European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/304

5.2.2026

CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh. 194/25/COL

an 24 Samhain 2025

maidir le comhoiriúnacht do dhlí LEE na mbeart atá le déanamh ag an Iorua de bhun Airteagal 14 de Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) [2026/304]

TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE,

Ag féachaint don Ghníomh dá dtagraítear ag pointe 5p d'Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE, Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an ‘Gníomh’), arna leasú le Treoir 2018/1808/AE, agus go háirithe Airteagail 14 agus 29 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir dar dáta an 29 Lúnasa 2025, a fuair Údarás Faireacháin CSTE. (‘An tÚdarás’) ar an dáta ceanna, thug an Iorua fógra i leith na mbeart a bhí le déanamh de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2010/13/AE.

(2)

D'fhíoraigh an tÚdarás, laistigh de thréimhse 3 mhí ón bhfógra sin, go bhfuil na bearta sin comhoiriúnach do dhlí LEE, go háirithe maidir le comhréireacht na mbeart agus trédhearcacht an nós imeachta comhairliúcháin náisiúnta.

(3)

Rinne an tÚdarás, san fhiorú uaidh, breithniú ar na sonraí atá le fáil ar mhargadh meán na hIorua.

(4)

An liosta imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo don tsochaí a cuimsíodh i mbearta na hIorua, tarraingíodh suas é ar bhealach soiléir agus trédhearcach. Go háirithe, rinneadh comhairliúchán poiblí san Iorua i ndáil leis sin.

(5)

Bhí an tÚdarás sásta gur chomhlíon na himeachtaí a liostaítear i mbearta na hIorua ar a laghad dhá cheann de na critéir a leanas a mheastar a bheith ina dtáscairí iontaofa ar an tábhacht a bhaineann le himeachtaí don tsochaí: (i) dáimh ghinearálta speisialta laistigh den Stát CSTE LEE, agus a bhaineann tábhacht leo ní hamháin dóibh siúd a leanann an spórt nó an t-imeacht lena mbaineann de ghnáth; (Ii) tábhacht chultúrtha ar leith a aithnítear go ginearálta a bheith ag gabháil leis an imeacht do phobal an Stáit CSTE LEE. go háirithe agus é mar spreagadh don fhéiniúlacht chultúrtha; (iii) rannpháirtíocht na foirne náisiúnta san imeacht lena mbaineann i gcomhthéacs comórtais nó craobhchomórtais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis; agus (iv) go mbíonn an t-imeacht á chraoladh go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana teilifíse mór aige.

(6)

Tagann roinnt de na himeachtaí a liostaítear i mbearta na hIorua, amhail Corn an Domhain sa sacar nó craobhchomórtas sacair na hEorpa, laistigh de chatagóir na n-imeachtaí a mheastar tábhacht mhór a bheith ag baint leo, dá dtagraítear go sainráite in aithris 49 de Threoir 2010/13/AE.

(7)

Tá an spéis i sacar na mban láidir san Iorua, go háirithe le linn mórchomórtas.

(8)

Bhain foireann na hIorua Corn Domhanda na mBan amach gach uair dá raibh sé ann ó 1991 i leith agus bhuaigh siad in 1995. Bhain an Iorua craobhchomórtas na hEorpa amach gach uair dá raibh sé ann freisin ó 1987 go 2022.

(9)

Bítear ag craoladh an dá imeacht go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana mór teilifíse acu. Ba cheart Corn Domhanda na mBan agus Craobhchomórtas na hEorpa i Sacar na mBan a mheas mar aon imeacht amháin, ós rud é go bhfuil tionchar freisin ag na cluichí idir tíortha eile ar na cluichí a d'fhéadfadh an Iorua a imirt, chomh maith leis an toradh foriomlán. Dá bhrí sin, tá dáimht speisialta leo freisin san Iorua.

(10)

Gineann an Craobhchomórtas Domhanda agus Craobhchomórtas na hEorpa i Liathróid Láimhe na bhFear spéis shuntasach san Iorua.

(11)

Bhain foireann na hIorua gach craobhchomórtas domhanda amach ó 2005 i leith, cé is moite de 2013 agus 2015. In 2017 agus 2019 araon, bhain an fhoireann an chéim dheiridh amach.

(12)

Bhain foireann náisiúnta fear na hIorua craobhchomórtas na hEorpa amach gach uair dá raibh sé ann ó 2006 i leith.

