European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/296

22.4.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/296 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Feabhra 2026

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhaoluithe ar an toirmeasc ar scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a leagan amach

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (1), agus go háirithe Airteagal 25(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2024/1781 cuirtear toirmeasc ar oibreoir eacnamaíoch táirgí tomhaltais neamhdhíolta áirithe a scriosadh ón 19 Iúil 2026 ar aghaidh.

(2)

Chun go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin agus inarb iomchuí ar aon cheann de na cúiseanna a liostaítear in Airteagal 25(5) de Rialachán (AE) 2024/1781, is gá maoluithe a leagan amach ón toirmeasc ar scriosadh táirgí tomhaltais neamhdhíolta a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Ag brath ar na himthosca a thugann údar cuí leis an scriosadh, d’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann fós na táirgí tomhaltais neamhdhíolta ábhartha a athmhonarú, a athchóiriú nó a dheonú, agus iad a dhiúscairt freisin chun críoch a n-ullmhaithe le haghaidh athúsáide, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ‘scriosadh’ a leagtar amach in Airteagal 2(34) de Rialachán (AE) 2024/1781. I gcás ina bhfuil feidhm ag maolú, tá táirgí tomhaltais neamhdhíolta le scriosadh i gcomhréir leis an ord tosaíochta in ord na réiteach dramhaíola mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus tús áite á thabhairt don athchúrsáil de rogha ar aon aisghabháil eile, lena n-áirítear aisghabháil fuinnimh agus oibríochtaí diúscartha.

(4)

Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/1781 feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí. Níor cheart, áfach, leis an toirmeasc a leagtar amach in Airteagal 25(1) den Rialachán sin, cosc ná teorainn a chur ar oibreoirí eacnamaíocha an ghníomhaíocht a bhfuil gá léi a dhéanamh chun ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú agus chun táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh nuair a chuireann siad an tsláinte nó an tsábháilteacht i mbaol agus nuair nach féidir aon bheart maolaithe eile a dhéanamh.

(5)

D’fhéadfadh sé go mbeadh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta gan comhlíonadh ag táirgí tomhaltais ar chúiseanna seachas na cúiseanna sin a bhaineann le sláinte nó sábháilteacht tomhaltóirí, mar shampla, ar chúiseanna eiticiúla, amhail saothar éigeantais. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí scriosadh faoin dlí sin nó d’fhéadfadh sé gur bheart maolaithe iomchuí é agus gur cheart, dá bhrí sin, é a cheadú.

(6)

Tá cosaint ceart maoine intleachtúla bunriachtanach chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a choinneáil agus chun forbairt agus tráchtálú táirgí agus teicneolaíochtaí nua a dhreasú. I gcásanna ina bhfaightear go bhfuil sárú á dhéanamh ag táirgí tomhaltais neamhdhíolta ar chearta maoine intleachtúla, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis an scriosadh chun tuilleadh sáraithe a chosc.

(7)

D’fhéadfadh sé go mbeadh cearta maoine intleachtúla nasctha le hoibleagáidí conarthacha atá bailí agus infhorfheidhmithe le dlí, amhail ceadúnais lena sriantar díol nó dáileadh táirgeadh tar éis dáta sonrach. A luaithe atá an dáta sin thart, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le scriosadh chun feidhmiú éifeachtach na gceart sin a áirithiú.

(8)

D’fhéadfadh roinnt táirgí tomhaltais a bheith mí-oiriúnach lena n-athúsáid nó lena n-athmhonarú mar gheall ar neamh-indéantacht theicniúil lipéid, lógónna nó saintréithe dearaidh táirge a bhaint nó a dhéanamh dorochtana go buan. D’fhéadfadh gá a bheith le baint den sórt sin chun a áirithiú go n-urramófar cearta maoine intleachtúla. D’fhéadfadh táirgí tomhaltais a bheith mí-oiriúnach lena n-athúsáid nó lena n-athmhonarú freisin toisc go bhfuil siad míchuí i gcomhthéacs sonrach cultúrtha, eiticiúil nó sochaíoch. Maidir le táirgí den chineál sin, cé go gcomhlíonann siad dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, d’fhéadfaidís a bheith conspóideach agus a bheith ina gcúis le díospóireacht mhorálta nó le hábhair imní eiticiúla a bheith á n-ardú, sin nó d’fhéadfaidís teacht trasna ar na noirm atá ann faoi láthair maidir le hurraim, comhionannas nó dínit an duine, ar noirm iad a bhfuil glacadh sóisialta leo. Áirítear leis sin go háirithe, ach ní go heisiach, táirgí a dhéanann an t-idirdhealú a bhuanú, a thagann i dtír ar steiréitíopaí, nó a bhíonn ag brath ar theanga nó ar íomhánna gríosaitheacha. I gcásanna den sórt sin, ba cheart a bheith in ann scriosadh a dhéanamh i gcás inarb é an réiteach is éifeachtaí agus is comhréirí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicniúla den sórt sin. Tagraíonn neamh-indéantacht theicniúil do chásanna nach leor nó nach iontaofa na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair, an t-eolas teicniúil seanbhunaithe, nó an saineolas atá ar fáil d’oibreoirí eacnamaíocha chun leigheasanna éifeachtacha a chur i bhfeidhm.

