Bíonn faireachas margaidh níos simplí agus níos éifeachtúla más féidir inrianaitheacht glantaigh nó dromchlaghníomhaí a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine. Le córas éifeachtúil inrianaitheachta éascaítear cúram na n-údarás faireachais margaidh rianú a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe neamhchomhlíontacha ar fáil ar an margadh.

(44)

Ba cheart do mhonaróirí pas táirge digiteach a chruthú chun faisnéis a sholáthar maidir le comhlíontacht glantach agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh leis an Rialachán seo. Cé go leagtar amach sa Rialachán seo inneachar íosta an phas táirge dhigitigh, ag tosú le dearbhú comhréireachta AE, d’fhéadfaí a bheartú amach anseo faisnéis bhreise, mar shampla, doiciméadacht theicniúil, a áireamh. Chun seiceálacha ar ghlantaigh nó ar dhromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ag údaráis faireachais margaidh a éascú agus chun ligean do na gníomhaithe sa slabhra soláthair, do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile, mar shampla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus taighdeoirí, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá, ar nós faisnéis comhábhar, ba cheart an fhaisnéis ar an bpas táirge digiteach a sholáthar go digiteach agus ar bhealach atá inrochtana go díreach agus áisiúil don úsáideoir trí iompróir sonraí. Ba cheart an t-iompróir sonraí a bheith infheicthe go soiléir ag an úsáideoir deiridh sula gceannaítear é, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar fáil trí fhógra ar líne. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain láithreach a bheith ag údaráis faireachais margaidh, ag údaráis chustaim, ag oibreoirí eacnamaíocha, ag tomhaltóirí agus ag úsáideoirí deiridh eile, tríd an iompróir sonraí, ar an bhfaisnéis atá ábhartha dóibh agus bunaithe ar a gcearta rochtana faoi seach.

(45)

Ionas nach gcuirfear costais ar chuideachtaí atá díréireach le tairbhí níos leithne, ba cheart an pas táirge digiteach a bheith sonrach do shamhail glantaigh nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh. Ba cheart a mheas go mbaineann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh leis an múnla céanna fad nach mbeidh aon athrú ar an bhfoirmle ná ar an táirgeadh as a dtiocfadh modhnuithe ar lipéad na dtáirgí.

(46)

Chun dúbailt na hinfheistíochta sa digiteáil ó na gníomhaithe uile lena mbaineann a sheachaint, lena n-áirítear monaróirí, údaráis faireachais margaidh agus údaráis chustaim, i gcás ina gceanglaítear le dlí eile ar bith de chuid an Aontais pas táirge digiteach a bheith ann do ghlantaigh agus do dhromchlaghníomhaithe, ba cheart pas táirge digiteach aonair a bheith ar fáil ina mbeidh an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoin dlí eile sin de chuid an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart an pas táirge digiteach a bhunaítear faoin Rialachán seo a bheith idir-inoibritheach go hiomlán le haon phas táirge digiteach a cheanglaítear faoi dhlí eile de chuid an Aontais.

(47)

Go háirithe, le Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), leagtar síos freisin na ceanglais agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh pas táirge digiteach, bunú clárlainne pasanna táirge digiteacha (‘an chlárlann’) ag an gCoimisiúin, ina stóráiltear faisnéis faoi phasanna táirge digiteacha agus idirnascadh na clárlainne sin le Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). D’fhéadfaí glantaigh nó dromchlaghníomhaithe atá laistigh dá raon feidhme sa mheántéarma a áireamh leis an Rialachán sin, rud lena gceanglófaí dá bhrí sin pas táirge digiteach a chur ar fáil dóibh.

(48)

Dá bhrí sin, ba cheart don phas táirge digiteach le haghaidh na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh, a chruthaítear faoin Rialachán seo, na ceanglais chéanna agus na heilimintí teicniúla céanna leo siúd a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1781 a chomhlíonadh, lena n-áirítear gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla an Rialacháin a bhaineann leis an gcumarsáid ó cheann go ceann agus an malartú sonraí.

(49)

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé soiléir do mhonaróirí agus d’úsáideoirí araon go ndearbhaíonn an monaróir go gcomhlíonann an táirge na ceanglais uile is infheidhme agus go nglacann an monaróir freagracht iomlán as an gcomhlíonadh sin, le cruthú an phas táirge dhigitigh do ghlantach nó do dhromchlaghníomhaí úsáideora deiridh.

(50)

I gcás nach soláthraítear faisnéis ach go digiteach, is gá a shoiléiriú gur cheart an fhaisnéis sin a sholáthar trí iompróir sonraí aonair, ach gur cheart í a sholáthar ar leithligh agus í in-idirdhealaithe go soiléir ó fhaisnéis eile. D’éascófaí leis sin obair na n-údarás faireachais margaidh agus sholáthrófaí leis soiléireacht do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile maidir leis na míreanna éagsúla faisnéise atá ar fáil dóibh i bhformáid dhigiteach.

(51)

Tá feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), lena mbunaítear na rialacha a bhaineann le rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais, maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe. Ní mór do na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe seo, is é sin na húdaráis chustaim i bhformhór na mBallstát, na rialuithe a fheidhmiú ar bhonn anailís riosca dá dtagraítear in Airteagail 46 agus 47 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ar bhonn a gníomhartha cur chun feidhme agus na treoraíochta comhfhreagraí. Dá bhrí sin, níor cheart Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhodhnú leis an Rialachán seo ná an bealach a n-eagraíonn nó a bhfeidhmíonn na húdaráis atá i gceannas ar na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais.

(52)

I dteannta chreat na rialuithe a bhunaítear le Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann a fhíorú go huathoibríoch gur ann do phas táirge digiteach le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe allmhairithe atá faoi réir an Rialacháin seo chun na rialuithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais a neartú agus chun cosc a chur le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe neamhchomhlíontacha teacht isteach i margadh an Aontais.

(53)

I gcás ina gcuirtear glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a thagann ó thríú tíortha faoin nós imeachta custaim um scaoileadh i saorchúrsaíocht, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch an tagairt do phas táirge digiteach le haghaidh na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe sin a chur ar fáil do na húdaráis chustaim. Ba cheart an tagairt sin a bheith ag comhfhreagairt d’aitheantóir clárúcháin uathúil arna chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch ag an gclárlann. Ba cheart do na húdaráis chustaim a fhíorú, mar íoscheanglas, go gcomhfhreagraíonn an t-aitheantóir clárúcháin uathúil agus cód tráchtearraí ábhartha an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil dóibh do na sonraí a stóráiltear sa chlárlann. Lamhálfadh sé sin do na húdaráis chustaim a fhíorú go bhfuil pas táirge digiteach ann do ghlantaigh agus do dhromchlaghníomhaithe allmhairithe. Chun an fíorú uathoibríoch sin a dhéanamh, ba cheart an t-idirnasc idir an chlárlann agus Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam a úsáid.

(54)

Leis na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach, beartaítear a lamháil do na húdaráis chustaim an bainistiú riosca a fheabhsú agus a éascú agus díriú níos fearr ar rialuithe ag an teorainn a chumasú. Dá bhrí sin, ba cheart do na húdaráis chustaim a bheith in ann na sonraí a chuimsítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann lena mbaineann a aisghabháil agus a úsáid chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear bainistíocht riosca i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(55)

Níor cheart fíorú uathoibríoch thagairt an phas táirge dhigitigh a dhéanann údaráis custaim le haghaidh glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a thagann isteach i margadh an Aontais a chur in ionad freagrachtaí na n-údarás faireachais margaidh ná na freagrachtaí sin a mhodhnú, ach ba cheart ina ionad sin creat foriomlán na rialuithe ar tháirgí a thagann isteach i margadh an Aontais a chomhlánú leis. Ba cheart do na údaráis faireachais margaidh, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, seiceálacha a dhéanamh ar na sonraí sna pasanna táirge digiteacha, seiceálacha a dhéanamh ar tháirgí laistigh den mhargadh agus, i gcás ina gcuireann na húdaráis atá ainmnithe chun rialuithe a dhéanamh ag teorainneacha seachtracha an Aontais scaoileadh i saorchúrsaíocht ar fionraí, comhlíontacht agus rioscaí tromchúiseacha maidir le táirgí a chinneadh de bhun Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020.

(56)

Is ionstraim fhíor-riachtanach é an faireachas margaidh chun cur i bhfeidhm ceart agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais a áirithiú. Leagtar amach an creat chun faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí atá faoi réir dhlí an Aontais um chomhchuibhiú i Rialachán (AE) 2019/1020. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit faireachas margaidh a eagrú agus a dhéanamh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin.

(57)

Déantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 maidir le nós imeachta cosanta faoinar féidir leis an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an mbonn cirt atá le beart arna dhéanamh ag Ballstát i ndáil leis na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe a mheastar riosca a bheith i gceist leo. Chun trédhearcacht a mhéadú, is gá an nós imeachta cosanta a bhí ann roimhe a fheabhsú, d’fhonn é a dhéanamh níos éifeachtúla agus ag tarraingt ar an saineolas atá ar fáil sna Ballstáit. Ba cheart nós imeachta faoina gcuirfí páirtithe leasmhara ar an eolas faoi bhearta atá beartaithe a ghlacadh maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe lena mbaineann riosca do shláinte an duine, nó don chomhshaol, a chur in ionad an chórais a bhí ann roimhe sin. Ba cheart a cheadú do na húdaráis faireachais margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim luath i leith na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe sin. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) á chur i bhfeidhm, a chinneadh an bhfuil bonn cirt le beart sealadach i ndáil le glantach nó dromchlaghníomhaí lena mbaineann riosca. Tá feidhm ag an nós imeachta coimirce sonrach sin gan dochar do ghnáthrialuithe a dhéanann údaráis faireachais margaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020.

(58)

Léiríonn an taithí a fuarthas agus Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 á chur i bhfeidhm, i gcásanna sonracha, go raibh riosca don tsláinte nó don chomhshaol ag baint mar sin féin le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chomhlíon na ceanglais is infheidhme. Ba cheart forálacha a dhéanamh lena áirithiú go ndéanann údaráis faireachais margaidh beart in aghaidh aon ghlantach nó aon dromchlaghníomhaí lena mbaineann riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol, fiú i gcás ina bhfuil siad ag cloí leis na ceanglais dhlíthiúla. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 á chur i bhfeidhm, a chinneadh an bhfuil bonn cirt le beart sealadach i ndáil le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe atá comhlíontach i gcás ina bhfionnfadh Ballstát go mbaineann riosca do shláinte agus do shábháilteacht an duine nó don chomhshaol leis na táirgí sin.

(59)

D’fhonn dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch nó fianaise eolaíoch nua, agus leibhéal na hullmhachta digití a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an méid seo a leanas: leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo chun iad a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil; na ceanglais ghinearálta maidir le lipéadú digiteach a fhorlíonadh a thuilleadh; leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi lipéadú nach bhféadfaí a sholáthar ach amháin i bhformáid dhigiteach; leasú a dhéanamh ar theorainn na n-ailléirginí cumhráin nuair a bhunaítear teorainneacha tiúchana rioscabhunaithe aonair le haghaidh ailléirginí cumhráin faoi Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) nó nuair a chuirtear ailléirginí cumhráin nua leis; agus leasú a dhéanamh ar na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta atá ann cheana chun ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta a thabhairt isteach maidir le substaintí agus meascáin i nglantaigh, seachas dromchlaghníomhaithe, lena n-áirítear capsúil ghlantaigh, i gcás ina bhfuil gá leis sin mar gheall ar fhianaise eolaíoch nua nó i gcás ina gceadaítear maolú ar na critéir sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú le leasú a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar an bhfaisnéis shonrach atá le cur san áireamh sa phas táirge digiteach, chomh maith leis an bhfaisnéis atá le cur sa chlárlann. Ina theannta sin, chun obair na n-údarás custaim a éascú maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo ina bhfuil an liosta de chóid tráchtearraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 (16) ón gComhairle, agus i dtuairiscí ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe. Ar ghlacadh gníomhartha tarmligthe faoin Rialachán seo, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (17). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(60)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun na ceanglais theicniúla mhionsonraithe a bhunú don phas táirge digiteach do ghlantaigh agus dromchlaghníomhaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(61)

I bhfianaise an ghá atá ann ardleibhéal cosanta a áirithiú i ndáil le sláinte an duine agus an comhshaol agus an ghá forbairtí nua bunaithe ar fhíorais eolaíocha a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar, inter alia, cé acu atá nó nach bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo á mbaint amach, agus an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide á gcur san áireamh. A mhéid a bhaineann le fosfar, ba cheart measúnú a bheith sa tuarascáil ar a indéanta atá sé teorainneacha fosfair a laghdú a thuilleadh, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile lena úsáid amach anseo, más féidir. A mhéid a bhaineann leis na substaintí is díobhálaí, ba cheart don Choimisiún, agus an méid a baineadh amach faoi dhlí ábhartha eile de chuid an Aontais á chur san áireamh aige, measúnú a dhéanamh ar an ngá le forálacha a áireamh sa Rialachán seo maidir le láithreacht na substaintí sin i nglantaigh agus i ndromchlaghníomhaithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip maidir leis an gcur chuige cineálach i leith bainistiú riosca do na substaintí is díobhálaí i dtáirgí tomhaltais, agus d’fhonn deireadh a chur, b’fhéidir, le húsáid na substaintí sin de réir a chéile, más iomchuí. Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le substaintí gníomhacha bithicídeacha, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá le rialacha níos déine a thabhairt isteach chun teacht timpeall ar scéim formheasa a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a sheachaint. Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú, chun nuálaíocht a chothú agus chun borradh a chur faoin iomaíochas, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na ceanglais sábháilteachta do ghlantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh. Chun an t-aistriú chuig geilleagar iomlán ciorclach a éascú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar spriocanna a thabhairt isteach le haghaidh amhábhair in-athnuaite agus ábhar athchúrsáilte le haghaidh glantach.

(62)

Tugtar isteach leis an Rialachán seo go bhféadfaí cuid den fhaisnéis éigeantach faoi lipéadú a sholáthar ar lipéid dhigiteacha amháin i gcásanna áirithe agus ceanglaítear leis an Rialachán seo pas táirge digiteach a chruthú le haghaidh glantach agus dromchlaghníomhaithe. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, do na Ballstáit chun an bonneagar riaracháin is gá a bhunú chun é a chur i bhfeidhm agus don Choimisiún chun cur chun feidhme cheanglais theicniúla an phas táirge dhigitigh a ullmhú. Dá dhroim sin, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí dáta faoinar réasúnta é bailchríoch a bheith curtha ar na hullmhúcháin sin.

(63)

Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus dramhaíl a chosc, is gá d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann stoc a dhíol atá sa slabhra dáilte cheana féin nó atá á stóráil ag dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le socruithe idirthréimhseacha trínar féidir glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chur ar fáil ar an margadh, ar glantaigh agus dromchlaghníomhaithe iad a cuireadh ar an margadh cheana i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 roimh an dáta sin gan gá do na táirgí sin an Rialachán seo a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart do dháileoirí a bheith in ann na glantaigh agus dromchlaghníomhaithe sin a sholáthar, is é sin stoc atá sa slabhra dáilte cheana féin, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(64)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú a thuilleadh agus dramhaíl a chosc, tá sé tábhachtach go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann, ar feadh tréimhse theoranta tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, stoc nach bhfuil sa slabhra dáilte go fóill a dhíol. Chuige sin, ba cheart socruithe idirthréimhseacha a dhéanamh freisin lena gceadaítear glantaigh agus dromchlaghníomhaithe nach bhfuil sa slabhra dáilte go fóill a chur ar an margadh ar dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan iallach a bheith ar na táirgí sin an Rialachán seo a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Rialachán (CE) Uimh. 648/2004. Dá bhrí sin, ba cheart do mhonaróirí agus d’allmhaireoirí a bheith in ann na glantaigh agus dromchlaghníomhaithe sin a chur ar an margadh, is é sin stoc nach bhfuil sa slabhra dáilte fós, tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I bhfianaise chuspóir na hidirthréimhse sin, ba cheart an fhéidearthacht sin a theorannú go docht ó thaobh ama de go bliain amháin tar éis an dáta sin agus, go háirithe, níor cheart é a bheith indéanta an stoc sin a chur ar fáil ar an margadh tar éis na tréimhse bliana sin.

(65)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a ráthú agus a áirithiú an tráth céanna go gcomhlíonann na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe atá ar an margadh na ceanglais lena ndéantar foráil maidir le hardchéim chosanta i ndáil leis an tsláinte agus leis an gcomhshaol, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le saorghluaiseacht glantach agus dromchlaghníomhaithe sa mhargadh inmheánach, agus ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol á áirithiú ag an am céanna.