(13)

Bítear ag craoladh na n-imeachtaí go traidisiúnta ar an teilifís shaorchraolta agus lucht féachana mór teilifíse acu.

(14)

Ba cheart an Craobhchomórtas Domhanda i Liathróid Láimhe na bhFear araon a mheas mar aon imeacht amháin, ós rud é go bhfuil tionchar freisin ag na cluichí idir tíortha eile ar na cluichí a d'fhéadfadh an Iorua a imirt chomh maith leis an toradh foriomlán. Dá bhrí sin, tá dáimh speisialta leo freisin san Iorua.

(15)

Ar chúis sháraitheach an leasa phoiblí a bhaineann lena áirithiú go mbeidh rochtain leathan ag an bpobal ar chraoladh imeachtaí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo don tsochaí, is cosúil go bhfuil bearta na hIorua comhréireach i leith údar a thabhairt don mhaolú ar an tsaoirse bhunúsach chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 36 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

(16)

Tá bearta na hIorua comhoiriúnach freisin do rialacha iomaíochta LEE a mhéid a bhraitheann sainmhíniú na gcraoltóirí cáilithe i dtaobh na n-imeachtaí atá liostaithe a chraoladh ar chritéir oibiachtúla (cumhdach atá de dhíth), rud a fhágann gur féidir iomaíocht a bheith ann maidir leis na cearta chun na himeachtaí sin a chraoladh a fháil. Ina theannta sin, níl líon na n-imeachtaí liostaithe chomh díréireach sin go ndéanfadh sé saobhadh ar an iomaíocht ar na margaí iartheachtacha saorchraolta agus ar íocaíocht.

(17)

Tá roinnt imthosca ag tacú le comhréireacht ghinearálta bhearta na hIorua.

(18)

Ar an gcéad dul síos, le tabhairt isteach na tairsí 90 % maidir leis an gcumhdach ar an bpobal atá de dhíth le haghaidh craoltóirí cáilithe, méadaítear comhréireacht na mbeart, a mhéid a mhéadaítear leis líon na gcraoltóirí a d'fhéadfadh a bheith incháilithe.

(19)

Ar an dara dul síos, tá líon na n-imeachtaí a cuimsíodh sa liosta comhréireach. Ar an tríú dul síos, tugadh sásra isteach chun díospóidí idir craoltóirí a réiteach a mhéid a bhaineann le cúiteamh cóir a íoc as cearta craoltóireachta.

(20)

Thairis sin, le bearta na hIorua, déantar foráil maidir le socruithe iomchuí i gcásanna ina gceannaíonn craoltóirí neamhcháilithe na himeachtaí atá liostaithe, chun córas a áirithiú i dtaobh cearta eisiacha le haghaidh craoltóirí cáilithe a athcheadúnú. Thairis sin, le bearta na hIorua, táthar ag súil le cásanna ina gceannaíonn craoltóir neamhcháilithe na cearta ar na himeachtaí atá liostaithe, agus i gcás nach bhfuarthas iarraidh ó cheannaitheoir cáilithe, chun a áirithiú gur féidir leis an gcraoltóir neamhcháilithe a chearta a fheidhmiú.

(21)

D'iarr an tÚdarás tuairim ón gCoiste um Chumarsáid Leictreonach CSTE. Ghlac an coiste tuairim fhabhrach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bearta atá le glacadh ag an Iorua de bhun an Ghnímh dá dtagraítear ag pointe 5p d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE agus Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí. rialachán nó gníomh riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (an ‘Gníomh’) agus go háirithe Airteagal 14(1) de, faoinar tugadh fógra don Údarás de bhun Airteagal 14(2) den Ghníomh an 29 Lúnasa 2025, tá siad comhoiriúnach do dhlí LEE.

Airteagal 2

Cuirfidh an Iorua in iúl don Údarás na bearta mar a ghlacfar go críochnaitheach iad. Foilseoidh an tÚdarás na bearta sin i bhForlíonadh LEE d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Threoir 2010/13/AE.

Airteagal 3

Is ar an Iorua atá an Cinneadh seo dírithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.

Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE, ag gníomhú dó faoi Chinneadh Tarmligthe 103/13/COL,

Stefan BARRIGA

Comhalta Coláiste Freagrach

Melpo-Menie JOSÉPHIDÈS

Ag comhshíniú mar Stiúrthóir,

Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/304/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)