(9)

Ba cheart é a bheith indéanta táirgí damáistithe a scriosadh, i gcás ina bhfuil damáiste fisiceach déanta dóibh, i gcás ina bhfuil siad éillithe, nó i gcás ina bhfuil meath tagtha orthu, le linn gníomhaíochtaí agus próisis a dhéantar ar fud an tslabhra soláthair. D’áireofaí leis sin damáiste le linn láimhseála, stórála, iompair, miondíola nó le linn iad a bheith á gcur ar ais ag tomhaltóirí i gcás inar cuireadh na táirgí sin ar ais ar bhonn an chirt chun tarraingt siar dá bhforáiltear le Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) nó, i gcás inarb infheidhme, le linn tréimhse tarraingthe siar níos faide arna soláthar ag an trádálaí, ar choinníoll nach bhfuil an deisiú costéifeachtach ná indéanta go teicniúil.

(10)

Ba cheart é a bheith indéanta táirgí atá mí-oiriúnach don chríoch atá beartaithe dóibh a scriosadh mar gheall ar lochtanna deartha nó monaraíochta a fhágann go bhfuil an táirge neamhfheidhmiúil. Ba cheart táirge a mheas mar tháirge neamhfheidhmiúil i gcás ina bhfuil airíonna fíor-riachtanacha in easnamh air a mbeadh coinne réasúnta ag tomhaltóirí leo nó i gcás ina mbaineann an locht an bonn de phríomhchuspóir an táirge. Níor cheart scriosadh a cheadú ach amháin i gcás nach féidir na táirgí sin a dheisiú.

(11)

D’fhéadfadh oibreoirí eacnamaíocha táirgí tomhaltais neamhdhíolta a dheonú, chun críoch a n-úsáide nó a n-athúsáide, do chomhpháirtithe oiriúnacha, lena n-áirítear eintitis geilleagair shóisialta a ghlacann le tabhartais de na táirgí tomhaltais ábhartha, trí reacht nó trí ghnáthchleachtas, agus tús áite á thabhairt do thabhartais áitiúla chun na tionchair chomhshaoil a íoslaghdú agus chun cruthú samhlacha gnó inbhuanaithe, rannpháirtíocha agus cuimsitheacha, mar aon le poist ardcháilíochta, a chothú san Aontas. I gcás ina ndearnadh tairiscint den sórt sin, go díreach do thrí eintiteas geilleagair shóisialta oiriúnacha ar a laghad laistigh den Aontas, sin nó ar leathanach de shuíomh gréasáin an oibreora eacnamaíoch, leathanach a bhfuil teacht éasca air, ar feadh tréimhse 8 seachtaine ar a laghad, agus nár glacadh leis na táirgí lena ndeonú, d’fhéadfaí iad a scriosadh. Eintitis geilleagair shóisialta a fhaigheann táirgí tomhaltais neamhdhíolta mar thabhartas, ba cheart cead a bheith acu na táirgí sin a scriosadh mura féidir leo faighteoirí a aimsiú dóibh, ach amháin má tá na táirgí sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach faoi Threoir 2008/98/CE go ndéanfaí teicstílí neamhdhíolta diúscartha a bhailiú ar leithligh agus a ullmhú le haghaidh athúsáide, nó faoi réir ceanglais choibhéiseacha maidir le grúpaí táirgí eile.