2.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 1907/2006, (CE) Uimh. 1272/2008 agus (AE) Uimh. 528/2012.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘glantach’ substaint, meascán nó miocrorgánaigh, nó teaglaim díobh sin, atá beartaithe:

chun fabraicí, miasa nó dromchlaí a ghlanadh;

chun fabraicí, miasa nó dromchlaí a chur ar maos (roimh níochán), a shruthlú nó a thuar;

chun tadhall nó boladh fabraicí a mhodhnú i bpróisis atá ann chun comhlánú a dhéanamh ar níochán fabraicí;

chun tacú leis an bpróiseas glantacháin nuair a úsáidtear é in éineacht le glantach níocháin nó glantach miasniteoirí uathoibríocha;

(2)

ciallaíonn ‘glantach níocháin tomhaltóra’ glantach le haghaidh níocháin arna chur ar an margadh lena úsáid ag daoine nach proifisiúnaigh iad, lena n-áirítear i neachtlanna poiblí;

(3)

ciallaíonn ‘glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra’ glantach arna chur ar an margadh lena úsáid i miasniteoirí uathoibríocha ag daoine nach proifisiúnaigh iad;

(4)

ciallaíonn ‘glantach ina bhfuil miocrorgánaigh’ glantach lenar cuireadh miocrorgánach amháin nó níos mó d’aon ghnó, bíodh sin leis féin nó trí cheann amháin de chomhpháirteanna an ghlantaigh;

(5)

ciallaíonn ‘glantach tionsclaíoch agus institiúideach’ glantach a chuirtear ar an margadh lena úsáid lasmuigh den réimse baile amháin, arna dhéanamh ag pearsanra speisialaithe;

(6)

ciallaíonn ‘glanadh’ an próiseas lena ndíghrádaítear nó lena mbaintear deascán neamh-inmhianaithe amach ó shubstráit nó ón taobh istigh de shubstráit agus lena n-athraítear go staid tuaslagáin nó chuig staid spréite é;

(7)

ciallaíonn ‘substaint’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(8)

ciallaíonn ‘meascán’ meascán mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(9)

ciallaíonn ‘miocrorgánach’ miocrorgánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (b), de Rialachán (AE) uimh. 528/2012;

(10)

ciallaíonn ‘miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe’ miocrorgánaigh ar athraíodh an t-ábhar géiniteach iontu ar bhealach eile nach dtarlaíonn go nádúrtha trí chúpláil agus/nó athchuingriú nádúrtha; laistigh de théarmaí an tsainmhínithe seo:

tarlaíonn modhnú géiniteach ar a laghad trí úsáid na dteicnící a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18);

ní mheastar go dtarlaíonn modhnú géiniteach de thoradh ar na teicnící a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I A a ghabhann leis an Treoir chéanna;

(11)

ciallaíonn ‘dromchlaghníomhaí’ aon substaint nó meascán orgánach atá i nglantaigh nó a bheartaítear a úsáid i nglantaigh, ag a bhfuil saintréithe dromchla-ghníomhacha agus lena gcuimsítear grúpa hidrifileach amháin nó níos mó nó grúpa hidreafóbach amháin nó níos mó, ar de chineál agus de mhéid iad atá in ann na gníomhaíochtaí seo a leanas uile a dhéanamh:

teannas dromchla an uisce a laghdú go dtí faoi 45 mN/m;

aonchisil leata nó asúcháin a chruthú ag an gcomhéadan uisce-aer;

eibleachtaí, micri-eibleachtaí nó míclí a chruthú, nó teaglamaí díobh sin;

asúchán a dhéanamh ar chomhéadain uisce-aer;

(12)

ciallaíonn ‘dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh’ dromchlaghníomhaí a chuirtear ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí gairmiúla nó do thomhaltóirí;

(13)

ciallaíonn ‘bithdhíghrádú aeróbach deiridh’ leibhéal an bhithdhíghrádaithe a bhaintear amach i gcás ina n-úsáideann na miocrorgánaigh an tsubstaint nó an meascán ina iomláine le láithreacht na hocsaigine, rud a fhágann go ndianscaoileann sé go dé-ocsaíd charbóin, uisce agus salann mianrach d’aon eilimintí eile i láthair, mar a thomhaistear é le modhanna tástála a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I, agus comhábhair cheallacha miocróbach nua (bithmhais);

(14)

ciallaíonn ‘sceo’ sceo polaiméireacha uiscethuaslagtha a úsáidtear mar chapsúil ghlantaigh;

(15)

ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé i gcomaoin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(16)

ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ an chéad chur ar fáil táirge ar mhargadh an Aontais;

(17)

ciallaíonn ‘monaróir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach a mhonaraíonn nó a chuireann faoi deara dromchlaghníomhaí a dhearadh nó a mhonarú, agus a chuireann an glantach nó an dromchlaghníomhaí sin ar an margadh faoina ainm nó a thrádmharc;

(18)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir chun gníomhú thar a cheann maidir le cúraimí sonraithe;

(19)

ciallaíonn ‘allmhaireoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas agus a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(20)

ciallaíonn ‘dáileoir’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh;

(21)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(22)

ciallaíonn ‘faireachas margaidh’ na gníomhaíochtaí agus na bearta a dhéanann na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí an Rialachán seo;

(23)

ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ údarás faireachais margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(24)

ciallaíonn ‘aisghairm’ aisghairm mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (22), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(25)

ciallaíonn ‘tarraingt siar’ tarraingt siar mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(26)

ciallaíonn ‘gníomhaíocht cheartaitheach’ gníomhaíocht cheartaitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16), de Rialachán (AE) 2019/1020;

(27)

ciallaíonn ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’ an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(28)

ciallaíonn ‘iompróir sonraí’ iompróir sonraí mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (29), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(29)

ciallaíonn ‘aitheantóir táirge uathúil’ aitheantóir táirge uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (30), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(30)

ciallaíonn ‘aitheantóir foirmle uathúil’ aitheantóir foirmle uathúil dá dtagraítear i gCuid A, pointe 5, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(31)

ciallaíonn ‘aitheantóir oibreora uathúil’ aitheantóir oibreora uathúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (31), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(32)

ciallaíonn ‘pas táirge digiteach’ tacar sonraí a bhaineann go sonrach le táirge ina bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI agus atá inrochtana trí mhodhanna leictreonacha trí iompróir sonraí i gcomhréir le hAirteagal 21(4);

(33)

ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh’ soláthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an chéad mhír, pointe (32), de Rialachán (AE) 2024/1781;

(34)

ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ údaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(35)

ciallaíonn ‘Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam’ an córas a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399;

(36)

ciallaíonn ‘pacáistíocht aonair’ pacáistíocht ina gcuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh agus a mbeartaítear go rachadh sé in éineacht leis an ábhar go dtí an láthair ina n-úsáidtear é;

(37)

ciallaíonn ‘athlíonadh’ an oibríocht ar an láthair lena líontar glantach nó dromchlaghníomhaí a thairgeann oibreoir eacnamaíoch d’úsáideoirí deiridh le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce, i bpacáistíocht;

(38)

ciallaíonn ‘stáisiún athlíonta’ áit a ndéanann oibreoir eacnamaíoch glantach nó dromchlaghníomhaí is féidir a fháil trí athlíonadh, de láimh nó trí threalamh uathoibríoch nó leath-uathoibríoch a thairiscint d’úsáideoirí deiridh;

(39)

ciallaíonn ‘múnla’ cineál glantaigh nó cineál dromchlaghníomhaí a chomhlíonann a aonaid uile na coinníollacha seo a leanas:

tá an monaróir céanna acu agus cuirtear ar an margadh iad faoin trádainm céanna;

tá an t-ábhar céanna iontu, i gcomhréir le Cuid A, pointe 1(h), d’Iarscríbhinn V, a ghabhann leis an Rialachán seo, agus monaraítear iad trí úsáid a bhaint as na próisis mhonaraíochta chéanna;

i gcás inarb infheidhme, tá siad faoi réir an aicmithe chéanna faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; agus

sainítear iad le huimhir chineáil nó le heilimint eile lenar féidir iad a shainaithint mar ghrúpa;

(40)

ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach atá ina chónaí san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh dó i gcáil tomhaltóra lasmuigh d’aon trádáil, gnó, ceird nó gairm, nó i gcáil úsáideora deiridh ghairmiúil i rith a chuid gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ

Airteagal 3

Cur ar fáil ar an margadh agus saorghluaiseacht

1.   Ní chuirfear glantaigh ná dromchlaghníomhaithe ar fáil ar an margadh ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo.

2.   Maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe a chomhlíonann an Rialachán seo a chur ar fáil ar an margadh, ní thoirmiscfidh na Ballstáit iad sin, ní chuirfidh siad srian leo sin ná ní chuirfidh siad isteach orthu sin.

Airteagal 4

In-bhithdhíghrádaitheacht

1.   Comhlíonfaidh dromchlaghníomhaithe agus dromchlaghníomhaithe atá i nglantaigh na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le dromchlaghníomhaithe ná le dromchlaghníomhaithe atá i nglantaigh ar substaintí gníomhacha iad de réir bhrí Airteagal 3(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a úsáidtear mar dhíghalráin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceann amháin de na coinníollacha a leanas:

(a)

áirítear iad i liosta an Aontais de shubstaintí gníomhacha formheasta dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin;

(b)

áirítear iad sa chlár athbhreithnithe mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (19); nó

(c)

is comhábhair díghalrán iad ar féidir iad a chur ar fáil ar an margadh nó a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

3.   Faoin 23 Márta 2032, comhlíonfaidh sceo nó polaiméirí laistigh de sceo na ceanglais in-bhithdhíghrádaitheachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I.

4.   Faoin 23 Márta 2034, comhlíonfaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó i nglantaigh i dtiúchan 10 % w/w (maischodán) ar a laghad de mhais iomlán na substaintí, seachas uisce, seachas dromchlaghníomhaithe, sceo agus polaiméirí laistigh de sceo, na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn I, mura ndeonaítear maolú i gCuid D den Iarscríbhinn sin.

Airteagal 5

Glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh

Comhlíonann glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Teorainneacha ar chion na bhfosfáití agus ar chion na gcomhdhúl eile fosfair

Comhlíonfaidh glantaigh a liostaítear in Iarscríbhinn III na teorainneacha maidir le cion na bhfosfáití agus maidir le cion na gcomhdhúl eile fosfair a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 7

Tástáil ainmhithe

1.   Bunófar comhlíontacht glantach agus dromchlaghníomhaithe leis an Rialachán seo trí úsáid a bhaint as modhanna tástála gan ainmhithe arna mbailíochtú ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal idirnáisiúnta.

2.   Gan dochar d’Airteagal 1(1), toirmiscfear glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chur ar an margadh i gcás ina ndearnadh tástáil ar ainmhithe leis an bhfoirmliú deiridh nó leis na comhábhair nó na teaglamaí comhábhar d’fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

3.   Beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 gan dochar do dhlí ábhartha an Aontais, agus ní chuirfidh siad cosc ar úsáid sonraí a fuarthas roimh an 22 Márta 2026.

4.   In imthosca eisceachtúla, i gcás ina dtagann ábhair imní chun cinn maidir le sábháilteacht comhábhair i nglantach nó i ndromchlaghníomhaí, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar maolú ar mhíreanna 1 agus 2, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó oibreoir eacnamaíoch nó ó Bhallstát.

5.   I gcás ina ngníomhaíonn an Coimisiún ar bhonn iarraidh réasúnaithe ó oibreoir eacnamaíoch nó ó Bhallstát, dá dtagraítear i mír 4, beidh meastóireacht san iarraidh sin ar an staid agus léireofar inti na bearta is gá. Ar an mbonn sin, féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an Lárionad Eorpach um Bailíochtú Modhanna Malartacha.

6.   Le cinneadh lena ndeonaítear maolú, dá dtagraítear i mír 4, leagfar síos na coinníollacha a bhaineann leis an maolú seo i dtéarmaí cuspóirí sonracha, ré agus tuairisciú na dtorthaí. Ní thabharfar maolú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a)

ina bhfuil an comhábhar in úsáid go forleathan agus nach féidir comhábhar eile a dhéanfadh feidhm den saghas céanna a chur ina ionad; agus

(b)

ina bhfuil cuí-réasúnú ann maidir leis an bhfadhb i ndáil le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol agus ina bhfuil údar leis an ngá le tástáil a dhéanamh ar ainmhithe agus ina bhfuil prótacal mionsonraithe taighde ann mar thacaíocht, agus é molta mar bhonn leis an meastóireacht.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh lena ndeonaítear maolú chuig na Ballstáit uile agus déanfaidh sé é a chur in iúl dóibh agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

CAIBIDIL III

OIBLEAGÁIDÍ NA NOIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 8

Oibleagáidí na monaróirí

1.   Agus glantaigh nó dromchlaghníomhaithe á gcur ar an margadh acu, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na glantaigh agus na dromchlaghníomhaithe sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Tarraingeoidh na monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus déanfaidh siad an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

I gcás ina léireofar, tríd an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh na ceanglais is infheidhme, sula gcuirfear an táirge ar an margadh déanfaidh na monaróirí an méid seo a leanas:

(a)

pas táirge digiteach a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 21;

(b)

a áirithiú go bhfuil an t-iompróir sonraí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 21(4); agus

(c)

tagairt don phas táirge digiteach a áireamh sa chlárlann dá dtagraítear in Airteagal 24(1) (‘an chlárlann’).

3.   Coimeádfaidh na monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an pas táirge digiteach ar feadh 10 mbliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar an margadh, agus, i gcás inar gá, nuashonróidh siad iad.

4.   Áiritheoidh na monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge chomh maith le hathruithe ar na modhanna tástála a ndearbhaítear comhréireacht táirge trína mbíthin.

Nuair a mheastar é a bheith iomchuí maidir le feidhmíocht nó maidir leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó dromchlaghníomhaí, déanfaidh na monaróirí tástáil shamplach ar an nglantach sin nó ar an dromchlaghníomhaí sin, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár um ghearáin maidir le glantaigh nó dromchlaghníomhaithe neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairm na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán mar sin.

5.   Áiritheoidh na monaróirí a chuireann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe ar an margadh go gcomhlíonfaidh na glantaigh nó na dromchlaghníomhaithe sin Airteagal 17(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 18(1) agus Airteagal 19(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3).

6.   Sula gcuirfear glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar meascáin iad nach bhfuil aon oibleagáid ann faisnéis a sholáthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, soláthróidh na monaróirí atá bunaithe san Aontas an bhileog sonraí comhábhar dá dtagraítear i bpointe 2.2 (e) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo (‘an bhileog sonraí comhábhar’) do na comhlachtaí arna gceapadh ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Airteagal sin (‘na comhlachtaí ceaptha’). I gcás nach gcomhfhreagraíonn an glantach ná an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar cuireadh bileog sonraí comhábhar isteach ina leith cheana féin don fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar sin, cuirfidh na monaróirí bileog sonraí comhábhar nuashonraithe isteach. Cuirfear an bhileog sonraí comhábhar isteach trí mheán leictreonach san fhormáid arna soláthar ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus cuirfear ar fáil saor in aisce í le haghaidh fógraí i gcomhréir le Cuid A, Roinn 3.1, an dara mír, d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Beidh an bhileog i dteanga is féidir leis na comhlachtaí ceaptha a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an margadh.

7.   Soláthróidh na monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá don ionadaí údaraithe nó don allmhaireoir chun comhlíontacht an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an Rialachán seo a léiriú.

8.   I gcás ina measann na monaróirí nó i gcás ina mbíonn cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá láithreach chun go mbeidh an glantach nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann na monaróirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu, cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

9.   Áiritheoidh monaróirí go gcoinneofar oibreoirí eacnamaíocha eile sa slabhra soláthair lena mbaineann ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon neamhchomhlíonadh nó aon riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a shainaithin siad agus maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach, aisghairm nó tarraingt siar dá bharr sin.

10.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun a léiriú go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an nglantach nó ag an dromchlaghníomhaí a chuir siad ar an margadh a chur ar fáil don údarás sin, i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm páipéir, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh monaróirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann leis an nglantach nó an dromchlaghníomhaí sin.

11.   Cuirfidh monaróirí a mbealaí cumarsáide, amhail uimhir theileafóin, seoladh leictreonach nó cuid ar leith dá suíomh gréasáin, ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, agus riachtanais inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas á gcur i gcuntas, lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí deiridh gearáin a chur isteach maidir le neamhchomhlíonadh féideartha táirgí nó saincheisteanna sábháilteachta.

Airteagal 9

Ionadaí údaraithe

1.   Féadfaidh monaróirí, trí shainordú scríofa, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh an sainordú sin bailí ach amháin nuair a ghlacann an t-ionadaí údaraithe leis i scríbhinn. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó.

