|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/356 |
19.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/356 ÓN gCOIMISIÚN
an 18 Feabhra 2026
maidir le hullmhóid arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha ionbhainbh (sealbhóir an údaraithe: Puratos NV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le hullmhóid arb é atá inti ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid arb é atá inti ion–1,4-béite-xiolanáis arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha ionbhainbhe, agus iarrtar ann an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 25 Meitheamh 2025 (2) maidir leis an ullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136, go bhfuil sí sábháilte do chránacha ionbhainbh, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl í agus gur íogróir riospráide í an ullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 sa dá fhoirmliú, is é sin soladach agus leachtach, agus go meastar gur riosca é aon nochtadh don ullmhóid sin. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhféadfadh an ullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 a bheith éifeachtúil mar bhreiseán zóiteicniúil i gcránacha le linn na tréimhse iompair ag 10 AI/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas an tÚdarás go raibh gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 13 Iúil 2016 (3), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid ion-1,4-béite-xiolanáise, arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136, na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh cránacha ionbhainbh. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9552, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9552.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2016; 14(9):4562, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2016.4562.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta. |
|||||||||||||||||
|
4a1606i |
Puratos NV |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8.) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb e ata inti ion-1,4-béite-xiolanáis (CE 3.2.1.8) arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 ag a bhfuil íosghníomhaíocht: 400 AI (1) /g. Foirm sholadach agus leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) arna táirgeadh le Bacillus subtilis LMG S-15136 Modh anailíse (2) Maidir le gníomhaíocht xiolanáise sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le gníomhaíocht xiolanáise i réamh-mheascáin agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
|
Cránacha ionbhainbh |
— |
10 AI |
— |
|
an 11 Márta 2036 |
||||||||
(1) Sainmhínítear 1 AI mar mhéid na heinsíme lena scaoiltear aon mhicreamól amháin de shiúcraí dí-ocsaídithe (coibhéisí xiolóise) ó xiolán beithe in aghaidh an nóiméid ag pH 4,5 agus ag 30 C.
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/356/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)