(12)

Chun cosc a chur ar iarmhairtí diúltacha neamhbheartaithe ar shamhlacha gnó ciorclacha a bhaineann le díol táirgí tar éis a n-ullmhaithe le haghaidh athúsáide, ba cheart é a bheith indéanta táirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh, ar táirgí iad a cuireadh ar fáil ar an margadh tar éis oibríochtaí arna ndéanamh ag oibreoirí cóireála dramhaíola i gcomhréir le Treoir 2008/98/CE. I gcomhréir leis an Treoir sin, chun go scoirfeadh dramhaíl de bheith ina dramhaíl, ní mór margadh nó éileamh a bheith ann le haghaidh táirge aisghafa. In éagmais margadh den sórt sin, ba cheart é a bheith indéanta, dá bhrí sin, an táirge a scriosadh.

(13)

Chun mí-úsáid a chosc, chun a áirithiú go bhfuil údar cuí le maoluithe arna gcur i bhfeidhm ag oibreoirí eacnamaíocha ionas gur rogha dheiridh fós é an scriosadh, ba cheart sásraí fíorúcháin leordhóthanacha a bheith ann atá bunaithe, i gcás inarb ábhartha, ar chleachtais um dhearbhú cáilíochta táirgí atá ann cheana. Chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla náisiúnta seiceálacha iomchuí a dhéanamh, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an doiciméadacht ábhartha uile a úsáideann na hoibreoirí eacnamaíocha le haghaidh fíorú a choinneáil ar feadh 5 bliana. I gcás ina ndéanann na himthosca céanna a thugann údar leis an scriosadh difear do tháirgí iomadúla, d’fhéadfaí doiciméadacht a dhéanamh le haghaidh gach ceann de na táirgí sin i dteannta a chéile.

(14)

Oibreoirí eacnamaíocha atá ar an eolas faoi imthosca lena gcinntear infheidhmeacht aon cheann de na maoluithe a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le táirgí neamhdhíolta, ba cheart dóibh ráiteas a sholáthar don oibreoir cóireála dramhaíola is faighteoir ina gcuirtear an maolú in iúl dó, chun tacú le próisis sórtála níos éifeachtaí, chun feabhas a chur ar rátaí athúsáide agus athchúrsála agus chun costais cóireála dramhaíola nach bhfuil gá leo a laghdú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

Ciallaíonn ‘eintiteas geilleagair shóisialta’ eintiteas geilleagair shóisialta mar a shainítear in Airteagal 3(4i) de Threoir 2008/98/CE;

(2)

ciallaíonn ‘costéifeachtach’ an costas a bhaineann le táirge a dheisiú nó a athchóiriú, ar costas nach mó é ná an costas iomlán a bhaineann leis an táirge sin a scriosadh, agus leis na costais i ndáil le hábhair, monarú, pacáistiú, iompar, stocáil agus i ndáil le haon chostas riaracháin nó lóistíochta eile a bhaineann le hathsholáthar an táirge chéanna sin.

Airteagal 2

Maoluithe ar an toirmeasc ar tháirgí tomhaltais neamhdhíolta a scriosadh

Féadfar táirgí tomhaltais neamhdhíolta a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1781 a scriosadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas, ar choinníoll gur féidir an doiciméadacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a chur i láthair:

(a)

is táirge contúirteach é an táirge de réir bhrí Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4);

(b)

tá an táirge mí-oiriúnach dá fheidhm toisc nach gcomhlíonann sé dlí an Aontais ná an dlí náisiúnta, ar chúiseanna seachas na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus ceanglaítear an scriosadh de réir an dlí nó is é scriosadh an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach;

(c)

faightear go sáraíonn an táirge cearta maoine intleachtúla, le cinneadh breithiúnach críochnaitheach, le cinneadh a eascraíonn as próiseas um réiteach malartach díospóidí (RMD), le fógra ó shealbhóir cirt, údarás inniúil nó eintiteas atá údaraithe chun gníomhú thar ceann sealbhóir cirt, nó le himscrúdú inmheánach a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch, ar choinníoll gur féidir leis an oibreoir eacnamaíoch bunús cuí a thabhairt leis an sárú;