2.   Monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh siad ionadaí údaraithe de bhun na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1.

3.   Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú dá dtagraítear i mír 1.

Leis an sainordú sin, cuirfear de cheangal ar an ionadaí údaraithe an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)

a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), gur cruthaíodh an pas táirge digiteach, gur cuireadh an fhaisnéis ábhartha faoin bpas táirge digiteach san áireamh sa chlárlann, go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas agus go bhfuil nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta;

(b)

an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus an pas táirge digiteach a choinneáil ar fáil go ceann 10 bliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis na doiciméid sin ar an margadh;

(c)

mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca;

(d)

i gcás ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis an sainordú, an monaróir agus na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas faoi sin;

(e)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis an sainordú; agus

(f)

an sainordú a fhoirceannadh agus na húdaráis náisiúnta inniúla a chur ar an eolas faoin bhfoirceannadh sin mura gcomhlíonann an monaróir a oibleagáidí faoin Rialachán seo.

4.   De bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ceanglófar le sainordú an ionadaí údaraithe arna cheapadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar an ionadaí údaraithe sin an méid seo a leanas a dhéanamh maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chumhdaítear leis an sainordú sin:

(a)

an bhileog sonraí comhábhar a sholáthar agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 8(6);

(b)

an fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar a choinneáil faoi rún;

(c)

a fhíorú go gcomhlíonann glantaigh agus dromchlaghníomhaithe na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 17(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 18(1), Airteagal 19(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3); agus

(d)

a dhícheall a dhéanamh chun a fhíorú go léiríonn an doiciméadacht agus an fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 8(7) go gcomhlíonann na táirgí an Rialachán seo.

5.   Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8(1) ná an oibleagáid doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 8(2) ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

Airteagal 10

Oibleagáidí allmhaireoirí

1.   Ní chuirfidh allmhaireoirí ach glantaigh nó dromchlaghníomhaithe atá comhlíontach ar an margadh.

2.   Sula gcuirfidh siad glantach nó dromchlaghníomhaí ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:

(a)

gur chuir an monaróir an nós imeachta um measúnú comhréireachta i gcrích agus gur tharraing sé suas an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2);

(b)

go léiríonn an fhaisnéis agus an doiciméadacht arna soláthar ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 8(7) go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh; agus

(c)

gur chruthaigh an monaróir an pas táirge digiteach dá dtagraítear in Airteagal 8(2), pointe (a), go bhfuil an t-iompróir sonraí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 21(4) agus gur áiríodh an fhaisnéis ábhartha maidir leis an bpas táirge digiteach sa chlárlann.

3.   Soláthróidh allmhaireoirí an bhileog sonraí comhábhar sula gcuirfidh siad glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideoirí deiridh ar an margadh agus, i gcás inar gá, tabharfaidh siad an bhileog sonraí comhábhar cothrom le dáta, i gcomhréir le hAirteagal 8(6). Coinneoidh an t-allmhaireoir an fhaisnéis sa bhileog sonraí comhábhar faoi rún.

4.   I gcás ina measann allmhaireoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, ní chuirfidh siad ar an margadh é nó go dtabharfar i gcomhréir é. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, cuirfidh na hallmhaireoirí an monaróir agus na húdaráis faireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

5.   Áiritheoidh allmhaireoirí go gcomhlíonfaidh glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chuireann siad ar an margadh Airteagal 17(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 18(1), Airteagal 19(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3).

6.   Áiritheoidh allmhaireoirí, fad a bheidh glantach nó dromchlaghníomhaí faoina bhfreagracht, nach ndéanfar comhlíonadh an Rialacháin seo a chur i mbaol le dálaí stórála ná iompair.

7.   I gcás ina meastar é a bheith iomchuí maidir le feidhmíocht glantaigh nó dromchlaghníomhaí nó maidir leis na rioscaí a bhaineann leo, déanfaidh allmhaireoirí tástáil shamplach ar na glantaigh agus ar na dromchlaghníomhaithe sin, imscrúdóidh siad gearáin agus, más gá, coimeádfaidh siad clár um ghearáin maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe neamh-chomhlíontacha agus maidir le haisghairm na nglantach agus na ndromchlaghníomhaithe sin, agus coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoin bhfaireachán sin.

8.   I gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir agus na húdaráis inniúla ar an eolas láithreach agus comhoibreoidh siad leo agus déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá láithreach chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

9.   Áiritheoidh allmhaireoirí go gcoinneofar oibreoirí eacnamaíocha eile sa slabhra soláthair lena mbaineann ar an eolas gan mhoill maidir le haon neamhchomhlíonadh nó aon riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol a shainaithin siad agus maidir le haon ghníomhaíocht cheartaitheach, aisghairm nó tarraingt siar dá bharr sin.

10.   Coinneoidh allmhaireoirí an tagairt don aitheantóir táirge uathúil agus don doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2) ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a cuireadh an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar an margadh.

11.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun léiriú a thabhairt ar chomhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an Rialachán seo a chur ar fáil don údarás sin, i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm páipéir, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh allmhaireoirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu.

12.   Fíoróidh allmhaireoirí an bhfuil na bealaí cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 8(11) ar fáil go poiblí do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. I gcás nach bhfuil siad ar fáil, déanfaidh na hallmhaireoirí foráil do na bealaí sin, agus riachtanais inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh.

Airteagal 11

Oibleagáidí dáileoirí

1.   Agus glantach nó dromchlaghníomhaí á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo.

2.   Sula gcuirfidh dáileoirí glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go ngabhann na doiciméid agus lipéad ar a bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus (4) leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, sna coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 17(5);

(b)

i gcás ina gcuirtear lipéad digiteach ar fáil, go gcomhlíontar na ceanglais in Airteagal 19(1), pointí (a), (d), (e) agus (h), Airteagal 19(2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3); agus

(c)

go bhfuil an t-iompróir sonraí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 21(4).

3.   Dáileoirí a chuireann glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh i mBallstát eile a bhfuil bileog sonraí comhábhar le soláthar ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8(6), cuirfidh siad an bhileog sonraí comhábhar faoi bhráid an chomhlachta ceaptha sa Bhallstát sin sula gcuirfidh siad an táirge ar fáil inti, agus nuashonróidh siad an bhileog sonraí comhábhar i gcás inar gá, mura féidir leo a léiriú go bhfuair an comhlacht ceaptha an fhaisnéis chéanna ó oibreoir eacnamaíoch eile cheana féin. Coinneoidh na dáileoirí an fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar faoi rún.

4.   I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, ní chuirfidh siad ar fáil ar an margadh é nó go dtabharfar i gcomhréir é. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, cuirfidh dáileoirí na húdaráis faireachais margaidh, an monaróir agus, i gcás inarb ábhartha, an t-ionadaí údaraithe nó an t-allmhaireoir ar an eolas faoi sin.

5.   Áiritheoidh dáileoirí, fad a bheidh glantach nó dromchlaghníomhaí faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair comhlíonadh an Rialacháin seo a chur i mbaol.

6.   I gcás ina measann dáileoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas láithreach agus comhoibreoidh siad leo agus áiritheoidh siad go ndéanfar an beart ceartaitheach is gá chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.

7.   Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, déanfaidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun léiriú a thabhairt ar chomhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an Rialachán seo a chur ar fáil don údarás sin, i bhfoirm leictreonach agus, arna iarraidh sin, i bhfoirm páipéir. Oibreoidh dáileoirí i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar fáil ar an margadh acu.

Airteagal 12

Soláthar trí athlíonadh

Gan dochar do Rialacháin (AE) 2023/988 (20) agus (AE) 2025/40 (21) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais sábháilteachta agus sláinteachais maidir le hathlíonadh, lena n-áirítear an riosca go dtógfaí iad in ábhraíocht earraí bia, i gcás ina gcuirtear glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh trí athlíonadh, áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar fáil d’úsáideoirí deiridh an méid seo a leanas:

(a)

go gcuirfear bearta maolaithe riosca i bhfeidhm chun nochtadh daoine, go háirithe leanaí, a íoslaghdú, lena n-áirítear trí chosc a chur ar leanaí an stáisiún athlíonta a úsáid gan mhaoirseacht agus trí oiliúint iomchuí a chur ar a bhfoireann; agus

(b)

nach n-imoibríonn na glantaigh ná na dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a sholáthraítear trí stáisiún athlíonta le chéile ar bhealach a d’fhéadfadh sláinte an duine a chur i mbaol.

Airteagal 13

Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoirí nó dáileoirí a bheith ina monaróirí chun críocha an Rialacháin seo agus beidh siad faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 8 sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcuirfidh siad glantach nó dromchlaghníomhaí ar an margadh faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc;

(b)

i gcás ina modhnaíonn siad glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chomhlíonadh an Rialacháin seo; nó

(c)

i gcás ina gcuireann siad dromchlaghníomhaí nach dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh é ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh.

Airteagal 14

Pacáistiú agus athphacáistiú arna dhéanamh ag allmhaireoirí agus dáileoirí

1.   I gcás ina ndéanann allmhaireoirí nó dáileoirí glantach nó dromchlaghníomhaí a phacáistiú nó a athphacáistiú agus nach bhfuil na hallmhaireoirí nó na dáileoirí sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra de bhun Airteagal 13, déanfaidh siad an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme agus sa bhreis ar a n-oibleagáidí faoi Airteagal 10 nó 11:

(a)

a áirithiú go mbeidh ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an allmhaireora nó an dáileora ar an bpacáiste, agus na focail ‘arna phacáistiú ag’ nó ‘arna athphacáistiú ag’ roimhe;

(b)

sampla den fhaisnéis bhunaidh dá dtagraítear in Airteagal 17(3) nó (4) a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh go ceann 10 mbliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar an margadh; agus

(c)

an tagairt don aitheantóir táirge uathúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh ar feadh 10 mbliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh.

2.   Chun críocha an Airteagail seo, ní mheastar gur pacáistiú ná athphacáistiú é glantaigh nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a chur ar fáil ar an margadh ag stáisiúin athlíonta.

Airteagal 15

Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha

1.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin d’údarás faireachais margaidh, an méid seo a leanas a shainaithint:

(a)

aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair glantach nó dromchlaghníomhaí dóibh; agus

(b)

aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad glantach nó dromchlaghníomhaí dó.

2.   Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar go ceann 10 mbliana tar éis an glantach nó an dromchlaghníomhaí a sholáthar dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh an glantach nó an dromchlaghníomhaí a sholáthar.

Airteagal 16

Rúndacht na bileoige sonraí comhábhar

Coinneoidh comhlachtaí ceaptha agus pearsanra liachta an fhaisnéis a áirítear ar an mbileog sonraí comhábhar faoi rún. Ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid ach sna cásanna seo a leanas:

(a)

chun freastal ar éileamh leighis trí bhearta coisctheacha agus leigheasacha a fhoirmliú, go háirithe i gcás éigeandála; nó

(b)

i gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát, an Coimisiún nó an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán é, anailís staidrimh a dhéanamh d’fhonn na réimsí a aimsiú ina bhféadfaí feabhas a chur ar bhearta bainistithe riosca.

CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

Airteagal 17

Ceanglais maidir le lipéadú táirgí

1.   Beidh lipéad ag gabháil le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil ar an margadh i bpacáistíocht aonair nó trí athlíonadh.

2.   Maidir le hoibreoir eacnamaíoch a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh go díreach d’úsáideoir deiridh trí athlíonadh, soláthróidh sé an lipéad fisiceach agus an t-iompróir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointe (h) don úsáideoir deiridh, agus áiritheoidh sé go mbeidh an lipéad fisiceach agus an t-iompróir sonraí ar fáil le haghaidh gach pacáiste a athlíontar le glantach nó le dromchlaghníomhaí.

3.   Beidh an fhaisnéis a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn V ar lipéad glantach agus dromchlaghníomhaithe.

4.   I dteannta na faisnéise dá dtagraítear i mír 3, beidh faisnéis dáileoige i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn V ar lipéad na nglantach níocháin tomhaltóra, na nglantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra agus na nglantach tomhaltóra le haghaidh dromchlaí.

5.   Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4 i dteanga amháin nó níos mó ar féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca, arna gcinneadh ag an mBallstát lena mbaineann, agus beidh sí soléite, soiléir, intuigthe agus intuisceana. Beidh an lipéad inrochtana chun críocha cigireachta áit a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh.

Airteagal 18

Foirmeacha lipéadaithe

1.   Soláthrófar an fhaisnéis lipéadaithe dá dtagraítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn V:

(a)

ar lipéad fisiceach; nó

(b)

ar lipéad digiteach agus dúbailte ar lipéad fisiceach.

2.   D’ainneoin mír 1, pointe (b):

(a)

ní fhéadfar an fhaisnéis lipéadaithe dá dtagraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn V a sholáthar ach ar lipéad digiteach amháin;

(b)

ní fhéadfar an fhaisnéis lipéadaithe dá dtagraítear i gCuid A, pointí 1(a), (c) agus (d), d’Iarscríbhinn V a sholáthar ach ar lipéad fisiceach amháin.

Airteagal 19

Ceanglais maidir le lipéadú digiteach

1.   I gcás ina mbeidh lipéad digiteach ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe i gcomhréir le hAirteagal 18, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir leis an lipéad sin:

(a)

déantar an fhaisnéis lipéadaithe uile dá dtagraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn V agus, i gcás inarb infheidhme, i gCuid B den Iarscríbhinn sin, a sholáthar le chéile in aon áit amháin agus a dheighilt ó fhaisnéis eile;

(b)

tá an fhaisnéis ar an lipéad digiteach inchuardaithe;

(c)

tá an fhaisnéis ar an lipéad digiteach inrochtana do gach úsáideoir san Aontas;

(d)

tá an fhaisnéis ar an lipéad digiteach inrochtana tríd an iompróir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(2), pointe (h);

(e)

cuirtear an fhaisnéis ar an lipéad digiteach i láthair ar bhealach lena dtugtar aghaidh freisin ar riachtanais grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, agus lena dtacaítear, de réir mar is ábhartha, leis na hoiriúnuithe is gá chun rochtain ar an bhfaisnéis ag na grúpaí sin a éascú;

(f)

tá an lipéad digiteach inrochtana trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáidtear go forleathan agus atá comhoiriúnach leis na mórchórais oibriúcháin agus na príomhbhrabhsálaithe uile;

(g)

tá an lipéad digiteach fós ar fáil ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a chuirfear an glantach nó an dromchlaghníomhaí ar an margadh, lena n-áirítear i gcásanna dócmhainneachta, leachtaithe nó scoir gníomhaíochta san Aontas de chuid an oibreora eacnamaíoch a chruthaigh é, nó ar feadh tréimhse níos faide mar a cheanglaítear faoi dhlí eile de chuid an Aontais lena gcumhdaítear an fhaisnéis atá ann;

(h)

i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ar an lipéad digiteach inrochtana i níos mó ná teanga amháin, níl an rogha teanga le bheith faoi choinníoll ag an suíomh geografach óna bhfaigheann an t-úsáideoir deiridh rochtain air.

2.   Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a sholáthraíonn lipéad digiteach aon fhaisnéis úsáide a rianú, a anailísiú ná a úsáid ach amháin a mhéid is fíorghá chun an fhaisnéis ar an lipéad digiteach a sholáthar ar líne.

3.   Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar fáil ar an margadh d’úsáideoirí deiridh an fhaisnéis atá ar an lipéad digiteach trí mhodhanna eile sna cásanna seo a leanas:

(a)

arna iarraidh sin ó bhéal nó i scríbhinn ag an úsáideoir deiridh; nó

(b)

i gcás nach mbíonn fáil ar an lipéad digiteach go sealadach, lena n-áirítear tráth an cheannaigh.

Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír go neamhspleách ar cheannach glantaigh nó dromchlaghníomhaí agus saor in aisce.

Airteagal 20

Ciandíolacháin

I gcás ina gcuirtear glantaigh nó dromchlaghníomhaithe ar fáil ar an margadh trí chiandíolacháin, léireofar go soiléir agus go feiceálach sa tairiscint an fhaisnéis lipéid dá dtagraítear in Airteagal 17, agus cóip dhigiteach den iompróir sonraí nó den aitheantóir táirge uathúil.

CAIBIDIL V

PAS TÁIRGE DIGITEACH

Airteagal 21

Pas táirge digiteach

1.   Sula gcuirfidh siad glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh, cruthóidh an monaróir pas táirge digiteach don táirge sin. Comhlíonfaidh an pas táirge digiteach na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 22.

