|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/312 |
11.2.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/312 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2026
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí maltaideistrin mar shubstaint ghníomhach ísealriosca a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 355/2013 ón gCoimisiún (2), cuimsíodh maltaideistrin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
|
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a chuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
|
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí maltaideistrin, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 28 Feabhra 2027. |
|
(4) |
Cuireadh iarratas faoi bhráid na hÉireann, an Ballstát is rapóirtéir, agus faoi bhráid na Fraince, an Ballstát is comhrapóirtéir, ar fhormheas na substainte gníomhaí maltaideistrin a athnuachan, i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) agus laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
|
(5) |
Chuir an t-iarratasóir an sainchomhad forlíontach is gá faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir, an Bhallstáit is comhrapóirtéir, an Choimisiúin agus an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith inghlactha. |
|
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis agus an Choimisiúin í an 11 Samhain 2022. Ina dhréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan, mhol an Ballstát is rapóirtéir go ndéanfaí formheas maltaideistrine a athnuachan. |
|
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit freisin chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
|
(8) |
An 18 Feabhra 2025, chuir an tÚdarás an chonclúid uaidh (6) in iúl don Choimisiún ina sonraítear gur féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil maltaideistrin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(9) |
An 9 Iúil 2025, chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha agus an 2 Deireadh Fómhair 2025, chuir sé dréacht den Rialachán seo faoina bhráid. |
|
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúlacha a chur isteach maidir leis an gconclúid ón Údarás agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, rinneadh scrúdú cúramach orthu agus cuireadh san áireamh iad. |
|
(11) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach maltaideistrin, suíodh go gcomhlíontar na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(12) |
Thairis sin, measann an Coimisiún gur substaint ghníomhach ísealriosca í maltaideistrin de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ní substaint ar ábhar imní í maltaideistrin agus comhlíonann sí na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 5 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, formheas maltaideistrine mar shubstaint ghníomhach ísealriosca de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, is iomchuí é a athnuachan. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil atá ann faoi láthair agus i bhfianaise thoradh an mheasúnaithe riosca, áfach, is gá íonacht íosta a shocrú le haghaidh na substainte gníomhaí mar a mhonaraítear í chun sábháilteacht na substainte gníomhaí atá le húsáid i dtáirgí cosanta plandaí a áirithiú. |
|
(15) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
|
(16) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2316 ón gCoimisiún (7) cuireadh síneadh leis an tréimhse formheasa le haghaidh maltaideistrine go dtí an 28 Feabhra 2027 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a thabhairt chun críche sula rachadh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo tráth is luaithe ná an dáta sin. |
|
(17) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí maltaideistrin, a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, a athnuachan, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 355/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach maltaideistrin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 109, 19.4.2013, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/355/oj).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/414/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/844/oj).
(6) Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí maltaideistrin; EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9294. Le fáil ar líne: https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9294.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2316 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sileacáit alúmanaim, défheanaconasól, défhluifeineacan, fosfónáit déshóidiam, úsc as crann tae, fluraclóradón, aigéad iondóiliolbútarach, maltaideistrin, fosfán, olaí plandaí/ola clóibh, olaí plandaí/ola cartlainne garraí, fosfónáití potaisiam agus tríchlóipir (IO L, 2025/2316, 18.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2316/oj).
IARSCRÍBHINN I
|
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
|
Maltaideistrin Uimh. CAS: 9050-36-6 Uimh. CIPAC: 801 |
Níor sannadh |
≥ 853 g/kg de mhaltaideistrin dar fad slabhra 3 – 20 aonad monaiméire; dar coibhéis deastróis 18-20. |
3 Márta 2026 |
3 Márta 2041 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le maltaideistrin dar dáta an 11 Nollaig 2025, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann léi. Sa mheasúnú foriomlán seo, tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint beach meala. Cuimseofar bearta maolaithe riosca sna coinníollacha úsáide i gcás inarb iomchuí. |
(1) Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid B, scriostar iontráil 44 maidir le maltaideistrin; |
|
(2) |
i gCuid D, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:
|
(1) Sa tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/312/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)