|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/364 |
20.2.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/364 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Feabhra 2026
lena n-aithnítear go bhfuil sonraí cruinne sa tuarascáil a chuir an Ísiltír isteach faoi Airteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, gráin bhuí, ráibe olashíl geimhridh sa Bhallstát sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (1), agus go háirithe Airteagal 31(4) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá sé de cheanglas i dTreoir (AE) 2018/2001 go sábháiltear le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise líon mór astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le breoslaí iontaise ionas gur féidir iad a áireamh i leith na spriocanna a leagtar amach sa Treoir sin. Chun na críche sin, in Airteagal 29(10) den Treoir sin leagtar síos tairseacha sonracha maidir le laghdú ar astaíochtaí le haghaidh na mbreoslaí sin, agus le hAirteagal 31 rialaítear an bealach a ríomhtar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid na mbreoslaí sin. Agus na ríomhanna sin á ndéanamh, is féidir úsáid a bhaint as na luachanna réamhshocraithe a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. In ionad luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó shaothrú amhábhar talmhaíochta, is féidir úsáid a bhaint as luachanna tipiciúla faoi roinnt coinníollacha. Maidir leis na luachanna tipiciúla sin, arb éard atá iontu an meánluach i limistéar sonrach, féadfaidh na Ballstáit nó tríú tíortha iad a thuairisciú don Choimisiún. Ní fhéadfar na luachanna tipiciúla a úsáid ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil siad cruinn. |
|
(2) |
Le hAirteagal 31(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ligtear do na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena n-áirítear faisnéis faoi na hastaíochtaí gás ceaptha teasa tipiciúla ó shaothrú amhábhar talmhaíochta sna limistéir sin ina gcríoch a aicmítear mar leibhéal 2 in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS), nó mar leibhéal NUTS atá níos dí-chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(3) |
An 2 Iúil 2025 chuir an Ísiltír faoi bhráid an Choimisiúin an tuarascáil chríochnaitheach ina raibh sonraí chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, gráin bhuí agus ráibe olashíl geimhridh a tháirgtear de ghnáth i limistéir ina críoch a aicmítear mar leibhéal 2 in NUTS. D’iarr an Ísiltír go n-aithneofaí na sonraí mar shonraí cruinne i gcomhréir le hAirteagal 31(4) de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an tuarascáil agus chinn sé go bhfuil sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, gráin bhuí agus síl ráibe geimhridh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 san Ísiltír. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, tá siad i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tuarascáil a chuir an Ísiltír faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ina leith an 2 Iúil 2025, tá sonraí cruinne inti chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas a bhaineann le saothrú cruithneachta geimhridh, biatais siúcra, gráin bhuí agus síl ráibe geimhridh a tháirgtear de ghnáth i réigiúin NUTS 2 san Ísiltír. Leagtar amach san Iarscríbhinn achoimre ar shonraí na tuarascála.
Airteagal 2
I gcás ina ndéanfar athrú ar na sonraí sa tuarascáil, mar a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas a fháil ina leith an 2 Iúil 2025, arb athrú é a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chruinneas na sonraí agus, dá bhrí sin, don bhunús leis an gCinneadh seo, tabharfaidh an Ísiltír fógra don Choimisiún faoi aon athrú den sórt sin láithreach. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hathruithe faoina dtugtar fógra chun a chinneadh an soláthraítear na sonraí cruinne fós sa tuarascáil a bhfuil sí aitheanta ina leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige an 12 Márta 2031.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1059/oj).