2.   Déanfaidh an pas táirge digiteach an méid seo a leanas:

(a)

comhfhreagróidh sé do mhúnla sonrach den ghlantach nó den dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh;

(b)

luafar ann gur léiríodh go bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh ag an nglantach nó ag an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh;

(c)

beidh na sonraí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI ann;

(d)

beidh sé cruinn, iomlán agus cothrom le dáta;

(e)

beidh sé ar fáil sa teanga nó sna teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a chur ar fáil ar an margadh;

(f)

beidh sé inrochtana do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí deiridh eile, d’údaráis faireachais margaidh, d’údaráis chustaim, don Choimisiún agus d’oibreoirí eacnamaíocha eile i gcomhréir leis na cearta rochtana a leagtar síos de bhun mhír 10, pointe (d);

(g)

beidh sé ar fáil go ceann tréimhse 10 mbliana ón dáta a chuirfear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh, cásanna de dhócmhainneacht, leachtú nó scor de ghníomhaíocht san Aontas de chuid an oibreora eacnamaíoch a chruthaigh an pas táirge digiteach san áireamh;

(h)

beidh sé nasctha, trí iompróir sonraí, le haitheantóir táirge uathúil leanúnach; agus

(i)

comhlíonfaidh sé na ceanglais shonracha agus theicniúla a leagtar síos de bhun mhír 10.

3.   I dteannta na sonraí a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VI, féadfaidh na sonraí a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn sin a bheith sa phas táirge digiteach.

4.   I gcás an iompróra sonraí dá dtagraítear i mír 2, pointe (h):

(a)

beidh sé priontáilte nó léirithe go fisiciúil ar bhealach eile ar lipéad nó ar phacáistíocht an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh, nó ar na doiciméid a ghabhann leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh má iompraítear ar an mórchóir iad, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 10;

(b)

beidh sé doscriosta;

(c)

beidh sé suite ar bhealach lena phróiseáil go huathoibríoch le gléasanna digiteacha;

(d)

beidh sé i láthair ar an stáisiún athlíonta, i gcás glantach agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a chuirtear ar fáil ar an margadh trí athlíonadh;

(e)

beidh an ráiteas ‘Scanadh le haghaidh faisnéis níos cuimsithí faoin táirge’ nó ráiteas comhchosúil ag gabháil leis; agus

(f)

beidh sé le feiceáil go soiléir ag an tomhaltóir nó ag na húsáideoirí deiridh eile roimh aon cheannachán agus ag údaráis faireachais margaidh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, i gcásanna ina gcuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar fáil ar an margadh trí chiandíolacháin.

5.   I gcás ina gceanglaítear le dlí eile an Aontais go mbeidh faisnéis faoin nglantach nó faoin dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar fáil trí iompróir sonraí, úsáidfear iompróir sonraí amháin chun an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus faoi dhlí eile an Aontais a sholáthar.

6.   I gcás ina n-éilítear pas táirge digiteach le dlí eile an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir le glantaigh agus le dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh, cruthófar pas táirge digiteach aonair le haghaidh glantach agus le haghaidh dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh, ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear faoin Rialachán seo chomh maith le haon sonraí eile a cheanglaítear le haghaidh an phas táirge dhigitigh le dlí eile de chuid an Aontais.

7.   De mhaolú ar mhír 2, pointe (a), i gcás ina gceanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais go gcomhfhreagróidh an pas táirge digiteach do leibhéal na baisce nó do leibhéal an earra, d’fhéadfaí an pas táirge digiteach chun críocha an Rialacháin seo a eisiúint don leibhéal sin.

8.   De bhreis ar na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha faisnéis eile a chur ar fáil tríd an iompróir sonraí dá dtagraítear i mír 5. Sna cásanna sin, déanfar na sonraí sin a dheighilt go soiléir ó na sonraí a cheanglaítear faoin Rialachán seo agus, i gcás inarb ábhartha, faoi dhlí eile de chuid an Aontais.

9.   Tríd an bpas táirge digiteach a chruthú, glacfaidh an monaróir freagracht air féin maidir le comhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh leis an Rialacháin seo.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear na buncheanglais theicniúla a bhaineann leis an bpas táirge digiteach le haghaidh glantach agus le haghaidh dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh. Ní bheidh dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin níos luaithe ná 18 mí ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngníomh cur chun feidhme ina iomláine nó le forálacha áirithe de, nó i gcás ina ndéantar an gníomh cur chun feidhme a aisghairm nó a leasú go páirteach ar ina leith a fhéadfar dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a shocrú. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna riachtanais theicniúla sin:

(a)

iompróir sonraí amháin nó níos mó a bheidh le húsáid;

(b)

an leagan amach ina mbeidh an t-iompróir sonraí le cur i láthair agus a shuíomh;

(c)

eilimintí teicniúla an phas táirge dhigitigh a n-úsáidfear caighdeáin shainithe Eorpacha nó idirnáisiúnta ina leith;

(d)

na gníomhaithe a mbeidh rochtain acu ar na sonraí sa phas táirge digiteach agus cé na sonraí ar a mbeidh rochtain acu;

(e)

na gníomhaithe a bheidh le pas táirge digiteach a chruthú nó na sonraí i bpas táirge digiteach a nuashonrú agus cé na sonraí a fhéadfaidh siad a thabhairt isteach nó a nuashonrú; agus

(f)

na socruithe mionsonraithe maidir le sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) a thabhairt isteach nó a thabhairt cothrom le dáta.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

11.   Na gníomhaithe a thugann sonraí cothrom le dáta sa phas táirge digiteach, beidh siad freagrach as cruinneas na sonraí a sholáthraíonn siad, ach amháin i gcásanna ina ngníomhaíonn siad thar ceann an mhonaróra.

12.   Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh an méid seo a leanas:

(a)

cóip dhigiteach den iompróir sonraí nó den aitheantóir táirge uathúil a sholáthar do dháileoirí agus do sholáthraithe margaí ar líne, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann an t-iompróir sonraí nó an t-aitheantóir táirge uathúil a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí ionchasacha nach féidir leo rochtain a fháil ar an táirge go fisiceach;

(b)

an chóip dhigiteach dá dtagraítear i bpointe (a) nó nasc leathanaigh gréasáin a sholáthar saor in aisce go pras agus in aon chás laistigh de 5 lá oibre tar éis iarraidh a fháil é sin a dhéanamh; agus

(c)

cóip chúltaca den phas táirge digiteach a chur ar fáil trí sholáthraí seirbhíse pas táirge dhigitigh.

Airteagal 22

Dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh

Comhlíonfaidh dearadh teicniúil agus oibriú an phas táirge dhigitigh gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)

tá an pas táirge digiteach go hiomlán idir-inoibritheach le pasanna táirge digiteacha eile a cheanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais i ndáil leis na gnéithe teicniúla, séimeantacha agus eagraíochtúla a bhaineann le cumarsáid agus le haistriú sonraí ó cheann go ceann;

(b)

tá na sonraí go léir atá sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, a fhorbraítear i bhformáid idir-inoibritheach, agus tá siad, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe agus inaistrithe trí líonra malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí;

(c)

tá rochtain saor in aisce ag tomhaltóirí nó úsáideoirí deiridh eile, oibreoirí eacnamaíocha, údaráis inniúla náisiúnta, údaráis chustaim, an Coimisiún agus gníomhaithe ábhartha eile, ar bhonn a gceart rochtana faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar an bpas táirge digiteach;

(d)

ní cheanglaítear ar thomhaltóirí ná ar úsáideoirí deiridh eile clárú ná pasfhocal a sholáthar chun rochtain a fháil ar an bpas táirge digiteach;

(e)

is é an t-oibreoir eacnamaíoch atá freagrach as an bpas táirge digiteach a chruthú, nó soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha, a stórálfaidh an pas táirge digiteach;

(f)

i gcás ina gcruthaítear pas táirge digiteach nua le haghaidh glantach nó le haghaidh dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a bhfuil pas táirge digiteach amháin nó níos mó aige cheana féin, déantar an pas táirge digiteach nua a nascadh leis na pasanna bunaidh táirge digiteacha sin;

(g)

i gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha an pas táirge digiteach a stóráil de bhun phointe (e) den Airteagal seo nó a phróiseáil ar bhealach eile de bhun Airteagal 21(12), pointe (c), ní dhéanann na soláthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha sin na sonraí sin a dhíol, a athúsáid ná a phróiseáil, go hiomlán nó go páirteach, thar a bhfuil riachtanach chun na seirbhísí stórála nó próiseála ábhartha a sholáthar, ach amháin má chomhaontaítear go sonrach leis an oibreoir eacnamaíoch a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh a leithéid a dhéanamh;

(h)

ní dhéanann oibreoirí eacnamaíocha aon fhaisnéis úsáide a rianú, a anailísiú ná a úsáid ach amháin a mhéid is fíorghá chun an fhaisnéis ar an bpas táirge digiteach a sholáthar ar líne; go háirithe, ní stóráiltear sonraí pearsanta a bhaineann le tomhaltóir nó úsáideoir deiridh eile an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh sa phas táirge digiteach gan a dtoiliú sainráite a bheith tugtha i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22);

(i)

áirithítear fíordheimhniú, iontaofacht agus sláine sonraí;

(j)

déantar pasanna táirge digiteacha a dhearadh agus a oibriú ar shlí lena n-áirithítear ardleibhéal slándála agus príobháideachais agus lena seachnófar calaois.

Airteagal 23

Iompróirí sonraí agus aitheantóirí uathúla

1.   Comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí, na haitheantóirí táirge uathúla agus na haitheantóirí oibreora uathúla a cheanglaítear de bhun an Rialacháin seo na caighdeáin is infheidhme maidir le hiompróirí sonraí, aitheantóirí táirge uathúla agus aitheantóirí oibreora uathúla de bhun Rialachán (AE) 2024/1781.

2.   I gcás nach bhfuil aitheantóir oibreora uathúil ar fáil go fóill, beidh feidhm ag Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2024/1781 maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chruthaíonn nó a nuashonraíonn pas táirge digiteach faoin Rialachán seo. Aon rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú saolré aitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2024/1781, beidh feidhm acu freisin maidir le haitheantóirí uathúla agus iompróirí sonraí faoin Rialachán seo.

3.   I gcás ina bhfuil glantach nó dromchlaghníomhaí faoi réir oibleagáide foráil a dhéanamh maidir le pas táirge digiteach faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/1781 nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais, is mar an gcéanna a bheidh an t-aitheantóir táirge uathúil dá dtagraítear in Airteagal 24(2), an chéad fhomhír, den Rialachán seo, an t-aitheantóir oibreora uathúil agus an t-aitheantóir clárúcháin uathúil.

4.   Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon nós imeachta chun dintiúir dhigiteacha oibreoirí eacnamaíocha agus gníomhaithe ábhartha eile a eisiúint agus a fhíorú a bhfuil cearta rochtana acu ar shonraí a áirítear sa phas táirge digiteach agus a bhunaítear le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1781.

5.   Beidh feidhm freisin chun críocha an Rialacháin seo ag aon cheanglas nach mór do sholáthraithe seirbhíse pasanna táirge digiteacha a chomhlíonadh chun bheith ina soláthraithe den sórt sin, agus, i gcás inarb iomchuí, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 11, an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2024/1781.

Airteagal 24

Clárlann na bpasanna táirge digiteacha

1.   Sula gcuirfear glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh, uaslódálfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha, sa chlárlann a bhunaítear faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1781, an t-aitheantóir táirge uathúil agus an t-aitheantóir oibreora uathúil don ghlantach nó don dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh.

I gcás glantach nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a bheartaítear a chur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, stórálfaidh an chlárlann cód tráchtearra an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh freisin.

2.   Tráth a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch na sonraí dá dtagraítear i mír 1 a uaslódáil sa chlárlann, déanfaidh an chlárlann aitheantóir clárúcháin uathúil a bhaineann leis na haitheantóirí arna n-uaslódáil sa chlárlann le haghaidh glantach sonrach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh sonrach a chur in iúl go huathoibríoch don oibreoir eacnamaíoch (aitheantóir clárúcháin ’uathúil). Ní mheasfar an chumarsáid sin ón gclárlann a bheith ina cruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí de chuid an Aontais.

Féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na socruithe cur chun feidhme don chlárlann, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

3.   Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis chustaim ar an gclárlann chun a ndualgais a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 25

Rialuithe custaim a bhaineann leis an bpas táirge digiteach

1.   Beidh glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a thagann isteach i margadh an Aontais faoi réir fíoruithe agus bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo.

2.   Aon duine a bheartaíonn glantach nó dromchlaghníomhaí a chur faoin nós imeachta custaim dar teideal ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, soláthróidh sé an t-aitheantóir clárúcháin uathúil do na húdaráis chustaim, nó cuirfidh sé ar fáil dóibh é.

3.   Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis dóibh a fhíorú ar a laghad go bhfreagraíonn an t-aitheantóir clárúcháin uathúil agus an cód tráchtearra arna soláthar nó arna gcur ar fáil dóibh do na sonraí atá stóráilte sa chlárlann. Ní mheasfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith ina chruthúnas ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ná aon dlí eile de chuid an Aontais.

4.   Déanfar an fíorú dá dtagraítear i mír 3 go leictreonach agus go huathoibríoch tríd an idirnasc idir an chlárlann agus Córas Malartaithe Deimhnithe de chuid Ionad Ilfhreastail AE maidir le Custam agus beidh feidhm aige ón 23 Meán Fómhair 2029 nó ón dáta a mbeidh an t-idirnasc sin oibríochtúil, cibé acu is déanaí.

5.   Féadfaidh na húdaráis chustaim agus an Coimisiún na sonraí maidir leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a áirítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a ndualgais a dhéanamh de bhun dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le bainistiú riosca, rialuithe custaim agus scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

6.   Déanfar na fíoruithe agus na bearta eile a leagtar síos san Airteagal seo ar bhonn an liosta de chóid tráchtearraí agus tuairisc ar tháirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

7.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Caibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020.

CAIBIDIL VI

FAIREACHAS MARGAIDH

Airteagal 26

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le faireachas margaidh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe

1.   Féadfaidh údaráis faireachais margaidh Ballstáit meastóireacht a dhéanamh i ndáil le glantach nó dromchlaghníomhaí, lena gcumhdófar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh an mheastóireacht sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis faireachais margaidh.

2.   Agus tástálacha á ndéanamh acu chun críche na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh na húdaráis faireachais margaidh na modhanna tagartha a leagtar amach sna hIarscríbhinní, de réir mar is infheidhme.

3.   Más rud é, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, go gcinnfidh na húdaráis faireachais margaidh, nach gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, iad a tharraingt siar ón margadh, nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear i mír 1.

4.   I gcás ina measann údarás faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach a d’éiligh sé ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.

5.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí uile i leith na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh san Aontas.

6.   I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an nglantach nó an dromchlaghníomhaí a chur ar a margadh náisiúnta, chun é a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, i dtaobh aon bhearta a dhéanfaidh siad faoin gcéad fhomhír. Leis an bhfaisnéis sin, áireofar na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí sin is gá chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí sin, cineál an neamhchomhlíonta atá á líomhain, an riosca atá i gceist, maille le cineál agus fad na mbeart a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha.

7.   Údaráis faireachais margaidh na mBallstát, seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta faoin Airteagal seo, cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas faoi aon bhearta a glacadh nó faoi aon fhaisnéis bhreise a bheidh acu i dtaobh neamhchomhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí lena mbaineann agus i gcás nach n-aontóidh siad leis na bearta sin, cuirfidh siad a gcuid agóidí in iúl freisin.

8.   Más rud é, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6 a fháil, nach ndéanann údarás faireachais margaidh ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach a dhéanann Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

9.   Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh go ndéanfar bearta sriantacha sealadacha iomchuí, mar shampla an glantach nó an dromchlaghníomhaí a tharraingt siar ón margadh, i leith an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí lena mbaineann gan mhoill.

10.   Chun críocha mhíreanna 4, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an fhaisnéis isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.

Airteagal 27

Nós imeachta coimirce an Aontais

1.   Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) agus (6) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag údarás faireachais margaidh, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

2.   Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an glantach nó an dromchlaghníomhaí neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

3.   Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.

Airteagal 28

Glantaigh agus dromchlaghníomhaithe comhlíontacha ar riosca iad do shláinte an duine nó don chomhshaol

1.   Más rud é, tar éis meastóireacht a bheith déanta faoi Airteagal 26(1), go gcinneann údarás faireachais margaidh cé go bhfuil glantach nó dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis an Rialachán seo, gur riosca é do shláinte an duine nó don chomhshaol, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach mbainfidh an riosca sin níos mó leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, nuair a chuirtear ar an margadh iad, chun iad a tharraingt siar ón margadh nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir le cineál an riosca sin.

2.   Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar na bearta dá dtagraítear i mír 1 i leith na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh san Aontas.