(d)

an táirge faoi réir ceadúnas bailí in-fhorfheidhmithe nó ceanglas conarthach comhchosúil lena gcosnaítear cearta maoine intleachtúla, ar dá réir atá díol, dáileadh nó aon chineál eile aistrithe an táirge tar éis tréimhse shonraithe ina shárú ar na cearta maoine intleachtúla sin, agus go bhfuil an tréimhse shonraithe sin imithe in éag, ar choinníoll gur féidir leis an oibreoir eacnamaíoch bunús cuí a thabhairt leis an sárú agus gur féidir leis a léiriú gur beart ceartaitheach iomchuí agus comhréireach é an scriosadh;

(e)

tá an táirge mí-oiriúnach dá ullmhú le haghaidh athúsáide nó athmhonarú toisc nach bhfuil sé indéanta go teicniúil lipéid, lógónna nó dearadh táirge nó saintréithe inaitheanta eile a bhaint nó a dhéanamh inrochtana go buan, ar lipéid, lógónna, dearadh nó saintréithe iad lena mbaineann an méid seo a leanas:

(i)

a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla; nó

(ii)

a mheastar a bheith míchuí;

(f)

is féidir a mheas go réasúnach go bhfuil an táirge do-ghlactha lena úsáid ag tomhaltóirí de dheasca damáiste, lena n-áirítear damáiste fisiciúil, meath nó éilliú, fadhbanna sláinteachais san áireamh, cibé acu is tomhaltóirí is cúis leis an damáiste nó a tharlaíonn sé agus an táirge á láimhseáil ag oibreoirí eacnamaíocha nó gníomhaithe a bhfuil baint acu leis an slabhra soláthair, le hiompar, le miondíol nó le stóráil, agus nach bhfuil sé indéanta go teicniúil ná costéifeachtach an táirge a dheisiú nó a athchóiriú;

(g)

tá an táirge mí-oiriúnach don chríoch dár beartaíodh é mar gheall ar lochtanna deartha nó monaraíochta nach bhfuil sé indéanta go teicniúil iad a dheisiú;

(h)

i gcás nach infheidhme aon cheann de na cúinsí dá dtagraítear i bpointí (a) go (g), agus sa chás sin amháin, tairgeadh an táirge lena dheonú go díreach do thrí eintiteas geilleagair shóisialta oiriúnacha ar a laghad agus iad lonnaithe laistigh den Aontas, sin nó ar leathanach de shuíomh gréasáin an oibreora eacnamaíoch, leathanach a bhfuil teacht éasca air, ar feadh tréimhse 8 seachtaine ar a laghad, agus nár glacadh leis na táirgí lena ndeonú;

(i)

fuair eintiteas geilleagair shóisialta atá lonnaithe laistigh den Aontas an táirge mar thabhartas, ach ní rabhthas in ann faighteoir a aimsiú lena aghaidh;

(j)

cuireadh an táirge ar fáil ar an margadh tar éis d’oibreoir cóireála dramhaíola é a ullmhú le haghaidh athúsáide, ach ní rabhthas in ann faighteoir a aimsiú lena aghaidh.

Airteagal 3

Doiciméadacht chun comhlíonadh a fhíorú

Coinneoidh oibreoirí eacnamaíocha, ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis scriosadh táirge tomhaltais neamhdhíolta atá faoi réir maolú de bhun Airteagal 2, an doiciméadacht seo a leanas agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar fáil í do na húdaráis inniúla, i bhfoirm leictreonach, laistigh de 30 lá tar éis dóibh an iarraidh a fháil, seachas i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ar fáil don údarás náisiúnta inniúil ar bhonn gníomh dlí eile:

(a)

ceachtar díobh seo a leanas, i gcás táirge contúirteach dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (a):

(i)

tuairisc ar ábhar imní sláinte nó sábháilteachta a chuireann isteach ar chomhlíonadh an cheanglais sábháilteachta ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2023/988, lena n-áirítear measúnú ar shábháilteacht an táirge i gcomhréir le hAirteagail 6, 7 agus 8 den Rialachán sin;

(ii)

tuarascáil tástála ina léirítear go bhfuil ceimiceáin neamhchomhlíontacha i dtáirge, agus ina luaitear dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

i gcás táirge dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), ráiteas féinmheasúnaithe ina dtugtar cineál an neamhchomhlíonta le fios, mar aon le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme;

(c)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), an cinneadh breithiúnach críochnaitheach, an cinneadh nó an fógra RMD dá dtagraítear sa phointe sin, nó doiciméadacht imscrúdaithe inmheánaigh lena dtugtar bunús cuí leis an sárú;