IARSCRÍBHINN
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú cruithneachta geimhridh san Ísiltír (g CO2-eq/kg d’ábhar tirim cruithneachta geimhridh)
|
Cód NUTS2 |
Réigiún NUTS2 (2024) |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|
|
|
||
|
NL11 |
Groningen |
169,3 |
35,2 |
81,3 |
15,7 |
5,1 |
62,6 |
6,89 |
376,1 |
|
NL12 |
Friesland |
170,0 |
34,3 |
81,2 |
15,5 |
4,9 |
61,4 |
6,80 |
374,1 |
|
NL13 |
Drenthe |
111,6 |
15,4 |
60,4 |
13,8 |
7,1 |
60,7 |
6,17 |
275,3 |
|
NL21 |
Overijssel |
137,8 |
29,0 |
72,6 |
15,9 |
7,5 |
68,4 |
6,85 |
338,1 |
|
NL22 |
Gelderland |
176,9 |
39,4 |
85,3 |
15,9 |
5,5 |
65,3 |
6,21 |
394,5 |
|
NL23 |
Flevoland |
153,8 |
29,7 |
76,3 |
15,6 |
4,6 |
58,1 |
5,48 |
343,6 |
|
NL32 |
Noord-Holland |
166,1 |
34,2 |
82,6 |
16,9 |
5,0 |
63,0 |
6,97 |
374,8 |
|
NL34 |
Zeeland |
168,7 |
34,7 |
78,3 |
14,5 |
4,7 |
59,5 |
5,61 |
366,1 |
|
NL35 |
Utrecht |
168,5 |
37,7 |
81,9 |
15,7 |
5,8 |
65,4 |
6,29 |
381,4 |
|
NL36 |
Zuid-Holland |
154,2 |
30,0 |
76,7 |
15,7 |
4,6 |
58,3 |
5,49 |
345,0 |
|
NL41 |
Noord-Brabant |
164,9 |
34,9 |
77,7 |
14,1 |
5,1 |
60,3 |
5,76 |
362,8 |
|
NL42 |
Limburg |
132,6 |
22,6 |
59,7 |
10,9 |
6,2 |
57,0 |
5,70 |
294,7 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú biatais siúcra san Ísiltír (g CO2-eq/kg d’ábhar tirim biatais siúcra)
|
Cód NUTS2 |
Réigiún NUTS2 (2024) |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
NL11 |
Groningen |
62,6 |
11,6 |
27,0 |
3,2 |
3,4 |
33,2 |
0,44 |
141,5 |
|
NL12 |
Friesland |
52,9 |
7,7 |
22,0 |
4,2 |
2,9 |
31,7 |
0,41 |
121,9 |
|
NL13 |
Drenthe |
73,3 |
16,7 |
32,6 |
2,3 |
4,0 |
34,4 |
0,46 |
163,8 |
|
NL21 |
Overijssel |
71,7 |
16,1 |
19,3 |
2,2 |
3,9 |
34,1 |
0,45 |
147,8 |
|
NL22 |
Gelderland |
60,5 |
10,8 |
20,5 |
3,8 |
3,3 |
33,9 |
0,44 |
133,4 |
|
NL23 |
Flevoland |
43,8 |
5,4 |
16,0 |
3,6 |
2,4 |
26,8 |
0,35 |
98,4 |
|
NL32 |
Noord-Holland |
48,7 |
6,7 |
20,2 |
3,7 |
2,7 |
28,9 |
0,38 |
111,3 |
|
NL34 |
Zeeland |
49,7 |
7,2 |
18,1 |
4,1 |
2,7 |
30,2 |
0,39 |
112,6 |
|
NL35 |
Utrecht |
58,8 |
9,9 |
20,7 |
4,2 |
3,2 |
34,1 |
0,45 |
131,3 |
|
NL36 |
Zuid-Holland |
48,0 |
6,6 |
17,7 |
4,0 |
2,6 |
29,4 |
0,38 |
108,6 |
|
NL41 |
Noord-Brabant |
56,7 |
9,5 |
16,4 |
2,4 |
3,2 |
30,9 |
0,41 |
119,7 |
|
NL42 |
Limburg |
62,7 |
11,3 |
15,6 |
3,0 |
3,6 |
32,3 |
0,43 |
129,1 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú gráin bhuí san Ísiltír (g CO2-eq/kg d’ábhar tirim gráin bhuí)
