European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/268

2.2.2026

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaíocht amach anseo i ndáil le hola na Rúise

Chun rioscaí slándála criticiúla agus spleáchais fuinnimh a eascraíonn as trádáil fuinnimh leanúnach le Cónaidhm na Rúise a sheachaint, tá an Coimisiún Eorpach tiomanta i gcónaí a áirithiú go gcuirfear deireadh de réir a chéile leis na hallmhairí ola uile a allmhairítear go fóill ó Chónaidhm na Rúise faoi dheireadh 2027, i gcomhréir le Dearbhú Versailles.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra reachtach a chur síos ag tús 2026 chun toirmeasc a chur ar allmhairí ola ó Chónaidhm na Rúise a luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná deireadh 2027.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú cúramach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag foirceannadh brostaithe allmhairí ola ar shlándáil an tsoláthair, ar gheilleagar agus ar iomaíochas na mBallstát dá ndéanfaí an difear is mó.

Oibreoidh an Coimisiún go gníomhach, agus de mheon dlúthpháirtíochta, leis na Ballstáit dá ndéanfaí difear díreach agus le Ballstáit ábhartha eile, chun bearta iomchuí a shainaithint d’fhonn íoslaghdú a dhéanamh ar rioscaí féideartha a sainaithníodh sa mheasúnú, agus ar an gcaoi sin rochtain ar sholáthairtí malartacha a éascú.


ELI: http://data.europa.eu/eli/stat/2026/268/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)