|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/402 |
25.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/402 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Feabhra 2026
maidir le L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann an breiseán a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’; agus sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí an breiseán lena úsáid in uisce óil freisin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú. Thairis sin, tharraing an t-iarratasóir siar ina dhiaidh sin an t-iarratas maidir le L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 a údarú sa chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 17 Meán Fómhair 2025 (2) maidir leis an ullmhóid L-cistín arna táirgeadh le Escherichia coli DSM 34232, go bhfuil sí sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl ná íogróir craicinn é L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin, ós rud é go n-úsáidtear L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 i mbia mar chomhdhúil bhlaistithe, go bhfuil coinne leis go mbeidh feidhm chomhchosúil aige i mbeatha agus nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. Níor mheas sé go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Measann an Coimisiún nach gá uaschion a shocrú le haghaidh L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 ar chúiseanna sábháilteachta. Ionas gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad an bhreiseáin. I gcás ina sáraítear an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9688. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9688.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||
|
2b392 |
L-cistín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: L-cistín Foirm sholadach ---------------------------------------------------------------- Saintréithriú na substainte gníomhaí: L-cistín arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232 Ainm IUPAC: aigéad (2R)-2-aimínea-3-[[(2R)-2-aimínea-2-carbocsa-eitil]déshulfainil]própánóch Foirmle cheimiceach: C6H12N2O4S2 Uimhir CAS: 56-89-3 Uimhir FLAVIS: 17.006 Íonacht: íosmhéid ≥ 98.5 % ar bhonn ábhar tirim. Modh anailíse (1): Maidir le L-cistín sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le cistín sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le cistín i réamh-mheascáin a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 17 Márta 2036 |
||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga
(2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/402/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)