3.   Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, maidir le haon bheart dá dtagraítear i mír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun na glantaigh nó na dromchlaghníomhaithe lena mbaineann a shainaithint, tionscnamh agus slabhra soláthair na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe sin, an cineál riosca a bhaineann leo agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.

4.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta a rinneadh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis na bearta náisiúnta agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.

Airteagal 29

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.   Gan dochar d’Airteagal 26, i gcás ina bhfaighidh údarás faireachais margaidh amach gur tharla ceann amháin de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

níor tarraingíodh suas an pas táirge digiteach i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22;

(b)

níl an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(2) ar fáil nó tá sí neamhiomlán;

(c)

an t-iompróir sonraí trína bhfuil an pas táirge digiteach agus, i gcás inarb ábhartha, an lipéad digiteach inrochtana, ní sholáthraítear iad i gcomhréir le hAirteagal 21(4), pointe (a) nó (d), de réir mar is infheidhme;

(d)

nár soláthraíodh an lipéad, nó nár soláthraíodh an lipéad i gcomhréir le hAirteagail 18 agus 19, nó go bhfuil an fhaisnéis faoi lipéadú dá dtagraítear in Iarscríbhinn V bréagach nó neamhiomlán;

(e)

níor cuireadh an bhileog sonraí comhábhar in iúl nó níor tugadh cothrom le dáta í i gcomhréir le hAirteagal 8(6), Airteagal 9(4), pointe (a), Airteagal 10(3) nó Airteagal 11(3), de réir mar is infheidhme.

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart iomchuí chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéanfar é a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

CAIBIDIL VII

CUMHACHTAÍ TARMLIGTHE AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 30

Cumhachtaí tarmligthe

1.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinní I agus II, Iarscríbhinn III cé is moite de theorainnluachanna fosfair agus Iarscríbhinn IV go hIarscríbhinn VII, i gcás inar gá na leasuithe sin chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil nó eolaíoch.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn VI, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a sholáthrófar ar an bpas táirge digiteach, chun críocha é a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus do leibhéal ullmhachta digití na n-údarás faireachais margaidh agus na n-úsáideoirí deiridh.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Airteagal 24(1) trína cheangal go ndéanfaí faisnéis bhreise i measc na faisnéise atá liostaithe in Iarscríbhinn VI a stóráil sa chlárlann.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

comhleanúnachas le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais i gcás inarb ábhartha;

(b)

an gá atá ann a fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú;

(c)

ábharthacht na faisnéise chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na seiceálacha um fhaireachas margaidh agus na rialuithe custaim maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh; agus

(d)

an gá atá gan ualach díréireach riaracháin a fhorchur ar oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis náisiúnta.

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn I agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 4 chun:

(a)

na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus na modhanna tástála comhfhreagracha le haghaidh dromchlaghníomhaithe nó dromchlaghníomhaithe atá i nglantaigh a leasú;

(b)

critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála comhfhreagracha a leagan amach le haghaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó seachas dromchlaghníomhaithe; nó

(c)

eisceachtaí a leagan amach lena n-údaraítear úsáid theoranta a bhaint as substaintí orgánacha sonracha i nglantaigh nach gcomhlíonann na critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a leagtar síos i gcomhréir le pointe (b), i gcás ina bhfuil údar cuí leis.

Faoin 23 Márta 2029, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar amach critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála le haghaidh sceo agus polaiméirí laistigh de sceo.

Faoin 23 Márta 2031, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe lena leagtar amach critéir in-bhithdhíghrádaitheachta agus modhanna tástála le haghaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó i dtiúchan 10 % w/w, ar a laghad, de mhais iomlán na substaintí, seachas uisce, i nglantaigh, nach dromchlaghníomhaithe, sceo ná polaiméirí laistigh de sceo iad.

5.   Is é is cuspóir do na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an méid seo a leanas:

(a)

an tionchar ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, lena n-áirítear fianaise eolaíoch a léiríonn go bhfuil riosca ann;

(b)

cleachtais mhonaraíochta;

(c)

infhaighteacht roghanna malartacha atá indéanta go teicniúil agus go heacnamaíoch;

(d)

an tionchar ar ghléasraí cóireála fuíolluisce; agus

(e)

an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

6.   Faoin 23 Meán Fómhair 2028 glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear pointe 7 in Iarscríbhinn II chun modheolaíocht a leagan amach chun measúnú riosca a dhéanamh ar leibhéal an straidhn agus ar leibhéal an táirge faoi na coinníollacha úsáide intuartha uile arna maíomh ag an monaróir.

Beidh sa mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír na rialacha maidir le miocrorgánaigh a shainaithint agus a shaintréithriú agus na critéir lena gcinntear má tá an glantach sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol, lena n-áirítear acmhainneacht íograithe craicinn agus riospráide táirgí i bhformáid sprae, agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás ionghabháil glantach a úsáidtear ar dhromchlaí a bhíonn i dteagmháil le bia.

Bunófar an mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír trí mhodhanna tástála gan ainmhithe a úsáid, gan dochar d’aon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus ní chuirfear cosc léi ar sonraí stairiúla a úsáid.

7.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn IV chun ceanglais chomhchuibhithe a leagan amach, lena n-áirítear formáid chomhchuibhithe, maidir leis an gcaoi leis an mbileog sonraí comhábhar a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 8(6), Airteagal 9(4), pointe (a), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(3), agus chun mionsonraí na cumarsáide sin agus na coinníollacha lena gceanglaítear nuashonrú a dhéanamh ar bhileog sonraí na gcomhábhar a leagan amach. Agus na ceanglais, na sonraí agus na coinníollacha sin á bhforbairt aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le rochtain éifeachtach ar bhileog sonraí na gcomhábhar ag comhlachtaí ceaptha a áirithiú, chomh maith leis an ngá atá leis an ualach riaracháin a choinneáil chomh beag is féidir.

8.   I gcás ina dtugtar isteach teorainneacha tiúchana rioscabhunaithe aonair le haghaidh ailléirginí cumhráin nó ina leasaítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán seo lena leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo chun í a oiriúnú do na teorainneacha tiúchana le haghaidh ailléirginí cumhráin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009.

9.   I gcás ina liostaítear ailléirginí cumhráin nua in Iarscríbhinní II nó III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán seo chun na hailléirginí cumhráin sin a chur le Cuid D d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

10.   Faoin 1 Deireadh Fómhair 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, trí na ceanglais shonracha maidir le lipéadú digiteach glantach a chinneadh. Suífear leis na ceanglais sin ar a laghad na cineálacha réitigh IT a fhéadfaidh oibreoirí eacnamaíocha a úsáid, agus na bealaí malartacha chun an fhaisnéis ar an lipéad digiteach dá dtagraítear in Airteagal 19 a sholáthar.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a)

nach gcuirfidh an gá atá leis an lipéadú digiteach isteach ar shábháilteacht na n-úsáideoirí deiridh agus ar an gcomhshaol;

(b)

comhleanúnachas le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais;

(c)

an gá atá leis an nuálaíocht a spreagadh;

(d)

neodracht theicneolaíoch a shaintréithrítear leis an easpa srianta nó saintreoracha ar roghanna teicneolaíochta nó trealaimh, laistigh de theorainneacha na comhoiriúnachta agus na seachanta trasnaíochta; agus

(e)

leibhéal na hullmhachta digití ar fud gach grúpa daonra san Aontas, chomh maith le hullmhacht an bhonneagair gan sreang agus an bhonneagair teicneolaíochta eile is gá chun rochtain gan teorainn a thabhairt ar an bhfaisnéis ar cheimiceáin agus ar dhromchlaghníomhaithe.

11.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn V, a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis faoi lipéadú, nach gceadaítear d’oibreoirí eacnamaíocha a sholáthar ach ar bhonn digiteach i gcomhréir le hAirteagal 17(2), chun an Iarscríbhinn sin a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch agus do leibhéal na hullmhachta digití atá ag úsáideoirí deiridh glantach agus dromchlaghníomhaithe. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú.

12.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 lena leasaítear Iarscríbhinn VII chun liosta na gcód tráchtearraí agus na dtuairiscí ar tháirgí maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a thabhairt cothrom le dáta. Bunófar na leasuithe sin ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 30 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 22 Márta 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 30 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát ag gníomhú dó i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 30 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina leith. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um ghlantaigh cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 33

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, gan mhoill, agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 34

Tuarascálacha agus athbhreithniú

1.   Faoin 23 Márta 2033, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh measúnú sa tuarascáil sin ar an gcaoi a bhfuil cuspóirí an Rialacháin seo á mbaint amach, lena n-áirítear an tionchar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus áireofar inti na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

a mhéid a bhaineann le glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh, oiriúnacht na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn II chun sábháilteacht na dtáirgí sin do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú;

(b)

a mhéid a bhaineann le hin-bhithdhíghrádaitheacht, measúnú ar a indéanta atá sé critéir in-bhithdhíghrádaitheachta a thabhairt isteach le haghaidh substaintí orgánacha a chuirtear isteach d’aon ghnó i nglantaigh i dtiúchan níos ísle ná 10 % w/w de mhais iomlán na substaintí, seachas uisce, nach dromchlaghníomhaithe, sceo agus polaiméirí laistigh de sceo iad, lena n-áirítear d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar a indéanta atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach 10 % síos;

(c)

a mhéid a bhaineann le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar na substaintí is díobhálaí, measúnú ar an ngá atá le forálacha a áireamh sa Rialachán seo maidir le láithreacht na substaintí sin i nglantaigh agus i ndromchlaghníomhaithe, agus idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le dlíthe ábhartha eile an Aontais á gcur san áireamh;

(d)

a mhéid a bhaineann le glantaigh ina bhfuil substaintí gníomhacha bithicídeacha, seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measúnú ar an ngá atá le rialacha níos déine a thabhairt isteach;

(e)

a mhéid a bhaineann le glantaigh ina bhfuil fosfáití agus comhdhúile eile fosfair, an fhéidearthacht teorainn bhreise a chur leis an gcion fosfair nó teorainneacha ar an gcion fosfair ar chatagóirí eile táirgí a chur le hIarscríbhinn III, d’fhonn scrúdú a dhéanamh ar a indéanta atá sé deireadh a chur de réir a chéile le fosfar, agus an tionchar ar an gcomhshaol, infhaighteacht roghanna malartacha agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe á gcur san áireamh;

(f)

an gá atá le rialacha breise a thabhairt isteach maidir le lipéadú glantach níocháin tomhaltóra a dhíoltar i mbuidéil le cláir, i gcás ina bhfuil sé beartaithe na cláir sin a úsáid mar chupáin tomhais, agus aird á tabhairt ar a indéanta agus a fhéideartha atá sé feabhas a chur ar úsáid cheart agus shábháilte glantach; agus

(g)

an riachtanas, an indéantacht, na hiarmhairtí teicniúla agus na tairbhí do shláinte an duine, don aeráid agus don chomhshaol a bhaineann le spriocanna éigeantacha a thabhairt isteach i dtaobh amhábhair in-athnuaite agus ábhar athchúrsáilte i nglantaigh agus i ndromchlaghníomhaithe, agus an tionchar socheacnamaíoch, iomaíochas oibreoirí eacnamaíocha san Aontas, foinsiú inbhuanaithe agus úsáid bunábhair in-athnuaite, an acmhainneacht chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus an acmhainneacht chun dramhaíl bhia a úsáid i nglantaigh agus i ndromchlaghníomhaithe á gcur san áireamh.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír, i gcás inarb iomchuí.

2.   Faoin 23 Márta 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé laghdú breise a dhéanamh ar na teorainnluachanna atá ann cheana d’fhosfair agus do chomhdhúile fosfair do ghlantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra agus do ghlantaigh níocháin tomhaltóra agus a indéanta atá sé teorainnluachanna a shocrú do tháirgí glantacháin dromchla crua tomhaltóra, do ghlantaigh miasniteoirí láimhe do thomhaltóirí, do ghlantaigh níocháin thionsclaíocha agus institiúideacha agus do ghlantaigh miasniteoirí uathoibríocha thionsclaíocha agus institiúideacha. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin an tionchar ar an gcomhshaol, infhaighteacht roghanna malartacha oiriúnacha a bhfuil níos lú fosfair nó fosfar ar bith acu agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhchonclúidí an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus d’fhéadfaí, más iomchuí, togra reachtach chun Iarscríbhinn III a leasú a chur léi.

Airteagal 35

Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 a aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 le héifeacht ón 23 Meán Fómhair 2029.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.

Airteagal 36

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a cuireadh ar an margadh roimh 23 Meán Fómhair 2029 agus a chomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 de réir mar is infheidhme an 22 Meán Fómhair 2029, féadfar leanúint dá gcur ar fáil ar an margadh ar feadh tréimhse éiginnte.

2.   Glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar an margadh tar éis an 22 Meán Fómhair 2029 agus roimh an 23 Meán Fómhair 2030 agus a chomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 de réir mar is infheidhme an 22 Meán Fómhair 2029, féadfar iad a chur ar fáil ar an margadh go dtí an 23 Meán Fómhair 2030.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 4(3) agus (4), ón 23 Meán Fómhair 2029.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Feabhra 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)   IO C 349, 29.9.2023, lch. 121.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Feabhra 2024 (IO C, C/2025/1354, 17.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1354/oj) agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an 8 Nollaig 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 22 Eanáir 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le glantaigh (IO L 104, 8.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/648/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(5)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/768(1)/oj).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).

(8)  Treoir (AE) 2024/3019 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L, 2024/3019, 12.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3019/oj).

(9)  Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/63/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1020/oj).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1223/oj).

(16)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).

(17)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(18)  Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).

(19)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).

(20)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj).

(21)  Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj).

(22)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).


IARSCRÍBHINN I

CRITÉIR IN-BHITHDHÍGHRÁDAITHEACHTA AGUS MODHANNA TÁSTÁLA, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4

A.   Dromchlaghníomhaithe agus dromchlaghníomhaithe atá i nglantaigh

1.

Beidh dromchlaghníomhaithe agus dromchlaghníomhaithe i nglantaigh in-bithdhíghrádaithe faoi mar a chinntear i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe 2.

2.

Dromchlaghníomhaithe agus dromchlaghníomhaithe i nglantaigh, measfar go bhfuil bithdhíghrádú aeróbach deiridh bainte amach acu má chomhlíonann siad ceann de na critéir seo a leanas:

(a)

tá an leibhéal in-bhithdhíghrádaitheachta (mianrú) ag 60 % ar a laghad laistigh de 28 lá arna thomhas i gcomhréir le ceann de na modhanna tástála seo a leanas:

(i)

modh C.4.-C tástáil éabhlóide CO2, mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid IV, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 (1) ón gCoimisiún;

(ii)

modh C.4-D, tástáil riospráide mhanaiméadrach, mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid V, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008;

(iii)

modh C.4-E, tástáil i mbuidéal iata, mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid VI, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008;

(iv)

modh C.4-F, tástáil M.I.T.I., mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid VII, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008;

(b)

tá an leibhéal in-bhithdhíghrádaitheachta (mianrú) ag 70 % ar a laghad laistigh de 28 lá arna thomhas i gcomhréir le ceann de na modhanna tástála seo a leanas:

(i)

modh C.4-A tástáil dísle uathoibríoch DOC mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid II, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008;

(ii)

modh C.4-B, tástáil scagtha modhnaithe ECFE mar a thuairiscítear i gCuid C, Cuid III, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 440/2008.

Ní bhainfear úsáid as réamhoiriúnú agus ní chuirfear i bhfeidhm an prionsabal maidir le hidirthréimhse 10 lá in aon cheann de na modhanna tástála dá dtagraítear sa phointe seo.

3.

Na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2, déanfaidh saotharlanna a chomhlíonann aon cheann, ar a laghad, de na coinníollacha seo a leanas iad:

(a)

comhlíonann na saotharlanna na prionsabail dea-chleachtais saotharlainne dá ndéantar foráil i dTreoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) nó na caighdeáin idirnáisiúnta a aithnítear mar chaighdeáin choibhéiseacha;

(b)

tá creidiúnú acu i gcomhréir leis an gcaighdeán do shaotharlanna dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

B.   Sceo agus polaiméirí laistigh de sceo

C.   Substaintí orgánacha eile

D.   Maoluithe le haghaidh substaintí orgánacha sonracha


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 440/2008 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2008 lena leagtar síos modhanna tástála de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (IO L 142, 31.5.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/440/oj).

(2)  Treoir 2004/10/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le comhchuibhiú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin i ndáil le prionsabail dea-chleachtais saotharlainne a chur i bhfeidhm agus i ndáil lena gcur i bhfeidhm a fhíorú i gcás tástálacha ar shubstaintí ceimiceacha (IO L 50, 20.2.2004, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/10/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).


IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS MAIDIR LE GLANTAIGH INA bhFUIL MIOCRORGÁNAIGH, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5

1.   

Gach miocrorgánach a chuirtear d’aon ghnó le glantaigh, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a)

beidh siad faoi úinéireacht Údarás Taisclainne Idirnáisiúnta (IDA) nó déanfar iad a thaisceadh i mbailiúchán de chuid an Údaráis sin;

(b)

déanfar iad a shainaithint agus a shaintréithriú trí bhíthin anailís ar sheichimh ghéanóim iomláin i gcomhréir leis an modheolaíocht atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(6);

(c)

déanfar iad a shainaithint leis an bhfaisnéis thacsanomaíoch seo a leanas, agus an fhaisnéis is déanaí a foilsíodh sna Cóid Idirnáisiúnta um Ainmníocht á gcur san áireamh: ainm nó cód an ghéinis, an speicis agus an tréithchineáil.

2.   

Ní bheidh na miocrorgánaigh phataigineacha a leanas in aon cheann de na foirmiúlachtaí miocróbacha a chuirtear d’aon ghnó le táirge críochnaithe, i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta:

(a)

Escherichia coli;

(b)

Streptococcus spp (Enterococcus spp);

(c)

Staphylococcus aureus;

(d)

Bacillus cereus;

(e)

Salmonella spp;

(f)

Pseudomonas aeruginosa;

(g)

Candida albicans.

3.   

Ní miocrorgánaigh ghéinmhodhnaithe a bheidh i miocrorgánaigh a chuirtear isteach d’aon ghnó.

4.   

Miocrorgánaigh a chuirtear isteach d’aon ghnó, beidh siad, cé is moite de fhriotaíocht intreach, soghabhálach do gach ceann de na móraicmí antaibheathach, is é sin aimínigliocóisíd, macrailíd, béitealachtam, teitriciglín agus fluaracuineolón, i gcomhréir le modh idirleata dioscaí an Choiste Eorpaigh um Thástáil Soghabháltachta i leith Ábhar Frithmhiocróbach nó a choibhéiseach.

5.   

Nuair a chuirfear ar an margadh iad, beidh áireamh coilíneachtaí caighdeánach ag glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh a bheidh cothrom le nó níos mó ná 1x105 aonad déanta coilíneachta (CFUanna) in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta.

6.   

Ní bheidh seilfré íosta glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh níos giorra ná 18 mí agus beidh áireamh caighdeánach coilíneachtaí ag an nglantach atá cothrom le 1x104 CFUanna in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge ag deireadh na seilfré nó níos mó i gcomhréir le caighdeáin nó modhanna tástála Eorpacha nó idirnáisiúnta.

7.   

Ní chuirfear glantaigh ina bhfuil miocrorgánaigh ar an margadh ach amháin má léirítear, bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir leis an modheolaíocht atá le bunú ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 30(6), go bhfuil siad sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol.

8.   

Tabharfaidh an monaróir bunús, trí bhíthin tástálacha iomchuí, le gach maíomh maidir le gníomhartha nó feidhmíocht na miocrorgánach a chuirtear d’aon ghnó leis an táirge.

9.   

Tá toirmeasc ar éileamh a dhéanamh nó a mhaíomh ar an lipéad nó trí aon chumarsáid eile go bhfuil éifeacht fhrithmhiocróbach nó dhíghalrúcháin ag an nglantach, mura gcomhlíonann an glantach Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

10.   

Is iad a dhéanfaidh na tástálacha dá dtagraítear i bpointí 1, 2, 4, 5, 6 agus 8 saotharlanna a bhfuil ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh acu:

(a)

tá na prionsabail dea-chleachtais saotharlainne dá ndéantar foráil i dTreoir 2004/10/CE nó na caighdeáin idirnáisiúnta a aithnítear mar chaighdeáin choibhéiseacha á gcomhlíonadh acu;

(b)

tá creidiúnú acu i gcomhréir leis an gcaighdeán do shaotharlanna dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.


IARSCRÍBHINN III

TEORAINNEACHA AR CHION NA bhFOSFÁITÍ AGUS AR CHION NA gCOMHDHÚL EILE FOSFAIR DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6

Glantach

Teorainneacha

Glantaigh níocháin tomhaltóra

Beidh an cion iomlán fosfair níos ísle ná 0,5  gram i gcainníocht mholta an ghlantaigh a bheidh le húsáid i bpríomh-thimthriall an phróisis níocháin le haghaidh gnáthualaí meaisín níocháin mar a shainmhínítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V le haghaidh uisce crua: (i) d’fhabraicí ‘gnáthshalaithe’ i gcás glantaigh tromshaothair, (ii) d’fhabraicí ‘beagshalaithe’ i gcás glantaigh le haghaidh fabraicí fíneáilte.

Glantaigh miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra

Beidh an cion iomlán fosfair níos ísle ná 0,3  gram sa dáileog chaighdeánach mar a shainmhínítear i gCuid B d’Iarscríbhinn V.


IARSCRÍBHINN IV

NÓS IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8(2)

Modúl A – Rialú inmheánach táirgthe

1.   Tuairisc ar an modúl

Is éard is rialú inmheánach táirgthe ann an nós imeachta um measúnú comhréireachta lena gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar amach faoi phointe 2, pointe 3 agus pointe 4, agus lena n-áirithíonn agus lena ndearbhaíonn sé ar a phriacal féin go bhfuil an glantach nó an dromchlaghníomhaí atá i gceist i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Doiciméadacht theicniúil

2.1.

Is é an monaróir a bhunóidh an doiciméadacht theicniúil. De bhíthin na doiciméadachta sin, féadfar a mheas an bhfuil na ceanglais ábhartha á gcomhlíonadh ag an nglantach nó ag an dromchlaghníomhaí, agus beidh inti anailís agus measúnú leordhóthanach ar na rioscaí.

2.2.

Sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar inti, a mhéid a bhaineann sé le measúnú, dearadh, monarú agus úsáid bheartaithe an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí. Sa doiciméadacht theicniúil, beidh ar a laghad na gnéithe seo a leanas:

(a)

tuairisc ghinearálta ar an nglantach nó ar an dromchlaghníomhaí;

(b)

i gcás inarb infheidhme, na tuarascálacha tástála lena dtaispeántar gur comhlíonadh Iarscríbhinní I agus II agus tuarascáil an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II;

(c)

i gcás inarb infheidhme, liosta de na modhanna tástála a úsáideadh chun comhlíontacht leis an Rialachán seo a léiriú;

(d)

torthaí na ríomhanna a rinneadh, lena n-áirítear chun a léiriú gur comhlíonadh na teorainnluachanna a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III, i gcás inarb infheidhme, agus na scrúduithe a rinneadh;

(e)

bileog sonraí comhábhar ina bhfuil na nithe seo a leanas:

(i)

ainm nó trádainm an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí, an t-aitheantóir foirmle uathúil, ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra agus an úsáid atá beartaithe don ghlantach nó don dromchlaghníomhaí;

(ii)

liosta na substaintí uile a cuireadh leis d’aon ghnó; chun críocha an liosta sin, measfar cumhrán, bláthola nó oibreán dathúcháin a bheith ina chomhábhar aonair, agus liostófar leasaithigh agus ailléirginí cumhráin freisin más gá iad a lipéadú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 nó (AE) Uimh. 528/2012 nó le Cuid A, pointí 1 (h)(iii) agus (iv), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Déanfar na substaintí uile a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008. Mar sin féin, féadfar ainm Ainmníocht Idirnáisiúnta na gComhábhar Cosmaideach, ainm innéacs dathanna nó ainm ceimiceach idirnáisiúnta eile a úsáid, ar choinníoll go bhfuil an t-ainm ceimiceach ar eolas go maith agus go sainmhínítear céannacht na substainte leis gan débhrí. Soláthrófar freisin ainm ceimiceach na substaintí ar ceadaíodh ainm ceimiceach malartach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán sin. Mar sin féin, féadfar na haitheantóirí comhábhair cineálacha ‘cumhráin’ nó ‘oibreáin dathúcháin’ a úsáid i gcás comhábhar a úsáidtear go heisiach chun cumhrán nó dath a chur leo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

nach bhfuil na comhábhair aicmithe maidir le haon ghuais sláinte;

tiúchan na gcomhábhar a shainaithnítear le haitheantóir comhábhair cineálach ar leith, ní mó é ná 5 %, san iomlán, i gcás suim na gcumhrán agus 25 % i gcás suim na n-oibreán dathúcháin.

Déanfar na substaintí uile a liostú in ord flúirse laghdaitheach de réir meáchain, agus foroinnfear an liosta sna raonta céatadáin meáchain seo a leanas, mura roghnaíonn an monaróir an tiúchan bheacht a sholáthar:

(1)

≥ 25 – < 100;

(2)

≥ 10 – < 25;

(3)

≥ 1 – < 10;

(4)

≥ 0,1 – < 1;

(5)

> 0 – < 0,1.

(iii)

i gcás inarb infheidhme, liosta de na miocrorgánaigh uile a cuireadh leis d’aon ghnó lena soláthraítear a n-aicmiú tacsanomaíoch (ainm nó cód géinis, speicis agus tréithchineál), uimhir aontachais deascáin gach tréithchineáil mhiocróbaigh ag IDA, agus áireamh caighdeánach coilíneachtaí na miocrorgánach sa ghlantach, arna shloinneadh in CFUanna in aghaidh an mhillilítir nó an ghraim den táirge;

(iv)

pH an mheascáin, má tá sé ar fáil, nó i gcás inar táirge soladach é, pH leachta uiscí nó tuaslagáin uiscí ag tiúchan áirithe; sonrófar tiúchan an mheascáin tástála in uisce; mura bhfuil an pH ar fáil, tabharfar na cúiseanna;

(v)

sampla de lipéad an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir le hAirteagal 17.

3.   Monaraíocht

Déanfaidh an monaróir gach beart is gá ionas go n-áiritheoidh an próiseas monaraíochta agus an faireachán air comhréireacht an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí leis an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2.

4.   Pas táirge digiteach

Cruthóidh an monaróir an pas táirge digiteach le haghaidh gach múnla de ghlantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh agus áiritheoidh sé go mbeidh an pas ar fáil, in éineacht leis an doiciméadacht theicniúil, go ceann 10 mbliana tar éis don ghlantach nó don dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a bheith curtha ar an margadh. Sainaithneofar leis an bpas táirge digiteach an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar chuige a rinneadh é a tharraingt suas. Áiritheoidh an monaróir freisin go mbeidh doiciméadacht theicniúil dromchlaghníomhaithe eile fós ar fáil ar feadh 10 mbliana, i gcás inarb infheidhme.


IARSCRÍBHINN V

CEANGLAIS MAIDIR LE LIPÉADÚ

Cuid A

CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE LIPÉADÚ

1.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad glantach agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil ar an margadh:

(a)

uimhir chineáil, baiscuimhir nó eilimint eile lena n-áirithítear inrianaitheacht an táirge;

(b)

an t-aitheantóir foirmle uathúil le haghaidh glantach nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh agus an t-acrainm ‘UFI’ roimhe i gceannlitreacha agus idirstad ina dhiaidh (‘UFI:’);

(c)

ainm an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, an allmhaireora, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, an allmhaireora, agus an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist agus an uimhir theileafóin ag a féidir dul i dteagmháil leo; tabharfar pointe aonair san Aontas le fios leis an seoladh poist;

(d)

ainm agus trádainm an táirge;

(e)

treoracha úsáide agus réamhchúraimí speisialta, i gcás inar gá agus inarb ábhartha;

(f)

i gcás inarb infheidhme, léiriú gur glantach tionsclaíoch agus institiúideach é an táirge le haghaidh úsáid ghairmiúil agus sin amháin;

(g)

i gcás dromchlaghníomhaithe, léiriú go bhfuil an táirge oiriúnach lena úsáid i nglantaigh;

(h)

inneachar an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(i)

na raonta céatadáin meáchain ‘níos lú ná 5 %’, ‘5 % nó os a chionn ach níos lú ná 15 %’, ‘15 % nó os a chionn ach níos lú ná 30 %’, agus ‘30 % agus níos mó’, úsáidfear iad chun cion na gcomhábhar atá liostaithe thíos a léiriú i gcás ina gcuirtear isteach iad i dtiúchan atá os cionn 0,2 % de réir meáchain:

fosfáití,

fosfónáití,

dromchlaghníomhaithe ainianacha,

dromchlaghníomhaithe caitianacha,

dromchlaghníomhaithe amfaiteireacha,

dromchlaghníomhaithe neamh-ianacha,

tuarthóirí ocsaigin-bhunaithe,

tuarthóirí clóirín-bhunaithe,

EDTA (aigéad eitiléindé-aimínteatraicéiteach) agus salainn de,

NTA (aigéad nítrílótríaicéiteach) agus salainn de,

feanóil agus feanóil halaiginithe,

parai-chlóraibeinséin,

hidreacarbóin aramatacha,

hidreacarbóin alafatacha,

hidreacarbóin halaiginithe,

gallúnach,

seoilítí,

polacarbocsaláití;

(ii)

déanfar na haicmí comhábhar seo a leanas, má chuirtear isteach iad, a liostú gan beann ar a dtiúchan:

einsímí,

miocrorgánaigh,

lonraitheoirí optúla,

cumhráin;

(iii)

cé is moite de nuair atá siad lipéadaithe cheana féin ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 18(3), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 nó Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, liostófar leasaithigh, agus úsáid á baint, i gcás inar féidir, as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceann de na coinníollacha seo a leanas:

rannchuidíonn siad le cáiliú an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí mar earra cóireáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gan beann ar a dtiúchan; nó

déantar iad a lipéadú mar chomhábhar den ghlantach nó den dromchlaghníomhaí, ach amháin mura sáraíonn tiúchan an leasaithigh sa ghlantach nó sa dromchlaghníomhaí na tairseacha 0,00015 % (w/w);

(iv)

má chuirtear isteach d’aon ghnó iad i dtiúchain is mó ná 0,01 % de réir meáchain, déanfar na hailléirginí cumhráin a liostaítear i gCuid D den Iarscríbhinn seo a lipéadú trí úsáid a bhaint, i gcás inarb infheidhme, as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009, cé is moite d’ailléirginí cumhráin atá lipéadaithe cheana féin ar an táirge i gcomhréir le hAirteagal 18(3), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008;

(v)

Ní bheidh feidhm ag pointí (i) go (iv) maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe tionsclaíocha agus institiúideacha, ar choinníoll go ndéantar an fhaisnéis choibhéiseach leis sin a cheanglaítear sna pointí sin a sholáthar sa bhileog sonraí sábháilteachta a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(vi)

anuas ar an bhfaisnéis a liostaítear i bpointí (i) go (iv), de réir mar is infheidhme, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad na nglantach ina bhfuil miocrorgánaigh:

léiriú nó ráiteas réamhchúraim nach ceadmhach an táirge a úsáid ar dhromchlaí a bhíonn i dteagmháil le bia, ach amháin más rud é gur cinneadh go bhfuil an táirge sábháilte lena úsáid chuige sin ar bhonn an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn II;

léiriú maidir le seilfré an táirge;

treoracha úsáide nó réamhchúraimí speisialta, i gcás inarb ábhartha.

2.

Maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a iompraítear ar an mórchóir, beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1(a), (c) agus (d) le feiceáil ar choimeádáin iompair agus ar na doiciméid uile a ghabhann leo.

Cuid B

LIPÉADÚ NA FAISNÉISE DÁILEOGACHTA

1.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar lipéad glantach níocháin tomhaltóra:

(a)

na cainníochtaí molta nó na treoracha dáileogachta arna sloinneadh i millilítir nó i ngraim nó, i gcás inarb ábhartha, an líon aonad atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin, i leith na leibhéal cruais uisce bhoig, mheánaigh agus chrua agus treoracha do phróisis níocháin d’aon timthriall amháin nó de dhá thimthriall;

(b)

maidir le glantaigh tromshaothair, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘gnáthshalaithe’, agus, maidir le glantaigh d’fhabraicí fíneáilte, líon na ngnáthualaí meaisín níocháin d’fhabraicí ‘beagshalaithe’ ar féidir iad a ní le hinneachar an phacáiste agus úsáid á baint as uisce de chruas meánach, arb ionann é agus 2,5 mileamól CaCO3/l; más trí athlíonadh a chuirtear an glantach ar fáil ar an margadh, sloinnfear líon na ngnáthualaí meaisín níocháin in aghaidh 1 lítear nó 1 kg den táirge; más in aonaid atá an glantach a chuirtear ar fáil ar an margadh trí athlíonadh, níl feidhm ag an gceanglas sin;

(c)

toilleadh aon chupáin tomhais, más ann dó, arna léiriú i millilítir nó i ngraim, agus marcálacha air a bheidh infheicthe go soiléir lena léirítear an dáileog de ghlantach atá iomchuí do ghnáthualach meaisín níocháin i leith na leibhéal cruais uisce bhoig, mheánaigh agus chrua.