(d)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (d), ceadúnas, conradh nó comhaontú a tugadh i gcrích leis an sealbhóir cirt agus ina sonraítear go sainráite na srianta ar dháileadh nó ar chineálacha eile aistrithe an táirge tar éis tréimhse shonraithe, maille le réasúnú go bhfuil an scriosadh iomchuí agus comhréireach;

(e)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (e), tuarascáil chigireachta nó doiciméadacht tacaíochta lena léirítear go ndearnadh measúnú ar roghanna teicniúla chun an táirge a ullmhú lena athúsáid nó lena athmhonarú agus go bhfuarthas nach bhfuil siad indéanta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, fianaise amhairc, anailís theicniúil nó tuairimí saineolaithe a thugann bunús le neamh-indéantacht theicniúil lipéid, lógónna nó saintréithe inaitheanta a bhaint nó a dhéanamh dorochtana go buan, ar nithe iad a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla a chomhlíonadh nó a mheastar a bheith míchuí;

(f)

i gcás táirge damáistithe dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (f), nó i gcás táirge atá mí-oiriúnach don chríoch dá dtagraítear i bpointe (g) den Airteagal sin, ceachtar de na doiciméid seo a leanas:

(i)

fianaise go raibh an táirge faoi réir nósanna imeachta um measúnú cáilíochta, lena n-áirítear amharc-chigireacht agus sórtáil lena dtugtar tús áite d’athstocáil agus do dheisiúcháin, lena n-áirítear tuairisc ar an nós imeachta um measúnú cáilíochta, pleananna feabhsúcháin caighdeánaithe le haghaidh cineálacha sonracha damáiste agus tuairisc ar chásanna sonracha nach féidir deisiú nó athchóiriú a dhéanamh de bharr breithnithe teicniúla nó costéifeachtúlachta maidir le táirge dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (f), nó de bharr breithnithe teicniúla maidir le táirge dá dtagraítear i bpointe (g) den Airteagal sin;

(ii)

taifead cigireachta, i bhfoirm tástála teicniúla, torthaí ar mheastóireachtaí praiticiúla is infheidhme nó ar bhreithiúnais shaineolacha eile, lena ndéantar cineál agus déine an damáiste a sainaithníodh le haghaidh na n-ítimí nó na mbaisceanna ar cuireadh as dóibh a dhoiciméadú, mar aon le neamh-indéantacht beart ceartaitheach de bharr breithnithe teicniúla nó cost-éifeachtúlachta le haghaidh táirge dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (f), nó de bharr breithnithe teicniúla le haghaidh táirge dá dtagraítear i bpointe (g) den Airteagal sin;

(g)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (h), fianaise ar an tairiscint ar dheonú;

(h)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (i), dearbhú lena bhfianaítear go bhfuarthas an táirge mar dheonú agus nach rabhthas in ann faighteoir a aimsiú lena aghaidh;

(i)

sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (j), doiciméadacht lena léirítear go bhfuarthas an táirge ó oibreoir cóireála dramhaíola agus nach rabhthas in ann faighteoir a fháil lena aghaidh.

Airteagal 4

Ráiteas d’oibreoirí cóireála dramhaíola

Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha ráiteas faoin maolú is infheidhme don oibreoir cóireála dramhaíola a seachadann siad táirgí tomhaltais neamhdhíolta chuige, ar táirgí a chumhdaítear le ceann de na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 2.

Airteagal 5

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo, agus táirgí nua a cuireadh le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1781 nó oiriúnacht na maoluithe á gcur san áireamh, agus déanfaidh sé measúnú go háirithe an dtugann sonraí eolaíocha nua nó éabhlóid staid na teicneolaíochta údar le maolú ar chur i bhfeidhm teicneolaíochtaí athchúrsála ardcháilíochta mar an rogha lena mbaineann an tionchar is lú diúltach ar an gcomhshaol. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an athbhreithnithe sin i láthair, lena n-áireofar, i gcás inarb iomchuí, dréacht-togra athbhreithnithe, gach uair a chuirfear táirge nua le hIarscríbhinn VII den Rialachán sin agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 12 Bealtaine 2031.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 19 Iúil 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Feabhra 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj.

(2)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).

(3)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/988/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/296/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)