|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/323 |
11.2.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/323 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a mhéid a bhaineann le táillí as maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí ar riarthóirí tagarmharcanna a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 48l(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leasaíodh Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 le Rialachán (AE) 2025/914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) chun na hinniúlachtaí i ndáil le húdarú nó clárú riarthóirí tagarmharcanna a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír a aistriú ó na húdaráis inniúla chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. De bhun Airteagal 481 de Rialachán (AE) 2016/1011, tá an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí le táillí maoirseachta a ghearradh le haghaidh na riarthóirí tagarmharcanna uile dá dtagraítear in Airteagal 40(1) den Rialachán sin. Áirítear orthu sin riarthóirí tagarmharcanna a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír. Dá bhrí sin, ba cheart táillí a leagan síos le haghaidh an chláraithe nó an údaraithe thosaigh chomh maith le maoirsiú leanúnach na riarthóir tagarmhairc sin. |
|
(2) |
Níor cheart leibhéal na dtáillí maoirseachta a bheith ina thoisc do riarthóir tagarmharcanna tríú tír agus cinneadh á dhéanamh maidir le cibé acu a dhéanfaidh sé a thagarmharcanna san Aontas a thairiscint trí phróiseas na haitheanta nó trí phróiseas an fhormhuinithe. Dá bhrí sin, ba cheart leibhéal na dtáillí maoirseachta do riarthóirí tagarmhairc a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír a bheith mar an gcéanna leis na táillí do riarthóirí tríú tír aitheanta. |
|
(3) |
Sonraítear na táillí maoirseachta bliantúla a ghearrtar ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 (3). Is léir anois bunaithe ar thaithí a fuair ESMA trí mhaoirseacht agus cathaoirleacht a dhéanamh ar choláiste maoirseachta do riarthóir tagarmhairc chriticiúil nach bhfuil na táillí sin leordhóthanach a thuilleadh chun an caiteachas oibríochtúil le haghaidh maoirseachta a chumhdach. Ba cheart, dá bhrí sin, na táillí seasta maoirseachta a ghearrtar ar riarthóirí tagarmharcanna criticiúla a mhéadú. |
|
(4) |
Chun a áirithiú nach ndíspreagann táillí maoirseachta riarthóirí tagarmharcanna tríú tír go míchuí óna dtagarmharcanna a thairiscint san Aontas, ba cheart na táillí sin a bheith comhréireach leis an láimhdeachas arna ghiniúint ag gníomhaíochtaí riarthóra san Aontas. |
|
(5) |
Ní mór do ESMA maoirsiú a dhéanamh ar riarthóirí tagarmharcanna a riarann nó a fhormhuiníonn tagarmharcanna suntasacha agus ar riarthóirí tagarmharcanna a riarann nó a fhormhuiníonn tagarmharcanna nach bhfuil ach tábhacht eacnamaíocht theoranta ag baint leo, ach atá faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011 de bhrí gur Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharcanna Aeráide AE nó tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011 iad. Chun comhréireacht a áirithiú idir ábharthacht eacnamaíoch na dtagarmharcanna nach tagarmharcanna suntasacha iad agus an táille mhaoirseachta bhliantúil atá le híoc, agus chun teorainn a chur leis an ualach tuairiscithe ar na riarthóirí tagarmharcanna lena mbaineann, ba cheart an táille mhaoirseachta bhliantúil a ghearrtar ar na riarthóirí tagarmharcanna sin a bheith i bhfoirm méid socraithe agus níor cheart oibleagáid a bheith ar na riarthóirí tagarmharcanna a riarann nó a fhormhuiníonn iad figiúirí ioncaim a chur faoi bhráid ESMA. |
|
(6) |
Maidir leis an láimhdeachas ar féidir an táille mhaoirseachta do na blianta ina dhiaidh sin a bhunú air, is gnách nach mbeidh sé ar fáil do riarthóirí tagarmharcanna nach bhfuil a ngnólachtaí bunaithe san Aontas acu ach le déanaí. Ar an gcúis sin, is iomchuí táille mhaoirseachta sheasta a leagan síos don chéad 2 bhliain d’oibríocht na riarthóirí tagarmharcanna sin. |
|
(7) |
Riarthóirí tagarmharcanna a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír agus a n-aistrítear an mhaoirseacht leanúnach orthu sin ó údaráis inniúla náisiúnta chuig ESMA i gcomhréir le hAirteagal 48n (1a) de Rialachán (AE) 2016/1011, ní cheanglaítear orthu iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú agus formhuiniú ná ar aitheantas agus formhuiniú. Dá bhrí sin níor cheart ceangal a bheith orthu táillí iarratais a íoc tar éis aistriú na freagrachta maoirseachta. |