2.

Chun críocha phointe 1, beidh 4,5 kg d’fhabraic thirim sna gnáthualaí meaisín níocháin le haghaidh glantaigh tromshaothair, 2,5 kg d’fhabraic thirim le haghaidh glantaigh tromshaothair le haghaidh timthriallta gairide agus 2,5 kg d’fhabraic thirim le haghaidh glantaigh éadroma. Measfar go bhfuil glantach ina ghlantach tromshaothair mura rud é gurb é cúram na fabraice, is é sin níochán ar theocht íseal, fabraicí fíneáilte agus dathanna, a chuirtear chun cinn go príomha i maíomh an mhonaróra.

3.

Cuirfear in iúl ar lipéad glantach miasniteoirí uathoibríocha tomhaltóra an dáileog chaighdeánach arna sloinneadh i millilítir nó i ngraim nó an líon aonad don phríomh-thimthriall níocháin le haghaidh gréithe gnáthshalaithe i miasniteoir lánluchtaithe ag a bhfuil 12 shocrú, agus an ghnáth-dháileog á coigeartú, le haghaidh cruas uisce bhoig, mheánaigh agus chrua.

4.

Beidh ar lipéad na nglantach tomhaltóra le haghaidh dromchlaí an caolú agus an chainníocht mholta atá le húsáid in aghaidh an achair dromchla nó treoracha úsáide ábhartha eile chun a áirithiú nach n-úsáidtear an iomarca den táirge.

Cuid C

LIPÉADÚ DIGITEACH

1.

Féadfar an fhaisnéis seo a leanas maidir le comhábhair dá dtagraítear i gCuid A, a sholáthar ar an lipéad digiteach amháin, i gcomhréir le hAirteagal 18(2):

(a)

dromchlaghníomhaithe ainianacha;

(b)

dromchlaghníomhaithe caitianacha;

(c)

dromchlaghníomhaithe amfaiteireacha;

(d)

dromchlaghníomhaithe neamh-ianacha;

(e)

fosfáití;

(f)

fosfónáití;

(g)

gallúnach.

2.

Maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chuirtear ar fáil ar an margadh trí athlíonadh, féadfar an fhaisnéis ábhair dá dtagraítear i gCuid A a sholáthar ar an lipéad digiteach amháin, cé is moite de phointe 1(h)(iii) agus (iv) den Chuid sin.

3.

Maidir le glantaigh níocháin tomhaltóra, ní fhéadfar an fhaisnéis dáileoige i gcomhréir le Cuid B, pointí 1 agus 2, a sholáthar ar an lipéad digiteach ach amháin, má sholáthraítear greille shimplithe dáileoige ar an lipéad fisiceach, ina bhfuil an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

buntreoracha úsáide;

(b)

na cainníochtaí molta bunaithe ar chruas uisce meánach agus méideanna difriúla de shalú fabraice; agus

(c)

léiriú ar an ualach meaisín níocháin.

CUID D

Liosta d’ailléirginí cumhráin dá dtagraítear i bpointe 1(h)(iv) de Chuid A

Uimhir thagartha

Ainm ceimiceach/INN (1)

Ainm Coiteann i nGluais na gComhábhar

Uimhir na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán

Uimhir CE

1

Alcól beinsile

Benzyl Alcohol

100-51-6

202-859-9

2

6-Meitiolcúmairin

6-Methyl Coumarin

92-48-8

202-158-8

3

2-Beinsilídéinheaptánal

Amyl cinnamal

122-40-7

204-541-5

4

Alcól cionnaimile

Cinnamyl alcohol

104-54-1

203-212-3

5

3,7-Démheitiol-2,6-ochtadé-anal

Citral

5392-40-5

226-394-6

(E)-3,7-démheitiolochta-2,6-dé-anal

Geranial

141-27-5

205-476-5

(Z)-3,7-démheitiolochta-2,6-dé-anal

Neral

106-26-3

203-379-2

6

Feanól, 2-mheatocsa-4-(2-próipéinil)

Eugenol

97-53--0

202-589-1

7

7-Hiodrocsai-ciotrónalal

Hydroxycitronellal

107-75-5

203-518-7

8

Feanól, 2-mheatocsa-4-(1-próipéinil)

Isoeugenol

97-54-1

202-590-7

(E)-2-meatocsa-4-(próip-1-einil)feanól;

(tras-Iseai-eoigeanól)

Isoeugenol

5932-68-3

227-678-2

(Z)-2-meatocsa-4-(próip-1-einil)feanól;

(cis-Iseai-eoigeanól)

Isoeugenol

5912-86-7

227-633-7

9

2-Peintil-3-feinilpróp-2-an-1-ól

Amylcinnamyl alcohol

101-85-9

202-982-8

10

Salaicioláit bheinsile

Benzyl salicylate

118-58-1

204-262-9

11

2-Próipéanal, 3-feinil-

Cinnamal

104-55-2

203-213-9

12

2H-1-Beinsipirean-2-ón

Coumarin

91-64-5

202-086-7

13

2,6-Octaidéan-1-ól, 3,7-démheitil-, (2E)-

Geraniol

106-24-1

203-377-1

14

4-Alcól meatocsaibeinsile

Anise alcohol

105-13-5

203-273-6

15

Aigéad 2-próipéanóch, 3-feinil, eistear feinilmeitile

Benzyl cinnamate

103-41-3

203-109-3

16

2,6,10-Dóideacaitrí-ean-1-ól, 3,7,11-trímheitil-

Farnesol

4602-84--0

225-004-1

17

1,6-Octaidéan-3-ól, 3,7-démheitil-

Linalool

78-70-6

201-134-4

18

Beansóáit bheinsile

Benzyl benzoate

120-51-4

204-402-9

19

Ciotrónallól/ (±)

3,7-Démheitil-6-ochtan-1-ól

Citronellol

106-22-9

26489-01--0

203-375--0

247-737-6

(3R)-3,7-démheitiolochtai-6-ean-1-ól

Citronellol

1117-61-9

214-250-5

(3S)-3,7-démheitiolochtai-6-ean-1-ól

Citronellol

7540-51-4

231-415-7

20

2-Beinsilidéanochtanal

Hexyl cinnamal

101-86-0

202-983-3

21

1-meitil-4-próp-1-ean-2-il-cioglaiheacsán; dl-liomóinéin (raicéimeach); Dépheintéin

Limonene

138-86-3/

7705-14-8

205-341-0/

231-732-0

(R)-p-meintea-1,8-dé-éin; (d-liomóinéin)

Limonene

5989-27-5

227-813-5

(S)-p-meintea-1,8-dé-éin; (l-liomóinéin)

Limonene

5989-54-8

227-815-6

22

Ochta-2-ionóáit mheitile; Carbónáit mheitilheiptíne

Methyl 2-Octynoate

111-12-6

203-836-6

23

3-Meitil-4-(2,6,6-trí-mheitil-2-cioglaiheacsán-1-ól)-3-búitean-2-ón

alpha-Isomethyl ionone

127-51-5

204-846-3

24

Úsc dairchaonaigh

Evernia prunastri extract

90028-68-5

289-861-3

25

Úsc crannchaonaigh

Evernia furfuracea extract

90028-67-4

289-860-8

26

Ola duilleoige agus craobhóige agus eastósc Pinus mugo

Pinus Mugo Leaf Oil; Pinus Mugo Twig Leaf Extract; Pinus Mugo Twig Oil

90082-72-7

290-163-6

27

Ola duilleoige agus craobhóige agus eastósc Pinus pumila

Pinus Pumila Needle Extract;

Pinus Pumila Twig Leaf Extract;

Pinus Pumila Twig Leaf Oil

97676-05-6

307-681-6

28

Ola agus eastósc Cedrus atlantica

Cedrus Atlantica Bark Extract;

Cedrus Atlantica Bark Oil;

Cedrus Atlantica Bark Water;

Cedrus Atlantica Leaf Extract;

Cedrus Atlantica Wood Extract;

Cedrus Atlantica Wood Oil

92201-55-3/

8023-85-6

295-985-9/

29

Guma tuirpintín (Pinus spp.); Ola thuirpintín agus ola choigeartaithe; Tuirpintín, galdriogtha (Pinus spp.)

Turpentine

9005-90-7;

8006-64-2;

8052-14--0

232-688-5;

232-350-7;

30

p-Meintea-1,3-dé-éin

Alpha-Terpinene

99-86-5

202-795-1

31

p-Meintea-1,4(8)-dé-éin

Terpinolene

586-62-9

209-578--0

32

Myroxylon balsamum leagan malartach pereirae; eastóscanna agus driogáití; Ola bhalsaim Pheiriú, absalóid agus ainhiodról (Ola Bhalsaim Pheiriú); Úscadh Myroxylon pereirae (Royle) Klotzsch (Balsam Pheiriú, amh)

Myroxylon Balsamum Pereirae Balsam Extract;

Myroxylon Balsamum Pereirae Balsam Oil; Myroxylon Pereirae Oil;

Myroxylon Pereirae Resin Extract;

Myroxylon Pereirae Resin

8007--00-9

232-352-8

33

1-(2,6,6-trímheitil-2-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

Alpha-Damascone;

cis-Rose ketone 1

trans-Rose ketone 1

43052-87-5/

23726-94-5

24720-09--0

-/

245-845-8

246-430-4

1-(2,6,6-trímheitilcioglaiheacsa-1,3-dé-ean-1-il)-2-búitean-1-ón

Rose ketone 4 (Damascone)

23696-85-7

245-833-2

1-(2,6,6-trímheitil-3-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

Rose ketone 3 (delta-Damascone)

trans-Rose ketone 3

57378-68-4

71048-82-3

260-709-8

275-156-8

(Z)-1-(2,6,6-trímheitil-1-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

cis-Rose ketone 2

(cis-beta-Damascone)

23726-92-3

245-843-7

(E)-1-(2,6,6-trímheitil-1-cioglaiheacsán-1-il)-2-búitean-1-ón

trans-Rose ketone 2

(trans-beta-Damascone)

23726-91-2

245-842-1

34

3-Próipilidéin-1(3H)-isibeinseafúranón;

3-Próipilidéineatailíd

3-Propylidenephthalide

17369-59-4

241-402-8

35

Absalóid bheirbhéine

Lippia citriodora absolute

8024-12-2/

85116-63-8

285-515--0

36

Blátholaí Verbena (Lippia citriodora Kunth.) agus díorthaigh seachas absalóid

Lippia citriodora leaf; Lippia citriodora flower oil; Lippia citriodora oil

8024-12-2

285-515--0

37

2-hiodrocsaibeinseoáit mheitile

Methyl Salicylate

119-36-8

204-317-7

38

[3R-(3α,3aβ,7β,8aα)]-1-(2,3,4,7,8,8a-heicsihidrea-3,6,8,8-teitrimeitil-1H-3ú,7-meatano-asailein-5-il)eitian-1-ón

Acetyl Cedrene

32388-55-9

251-020-3

39

Peintil-2-hiodrocsa-beansóáit

Amyl Salicylate

2050-08--0

218-080-2

40

1-Meatocsa-4-(1E)-1-própán-1-il-beinséin (tras-Anatól)

Anethole

104-46-1/

4180-23-8

203-205-5/

224-052-0

41

Beansaildéad

Benzaldehyde

100-52-7

202-860-4

42

Bórnán-2-ón; 1,7,7-Trímheitildé-chioglai[2.2.1]-2-heiptánón

Camphor

76-22-2/

21368-68-3/

464-49-3/

464-48-2

200-945-0/

244-350-4/

207-355-2/

207-354-7

43

(1R,4E,9S)-4,11,11-Trí-mheitil-8-meitiléindéchiogla [7.2.0]undeac-4-éin

Beta-Caryophyllene

87-44-5

201-746-1

44

2-meitil-5-(próp-1-ean-2-il)cioglaiheacs-2-ean-1-ón;(5R)-2-Meitil-5-próp-1-ean-2-ilcioglaiheacs-2-ean-1-ón;(5S)-2-Meitil-5-próp-1-ean-2-ilcioglaiheacs-2-ean-1-ón

Carvone

99-49-0 /

6485-40-1/

2244-16-8

202-759-5/

229-352-5/

218-827-2

45

Aicéatáit 2-meitil-1-feinil-2-próipil; Aicéatáit Cairbinile Démheitilbeinsile

Dimethyl Phenethyl Acetate

151-05-3

205-781-3

46

Ocsaicioglaiheipti-deacan-2-ón

Hexadecanolactone

109-29-5

203-662-0

47

1,3,4,6,7,8-Heicsihidrea-4,6,6,7,8,8-heicsimeitilcioglaipeinti-γ-2-beinsipioran

Hexamethylindanopyran

5 Bealtaine 1222

214-946-9

48

Aicéatáit 3,7-démheitile ochta-1,6-dé-éin-3-il

Linalyl Acetate

115-95-7

204-116-4

49

Meantól;

dl-meantól;

l-meantól;

d-meantól

Menthol

89-78-1 /

1490-04-6 /

2216-51-5 /

15356-60-2

201-939-0/

216-074-4/

218-690-9/

239-387-8

50

3-Meitil-5-(2,2,3-Trímheitil-3-cioglaipeintéinil)peint-4-ean-2-ól

Trimethylcyclopentenyl Methylisopentenol

67801-20-1

267-140-4

51

o-Hiodrocsai-beansaildéad

Salicylaldehyde

90-02-8

201-961--0

52

5-(2,3-Démheitil-tríchiogla[2.2.1.02,6]-heipt-3-il)-2-meitilpeint-2-ean-1-ól (alfa-Santalól);

(1S-(1a,2a(Z),4a))-2-Meitil-5-(2-meitil-3-meitiléindéchiogla[2.2.1]heipt-2-il)-2-peintean-1-ól

(béite-Santalól)

Santalol

11031-45-1/

115-71-9/

77-42-9

234-262-4/

204-102-8/

201-027-2

53

[1R-(1alfa)]-alfa-Eitinildeicihiodri-2-hiodrocsa-a,2,5,5,8a-peintimeitil-1-naftailéanprópánól

Sclareol

515-03-7

208-194--0

54

2-(4-meitilcioglaiheacs-3-ean-1-il)própán-2-ól; p-Meint-1-ean-8-ól (alfa-Teirpiníól); 1-meitil-4-(1-meitilvinil)cioglaiheacsán-1-ól (béite-Teirpiníól); 1-meitil-4-(1-meitileitilidéin)cioglaiheacsán-1-ól (gáma-Teirpiníól)

Terpineol

8000-41-7/

98-55-5/

138-87-4/

586-81-2

232-268-1/

202-680-6/

205-342-6/

209-584-3

55

1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,5,6,7,8-ochtaihidri-2,3,5,5-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,5,6,7,8,8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón; 1-(1,2,3,4,6,7,8,8a-ochtaihidri-2,3,8,8-teitrimeitil-2-naiftil)eitian-1-ón

Tetramethyl acetyloctahydronaphthalenes

54464-57-2/

54464-59-4/

68155-66-8/

68155-67-9/

259-174-3/

259-175-9/

268-978-3/

268-979-9/

56

3-(2,2-Démheitil-3-hiodrocsapróipil)tolúéin

Trimethylbenzenepropanol

103694-68-4

403-140-4

57

4-Hiodrocsa-3-meatocsaibeins-aildéad

Vanillin

121-33-5

204-465-2

58

Ola blátha agus eastóscán Cananga Odorata; Ola bhlátha agus eastóscán Ylang Ylang

Cananga Odorata Flower Extract; Cananga Odorata Flower Oil

83863-30-3/

8006-81-3/

68606-83-7/

93686-30-7

281-092-1/

-/

-/

297-681-1

59

Ola duilleoige cinnamomum Cassia

Cinnamomum Cassia Leaf Oil

8007-80-5/

84961-46-6

-/

284-635--0

60

Ola coirte cinnamomum zeylanicum

Cinnamomum Zeylanicum Bark Oil

8015-91-6/

84649-98-9

-/

283-479--0

61

Ola blátha citrus aurantium amara agus dulcis

Citrus Aurantium Amara Flower Oil

72968-50-4

277-143-2

Citrus Aurantium Dulcis Flower Oil

8028-48-6/

8016-38-4

232-433-8/

62

Ola craicinn citrus aurantium amara agus dulcis

Citrus Aurantium Amara Peel Oil

68916-04-1/

72968-50-4

-/

277-143-2

Ola craicinn citrus aurantium amara agus dulcis

Citrus Aurantium Dulcis Peel Oil;

