European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/307

6.2.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/307 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Eanáir 2026

maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 460)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Nollaig 2025 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’ a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

(2)

Is é is aidhm don tionscnamh, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ar an gCoimisiún ‘bearta daingne láithreacha a mholadh chun deireadh a chur leis na spleáchais iompórtála ón Rúis agus ón mBealarúis atá fós ag an Aontas trí thoirmisc earnála nó céimniú amach cinntitheach a thabhairt isteach’. Cuireann na heagraithe in iúl go bhfuil siad ‘ag díriú ar earnálacha ina bhfuil roghanna malartacha inmharthana ann cheana laistigh den Aontas agus i measc comhpháirtithe iontaofa, amhail iarann agus cruach, ceimiceáin neamhorgánacha agus leasacháin photaisiam’ agus cuireann siad in iúl freisin gurb é ‘an cuspóir atá ann deireadh a chur le sreabhadh chistí an Aontais chuig stát na Rúise, deireadh a chur le leochaileachtaí struchtúracha i slabhraí soláthair criticiúla agus beartas trádála comhleanúnach atá bunaithe ar luachanna a threisiú’. In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tá tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, lena ábhar agus lena chuspóirí. Chuir na heagraithe doiciméad breise agus dréachtghníomh dlí isteach chomh maith mar chuid dá n-iarraidh ar chlárú.

(3)

Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé togra a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena bhforchuirtear toirmeasc ar allmhairiú nó lena méadaítear dleachtanna custaim ar tháirgí áirithe iarainn agus cruach, ar cheimiceáin neamhorgánacha agus ar leasacháin de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach uathu.

(4)

Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

(5)

Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha.

(6)

Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin.

(7)

Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’ a chlárú.

(9)

An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’.

Airteagal 2

Tá an Cinneadh seo dírithe chuig an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Cuirtear deireadh le cogadh na Rúise a mhaoiniú: Deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha díobhálacha gan mhaith ón Rúis isteach san Aontas’, grúpa a bhfuil Salvatore RICCI agus Amalio Trombetta ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Eanáir 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/307/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)