|
(8) |
Chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint le haghaidh aon iarratais a gheobhaidh ESMA le linn na tréimhse roimh dheireadh na hidirthréimhse ar úsáid tagarmharcanna tríú tír san Aontas an 31 Nollaig 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 mar a leanas:
|
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Article 1 Ábhar agus raon feidhme Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le táillí is féidir le ESMA a ghearradh ar riarthóirí tagarmharcanna i ndáil le clárú, údarú, aithint, formhuiniú agus maoirseacht.’ |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh: ‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:’; |
|
(3) |
in Airteagal 2a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
|
|
(4) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 4, 5 agus 6: ‘Airteagal 4 Táillí maoirseachta bliantúla 1. Íocfaidh riarthóir tagarmhairc chriticiúil amháin nó níos mó na táillí maoirseachta bliantúla seo a leanas:
2. Riarthóir tagarmharcanna atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ESMA nó riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír a ndéanann ESMA maoirsiú orthu agus a sholáthraíonn nó a fhormhuiníonn, an 30 Meán Fómhair den bhliain (n-1), tagarmharc amháin ar a laghad atá suntasach de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2016/1011, íocfaidh sé an táille mhaoirseachta bhliantúil seo a leanas:
3. Riarthóir tagarmharcanna atá bunaithe i dtríú tír agus atá aitheanta ag ESMA nó riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír a ndéanann ESMA maoirsiú orthu agus nach soláthraíonn nó nach bhformhuiníonn, an 30 Meán Fómhair den bhliain (n-1), aon tagarmharc atá suntasach de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2016/1011, íocfaidh sé táille mhaoirseachta bhliantúil EUR 20 000. 4. Íocfaidh riarthóirí tagarmharcanna a dtáillí maoirseachta bliantúla ábhartha le ESMA an 31 Márta den bhliain féilire ina mbeidh siad dlite ar a dhéanaí. I gcás nach mbeidh faisnéis ar fáil do na blianta féilire roimhe sin, déanfar na táillí a ríomh ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil maidir le táillí bliantúla. Seolfaidh ESMA an nóta dochair chuig an riarthóir tagarmharcanna 30 lá ar a laghad sula mbeidh an íocaíocht dlite. Ní aisíocfar na táillí bliantúla a íocfar. Airteagal 5 Táillí maoirseachta bliantúla sa bhliain aitheantais, formhuinithe nó údarúcháin De mhaolú ar Airteagal 4, maidir leis an táille mhaoirseachta bhliantúil sa chéad bhliain le haghaidh riarthóirí tríú tír aitheanta, riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír agus riarthóirí údaraithe tagarmharcanna criticiúla, agus tagairt á déanamh don bhliain inar aithníodh nó inar údaraíodh iad, nó inar formhuiníodh tagarmharcanna tríú tír den chéad uair, déanfar í a ríomh tríd an gcomhéifeacht seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir leis an táille a shonraítear in Airteagal 4:
Íocfar an táille mhaoirseachta don chéad bhliain tar éis do ESMA fógra a thabhairt don riarthóir tagarmharcanna gur éirigh lena iarratas agus laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna nóta dochair ESMA. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás ina n-aithnítear nó ina n-údaraítear riarthóir tagarmharcanna, nó ina dtosaíonn sé ag formhuiniú tagarmharcanna tríú tír le linn mhí na Nollag, ní íocfaidh sé an táille mhaoirseachta chéad bhliana. Airteagal 6 Láimhdeachas is infheidhme 1. Is é a bheidh i láimhdeachas is infheidhme riarthóra tagarmharcanna tríú tír aitheanta i mbliain áirithe (n), a ioncam a ghintear sa bhliain (n-2) i ndáil leis an úsáid a bhaineann eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas as a thagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide, nó tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011, gan beann ar cibé acu atá an t-ioncam sin fabhraithe ag an riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta sin nó ag aon eintiteas eile atá sa ghrúpa céanna leis an riarthóir sin. 2. Is é a bheidh i láimhdeachas is infheidhme riarthóra a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír i mbliain áirithe (n), a ioncam a ghintear sa bhliain (n-2) i ndáil leis an úsáid a bhaineann eintitis faoi mhaoirseacht san Aontas as na tagarmharcanna criticiúla, na tagarmharcanna suntasacha, na Tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, na Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide, nó na tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011 a sholáthraíonn sé nó a fhormhuiníonn sé, gan beann ar cibé acu atá an t-ioncam sin fabhraithe ag an riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír sin nó ag aon eintiteas eile atá sa ghrúpa céanna leis an riarthóir sin. 3. Déanfaidh riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta a sholáthraíonn tagarmharc suntasach amháin ar a laghad figiúirí a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, lena ndeimhnítear a láimhdeachas is infheidhme dá dtagraítear i mír 1. Sa chás nach luaitear an láimhdeachas is infheidhme sna cuntais bhliantúla iniúchta, déanfar iniúchadh ar leithligh ar na figiúirí a chuirfear isteach. Cuirfear na figiúirí sin faoi bhráid ESMA trí mheán leictreonach faoin 30 Meán Fómhair gach bliain (n-1), ag tosú sa dara bliain tar éis bhliain an aitheantais. Soláthróidh riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta na doiciméid ina bhfuil figiúirí ioncaim i dteanga a úsáidtear san earnáil seirbhísí airgeadais. 4. Déanfaidh riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír agus a sholáthraíonn nó a fhormhuiníonn tagarmharc suntasach amháin ar a laghad figiúirí a sholáthar do ESMA, ar bhonn bliantúil, lena ndeimhnítear a láimhdeachas is infheidhme dá dtagraítear i mír 2. Sa chás nach luaitear an láimhdeachas is infheidhme sna cuntais bhliantúla iniúchta, déanfar iniúchadh ar leithligh ar na figiúirí a chuirfear isteach. Cuirfear na figiúirí sin faoi bhráid ESMA trí mheán leictreonach faoin 30 Meán Fómhair gach bliain (n-1), ag tosú sa dara bliain tar éis bhliain an aitheantais. Déanfaidh riarthóir atá ag formhuiniú tagarmharcanna tríú tír na doiciméid ina bhfuil figiúirí ioncaim i dteanga a úsáidtear san earnáil seirbhísí airgeadais. 5. I gcás nár oibrigh an riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta le linn na bliana iomláine (n-2), déanfaidh ESMA meastachán ar an láimhdeachas is infheidhme i gcás an riarthóra tagarmharcanna tríú tír aitheanta tríd an luach arna ríomh don líon míonna ar lena linn a d’oibrigh an riarthóir tagarmharcanna tríú tír aitheanta i mbliain (n-2) a eachtarshuí leis an mbliain iomlán (n-2). 6. I gcás nár oibrigh an riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír le linn na bliana iomláine (n-2), déanfaidh ESMA meastachán ar an láimhdeachas is infheidhme a eachtarshuí, don riarthóir a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír sin, tríd an luach arna ríomh don líon míonna ar lena linn a d’fhormhuinigh an riarthóir tagarmharcanna tríú tír sin i mbliain (n-2), leis an mbliain iomlán (n-2). 7. I gcás nach bhfuil cuntais iniúchta ar fáil le haghaidh na bliana (n–2), úsáidfidh ESMA na cuntais iniúchta le haghaidh na bliana (n–1). 8. Maidir le hioncam a thuairiscítear in airgeadra eile seachas an euro, déanfaidh ESMA an t-ioncam sin a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as an meánráta malairte eachtraí euro is infheidhme i dtaca leis an tréimhse inar taifeadadh an t-ioncam sin. Chun na críche sin, úsáidfidh ESMA an ráta tagartha malairte eachtraí euro arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach.’ |
|
(6) |
Scriostar Airteagail 8 agus 9; |
|
(7) |
In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. I gcás ina ndéanfaidh ESMA cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla náisiúnta, is é ESMA amháin a ghearrfaidh an táille iarratais agus an táille le haghaidh maoirsiú bliantúil riarthóirí tríú tír, riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna tríú tír agus riarthóirí tagarmharcanna criticiúla.’ |
|
(8) |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 171, 29.6.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1011/oj.
(2) Rialachán (AE) 2025/914 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe. (IO L, 2025/914, 19.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/914/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/805 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí tháillí a shonrú is infheidhme maidir le maoirseacht ag an Údarás Eorpach um Margaí Urrús ar riarthóirí tagarmharcanna áirithe (IO L 145, 24.5.2022, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/805/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/323/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)