Citrus Sinensis Peel Oil

97766-30-8/

8028-48-6/

8008-57-9

307-891-8/

232-433-8/

63

Ola citrus aurantium bergamia (Ola bheirgeamat)

Citrus Aurantium Bergamia Peel Oil

8007-75-8

89957-91-5

68648-33-9/

8007-75-8/

85049-52-1

616-915-9

289-612-9

-/

616-915-9/

64

Ola citrus limon

Citrus Limon Peel Oil

84929-31-7/

8008-56-8

284-515-8/

65

Cymbopogon Citratus / Schoenanthus/ olaí flexuosus

Cymbopogon Schoenanthus Oil

8007-02-1/

89998-16-3

-/

289-754-1

Cymbopogon Citratus / Schoenanthus/ olaí flexuosus

Cymbopogon Flexuosus Oil

91844-92-7

295-161-9

Cymbopogon Citratus / Schoenanthus/ olaí flexuosus

Cymbopogon Citratus Leaf Oil

8007-02-1/

91844-92-7

295-161-9/

295-161-9

66

Ola eucalyptus globulus

Eucalyptus Globulus Leaf Oil;

97926-40-4/

8000-48-4/

308-257-3/

616-775-9/

 

 

 

Ola eucalyptus globulus

Eucalyptus Globulus Leaf/Twig Oil

8000-48-4

 

67

Ola eugenia caryophyllus

Eugenia Caryophyllus Leaf Oil

8000-34-8 /

8015-97-2/

84961-50-2

616-772-2/

-/

284-638-7

Ola eugenia caryophyllus

Eugenia Caryophyllus Flower Oil

84961-50-2

284-638-7

Ola eugenia caryophyllus

Eugenia Caryophyllus Stem oil

84961-50-2

284-638-7

Ola eugenia caryophyllus

Eugenia Caryophyllus Bud oil

84961-50-2

284-638-7

68

Jasminum grandiflorum / Ola officinale agus eastósc

Jasminum Grandiflorum Flower Extract;

Jasminum Officinale Oil;

Jasminum Officinale Flower Extract

84776-64-7/

90045-94-6/

8022-96-6/

8024-43-9

90045-94-6

283-993-5/

289-960-1/

-/

-/

289-960-1

69

Ola juniperus virginiana

Juniperus Virginiana Oil; Juniperus Virginiana Wood Oil

8000-27-9 /

85085-41-2

-/

285-370-3

70

Ola laurus nobilis

Laurus Nobilis Leaf Oil

8002-41-3/

8007-48-5/

84603-73-6

-/

-/

283-272-5

71

Ola/eastósc lavandula hybrida;

Lavandula Hybrida Oil;

Lavandula Hybrida Extract;

Lavandula Hybrida Flower Extract;

91722-69-9/

8022-15-9/

93455-96-0/

93455-97-1/

92623-76-2

294-470-6/

-/

-/

-/

296-408-3

Ola/eastósc lavandula intermedia;

Lavandula Intermedia Flower/Leaf/Stem Extract; Lavandula Intermedia Flower/Leaf/Stem Oil; Lavandula Intermedia Oil

84776-65-8/

8000-28-0/

90063-37-9

283-994-0/

-/

289-995-2

Ola/eastósc lavandula angustifolia

Lavandula Angustifolia Oil; Lavandula Angustifolia Flower/Leaf/Stem Extract

84776-65-8/

8000-28-0/

90063-37-9

283-994-0/

-/

289-995-2

72

Ola mentha piperita

Mentha Piperita Oil

8006-90-4/

84082-70-2

-/

282-015-4

73

Ola mentha spicata (ola cartlainne garraí)

Mentha Viridis Leaf Oil

8008-79-5/

84696-51-5

616-927-4/

283-656-2

74

Eastósc narcissus poeticus/pseudonarcissus/jonquilla/tazetta

Narcissus Poeticus Extract

90064-26-9/

68917-12-4

290-087-3/

Eastósc narcissus poeticus/pseudonarcissus/jonquilla/tazetta

Narcissus Pseudonarcissus Flower Extract

90064-27--0

290-088-9

Eastósc narcissus poeticus/pseudonarcissus/jonquilla/tazetta

Narcissus Jonquilla Extract

Narcissus Tazetta Extract

90064-25-8

290-086-8

75

Ola pelargonium graveolens

Pelargonium Graveolens Flower Oil

90082-51-2/

8000-46-2

290-140-0/

76

Ola pogostemon cablin

Pogostemon Cablin Oil

8014-09-3/

84238-39-1

-/

282-493-4

77

Ola/eastósc blátha rosa damascena;

Rosa Damascena Flower Oil; Rosa Damascena Flower Extract

8007-01-0/

90106-38-0/

-/

290-260-3

Ola/eastósc blátha rosa alba;

Rosa Alba Flower Oil; Rosa Alba Flower Extract

93334-48-6

297-122-1

Ola blátha rosa canina;

Rosa Canina Flower Oil

84696-47-9

283-652--0

Ola/Eastósc rosa centifolia;

Rosa Centifolia Flower Oil; Rosa Centifolia Flower Extract

84604-12-6

283-289-8

Ola blátha rosa gallica;

Rosa Gallica Flower Oil

84604-13-7

283-290-3

Ola Blátha rosa moschata;

Rosa Moschata Flower Oil

Ola Blátha rosa rugosa

Rosa Rugosa Flower Oil

92347-25-6

296-213-3

78

Ola santalum album

Santalum Album Oil

8006-87-9/

84787-70-2

-/

284-111-1

79

Feanól, 2-mheatocsa-4-(2-próipéinil)-, aicéatáit

Eugenyl Acetate

93-28-7

202-235-6

80

2,6-Ochtaidéan-1-ól, 3,7-démheitil-,1-aicéatáit , (2E)-

Geranyl Acetate

105-87-3

203-341-5

81

Aicéatáit 2-Meatocsa-4-próip-1-einilfeinile

Isoeugenyl Acetate

93-29-8

202-236-1

82

2,6,6-Trí-mheitildé-chioglai[3.1.1]heipt-2-éin (alfa-Pinéin);

6,6-Démheitil- 2-meitiléindéchioglai[3.1.1]heipteán (béite-Pinéin)

Pinene

80-56-8/

7785-70-8/

127-91-3/

18172-67-3

201-291-9/

232-087-8/

204-872-5/

242-060-2

83

Isitiaicianáit aillile

 

57-06-7

200-309-2

84

4-Beansalocsaifeanól agus 4-eatocsaifeanól

 

103-16-2/

622-62-8

203-083-3/

210-748-1

85

4-Feiniolbút-3-an-2-ón (Aicéatón beinsilídéine)

 

122-57-6

204-555-1

86

Alcól ciclimine

 

4756-19-8

225-289-2

87

Mailéáit dé-eitile

 

141-05-9

205-451-9

88

3,4-Déhidreacúmairín

Dihydrocoumarin

119-84-6

204-354-9

89

7,11-Démheitil-4,6,10-dóideacaitríéin-3-ón

Pseudomethylionone

26651-96-7

247-878-3

90

6,10-Démheitil-3,5,9-aondeacaitríéin-2-ón

Pseudoionone

141-10-6

205-457-1

91

Aicrioláit eitile

Ethyl acrylate

140-88-5

205-438-8

92

Absalóid duilleoige fige (Ficus carica L.)

Ficus carica extract

68916-52-9

 

93

tras-2-Heiptéanal

 

18829-55-5

242-608--0

94

tras-2-Heicséanal dé-eitile aicéatal

 

67746-30-9

266-989-8

95

tras-2-Heicséanal dé-mheitile aicéatal

 

18318-83-7

242-204-4

96

Alcól hiodraibítile

Hydroabietyl alcohol

13393-93-6

236-476-3

97

1-(4-Meatoscaifeinil)-1-peintéin-3-ón (alfa-Meitilisilídéineaicéatón)

 

104-27-8

203-190-5

98

5-Meitil-2,3-heacsáindé-ón (Iseavalairil aicéitile)

 

13706-86-0

237-241-8

99

3,6,10-Trímheitil-3,5,9-undeacaitriéín-2-ón (Súd-Isomeitil ianón)

 

1117-41-5

214-245-8

100

7-Eatocsa-4-meitiolcúmairín

 

87-05-8

201-721-5

101

Heicsihidreacúmairín

 

700-82-3

211-851-4

102

3 agus 4-(4-Hiodrocsai-4-meitilpeintil) cioglaiheacsai-3-éin-1-carbaldéhéad (HICC)

 

51414-25-6/

31906-04-4/

257-187-9/

250-863-4/

103

2,6-Déhiodrocsa-4-meitil-beansaildéad (atranól)

 

526-37-4

104

3-Clóra-2,6-Déhiodrocsa-4-meitil-beansaildéad (Clóratranól)

 

57074-21-2

105

2-(4-Treas-búitilbeinsil) próipianaildéad

 

80-54-6

201-289-8


(1)  Na hAinmneacha Neamhdhílseánacha (INN) i gcomhair earraí cógaisíochta, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an Ghinéiv, Lúnasa 1975


IARSCRÍBHINN VI

PAS TÁIRGE DIGITEACH

Cuid A

Faisnéis atá le cur san áireamh sa phas táirge digiteach

Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa phas táirge digiteach:

(a)

trádainm, aitheantóir táirge uathúil an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh agus íomhá dhaite den phacáistíocht nó de lipéad mhúnla an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh a bheidh soiléir go leor chun é a shainaithint;

(b)

ainm, seoladh poist agus seoladh ríomhphoist agus uimhir theileafóin an mhonaróra agus, i gcás inarb infheidhme, an allmhaireora nó an ionadaí údaraithe, chomh maith le haitheantóir oibreora uathúil an mhonaróra;

(c)

an tagairt don soláthraí seirbhíse pas táirge digiteach a óstálann an chóip chúltaca den phas táirge digiteach:

(d)

sainaithint an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh lena gceadaítear inrianaitheacht;

(e)

léiriú gur faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an pas táirge digiteach;

(f)

i gcás inarb infheidhme, na cóid tráchtearra, mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 faoina n-aicmítear an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh tráth a chruthaítear an pas táirge digiteach;

(g)

ráiteas gur léiríodh go gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh an Rialachán seo, agus, i gcás inarb ábhartha, tagairtí do dhlí eile de chuid an Aontais a chomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh;

(h)

liosta iomlán substaintí a chuirtear isteach d’aon ghnó sa ghlantach nó sa dromchlaghníomhaí, a shainaithnítear i gcomhréir le hAirteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; liostófar leasaithigh tuliompar freisin más gá iad a chur ar an lipéad i gcomhréir le hAirteagal 18(3), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, Airteagal 58 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nó Cuid A, pointe 1(h)(iii), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(i)

liosta na miocrorgánach uile a chuirtear isteach d’aon ghnó agus a thugann a n-aicmiú tacsanomaíoch (ainm nó cód an ghéinis, an speicis agus an tréithchineáil).

Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid dá dtagraítear i bpointe (h) den Chuid seo maidir le glantaigh thionsclaíocha agus institiúideacha, ná maidir le dromchlaghníomhaithe, a gcuirtear an fhaisnéis choibhéiseach ar fáil ina leith trí bhileog sonraí sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

Cuid B

Faisnéis a d’fhéadfaí a léiriú ar an bpas táirge digiteach

Féadfar an fhaisnéis faoi lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 17(3) agus (4) a áireamh sa phas táirge digiteach.


IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA DE CHÓID TRÁCHTEARRAÍ AGUS TUAIRISC AR THÁIRGÍ AGUS DROMCHLAGHNÍOMHAITHE CHUN CRÍOCHA AIRTEAGAL 25(6)

 

Cóid tráchtearra

Tuairiscí ar an táirge

ex

3401 19 00

Táirgí agus ullmhóidí dromchla-ghníomhacha orgánacha agus gallúnaí eile, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh, i bhfoirm barraí, cácaí, píosaí nó cruthanna múnlaithe, agus páipéar, flocas, feilt agus ábhair neamhfhite atá tuilithe, brataithe nó clúdaithe le glantach

ex

3401 20

Gallúnach i bhfoirmeacha eile atá beartaithe le haghaidh fabraicí, miasa nó dromchlaí a ghlanadh, a mhaothú, a shruthlú nó a thuar, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 31 00

Oibreáin dhromchla-ghníomhacha orgánacha ainianacha, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís: aigéid sulfónacha ailcilbeinséine líneacha agus a salainn, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 39

Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha ainianacha eile, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 41 00

Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha chaitianacha eile, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 42 00

Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha neamhianacha eile, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 49 00

Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha eile, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 50 10

Oibreáin dhromchlaghníomhacha orgánacha chaitianacha eile, bídís cóirithe lena miondíol nó ná bídís, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 50 90

Ullmhóidí níocháin agus ullmhóidí glantacháin atá cóirithe lena miondíol, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 90 10

Ullmhóidí dromchlaghníomhacha eile, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

 

3402 90 90

Ullmhóidí níocháin agus ullmhóidí glantacháin eile, lena n-áirítear táirgí chun bia a ghlanadh

ex

3405 10 00

Snasáin, uachtair agus ullmhóidí comhchosúla, le haghaidh coisbheart nó leathair a bhfuil airíonna glantacháin acu

ex

3405 20 00

Snasáin, uachtair agus ullmhóidí comhchosúla, chun troscán adhmaid, urláir adhmaid nó adhmadóireacht eile a bhfuil airíonna glantacháin acu a chothabháil

ex

3405 30 00

Snasáin agus ullmhóidí comhchosúla le haghaidh obair chóiste, seachas snasáin mhiotail, a bhfuil airíonna glantacháin acu

 

3405 40 00

Taois agus púdair sciúrtha agus ullmhóidí sciúrtha eile

ex

3405 90

Snasáin agus uachtair eile, le haghaidh coisbhirt, troscáin, urlár, obair chóiste, gloine nó miotail, taois agus púdair sciúrtha agus ullmhóidí comhchosúla a bhfuil airíonna glantacháin acu

ex

3809 10

Oibreáin bhailchríche de bhunús substaintí amáláiseacha de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle nó i dtionscail chomhchosúla chun tadhall nó boladh fabraicí a mhodhnú agus chun na fabraicí a righniú i bpróisis lena gcomhlánaítear níochán fabraicí

ex

3809 91 00

Oibreáin bhailchríche eile de chineál a úsáidtear sa tionscal teicstíle nó i dtionscail chomhchosúla chun tadhall nó boladh fabraicí a mhodhnú i bpróisis lena gcomhlánaítear níochán fabraicí

ex

3824 99 45

Comhdhúile le haghaidh frith-scálú agus comhdhúile comhchosúla, le húsáid in éineacht le glantach níocháin nó glantach miasniteoirí uathoibríocha

Nótaí:

sa chéad cholún, léiríonn ‘ex’ go gcumhdaítear leis an gcód liostaithe níos mó táirgí ná na táirgí a dtugtar tuairisc orthu sa tuairisc ar an táirge.

IARSCRÍBHINN VIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 648/2004

An Rialachán seo

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1)

Airteagal 2, pointe (1a)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (1b)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (2)

Airteagal 2, pointe (3)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (4)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (6)

Airteagal 2, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (7)

Airteagal 2, pointe (8)

Airteagal 2, pointe (13)

Airteagal 2, pointe (9)

Airteagal 2, pointe (16)

Airteagal 2, pointe (9a)

Airteagal 2, pointe (15)

Airteagal 2, pointe (10)

Airteagal 2, pointe (17)

Airteagal 2, pointe (11)

Airteagal 2, pointe (12)

Airteagal 2, pointe (5)

Airteagal 3(1)

Airteagal 3(1) agus Airteagal 4(2)

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(1)

Airteagal 4(2)

Airteagal 4(3)

Airteagal 4a

Airteagal 6

Airteagal 5(1)

Airteagal 5(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 5(5)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3)

Airteagal 6(4)

Airteagal 7

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 9(1)

Airteagal 9(2)

Airteagal 9(3)

Airteagal 8(6) agus Airteagal 16

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 1(2), pointe (b)

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 17(3)

Airteagal 11(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 11(5)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11(6)

Airteagal 12

Airteagal 32

Airteagal 13

Airteagal 30

Airteagal 13a(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 13a(2)

Airteagal 31(2)

Airteagal 13a(3)

Airteagal 31(3)

Airteagal 13a(4)

Airteagal 31(5)

Airteagal 13a(5)

Airteagal 31(6)

Airteagal 14(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 14(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4)

Airteagal 14(5)

Airteagal 15(1), an chéad fhomhír

Airteagal 28(1)

Airteagal 15(1), an dara fomhír

Airteagal 28(3)

Airteagal 15(2)

Airteagal 28(4)

Airteagal 16

Airteagal 34(2)

Airteagal 17

Airteagal 35

Airteagal 18

Airteagal 33

Airteagal 19

Airteagal 37


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/405/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)