|
Cód NUTS2 |
Réigiún NUTS2 (2024) |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
NL11 |
Groningen |
168,6 |
29,5 |
46,4 |
4,9 |
2,0 |
69,7 |
1,17 |
322,3 |
|
NL12 |
Friesland |
189,1 |
36,5 |
53,6 |
4,8 |
2,2 |
77,1 |
1,30 |
364,6 |
|
NL13 |
Drenthe |
167,8 |
29,7 |
44,5 |
5,6 |
2,0 |
70,5 |
1,19 |
321,3 |
|
NL21 |
Overijssel |
154,4 |
24,5 |
41,4 |
4,5 |
1,9 |
64,6 |
1,09 |
292,4 |
|
NL22 |
Gelderland |
170,9 |
30,9 |
49,8 |
7,0 |
2,0 |
69,2 |
1,16 |
331,0 |
|
NL23 |
Flevoland |
190,4 |
31,7 |
62,6 |
7,5 |
2,1 |
71,3 |
1,20 |
366,7 |
|
NL32 |
Noord-Holland |
176,4 |
28,8 |
56,2 |
6,2 |
1,9 |
67,4 |
1,13 |
338,0 |
|
NL34 |
Zeeland |
179,5 |
31,2 |
56,6 |
6,1 |
2,0 |
68,9 |
1,16 |
345,5 |
|
NL35 |
Utrecht |
165,5 |
28,4 |
48,5 |
3,8 |
1,9 |
66,6 |
1,12 |
315,8 |
|
NL36 |
Zuid-Holland |
182,6 |
29,6 |
60,2 |
7,2 |
2,0 |
68,4 |
1,15 |
351,1 |
|
NL41 |
Noord-Brabant |
147,7 |
19,7 |
35,4 |
7,9 |
1,9 |
64,9 |
1,09 |
278,6 |
|
NL42 |
Limburg |
179,0 |
31,6 |
47,2 |
8,1 |
2,2 |
75,9 |
1,28 |
345,1 |
Astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as saothrú ráibe olashíl geimhridh san Ísiltír (g CO2-eq/kg d’ábhar tirim ráibe olashíl geimhridh)
|
Cód NUTS2 |
Réigiún NUTS2 (2024) |
N2O na hithreach |
Leabaithe |
Úsáid breosla |
Síolta |
Iomlán |
|||
|
Díreach |
Indíreach |
Leasachán |
Neodrú |
Lotnaidicíd |
|||||
|
NL11 |
Groningen |
288,3 |
55,5 |
152,1 |
37,8 |
5,7 |
129,9 |
0,68 |
670,0 |
|
NL12 |
Friesland |
276,5 |
49,0 |
146,2 |
36,4 |
5,4 |
124,5 |
0,65 |
638,5 |
|
NL13 |
Drenthe |
274,3 |
66,8 |
139,9 |
34,2 |
5,7 |
130,0 |
0,68 |
651,5 |
|
NL21 |
Overijssel |
327,6 |
95,1 |
168,5 |
41,2 |
6,7 |
152,8 |
0,81 |
792,8 |
|
NL22 |
Gelderland |
367,2 |
98,9 |
195,7 |
47,6 |
7,3 |
165,7 |
0,88 |
883,3 |
|
NL23 |
Flevoland |
367,9 |
86,6 |
193,1 |
48,4 |
7,2 |
163,3 |
0,87 |
867,4 |
|
NL32 |
Noord-Holland |
386,9 |
92,7 |
203,5 |
50,9 |
7,6 |
171,4 |
0,91 |
913,9 |
|
NL34 |
Zeeland |
370,5 |
89,2 |
195,0 |
48,8 |
7,3 |
164,4 |
0,87 |
876,0 |
|
NL35 |
Utrecht |
397,5 |
98,5 |
213,6 |
52,3 |
7,8 |
176,0 |
0,94 |
946,6 |
|
NL36 |
Zuid-Holland |
382,9 |
92,7 |
201,6 |
50,4 |
7,5 |
169,6 |
0,90 |
905,7 |
|
NL41 |
Noord-Brabant |
297,5 |
67,0 |
153,6 |
36,8 |
6,2 |
141,4 |
0,74 |
703,3 |
|
NL42 |
Limburg |
273,9 |
58,1 |
134,2 |
31,6 |
6,1 |
138,5 |
0,73 |
643,1 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/364/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)